|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID V. Cain Phroifite Corpraide.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1938
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Diuitethe Bais. | |
[EN] |
Diúité estáit ar leas teoranta i maoin shocruithe do dhul ar ceal tré dhuine d'éag. |
26. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, chun crícheanna Coda I den Finance Act, 1894, maidir le bás duine éagfaidh tar éis an Achta so do rith agus go mbeidh, ar éag dó, leas in iarmhar estáit uachtóra no i gcuid d'iarmhar estáit uachtóra le dul ar ceal agus a éagfaidh roimh riarachán an estáit sin do bheith críochnuithe, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) go dtí go mbeidh riarachán an estáit sin críochnuithe, tuigfear an leas san do bheith ina leas— | |
[EN] | (i) in estát nea-riartha an uachtóra san, mar a bheidh ar seilbh de thurus na huaire ag á ionadaithe pearsanta, ach san fé réir muirearacha neamhíoctha ar iarmhar sa mhéid go mbeidh na muirearacha san iníoctha as an estát nea-riartha san agus fé réir aon choigeartuithe idir caipital agus ioncum a bheidh le déanamh i ngnáth-chúrsa an riaracháin, agus | |
[EN] | (ii) sa mhaoin (más ann di) gurb í iarmhar fionnta an estáit sin í; | |
[EN] | (b) tuigfear an leas san do theacht chun bheith ina leas ar seilbh ar an dáta o n-a mbeadh ioncum an iarmhair sin ionchurtha i leith an leasa san dá mba díreach tar éis bháis an uachtóra san do gheobhfaí amach an t-iarmhar san; | |
[EN] | (c) mara mbeidh sa leas san ach leas i gcuid d'iarmhar estáit déanfar tagairtí sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so d'estát nea-riartha, d'iarmhar, agus do mhuirearacha ar iarmhar do léiriú mar thagairtí ná baineann ach leis an gcuid den estát nea-riartha, den iarmhar, agus de sna muirearacha ar iarmhar fé seach le n-a mbaineann an leas san no oiriúnuíonn an cóthéacs ar shlí eile. | |
[EN] | (2) San alt so— | |
[EN] | cialluíonn an abairt “estát nea-riartha” an mhaoin uile bheidh ar seilbh de thurus na huaire ag ionadaithe pearsanta uachtóra mar ionadaithe pearsanta an uachtóra san ach gan áireamh do dhéanamh ar mhaoin a thuitfidh chun na n-ionadaithe pearsanta ar shlí seachas mar shócmhainní chun fiacha an uachtóra d'íoc ná ar mhaoin ar a ndearnadh sain-leithliú; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “iarmhar fionnta” maoin go mbeidh scurtha aici de bheith ar seilbh ag na hionadaithe pearsanta mar ionadaithe pearsanta agus a bheidh ar seilbh ansan mar chuid den iarmhar; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ionadaithe pearsanta”, maidir le hestát dhuine mhairbh, seiceadúirí an duine mhairbh sin mar a mínítear san le mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1894, agus foluíonn daoine go mbíonn acu, fé dhlí tíre eile, aon fheidhm maidir le duine marbh atá ar có-réir le feidhm, chun crícheanna riaracháin, a bhíonn, fé dhlí na hÉireann, ag seiceadúirí mar a mínítear san amhlaidh; | |
[EN] | cialluíonnn an focal “sain-leithliú” sain-tiomnú no saintabhairt ar n-a dhéanamh ag uachtóir agus foluíonn aon leithliú go mbíonn aige de bhuadh reachta no eile, fé dhlí na hÉireann no tíre eile, éifeacht den tsórt a bhíonn ag sain-tiomnú no saintabhairt fé dhlí na hÉireann. | |
[EN] | (3) Estát réalta bheidh dílsithe in ionadaithe pearsanta uachtóra (pé'ca de bhuadh reachta no de bhuadh forála soiléire in uacht an uachtóra san é) agus a bheidh (fé shain-tuairisciú no fé thuairisciú ghenerálta) ina chuid de thabharthas iarmharach do fágadh leis an uacht san, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur cuid é d'iarmhar estáit an uachtóra san agus nach sainleithliú do rinneadh air. | |
[EN] |
Alt 2 den Finance Act, 1894, do leasú. |
27. —I gcás duine ar bith éagfaidh tar éis an Achta so do rith, ní déanfar, maidir leis an maoin go dtuigfear de bhuadh míre (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, mar a leasuítear san le halt 32 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), í bheith ina maoin a thuiteann chun duine eile ar bhás an duine mhairbh, a áireamh gur cuid di sin maoin is abhar do leithlithe no do thabharthaisí— |
[EN] | (a) do rinneadh no do tugadh i gcomaoine pósta, no | |
[EN] | (b) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur chuid de ghnáth-chaiteachas an duine mhairbh iad agus go rabhadar réasúnta ag féachaint do mhéid a ioncuim no do chúrsaí an cháis, no | |
[EN] | (c) nach mó ar fad a luach no a méid ná céad punt i gcás aon fháltóra áirithe. | |
[EN] |
Alt 5 den Finance Act, 1894, do leasú. |
28. —An tsaoirse bronntar le fo-alt (3) d'alt 5 den Finance Act, 1894, maidir le maoin shocruithe i gcás leas aon duine fén socrú do thuitim ar lár no do scur toisc an duine sin d'fháil bháis sara ndeineann leas ar seilbh den leas agus teoranta fo-leantacha fén socrú do leanúint ar marthain, scuirfe sí, maidir le duine ar bith éagfaidh tar éis an Achta so do rith, i gcásanna ina dtuigfí, dá mba ná hachtófaí an fo-alt san, an mhaoin do thuitim chun duine eile ar an mbás san ar shlí seachas toisc an leasa do thuitim ar lár no do scur. |