An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Diuitethe Bais.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghneitheach agus Generalta.)

25 1938

ACHT AIRGEADAIS, 1938

CUID V.

Cain Phroifite Corpraide.

Saoirsí áirithe o cháin phroifite corpráide do bhuanú.

29. —Na saoirsí o cháin phroifite corpráide do bheirtear le halt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), mar a leasuítear san le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus do buanuíodh go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, le halt 34 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), déanfar agus deintear leis seo iad do bhuanú go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1940.