10 1939


Uimhir 10 de 1939.


ACHT TRÉASA, 1939.

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PIONÓISÍ DO BHEITH AG GABHÁIL LE TRÉAS AGUS LE CIONTAÍ ÁIRITHE BHAINEAS LEIS SIN.

[30adh Bealtaine, 1939.]

DE BHRÍ go bhforáltar le hAirteagal 39 den Bhunreacht gurb é amháin is tréas ann ná cogadh do chur ar an Stát, no cabhrú le Stát no le duine ar bith no saigheadadh fé dhuine no bheith i gcócheilg le duine chun cogadh do chur ar an Stát, no iarracht do dhéanamh le harm no ar mhodh fhoiréigneach eile ar na horgain riaghaltais a bunuítear leis an mBunreacht do thrascairt, no páirt no baint do bheith ag neach le n-a leithéid sin d'iarracht, no éinne do shaigheadadh no bheith i gcócheilg leis chun a déanta no chun páirt no baint do bheith aige léi:

AGUS DE BHRÍ gur gá, chun go mbeadh an tAirteagal san 39 lán-éifeachtach, socrú do dhéanamh le reacht chun daoine dhéanfaidh tréas no chabhróidh chun tréas do dhéanamh do phionósú:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Pionós in éiric tréasa.

1. —(1) Gach duine dhéanfaidh tréas laistigh den Stát dlighfear, ar a chiontú ann, é chur chun báis.

(2) Gach duine bheidh ina shaoránach Éireannach no ina ghnáth-chomhnaí laistigh den Stát agus a dhéanfaidh tréas lasmuich den Stát dlighfear, ar a chiontú ann, é chur chun báis.

(3) Pé uair a déanfar duine go gcuirfear tréas ina leith do dhíotáil ann i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla díotálfar é amhlaidh ar gach slí díreach inar gá do réir dlí duine go gcuirtear murdar ina leith do dhíotáil, agus gach duine díotálfar i dtréas sa tslí roimhráite coireofar agus triailfear é sa tslí chéanna agus do réir an chúrsa agus an úird chéanna trialach inar gá agus gur dá réir is gá do réir dlí duine go gcuirtear murdar ina leith do choiriú agus do thriail, agus gach duine gheobhfar ciontach i dtréas ar é do choiriú agus do thriail amhlaidh ciontófar ann é agus daorfar é ina thaobh ar gach slí díreach inar gá do réir dlí duine gheibhtear ciontach i murdar do chiontú agus do dhaoradh.

(4) Ní ciontófar duine ar bith i dtréas ar fhianaise nea-neartuithe aon fhínné amháin.

Daoine bheidh ciontach i dtréas do mhisniú, do dhídeanú, no do shólású.

2. —(1) Gach duine mhisneoidh no dhídeanóidh no shólásóidh duine ar bith agus go mbeidh a fhios aige no go mbeidh cúis réasúnta aige chun a chréidiúint an duine sin do bheith ag déanamh tréasa beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú ann dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig chéad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná fiche bliain no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phian-tseirbhís no an phríosúntacht san le chéile.

(2) Ní ciontófar duine ar bith i bhfeleontacht fén alt so ar fhianaise nea-neartuithe aon fhínné amháin.

Tréas do cheilt.

3. —Gach duine gurb eol dó go bhfuiltear chun aon ghníomh do dhéanamh gur thréas é dhéanamh no go bhfuil beartuithe an gníomh san do dhéanamh no go bhfuil sé á dhéanamh no déanta, agus ná nochtfaidh san láithreach, maraon le gach eolas a bheidh aige air, do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche no d'oifigeach den Ghárda Síochána no do dhuine éigin eile bheidh ag gabháil go dleathach do dhualgaisí bhainfidh le síocháin agus ordú do choimeád, beidh sé ciontach sa bhfeleontacht san tréas do cheilt agus ar a chiontú ann dlighfear pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná cúig bliana do chur air no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Tréasa, 1939 , do ghairm den Acht so.