|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH (LEASÚ), 1939) | Ar Aghaidh (CUID II. Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.) |
ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH (LEASÚ), 1939
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shineadh Amach (Leasú), 1939 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. | |
[EN] |
Míniú agus léiriú. |
2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934) . |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus dá réir sin gach abairt agus focal dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san beidh leo san Acht so agus chun crícheanna an Achta so, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, an bhrí tugtar dóibh amhlaidh. | |
[EN] |
“Unaer.” |
3. —San Acht so cialluíonn an focal “únaer”, maidir le haon talamh no maoin, duine ar bith (seachas morgáistí ná beidh i seilbh) a bheidh de thurus na huaire i dteideal bith-dhílse na talmhan no na maoine sin, no bith-dhílse aon téarma de bhlianta a bheidh á chaitheamh de thurus na huaire maidir leis an talamh no leis an maoin sin agus gur sia ná trí bliana a mbeidh gan caitheamh de, do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile. |