An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Pleananna Bothair.)

11 1939

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH (LEASÚ), 1939

CUID II.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.

Comhachta chun líomatáistí teorannacha do scrúdú agus do shuirbhéireacht.

4. —(1) Féadfaidh comhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair uair ar bith aon pháirt de cheanntar shláinte chontae ar theorainn na contae-bhuirge, na buirge, no an bhailecheanntair sin do chur á scrúdú agus á suirbhéireacht, agus a dála agus a riachtanaisí do chur á n-iniúchadh, d'fhonn a chinneadh ce'ca ba cheart no nár cheart don chomhairle sin ordú d'iarraidh ar an Aire fé alt 21 den Phríomh-Acht á dhearbhú an pháirt sin den cheanntar shláinte chontae sin do bheith curtha leis an gceanntar pleanála agus do bheith ina cuid den cheanntar phleanála is ionann agus an chontae-bhuirg, an bhuirg, no an bailecheanntar san no ina bhfuil an céanna.

(2) Duine ar bith go mbeidh údarás aige chuige sin i scríbhinn o chomhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair féadfaidh, chun críche aon scrúduithe no suirbhéireachta no iniúchta údaruíonn an t-alt san don chomhairle sin do chur á dhéanamh, agus ar an údarás san i scríbhinn do thaisbeáint, dul isteach idir a naoi a chlog ar maidin agus a sé a chlog um thráthnóna ar aon talamh sa pháirt de cheanntar shláinte chontae gur maidir léi a bheidh an scrúdú no an tsuirbhéireacht no an t-iniúchadh san á dhéanamh agus éinní do dhéanamh san áit sin is dóich leis an duine sin do réir réasúin do bheith riachtanach chun na críche sin.

(3) Gach duine chuirfidh bac ar aon duine eile no chuirfidh isteach air agus an duine eile sin ag feidhmiú aon chomhachta bheidh dílsithe ann de bhuadh an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Nea-mbríochaint do dhéanamh ar rún le n-ar cinneadh scéim phleanála do cheapadh.

5. —(1) Pé uair a chinnfidh údarás pleanála, le rún fé alt 26 den Phríomh-Acht, scéim phleanála do cheapadh d'aon líomatáiste áirithe beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an rúin sin do rith déanfaidh an t-údarás pleanála san fógra á rá gur ritheadh an rún san d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i dtrí páipéirí nuachta (agus ceann amháin ar a laighead acu san ina pháipéar nuachta laethúil) a léightear sa líomatáiste sin;

(b) beidh an fógra san sa bhfuirm orduithe agus déarfar ann, i dteanta éinní eile bheidh orduithe, go bhféadfaidh aon únaer maoine sa líomatáiste sin, fé cheann dhá mhí tar éis an dara foillsithe ar an bhfógra san do bheith críochnuithe, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an rún san do chur ar nea-mbrí;

(c) sara mbeidh dhá mhí ón am a críochnófar an dara foillsiú ar an bhfógra san caithte (ach ní dá éis sin) féadfaidh aon únaer maoine sa líomatáiste sin a iarraidh ar an Ard-Chúirt an rún san do chur ar nea-mbrí agus féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas san do bhreithniú, an rún san do chur ar nea-mbrí más dóich leis an Ard-Chúirt an rún san do bheith nea-mbailidhe mar gheall ar chúis ar bith;

(d) mara ndeintear aon iarratas fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an mír sin tuigfear an rún san do bheith bailidhe riamh chun gach críche;

(e) má deintear iarratas no iarrataisí chun na hArd-Chúirte fé réim agus do réir na bhforálacha san roimhe seo den fho-alt so agus, nuair a bheidh an bhreith dheiridh á tabhairt ar an iarratas no na hiarrataisí sin, ná cuirfear an rún san ar nea-mbrí beidh an rún san, agus tuigfear go raibh sé riamh, bailidhe chun gach críche.

(2) Beidh feidhm ag an alt so maidir le gach rún fé alt 26 den Phríomh-Acht pe'ca ritheadh é roimh an Acht so do rith no rithfear é dá éis sin agus, chun crícheanna na feidhme sin maidir le rúin fén alt san 26 do ritheadh roimh an Acht so do rith, tuigfear, i dtaobh gach rúin do ritheadh amhlaidh, gur i gcionn mí tar éis dáta an Achta so do rith do ritheadh é.

Fógra i dtaobh rúin á chinneadh go gceapfaí scéim phleanála.

6. —An méid sin d'fho-alt (1) d'alt 26 den Phríomh-Acht le n-a gceangailtear fógra mí do thabhairt do gach ball den údarás phleanála i dtaobh bheith ar intinn an rún a luaidhtear sa bhfo-alt san do thairgsint, léireofar é agus beidh éifeacht aige, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, mar ní le n-a gceangailtear an fógra san do thabhairt do sna daoine sin amháin is baill no ba bhaill den údarás phleanála agus an fógra san á thabhairt agus, dá réir sin, ní bheidh aon rún den tsórt san nea-mbailidhe no, i gcás aon rúin den tsórt san do ritheadh roimh an Acht so do rith, ní tuigfear é bheith nea-mbailidhe riamh de bhíthin gan an fógra san do thabhairt do bhall den údarás phleanála do tháinig chun bheith ina bhall den tsórt san tar éis am an fhógra san do thabhairt agus dá bhíthin sin amháin.

Scéim phleanála do dhá líomatáiste no níos mó ar theorainn a chéile.

7. —(1) I gcás dhá rún no níos mó á chinneadh go gceapfaí scéimeanna pleanála do dhá líomatáiste fé leith no níos mó, ar theorainn a chéile, do bheith rithte ag údarás pleanála fé alt 26 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás pleanála san, de bhuadh na rún san, aon scéim phleanála amháin do cheapadh don líomatáiste iomlán a bheidh có-dhéanta de sna líomatáistí sin ar theorainn a chéile, agus beidh ceapadh na haon scéime pleanála amháin sin ina leor-chólíonadh ar alt 29 den Phríomh-Acht.

(2) I gcás údarás pleanála do cheapadh scéime pleanála fén alt so do líomatáiste bheidh có-dhéanta de dhá chuid no níos mó gur rith an t-údarás pleanála san, maidir le gach cuid fé leith acu, rún fé leith chun scéim phleanála do cheapadh, beidh éifeacht ag alt 4 den Phríomh-Acht maidir le gach cuid fé leith acu san fé is dá mba don chuid sin amháin a déanfaí an scéim phleanála san agus, dá réir sin, féadfaidh laetheanta deifriúla bheith ina ndáta oiriúnach maidir le gach cuid fé leith acu san chun crícheanna an Phríomh-Achta alos na scéime pleanála no aon fhorála áirithe den scéim phleanála.

Aonaid chun tiughas na ndéanmhas ar aon achar áirithe do rialáil.

8. —(1) Pé uair a bheidh teora i scéim phleanála leis an méid déanmhas no an méid déanmhas d'aicme áirithe féadfar do dhéanamh no do thógáil in aon líomatáiste áirithe féadfaidh forálacha bheith sa scéim phleanála san á cheangal ar an údarás fhreagarthach aon talamh sa líomatáiste sin do roinnt ina aonaid d'fhonn an teora san do bhaint leis na haonaid sin go cothromúil do réir achar na n-aonad san fé seach.

(2) Má bhíonn i scéim phleanála foráil fén alt so á cheangal ar an údarás fhreagarthach talamh do roinnt ina aonaid—

(a) beidh forálacha sa scéim phleanála san a chuirfidh ar chumas éinne is únaer ar aon talamh a roinnfear amhlaidh athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus a chuirfidh ar chumas an Aire, ar aon athchomharc den tsórt san do bhreithniú, an roinnt do dhaingniú no í atharú ar aon tslí is ceart dar leis, agus

(b) féadfaidh forálacha bheith sa scéim phleanála san a chuirfidh ar chumas daoine d'aon aicme áirithe (seachas únaerí aon tailimh a roinnfear amhlaidh) athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus a chuirfidh ar chumas an Aire, ar aon athchomharc den tsórt san do bhreithniú, an roinnt do dhaingniú no í atharú ar aon tslí is ceart dar leis.

(3) Má bhíonn i scéim phleanála foráil fén alt so á cheangal ar an údarás fhreagarthach talamh do roinnt ina aonaid, féadfaidh forálacha bheith sa scéim phleanála san á chur ar chumas an údaráis fhreagarthaigh sin atharuithe do dhéanamh ar theoranta aon aonaid no níos mó acu san agus, má bhíonn aon fhoráil den tsórt san i scéim phleanála, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le hatharú, no le diúltadh d'atharú do dhéanamh, fén bhforáil sin fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le roinnt fé fhoráil á cheangal ar an údarás fhreagarthach talamh do roinnt ina aonaid.

(4) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar aon athchomharc a déanfar fé fhorálacha bheidh i scéim phleanála de bhuadh an ailt seo.

(5) Má dheineann an t-údarás freagarthach, fé fhorálacha bheidh i scéim phleanála de bhuadh an ailt seo, aon talamh do roinnt ina aonaid go cuibhe d'fhonn teora do bhaint leis an méid déanmhas no an méid déanmhas d'aicme áirithe féadfar do dhéanamh no do thógáil in aon líomatáiste áirithe, is sárú ar an scéim phleanála san an teora san do shárú maidir le haon aonad dá mbeidh luaidhte sa roinnt sin (do réir mar a bheidh sí i ngníomh de thurus na huaire).

Saoirse o fhorálacha áirithe de scéim phleanála.

9. —Féadfaidh foráil bheith i scéim phleanála, maidir le haon fhoráil áirithe den scéim phleanála san, á chur ar chumas an údaráis fhreagarthaigh, saoirse iomlán no leathrannach o aon cheann no cinn no o gach ceann de sna hoblagáidí forchuirtear leis an bhforáil áirithe sin den scéim phleanála san do dheonadh le toiliú an Aire do dhuine ar bith iarrfaidh san no alos aon mhaoine go n-iarrfar san ina taobh in aon chás in ar dóich leo, tar éis fógra i dtaobh a n-intinne d'fhoillsiú (sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus sna tráthanna orduithe), gur ceart san do dhéanamh.

Leathnú ar na comhachta chun toirmisc speisialta do dhéanamh.

10. —(1) Má ritheann údarás pleanála rún chun scéim phleanála do cheapadh, ansan, i dteanta na gcomhacht do bheirtear dóibh le fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás pleanála san, aon tráth tar éis an rúin sin do rith agus roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, a thoirmeasc aon obair áirithe (le n-a n-áirmhítear aon fhoraois, coill no crann áirithe do ghearradh) do dhéanamh sa líomatáiste 'na mbeidh beartuithe an scéim phleanála san do bhaint leis.

(2) Sa Phríomh-Acht agus san Acht so folóidh an abairt “toirmeasc speisialta” toirmeasc ar n-a dhéanamh fén alt so.

Leathnú ar na comhachta chun dearbhuithe áirithe do dhéanamh.

11. —(1) Má ritheann údarás pleanála rún chun scéim phleanála do cheapadh agus má dheinid toirmeasc speisialta i dtaobh aon oibre áirithe roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, ansan, i dteanta na gcomhacht do bheirtear dóibh le fo-alt (1) d'alt 58 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás pleanála san, más dóich leo—

(a) go mbeadh sé ró-chostasúil an dochar do thiocfadh as dul ar aghaidh leis an obair, no as an obair do dhéanamh, le n-a mbainfidh an toirmeasc speisialta san do leigheas tar éis teacht i ngníomh don scéim phleanála san no go gcuirfeadh an leigheas san moill ró-mhór ar fhoirfheidhmiú na scéime pleanála san, no

(b) go ndéanfadh an dochar san díobháil mhór do thaithneamhachtaí na comharsanachta i rith na tréimhse roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san,

féadfaidh a dhearbhú, tráth ar bith roimh theacht i ngníomh don scéim phleanála san, aon tsárú ar an toirmeasc speisialta san roimh an teacht-i-ngníomh san do bheith nea-dhleathach.

(2) Tuigfear, chun crícheanna an Phríomh-Achta agus, go sonnrách, chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 58 den Phríomh-Acht, gur dearbhú fén alt san 58 dearbhú fén alt so.

(3) Duine ar bith ar a ngoillfidh dearbhú ar n-a dhéanamh fé alt 59 den Phríomh-Acht no fén alt so féadfaidh athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an dearbhuithe sin fé cheann na haimsire orduithe, agus leis sin déanfaidh an tAire an dearbhú san do dhaingniú no é chur ar nea-mbrí.

(4) Deintear leis seo alt 59 den Phríomh-Acht do leasú tré mhír (g) d'fho-alt (1) do scriosadh as agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Toirmeasc speisialta do cheiliúradh agus do leasú.

12. —Féadfaidh údarás pleanála toirmeasc speisialta ar n-a dhéanamh roimhe sin ag an údarás san do cheiliúradh no do leasú tráth ar bith, ach ní dhéanfaidh an ceiliúradh no an leasú san dochar ná deifir d'oibriú an toirmisc speisialta san i rith aon tréimhse roimh an gceiliúradh no an leasú san.

Eadan-line déanmhas ar bhóithre nua no feabhsuithe.

13. —(1) Féadfaidh forálacha (i dtaobh bóithre i gcoitinne no i dtaobh bóthair no bóithre áirithe) bheith i scéim phleanála á thabhairt mar chomhacht don údarás fhreagarthach éadan-líne do cheapadh d'fhoirgintí agus do dhéanmhaisí eile bheidh ar teorainn bóthair, sa líomatáiste le n-a mbainfidh an scéim phleanála san, a déanfar, a claonfar no a leathnófar tar éis na scéime pleanála san do cheapadh agus ná beidh éadan-líne ceaptha ina thaobh leis an scéim phleanála san no go mbeidh an éadan-líne bheidh ann imithe as feidhm maidir leis agus a ordú cadiad na fógraí bheidh le tabhairt agus cadé an nós imeachta bheidh le leanúint maidir leis an gcomhacht san d'fheidhmiú.

(2) Má bhíonn i scéim phleanála forálacha fén alt so á thabhairt mar chomhacht don údarás fhreagarthach éadan-líne do cheapadh, beidh sa scéim phleanála san freisin forálacha á chur ar chumas duine ar bith ar a ngoillfidh aon cheapadh den tsórt san athchomharc do dhéanamh chun an Aire in aghaidh an cheaptha san agus á chur ar chumas an Aire, ar an athchomharc san do bhreithniú, an ní sin acu so leanas do dhéanamh is ceart dar leis, sé sin le rá:—

(a) an ceapadh san do chur ar nea-mbrí;

(b) an ceapadh san do dhaingniú gan é atharú;

(c) an ceapadh san d'atharú sa tslí sin is ceart dar leis agus an ceapadh san do dhaingniú agus é atharuithe amhlaidh.

(3) Ní bheidh dul thar breith an Aire ar aon athchomharc den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Má dheineann an t-údarás freagarthach éadan-líne do cheapadh go cuibhe fé fhorálacha bheidh i scéim phleanála de bhuadh an ailt seo agus ná déanfar aon athchomharc fé réim agus do réir na scéime pleanála san i gcoinnibh an cheaptha san no, i gcás an athchomhairc sin do dhéanamh, ná cuirfear an ceapadh san ar nea-mbrí, is sárú ar an scéim phleanála san an ceapadh san no an ceapadh san ar n-a dhaingniú ag an Aire (do réir mar a bheidh) do shárú.

(5) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáiltí le fo-alt (1) d'alt 30 dhe go bhféadfadh dearbhú bheith i scéim phleanála, i dteanta na ndearbhuithe luaidhtear sa bhfo-alt san, á dhearbhú gan aon chúiteamh do bheith iníoctha fén bPríomh-Acht i dtaobh no de dhruim foráil áirithe a bheadh, fén alt so, sa scéim phleanála san do theacht i ngníomh.

Cúiteamh alos fógairtí áirithe.

14. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “fógairt interim” fógairt, chun aon ghníomh do dhéanamh no chun staonadh o n-a dhéanamh, ar n-a tabhairt (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag údarás pleanála go díreach no go hiontuigthe tré chead speisialta do dhiúltadh, tré chead speisialta do dheonadh fé réir choinníollacha, no tré thoirmeasc speisialta do dhéanamh;

cialluíonn an abairt “tréimhse interim” an tréimhse idir an am do rinne an t-údarás pleanála do thug an fhógairt interim uatha gur ina taobh a húsáidtear an abairt sin an rún do rith chun na scéime pleanála oiriúnaí do cheapadh agus am na scéime pleanála san do theacht i ngníomh.

(2) Féadfaidh duine ar bith dá mbeidh fógairt interim tugtha a iarraidh ar an Aire laistigh den aimsir orduithe ordú do dhéanamh á dhearbhú go mbeidh cúiteamh iníoctha alos na fógairte interim sin, agus féadfaidh an tAire ar an iarratas san do bhreithniú an t-ordú a hiarrfar amhlaidh do dhéanamh más deimhin leis go mbeadh cúiteamh iníoctha fén bPríomh-Acht alos na fógairte interim sin dá mbeadh sí i scéim phleanála agus go dtárlódh cruadhtan nea-chuibhe don duine sin de dheascaibh na fógairte interim sin do chólíonadh i rith na tréimhse interim.

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, tiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm ar shé mhí o am a dhéanta do bheith caithte.

(4) Ní thiocfaidh ordú fén alt so i bhfeidhm agus beidh sé gan bhrí gan éifeacht má bhíonn an fhógairt interim gur ina taobh a rinneadh an t-ordú san gan cólíonadh ar feadh sé mhí o am déanta an orduithe sin no má ceiliúrtar an fhógairt interim sin laistigh den tréimhse sin.

(5) Má bhíonn ordú fén alt so i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha na fógairte interim gur ina taobh a rinneadh an t-ordú san agus beid infhoirfheidhmithe i rith na tréimhse interim fé is dá mbeidís sa scéim phleanála oiriúnaigh, fé is dá mbeadh an scéim sin i ngníomh, agus, chun crícheanna na bhforálacha san, fé is dá mb'é an t-údarás pleanála do thug an fhógairt interim sin uatha an t-údarás freagarthach agus gurbh é an dáta ar ar tugadh an fhógairt interim sin an dáta oiriúnach.

(6) Má bhíonn ordú fén alt so alos fógairte interim i bhfeidhm agus go ndéanfar luach aon mhaoine gur ina taobh do tugadh an fhógairt interim sin do laigheadú tríd an bhfógairt interim sin d'fhoirfheidhmiú, ansan, duine ar bith ag á mbeidh estát no leas sa mhaoin sin no ceart uirthi no maidir léi, beidh sé, air san d'iarraidh fé cheann dhá mhí (ach ní dá éis sin) o theacht i bhfeidhm don ordú san, i dteideal, fé réir forálacha na n-alt den Phríomh-Acht a cuirtear i mbaint leis an scéal tríd an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, an t-údarás pleanála do thug an fhógairt interim sin uatha do dhéanamh íoca leis, i bhfuirm chúitimh, sa mhéid (más aon mhéid é) do laigheaduíodh amhlaidh luach a estáit no a leasa sa mhaoin sin no luach a chirt uirthi no maidir léi agus, i gcás sealbhaire na maoine sin, sa damáiste (más ann dó) do rinneadh dá thrádáil, dá ghnó, no dá ghairm tríd an bhfoirfheidhmiú san.

(7) Beidh feidhm ag forálacha alt 67, 71, 75 agus 76 den Phríomh-Acht maidir le cúiteamh fén alt so o údarás phleanála i ndíobháil do rinneadh tré fhógairt interim d'fhoirfheidhmiú, agus maidir leis an gcúiteamh san do mheas agus do bhaint amach, fé mar a bheadh feidhm acu maidir le cúiteamh fé alt 61 den Phríomh-Acht ón údarás fhreagarthach alos foráil i scéim phleanála sa chéill chéanna leis an bhfógairt interim sin do theacht i ngníomh ar an dáta ar ar tugadh an fhógairt interim sin agus maidir leis an gcúiteamh san do mheas agus do bhaint amach.

(8) I gcás—

(a) fógairt interim do bheith tugtha, agus

(b) ordú fén alt so do bheith tar éis teacht i bhfeidhm alos na fógairte interim sin i rith na tréimhse interim, agus

(c) an scéim phleanála oiriúnach do bheith tar éis teacht i ngníomh,

ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fé Chuid VIII den Phríomh-Acht i laigheadú luacha aon estáit, leasa no cirt, ná sa damáiste fhulaingeoidh duine ar bith, de dhruim an mhéide sin d'aon fhoráil sa scéim phleanála san a bheidh ar aon dul no ar aon dul go substainteach leis an bhfógairt interim sin no sa chéill chéanna léi do theacht i ngníomh.

(9) Ní bheidh éifeacht ag alt 64 den Phríomh-Acht maidir le fógairt interim go mbeidh ordú fén alt so tar éis teacht i bhfeidhm ina taobh.

Comhachta chun déanamh in éamais fógraí áirithe do thabhairt agus fógráin áirithe d'fhoillsiú.

15. —(1) Más deimhin leis an Aire cúis réasúnta do bheith ann chun déanamh in éamais aon fhógra áirithe, fén bPríomh-Acht no fén Acht so no fé rialachán ar n-a dhéanamh fé cheachtar de sna hAchtanna san, do thabhairt féadfaidh, le hordú, a cheadú go ndéanfaí in éamais an fhógra san do thabhairt agus beidh éifeacht ag gach ordú den tsórt san do réir a bhrí.

(2) Más deimhin leis an Aire cúis réasúnta do bheith ann chun déanamh in éamais aon fhógrán áirithe, fén bPríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so no fé rialachán ar n-a dhéanamh fé cheachtar de sna hAchtanna san, d'fhoillsiú féadfaidh, le hordú, a cheadú go ndéanfaí in éamais an fhógráin sin d'fhoillsiú agus beidh éifeacht ag gach ordú den tsórt san do réir a bhrí.

(3) Féadfar ordú fén alt so do dhéanamh, más ordú i dtaobh fógra é, roimh an am no tar éis an ama ba ghá an fógra san do thabhairt mara mbeadh an t-ordú san agus roimh aon ghníomh do dhéanamh no tar éis aon ghníomh do dhéanamh nárbh bhfoláir, mara mbeadh an t-ordú san, an fógra san do thabhairt ina thaobh sara ndéanfaí é agus, más ordú i dtaobh fógráin é, roimh an am no tar éis an ama ba ghá an fógrán san d'fhoillsiú mara mbeadh an t-ordú san agus roimh aon ghníomh do dhéanamh no tar éis aon ghníomh do dhéanamh nárbh fholáir, mara mbeadh an t-ordú san, an fógrán san d'fhoillsiú ina thaobh sara ndéanfaí é.

Athchomhairc chun an Aire.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na haimsire ina bhféadfaidh daoine athchomharc a dhéanamh, fé fhoráil de scéim phleanála, in aghaidh cinnte, ceangail, ceaptha no gnímh eile dhéanfaidh an t-údarás freagarthach.

(2) Pé uair a déanfar athchomharc chun an Aire fén bPríomh-Acht no fén Acht so no fé aon fhoráil de scéim phleanála in aghaidh cinnte, ceangail, ceaptha no gnímh eile bheidh déanta ag údarás pleanála no ag an údarás freagarthach, féadfaidh an tAire, ag tabhairt bhreithe dhó ar an athchomharc san agus más ceart san dar leis, a ordú don údarás phleanála san no don údarás fhreagarthach san (do réir mar a bheidh) an tsuim sin a luadhfaidh an tAire, as a chomhairle féin, d'íoc leis an athchomharcach san athchomharc san mar chúiteamh réasúnta don athchomharcach san sa chostas do bhí ar an athchomharcach san maidir leis an athchomharc san.

(3) Aon tsuim ordóidh an tAire fén alt so d'aon údarás phleanála no d'aon údarás fhreagarthach d'íoc leis an athchomharcach in athchomharc déanfaidh an t-údarás pleanála san no an t-údarás freagarthach san (do réir mar a bheidh) í d'íoc leis an athchomharcach san agus, mara n-íoctar í, féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

Cruthúnas ar lánas, ar dhéanamh, ar cheadú agus ar thosach feidhme scéimeanna pleanála.

17. —Scríbhinn do bheir le tuigsint gur cóip í de scéim phleanála no de shliocht as scéim phleanála agus ar a mbeidh deimhniú cúlscríobhtha (do bheir le tuigsint é bheith sighnithe ag príomhoifigeach feidhmiúcháin an údaráis phleanála do bheirtear le tuigsint do cheap an scéim phleanála san) á rá gur cóip dhílis den scéim phleanála san no gur sliocht cruinn dílis aisti an scríbhinn sin agus gur cheap an t-údarás pleanála san an scéim phleanála san agus gur cheaduigh an tAire í agus go bhfuil sí tagtha i ngníomh, beidh sí, gan sighniú an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin é, ina fianaise (go dtí go gcruthófar a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar an scéim phleanála san no ar an sliocht san aisti (do réir mar a bheidh) agus fós ar an údarás pleanála san do cheapadh na scéime pleanála san go cuibhe agus ar an Aire dá ceadú agus ar í bheith i ngníomh go dleathach.

An focal “únaer” sa Phríomh-Acht.

18. —(1) Beidh leis an bhfocal “únaer”, agus tuigfear go raibh riamh leis, i ngach áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht an bhrí chéanna bheirtear dó leis an Acht so chun crícheanna an Achta so.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 51 den Phríomh-Acht.