An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.)

11 1939

ACHT UM BAILTE AGUS LÍOMATÁISTÍ DO SHÍNEADH AMACH (LEASÚ), 1939

CUID III.

Pleananna Bothair.

Mínithe chun crícheanna Coda III.

19. —(1) Sa Chuid seo den Acht se—

cialluíonn an abairt “foráil forbairte srianta” foráil a bheidh fén gCuid seo den Acht so i scéim phleanála i dtaobh aon tailimh áirithe sa líomatáiste le n-a mbainfidh an scéim phleanála san á fhoráil go ndéanfar forbairt an tailimh sin, tré fhoirgintí d'aicme no d'aicmí áirithe do thógáil no sa tslí sin go furmhór, do shrianadh; nuair a húsáidtear an focal “forbairt” gan coinníoll cialluíonn sé talamh d'fhorbairt tré fhoirgintí den aicme no d'aon cheann no níos mó de sna haicmí bheidh luaidhte sa bhforáil forbairte srianta oiriúnaigh do thógáil no sa tslí sin go furmhór.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear forbairt aon tailimh áirithe do bheith tosnuithe má bítear agus nuair a beifear tar éis tosnú ar aon fhoirgint den aicme no d'aon cheann de sna haicmí bheidh luaidhte sa bhforáil forbairte srianta oiriúnaigh do thógáil ar an talamh san.

Forálacha forbairte srianta.

20. —(1) Féadfaidh foráil forbairte srianta bheith i scéim phleanála.

(2) Má bhíonn foráil forbairte srianta i scéim phleanála is sárú ar an bhforáil sin aon talamh le n-a mbainfidh an fhoráil sin d'fhorbairt mara mbeidh plean bóthair i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an tailimh sin agus go ndéanfar an fhorbairt sin do réir an phlean bhóthair sin.

(3) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáiltí le fo-alt (1) d'alt 30 dhe go bhféadfadh dearbhú bheith i scéim phleanála, i dteanta na ndearbhuithe luaidhtear sa bhfo-alt san, á dhearbhú gan aon chúiteamh do bheith iníoctha fén bPríomh-Acht i dtaobh no de dhruim foráil áirithe forbairte srianta sa scéim phleanála san do theacht i ngníomh.

Pleananna bóthair do chur isteach agus a lánas.

21. —(1) Má bhíonn foráil forbairte srianta i scéim phleanála féadfaidh únaer aon tailimh le n-a mbainfidh an fhoráil sin, más oiriúnach leis é, dhá chóip de scéim no de phlean (dá ngairmtear plean bóthair sa Chuid seo den Acht so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an údaráis fhreagarthaigh ag déanamh rialála i dtaobh seana-bhóithre ar an talamh san d'fheabhsú no i dtaobh bóithre nua do dhéanamh ar an talamh san no i dtaobh an fheabhsuithe sin agus an déanta san.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le pleananna bóthair, sé sin le rá:—

(a) féadfar le plean bóthair le n-a bhforálfar seana-bhóthar ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin d'fheabhsú a shocrú cadé an saghas an feabhsú san;

(b) féadfar le plean bóthair le n-a bhforálfar bóthar nua do dhéanamh ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin a shocrú cá ndéanfar an bóthar san agus cadé an saghas é;

(c) féadfar le plean bóthair a thoirmeasc aon fheabhsú in aon chor do dhéanamh no aon fheabhsú áirithe do dhéanamh, gan an t-údarás freagarthach do thoiliú chuige, ar sheana-bhóthar áirithe ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin;

(d) féadfar le plean bóthair a thoirmeasc aon bhóthar nua ar bith no aon bhóthar nua áirithe do dhéanamh, gan an t-údarás freagarthach do thoiliú chuige, ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin.

(3) Má foráltar le plean bóthair bóthar nua do dhéanamh no seana-bhóthar d'fheabhsú ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin féadfar a fhoráil leis an bplean bóthair sin gurb é an t-údarás áitiúil oiriúnach ar a mbeidh sé de chúram bóithre do dhéanamh agus do chothabháil a dhéanfaidh an bóthar nua san no fheabhsóidh an seana-bhóthar san má thoilíonn an t-údarás áitiúil sin chuige agus leis sin go n-íocfaidh únaer an tailimh sin leis an údarás áitiúil sin suim is có-mhéid le costas iomlán no le cuid áirithe de chostas an déanta no an fheabhsuithe sin.

(4) Más rud é, idir theacht i ngníomh do scéim phleanála agus teacht i bhfeidhm do phlean bhóthair, go ndéanfaidh údarás áitiúil bóthar nua ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin no go bhfeabhsóidh údarás áitiúil seana-bhóthar ar an talamh san agus gur dóich leis an údarás freagarthach gurb usaide no gur saoire-de an talamh san d'fhorbairt an déanamh no an feabhsú san, féadfar a fhoráil leis an bplean bóthair sin go n-íocfaidh únaer an tailimh sin leis an údarás áitiúil sin suim is có-mhéid le costas iomlán no le cuid áirithe de chostas an déanta no an fheabhsuithe sin.

(5) San alt so déanfar tagairtí do bhóithre no do bhóthar ar thalamh áirithe do léiriú mar thagairtí fholuíonn bóithre no bóthar a bheidh go leathrannach ar an talamh san agus bóithre no bóthar a bheidh buailte leis an talamh san no ina ghar-chomharsanacht.

Fógra um thalamh dá ndeintear deifir.

22. —(1) Má cuirtear plean bóthair fé bhráid údaráis fhreagarthaigh maidir le haon talamh agus gur dóich leis an údarás freagarthach san go ndéanfadh forbairt an tailimh sin do réir an phlean bhóthair sin deifir d'fhorbairt aon tailimh eile, bhéarfaidh an t-údarás freagarthach san d'únaer an tailimh eile sin fógra (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so fógra um thalamh dá ndeintear deifir) sa bhfuirm orduithe á rá cuireadh an plean bóthair sin fé bhráid an údaráis sin amhlaidh.

(2) Má bheireann údarás freagarthach fógra um thalamh dá ndeintear deifir uatha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ceadóidh an t-údarás freagarthach san don duine dar tugadh an fógra san an plean bóthair le n-a mbainfidh an fógra san d'iniúchadh (go pearsanta no tré ghníomhaire) gach tráth réasúnta i rith na tréimhse orduithe tar éis an fhógra san do thabhairt dó;

(b) féadfaidh an duine sin pé cúis (más ann di) is ceart dar leis do phlé leis an údarás freagarthach san i scríbhinn alos an phlean bhóthair sin i rith na tréimhse orduithe sin;

(c) ní chinnfidh an t-údarás freagarthach san ar aon chomhairle fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so i dtaobh an phlean bhóthair sin go dtí go mbeidh an tréimhse orduithe sin caithte agus, má phléidheann an duine sin aon chúis fé réim agus do réir na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, féachfaid don chúis sin nuair a bheid ag cinneadh ar an gcomhairle sin.

An chomhairle ar a gcinnfidh údarás freagarthach i dtaobh plean bhóthair.

23. —(1) Cinnfidh údarás freagarthach ar chomhairle acu so leanas i dtaobh gach plean bhóthair a cuirfear fé n-a mbráid, sé sin le rá:—

(a) aontú leis an bplean bóthair sin gan é atharú, no

(b) an plean bóthair sin d'atharú (tré chur leis no leigint ar lár no sóinseáil) fé mar is ceart dar leis an údarás freagarthach san agus aontú leis an bplean bóthair sin agus é atharuithe amhlaidh, no

(c) diúltú d'aontú leis an bplean bóthair sin.

(2) Mara ndeinidh údarás freagarthach cinneadh ar chomhairle fén alt so i dtaobh plean bhóthair—

(a) fé cheann trí mhí o dháta an phlean bhóthair sin do chur fé bhráid an údaráis fhreagarthaigh sin i gcás an údaráis fhreagarthaigh sin do thabhairt fógra um thalamh dá ndeintear deifir do dhuine ar bith maidir leis an bplean bóthair sin, no

(b) fé cheann dhá mhí ón dáta san in aon chás eile,

tuigfear gur chinn an t-údarás freagarthach san an lá deiridh den tréimhse sin de thrí mhí no de dhá mhí (do réir mar a bheidh) ar aontú leis an bplean bóthair sin gan é atharú.

Athchomhairc.

24. —(1) Fé cheann na haimsire orduithe tar éis d'údarás fhreagarthach cinneadh ar chomhairle, no tar éis an ama tuigfear iad do chinneadh ar chomhairle, i dtaobh plean bhóthair do cuireadh fé n-a mbráid, féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an chomhairle sin athchomharc do dhéanamh chun an Aire in aghaidh na comhairle sin agus leis sin daingneoidh an tAire an chomhairle sin no cuirfidh ar nea-mbrí í.

(2) Más rud é, ar athchomharc fén alt so do bhreithniú, go gcuirfidh an tAire an chomhairle ar ar chinn an t-údarás freagarthach ar nea-mbrí cinnfidh an tAire, i dtaobh an phlean bhóthair le n-a mbainfidh an t-athchomharc san, ar an gcomhairle sin is ceart dar leis agus ar a bhféadfaidh an t-údarás freagarthach san cinneadh fén gCuid seo den Acht so.

(3) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar athchomharc fén alt so.

Plean bóthair do theacht i bhfeidhm.

25. —(1) Má haontuítear le plean bóthair (go n-atharú no gan atharú), no má tuigtear gur haontuíodh leis, ag an údarás freagarthach gur cuireadh fé n-a mbráid é agus ná déanfar aon athchomharc chun an Aire de dhruim an aontuithe sin fé cheann na haimsire orduithe, tiocfaidh an plean bóthair sin, mar do haontuíodh leis no mar a tuigfear do haontuíodh leis ag an údarás freagarthach san, i bhfeidhm nuair a bheidh an aimsir orduithe sin caithte.

(2) Má dheineann an tAire, ar athchomharc i dtaobh plean bhóthair do bhreithniú, aontú leis an bplean bóthair sin (tré aontú an údaráis fhreagarthaigh gur cuireadh an plean bóthair sin fé n-a mbráid do dhaingniú, no tré n-a chinneadh féin agus go n-atharú no gan atharú) tiocfaidh an plean bóthair sin, mar a bheidh aontuithe aige leis, i bhfeidhm an lá tar éis an lae aontóidh sé leis.

Atharuithe ar phlean bóthair.

26. —(1) Más rud é, de bhíthin cúrsaí eireoidh tar éis teacht i bhfeidhm do phlean bhóthair (le n-a n-áirmhítear plean bóthair ar n-a ullamhú fén alt so), gur gá an plean bóthair sin d'atharú féadfaidh únaer an tailimh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin plean bóthair eile d'ullamhú i dtaobh an tailimh sin in ionad an chéad phlean bhóthair sin a luaidhtear.

(2) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le plean bóthair a hullamhófar fén alt so i dtaobh aon tailimh fé is dá mb'é an chéad phlean bóthair do hullamhófaí i dtaobh an tailimh sin é.

(3) Nuair a thiocfaidh plean bóthair ar n-a ullamhú fén alt so i bhfeidhm scuirfidh an plean bóthair do bhí i bhfeidhm díreach roimhe sin i dtaobh an tailimh sin d'fheidhm do bheith aige.

Comhacht don údarás fhreagarthach chun a éileamh plean bóthair do thabhairt chun críche.

27. —(1) Pé uair a bheidh plean bóthair tagtha i bhfeidhm agus a bheidh tosnuithe ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair sin d'fhorbairt, féadfaidh an t-údarás freagarthach fógra do sheirbheáil ar únaer an tailimh sin gur le n-a údarás do tosnuíodh ar an bhforbairt sin (dá ngairmtear an t-únaer forbairtiúcháin san alt so) á éileamh go ndéanfaí, fé cheann aimsire áirithe (nach giorra ná sé seachtaine) tar éis teacht i bhfeidhm don fhógra san, cuid áirithe de cheann amháin no níos mó d'fhorálacha áirithe den phlean bhóthair sin do thabhairt chun críche.

(2) Má seirbheáltar fógra fén alt so, féadfaidh an t-únaer forbairtiúcháin, fé cheann cheithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil, athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an fhógra san agus féadfaidh an tAire ar an athchomharc san do bhreithniú—

(a) an fógra san do dhaingniú gan atharú, no

(b) an fógra san d'atharú tríd an aimsir a bheidh luaidhte sa bhfógra san chun é chólíonadh do leathnú agus an fógra san mar a bheidh sé atharuithe amhlaidh do dhaingniú, no

(c) más deimhin leis é bheith réasúnta cólíonadh an fhógra san do chur siar go dtí go mbeidh tuilleadh forbairte déanta ar an talamh le n-a mbainfidh an fógra san, an fógra san do chur ar neamh-ní.

(3) Tiocfaidh fógra fén alt so i bhfeidhm ceithre lá déag tar éis é sheirbheáil no, má deintear athchomharc fén alt so i gcoinnibh an fhógra san agus ná déanfar an fógra san do chur ar neamh-ní de dhruim an athchomhairc sin, ar bhreith do thabhairt ar an athchomharc san.

(4) Má bhíonn fógra fén alt so i bhfeidhm agus ná cólíonfar é fé cheann na haimsire bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san no, i gcás na haimsire sin do leathnú de dhruim athchomhairc fén alt so, fé cheann na haimsire sin mar a bheidh sí leathnuithe amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má héilítear leis an bhfógra san aon bhóthar no cuid de bhóthar do dhéanamh ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair oiriúnach no aon bhóthar no cuid de bhothár ar an talamh san d'fheabhsú, féadfaidh an t-údarás freagarthach féin an déanamh no an feabhsú san do thabhairt chun críche agus féadfaid dul isteach ar an talamh san chuige sin;

(b) má héilítear leis an bhfógra san suim airgid d'íoc le húdarás áitiúil, féadfar, mara n-íoctar an tsuim sin, í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla, agus beidh sí, ar theacht i bhfeidhm don fhógra san agus as san amach, ina muirear ar estát an únaera fhorbairtiúcháin sa talamh le n-a mbainfidh an fógra san;

(c) go dtí go gcólíonfar an fógra san no go bhfoirfheidhmeofar é fén bhfo-alt so beidh sé ina shárú ar an bhforáil forbairte srianta oiriúnaigh tosnú ar aon fhoirgint den aicme no d'aon cheann de sna haicmí bheidh luaidhte sa bhforáil sin do thógáil no leanúint d'é do thógáil ar an talamh le n-a mbainfidh an plean bóthair oiriúnach;

(d) pé uair a dhéanfaidh an t-údarás freagarthach, i bhfeidhmiú comhachta bronntar leis an bhfo-alt so, aon obair no ní ar aon déanmhas no ar aon talamh no maidir leis an gcéanna beidh an t-údarás freagarthach i dteideal go n-íocfadh an t-únaer forbairtiúcháin leo na costaisí uile fé n-a ndeachaidh an t-údarás freagarthach go réasúnta chun na hoibre no an ní sin do rinneadh amhlaidh mar adubhradh do dhéanamh agus na costaisí sin do bhaint (mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla) den únaer sin; agus

(e) an t-airgead uile is ionbhainte amach fén bhfo-alt so ag an údarás freagarthach alos costaisí fé n-a ndeachadar tiocfaidh chun bheith agus beidh, díreach ar bheith críochnuithe don obair no don ní gur chun a dhéanta do chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, ina muirear ar estát an únaera fhorbairtiúcháin sa talamh ar a ndearnadh an obair no an ní sin no, i gcás aon oibre no ní do rinneadh ar dhéanmhas no leis, sa déanmhas san (má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé ann fós) agus san ionoighreacht no sa tionóntachán ionrátuithe gurb é an talamh no an déanmhas san é no ina mbeidh an céanna.

Plean bóthair do choinneáil agus do chlárú agus cóipeanna dhe do thabhairt do dhaoine.

28. —(1) Gach plean bóthair a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire coinneofar é sa tslí orduithe ag an údarás freagarthach gur cuireadh fé n-a mbráid é agus coimeádfaidh an t-údarás freagarthach san é ar fáil chun a iniúchta ag daoine le n-a mbainfidh sna tráthanna agus sna háiteanna orduithe.

(2) I gcás plean bóthair do theacht i bhfeidhm no do scur de bheith i bhfeidhm déanfaidh an t-údarás freagarthach gur cuireadh an plean bóthair sin fé n-a mbráid iontráil á rá san do chur sa chlár.

(3) Déanfaidh an t-údarás freagarthach gur cuireadh aon phlean bóthair fé n-a mbráid a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cóip den phlean bhóthair sin do thabhairt do dhuine ar bith le n-a mbainfidh ar íoc na táille sin nach mó ná cúig scillinge is dóich leis an údarás freagarthach san do bheith réasúnta.

Údarás áitiúil do dhéanamh agus d'fheabhsú bóithre príobháideacha.

29. —Údarás áitiúil go mbeidh de chúram ortha bóithre do dhéanamh agus do chothabháil, féadfaid, do bhun plean bhóthair agus ar chostas únaera tailimh, aon bhóthar nua do dhéanamh ar an talamh san no aon tseana-bhóthar (pe'ca bóthar puiblí é no nach eadh) ar an talamh san d'fheabhsú, agus ní tuigfear gur bóthar puiblí an bóthar san de bhíthin a dhéanta no a fheabhsuithe amhlaidh agus dá bhíthin sin amháin.

Cruthúnas ar lánas agus ar oibriú pleananna bóthair.

30. —Scríbhinn do bheir le tuigsint gur cóip í de phlean bhóthair no de shliocht as plean bóthair agus ar a mbeidh deimhniú cúlscríobhtha (do bheir le tuigsint é bheith sighnithe ag príomhoifigeach feidhmiúcháin an údaráis phleanála gur cuireadh an plean bóthair sin fé n-a mbráid) á rá gur cóip dhílis den phlean bhóthair sin no gur sliocht cruinn dílis as an scríbhinn sin agus go raibh an plean bóthair sin i bhfeidhm ar dháta an deimhnithe sin, beidh sí, gan sighniú an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin sin é, ina fianaise (go dtí go gcruthófar a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar an bplean bóthair sin no ar an sliocht san as (do réir mar a bheidh) agus ar an bplean bóthair sin do bheith i bhfeidhm.

Mír 5 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht d'athghairm.

31. —Athghairmtear leis seo mír 5 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.