An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT IASCAIGH, 1939) Ar Aghaidh (CUID II. Na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, do Leasu agus do Leathnu.)

17 1939

ACHT IASCAIGH, 1939

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus có-luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) , agus den Acht so le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire go generálta no maidir le haon Chuid no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla agus d'fhorálacha deifriúla den Acht so.

Mínithe agus léiriú.

3. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Iascaigh” na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, ar n-a leasú leis an Acht so, agus an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) , ar n-a leasú leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “ráta iascaigh” ráta ar n-a bhualadh ag bord coimeádaithe agus ar n-a dhaingniú ag an Aire fé alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), ar n-a leasú leis an Acht Iascaigh, 1937 (Uimh. 35 de 1937) , no le haon achtachán ina dhiaidh sin, no ráta ar n-a bhualadh ag an Aire fén alt san 13;

foluíonn na focail “bradán” “breac” agus “iasc” fé seach cuid de bhradán, cuid de bhreac agus cuid d'iasc fé seach;

cialluíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán” ceadúnas chun bradáin d'iascaireacht le slait agus ruaim;

cialluíonn an abairt “ceadúnas slaite breac” ceadúnas chun bric d'iascaireacht le slait agus ruaim.

(2) Aon tagairt atá san Acht so d'am déanta ráta iascaigh léireofar é—

(a) i gcás bord coimeádaithe do bhualadh an ráta iascaigh sin agus an Aire dá dhaingniú fé alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), ar n-a leasú leis an Acht Iascaigh, 1937 (Uimh. 35 de 1937) , no le haon achtachán ina dhiaidh sin, mar thagairt don lá do daingníodh an ráta iascaigh sin amhlaidh;

(b) i gcás an Aire do bhualadh an ráta iascaigh sin fén alt san 13, mar thagairt don lá do buaileadh an ráta iascaigh sin amhlaidh.

(3) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, agus an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) .

Costaisí.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

Athghairm.

5. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.