An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An tAcht Iascaigh (Uisci Taoide), 1934, do Leasu agus do Leathnu.)

17 1939

ACHT IASCAIGH, 1939

CUID II.

Na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, do Leasu agus do Leathnu.

Ceadúnaisí Iascaireachta agus Diúité Ceadúnais ortha.

An ainm ina dtabharfar amach ceadúnaisí iascaireachta nach ceadúnaisí slaite.

6. —Gach ceadúnas do bhéarfar amach fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so alos innill (nach slat agus ruaim) a húsáidtear chun iasc do ghabháil beidh ar a aghaidh, i gcás innill a húsáidtear in iascach leithleach, ainm an duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt so) bheidh i dteideal de thurus na huaire an t-inneall san d'úsáid chun a thairbhe féin no, má iarrann an t-únaer amhlaidh tré fhógra i scríbhinn don bhord choimeádaithe le n-a mbainfidh, ainm an duine eile sin a luadhfaidh an t-únaer sa bhfógra san agus, i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine íocfaidh an diúité ceadúnais ar an inneall san.

Ceadúnaisí slaite bradán do thabhairt amach i dtogh-roinn.

7. —Má hiarrtar ceadúnas slaite bradán ar bhord choimeádaithe cheanntair iascaigh bhéarfar an ceadúnas san amach—

(a) i gcás an t-iarratasóir do bheith ina únaer no ina shealbhaire ar shlat-iascach bhradán sa cheanntar san, sa togh-roinn den cheanntar san ina mbeidh an t-iascach san suidhte,

(b) in aon chás eile—

(i) mara mbeidh ach aon togh-roinn fíor-uisce amháin sa cheanntar san, sa togh-roinn fíor-uisce sin, no

(ii) má bhíonn dhá thogh-roinn fíor-uisce no níos mó sa cheanntar san, sa cheann san de sna ranna san iarrfaidh an t-iarratasóir.

Pionós fé alt 21 den Fisheries (Ireland) Act, 1848.

8. —Má dheineann duine ar bith (seachas an tAire) aon inneall, ionstruim, líon, cora, no feiste ná fuil áirmhithe sa Sceideal a ghabhann leis an Fisheries (Ireland) Act, 1848, d'úsáid in aon cheanntar iascaigh gan fógra do thabhairt roimhré, do réir an chéad phrovíso ghabhann le halt 21 den Acht san, do bhord choimcádaithe an cheanntair sin agus gan an tsuim sin do lóisteáil leis an mbord coimeádaithe sin éileoid i leith an diúité cheadúnais a bheidh le ceapadh ina dhiaidh sin alos an innill, na hionstruime, an lín, na corann no na feiste sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise nach lugha ná caoga punt in aghaidh gach lae d'úsáid an duine sin an t-inneall, an ionstruim, an líon, an cora, no an fheiste sin amhlaidh.

Srianta maidir le bric d'iascaireacht le slait.

9. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an ailt seo, dearbhóidh bord coimeádaithe gach ceanntair iascaigh fé leith, le hordú, gur uiscí breac sceidealta chun crícheanna an ailt seo aon aibhne no locha áirithe, no aon choda dhíobh, sa cheanntar san is dóich leis an mbord san is ceart do bheith sceidealta mar uiscí breac, agus féadfaid, o am go ham ina dhiaidh sin, a dhearbhú le horduithe eile gur uiscí breac sceidealta chun na gcrícheanna san aon aibhne no locha áirithe eile, no aon choda dhíobh, sa cheanntar san is dóich leis an mbord san is ceart do bheith sceidealta freisin mar uiscí breac, agus aon aibhne no locha no aon choda dhíobh go ndéanfar ordú ina dtaobh fén bhfo-alt so beid ina n-uiscí breac sceidealta chun na gcrícheanna san faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh bord coimeádaithe, tráth ar bith, aon ordú bheidh déanta acu fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

(3) Gach ordú déanfar fé cheachtar de sna fo-ailt deiridh sin roimhe seo beidh sé sa bhfuirm sin agus foillseofar é sa tslí sin ordóidh an tAire.

(4) Beidh trí shaghas ceadúnas slaite breac ann, eadhon—

(a) ceadúnaisí slaite breac (generálta),

(b) ceadúnaisí slaite breac (bruach-únaer),

(c) ceadúnaisí slaite breac (sóisear).

(5) D'ainneoin éinní atá in alt 21 den Fisheries (Ireland) Act, 1848—

(a) beidh diúité ceadúnais de chúig scillinge iníoctha ar cheadúnas slaite breac (generálta),

(b) beidh diúité ceadúnais de shé pingne iníoctha ar cheadúnas slaite breac (bruach-únaer),

(c) beidh diúité ceadúnais de shé pingne iníoctha ar cheadúnas slaite breac (sóisear).

(6) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas slaite breac (generálta) d'fháil agus beidh an ceadúnas san bailidhe ar fuaid an Stáit.

(7) Einne chuirfidh ina luighe ar bhord choimeádaithe cheanntair iascaigh gur sealbhaire é ar aon talamh ar imeall aon choda d'uiscí breac sceidealta sa cheanntar san go bhfuil teideal aige chun cearta iascaireachta ionta, féadfaidh ceadúnas slaite breac (bruac-únaer) d'fháil agus ní bheidh an ceadúnas san bailidhe ach sa chuid sin de sna huiscí breac sceidealta san ina mbeidh na cearta iascaireachta san ar marthain.

(8) Einne chuirfidh ina luighe ar bhord choimeádaithe cheanntair iascaigh é bheith fé bhun seacht mbliana déag d'aois de thurus na huaire féadfaidh ceadúnas slaite breac (sóisear) d'fháil ón mbord san, agus ní bheidh an ceadúnas san bailidhe ach sa cheanntar iascaigh sin.

(9) Beidh feidhm ag ailt 28, 29, 30 agus 31 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus ag alt 17 den Fisheries (Ireland) Act, 1869 (fé réir na n-atharuithe sin ortha is gá, ag féachaint do sna forálacha san roimhe seo den alt so) maidir le ceadúnaisí slaite breac.

(10) Ní dleathach do dhuine ar bith bric d'iascaireacht le slait agus ruaim in aon uiscí breac sceidealta bheidh i gceanntar iascaigh maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (generálta) bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, no

(b) gur sealbhaire an duine sin ar thalamh ar imeall na coda san de sna huiscí breac sceidealta san ina bhfuighfear ag iascaireacht é agus go mbeidh sé i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-únaer) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do thug bord coimeádaithe an cheanntair iascaigh sin amach agus a bheidh bailidhe don chuid sin, no

(c) gur ball an duine sin de líntighe shealbhaire tailimh ar imeall na coda de sna huiscí breac sceidealta san ina bhfuighfear an duine sin ag iascaireacht agus go mbeidh an sealbhaire sin i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-únaer) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do thug bord coimeádaithe an cheanntair iascaigh sin amach agus a bheidh bailidhe don chuid sin, no

(d) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (sóisear) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do thug an bord coimeádaithe sin amach.

(11) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'fho-alt (10) den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar punt do chur air.

An diúité ceadúnais ar cheadúnaisí slaite bradán a bhéarfar amach an 1adh Iúl no dá éis sin do laigheadú.

10. —Má bheartuíonn aon bhord coimeádaithe ceanntair iascaigh le rún go bhféadfar, má ceannuítear ceadúnas slaite bradán sa cheanntar san an 1adh lá d'Iúl no dá éis sin, é thabhairt amach agus go mbeidh sé le fáil ar íoc diúité ceadúnais de phunt, beidh éifeacht ag an rún san ar feadh na bliana thosnóidh tar éis dáta an rúin sin do rith agus leanfaidh d'éifeacht do bheith aige go deireadh aon bhliana inar féidir a chur ar nea-mbrí.

E bheith de cheart ag sealbhóir ceadúnais slaite bradán bric d'iascaireacht.

11. —Beidh sealbhóir ceadúnais slaite bradán a bhéarfar amach in aon cheanntar iascaigh áirithe i dteideal bric d'iascaireacht sa cheanntar san le slait agus ruaim i rith na tréimhse le n-a mbainfidh an ceadúnas slaite bradán san gan aon cheadúnas eile do bheith ar seilbh aige.

Diúitéthe ceadúnais ar líonta áirithe d'atharú agus socrú i dtaobh iad d'íoc ina dtráthchoda.

12. —(1) Deintear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , do leasú tré sna rátaí diúitéthe ceadúnais seo leanas do chur isteach ann in ionad na ndiúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear ag uimhreacha 3 agus 4 den Sceideal san, sé sin le rá:—

3. Líonta tarraing no saighne

...

...

£5

0

0

4. Líonta fionnraoi d'fhaid ar bith

...

£5

0

0

agus léireofar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(2) Má deintear, ar dháta nach déanaí ná an chéad lá den tsaosúr oscailte chun iascaireacht do dhéanamh le hinnill seachas slat agus ruaim in aon bhliain in aon cheanntar iascaigh áirithe, ceadúnas d'iarraidh ar bhord choimeádaithe an cheanntair iascaigh sin chun iascaireacht do dhéanamh le líon tarraing no le saighin no le líon fionnraoi agus go dtairgfidh an t-iarratasóir, le linn an iarratais do dhéanamh, leath an diúité cheadúnais is iníoctha ar an gceadúnas san—

(a) bhéarfaidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas san amach don iarratasóir ach san fé réir an choinníll (agus cúl-scríobhfar san ar an gceadúnas san) go n-íocfar iarmhéid an diúité cheadúnais sin ar dháta nach déanaí ná an deichiú lá fichead tar éis an chéad lae den tsaosúr oscailte sin,

(b) mara ndeintear do réir an choinníll sin beidh an ceadúnas san gan feidhm an deichiú lá fichead san agus as san amach.

Ceadúnaisí do gheallbhruideadh.

13. —(1) I gcás—

(a) duine do chiontú i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so, agus

(b) an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas no ar cheadúnaisí chun bradán no breac d'iascaireacht,

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteanta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas no na ceadúnaisí sin do gheallbhruideadh.

(2) Má horduítear ceadúnas do gheallbhruideadh fén alt so, scuirfidh an ceadúnas san leis sin de bheith i bhfeidhm.

Bord Coimeádaithe.

Ceart íocóirí ráta iascaigh chun vótáil i dtoghacháin.

14. —(1) I gcás—

(a) duine is sealbhaire rátuithe ar iascach (gur lugha ná caoga punt a luacháil fé sna hAchtanna Luachála) i dtoghroinn áirithe d'íoc an ráta iascaigh ar an iascach san in aghaidh na bliana iascaigh deiridh roimh bhliain iascaigh ina gcomórfar toghachán do sna coimeádaithe don togh-roinn sin, agus

(b) gur punt no níos mó méid an ráta iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(c) beidh an duine sin no atúrnae no gníomhaire bheidh ceaptha go cuibhe fé alt 3 no 4 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, i dteideal vótáil sa toghachán san agus an uimhir seo leanas de vótanna do bheith aige ann, sé sin le rá:—

(i) más lugha ná trí púint méid an ráta iascaigh sin, aon vóta amháin,

(ii) más lugha ná sé púint agus nach lugha ná trí púint an méid sin, dhá vóta,

(iii) más lugha ná deich bpúint agus nach lugha ná sé púint an méid sin, trí vóta,

(iv) maran lugha ná deich bpúint an méid sin, ceithre vóta;

(d) is leor-fhianaise ar cheart an duine no an atúrnae no an ghníomhaire sin chun vótáil sa toghachán san admháil ar an dara leath den ráta iascaigh sin do thaisbeáint.

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so deifir do cheart duine ar bith chun vótáil i dtoghachán coimeádaithe do réir méid an diúité cheadúnais a bheidh íoctha aige.

Ceart sealbhóiri ceadúnais chun vótáil i dtoghacháin.

15. —(1) Ní bheidh duine ar bith i dteideal vótáil i dtoghachán do bhord choimeádaithe alos diúité cheadúnais ar inneall (seachas ceadúnas slaite bradán) a húsáidtear chun iasc do ghabháil in iascach leithleach ach amháin an duine go mbeidh a ainm ar an gceadúnas do tugadh amach alos an innill sin.

(2) Má híoctar diúité ceadúnais ar inneall sheasmhach a húsáidtear chun iasc do ghabháil ní thabharfaidh san teideal don duine íocfaidh an diúité sin ná do dhuine ar bith eile chun vótáil i dtoghachán do bhord choimeádaithe d'aon togh-roinn seachas an togh-roinn ina mbeidh an t-inneall san.

(3) Má bheirtear amach tar éis an 31adh lá d'Iúl in aon bhliain ceadúnas alos aon innill a húsáidtear chun iasc do ghabháil ní tabharfar áird ar an diúité ceadúnais do híocadh ar an gceadúnas san nuair a bheidh méid an diúité cheadúnais do híocadh á áireamh chun na gceart vótála i dtoghachán do choimeádaithe comórfar an bhliain sin do chinneadh.

(4) An punt a híocfar alos ceadúnais slaite bradán do bhéarfar amach an 1adh lá d'Iúl no dá éis sin ní tabharfar áird air nuair a bheidh méid an diúité cheadúnais do híocadh á áireamh chun cearta vótála in aon toghachán do choimeádaithe do chinneadh.

(5) An tsuim a híocfar alos ceadúnais slaite breac ní tabharfar áird uirthi nuair a bheidh méid an diúité cheadúnais do híocadh á áireamh chun cearta vótála in aon toghachán do choimeádaithe do chinneadh, seachas toghachán a comórfar fé fhorálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo.

Ionadaíocht do bheith ag iascairí breac ar bhúird choimeádaithe.

16. —(1) Má thárlann in aon cheanntar iascaigh an uimhir de cheadúnaisí slaite breac do tugadh amach in aon bhliain ina gcomórfar toghachán do bhord choimeádaithe don cheanntar san do bheith có-ionann le caoga per cent. ar a laighead den uimhir de cheadúnaisí slaite bradán do tugadh amach sa cheanntar san i rith na bliana san agus ar ar híocadh an diúité ceadúnais de dhá phunt, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn an uimhir de sna ceadúnaisí slaite breac san có-ionann le caoga per cent. ar a laighead gan bheith thar cúig seachtód per cent. den uimhir de sna ceadúnaisí slaite bradán san féadfaidh sealbhóirí na gceadúnas slaite breac san duine dá líon do thoghadh mar ionadaí chun suidhe ar an mbord coimeádaithe sin;

(b) in aon chás eile féadfaidh na sealbhóirí sin beirt dá líon do thoghadh mar ionadaithe chun suidhe ar an mbord coimeádaithe sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le héinne toghfar fé fho-alt (1) den alt so in aon bhliain mar ionadaí chun suidhe ar bhord choimeádaithe cheanntair, sé sin le rá:—

(a) fé réir forálacha na nAchtanna Iascaigh agus an Achta so agus sa mhéid go mbainfidh na forálacha san leis an gcás suidhfidh an duine sin agus gníomhóidh mar choimeádaí ar an mbord san agus beidh sé ina dhuine bhreise ar an uimhir de choimeádaithe bheidh le toghadh don cheanntar san fé sna hAchtanna Iascaigh;

(b) marab éag, eirghe as no teacht fé mhí-ábaltacht no fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó beidh an duine sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse oifige na ngnáth-choimeádaithe toghfar don cheanntar san an bhliain a toghfar an duine sin;

(c) más rud é, le linn a thréimhse oifige, go n-éagfaidh an duine sin no go n-eireoidh as oifig no go dtiocfaidh fé dhí-cháilíocht chun gníomhú mar choimeádaí, féadfaidh an bord san, ag an dara cruinniú no roimh an dara cruinniú tar éis an duine sin d'éag, d'eirghe as no no do theacht fé dhí-cháilíocht, duine eile, is sealbhóir cheadúnais slaite breac do thug an bord san amach, do chó-thoghadh ina ionad chun an fholúntais do thárla de dheascaibh an éaga, an eirghe as no an teacht fé dhí-cháilíocht san do líonadh ar feadh a mbeidh gan caitheamh de thréimhse oifige an bhúird sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin pé socruithe do dhéanamh is dóich leis is ceart maidir le toghacháin fé fho-alt (1) den alt so, agus comórfar gach toghachán den tsórt san do réir na rialachán san.

(4) In aon toghachán fé fho-alt (1) den alt so beidh duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac i dteideal vóta amháin agus ní níos mó, pe'ca sealbhóir ar níos mó ná aon cheadúnas slaite breac amháin é no nach eadh.

(5) San alt so ní fholóidh an abairt “ceadúnaisí slaite breac” ceadúnaisí slaite breac (sóisear).

Fiosruithe i dtaobh bord coimeádaithe.

17. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más oiriúnach leis é, a ordú fiosrú do dhéanamh i dtaobh cólíonadh a ndualgas ag aon bhord coimeádaithe áirithe agus féadfaidh duine ar bith do cheapadh chun an fhiosruithe sin do dhéanamh.

(2) Féadfaidh duine (dá ngairmtear duine údaruithe san alt so) a ceapfar fé fho-alt (1) den alt so chun fiosrú do dhéanamh fén alt so i dtaobh cólíonadh a ndualgas ag bord coimeádaithe gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) fínnithe do ghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrú san;

(b) fínnithe thiocfaidh ina láthair ag an bhfiosrú san do cheistniú fé mhionn (agus údaruítear don duine sin leis seo daoine do chur fén mionn san);

(c) a cheangal ar aon fhínnithe den tsórt san aon scríbhinní bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thabhairt i láthair is dóich leis an duine sin is gá do thabhairt i láthair chun críche an fhiosruithe sin.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair duine údaruithe bheidh ag déanamh fiosruithe chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

(4) Má thárlann d'éinne—

(a) gan teacht i láthair ar é do ghairm go cuibhe chun bheith i láthair mar fhínné as cóir duine údaruithe bheidh ag déanamh fiosruithe, no

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an duine údaruithe sin air do réir dlí do thabhairt, no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an duine údaruithe sin air do réir dlí do thabhairt i láthair no d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an duine údaruithe sin air do fhreagairt, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(5) Má ceaptar duine (nach oifigeach don Aire) chun fiosrú do dhéanamh fén alt so, íocfar leis an duine sin an luach saothair sin agus na liúntaisí sin i leith costaisí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Má deintear fiosrú fén alt so maidir le bord coimeádaithe, deimhneoidh an tAire méid na gcostaisí fé n-a ndeachaidh an tAire maidir leis an bhfiosrú san, agus déanfaidh an tAire an méid a deimhneofar amhlaidh do bhaint as ioncum an bhúird sin.

(7) Déanfar aon tsuim a bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

(8) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

Comhacht chun búird choimeádaithe do scur.

18. —(1) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrú do dhéanamh fén Acht so i dtaobh cólíonadh a ndualgaisí ag bord coimeádaithe, ná fuil dualgaisí an bhúird sin á gcólíonadh go cuibhe agus go héifeachtúil ag an mbord san, no

(b) go bhfailleoidh bord coimeádaithe go toiliúil déanamh do réir aon orduithe, treora no rialacháin dleathaigh ón Aire, no go bhfailleoid déanamh do réir aon bhreithiúnais, orduithe no aithne o aon chúirt,

féadfaidh an tAire, le hordú, an bord coimeádaithe sin do scur agus toghachán nua do bhaill den bhord san d'ordú (fén gcomhacht a bheirtear dó anso ina dhiaidh seo) no cistí, leabhair agus maoin eile agus comhachta, dualgaisí agus fiachaisí uile agus fé seach an bhúird sin d'aistriú chun aon chóluchta no duine is oiriúnach leis.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag scur búird choimeádaithe féadfaidh pé daoine agus pé méid daoine do cheapadh is dóich leis is ceart chun dualgaisí an bhúird choimeádaithe sin do chólíonadh agus féadfaidh o am go ham na daoine sin uile no aon chuid acu do chur as oifig agus daoine eile do cheapadh ina n-ionad agus féadfaidh sealbhaíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san agus an urraíocht (más aon urraíocht é) bheidh le tabhairt ag gach duine den tsórt san do cheapadh.

(3) Déanfar luach saothair gach duine ceapfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun dualgaisí búird choimeádaithe do chólíonadh d'íoc amach as ioncum an bhúird choimeádaithe sin mar chuid de sna costaisí a ghabhann le cólíonadh a ndualgaisí.

(4) Má deintear duine bheidh ag fónamh sa Stát-Sheirbhís do cheapadh fé fho-alt (2) den alt so chun dualgaisí búird choimeádaithe do chólíonadh, aisíocfar as ioncum an bhúird choimeádaithe sin leis an Stát-Chiste, sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin agus fós pé muirir a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(5) Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, tráth ar bith tar éis bord coimeádaithe do scur fén alt so, a chur fé ndeár, le hordú, toghachán nua do bhaill den bhord san do chomóradh agus ar an toghachán nua san do bheith críochnuithe dílseoidh maoin, comhachta agus dualgaisí uile an bhúird choimeádaithe scurtha sa chólucht a toghfar amhlaidh, d'ainneoin an Aire d'aistriú an chéanna chun aon chóluchta, daoine no duine eile fén alt so.

(6) Pe'ca déanfar no ná déanfar toghachán nua do bhaill de bhord choimeádaithe do chomóradh de bhun orduithe déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, comórfar an chéad toghachán eile ina dhiaidh sin do bhaill den bhord choimeádaithe sin an chéad ócáid eile gur ghá do réir dlí toghachán do sna baill sin do chomóradh dá mba ná scuirfí an bord san agus leis sin dílseoidh maoin, comhachta agus dualgaisí uile an bhúird choimeádaithe scurtha sa chólucht a toghfar amhlaidh.

(7) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dóich leis is gá chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon ordú dhéanfa sé fén alt so.

Di-cháiliú chun ballraíochta búird choimeádaithe.

19. —Má ciontuítear duine i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ar dhuine do chiontú amhlaidh beidh sé dí-cháilithe go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin chun a thoghtha ina bhall de bhord choimeádaithe;

(b) más ball toghtha de bhord choimeádaithe an duine sin scuirfe sé, ar a chiontú amhlaidh, de bheith ina bhall den bhord san;

(c) má bhíonn an duine sin ar dháta an chiontuithe sin, no má thagann ina dhiaidh sin chun bheith, i seilbh mar shealbhaire rátuithe (ina aonar no in éineacht le daoine eile) ar iascach leithleach no iascach aon-chirt gur caoga punt no níos mó in aghaidh na bliana a luacháil fé sna hAchtanna Luachála, scuirfidh na cearta bronntar le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), agus leis an Acht so, de bheith infheidhmithe ag an duine sin go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin;

(d) más gníomhaire an duine sin do dhuine eile bheidh cáilithe mar choimeádaí ex-officio fé alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú amhlaidh, scuirfidh as san amach de bheith cáilithe chun gníomhú ina ghníomhaire don duine eile sin, mar choimeádaí ex-officio, go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin;

(e) beidh an duine sin dí-cháilithe as san amach chun é cheapadh ina ghníomhaire fé alt 4 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin.

Baill ex-officio de bhúird choimeádaithe.

20. —(1) Déanfar alt 6 (a bhaineann le coimeádaithe ex-officio) den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is go ndéanfaí—

(a) na focail “rated occupier” do chur in ionad na bhfocal “owner, lessee or occupier”, agus

(b) na focail “rated occupiers” do chur in ionad na bhfocal “owners, lessees or occupiers”.

(2) Ní tuigthe duine do bheith ina bhall ex-officio de bhord choimeádaithe fé alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), faid a bheidh aon fhiachas dá mbeidh ar an duine sin, i leith ráta iascaigh is iníoctha aige leis an mbord san, gan glanadh ar feadh tréimhse is sia ná ceithre lá dhéag ó dháta an ráta iascaigh sin do theacht chun bheith iníoctha.

Oifigigh agus seirbhísigh bhord coimeádaithe.

21. —Ní bheidh deireadh le tréimhse oifige cléirigh bhúird choimeádaithe ná aon oifigigh ná seirbhísigh eile do bhord choimeádaithe de bhíthin amháin baill an bhúird sin d'eirghe as oifig no do chur as oifig.

Rátaí ar iascaigh

Rátaí iascaigh do bhaint amach.

22. —Pé uair a theipfidh ar dhuine ar bith (dá ngairmtear an duine rátuithe san alt so) a bheidh fé ráta iascaigh i leith iascaigh áirithe leath an ráta iascaigh sin d'íoc fé cheann mí tar éis an lae gur gá, do réir fo-ailt (5) d'alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), an leath san d'íoc, féadfar an leath san do bhaint den duine rátuithe no (má sé is rogha leis an duine ag á mbeidh teideal dlí chun é bhailiú agus é bhaint amach) de dhuine ar bith do bhí i seilbh no ag úsáid an iascaigh sin tráth buailte an ráta iascaigh sin no aon tráth ina dhiaidh sin agus más tionónta don duine rátuithe an duine deiridh sin féadfa sé, mara bhforálann an connradh tionóntachta go n-íocfaidh an tionónta an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a bainfear de amhlaidh do bhaint as aon chíos is iníoctha leis an duine rátuithe.

Iascaigh do Chosaint.

Gan feistí áirithe d'úsáid chun bradáin no bric do ghabháil.

23. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní úsáidfidh duine ar bith ná ní bheidh ina sheilbh ná fé n-a chúram, in aon loch, abhainn, ná inbhear ná ar bhruacha an chéanna ná in aice leo, chun aon bhradán no breac do ghabháil, aon tsaghas soluis ná teine ná aon otar, sleagh, strócáil, gaf ná aon ionstruim eile dá samhail.

(2) Einne úsáidfidh no go mbeidh ina sheilbh no fé n-a chúram aon tsolus, teine no ionstruim contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

(3) Gach duine ciontófar i gcionta fén alt so geallbhruidfe sé an solus no an teine do húsáideadh chun an chionta do dhéanamh inar ciontuíodh an duine sin agus fós na meáin no na habhair le n-a ndearnadh an solus no an teine sin agus aon ionstruim d'úsáid an duine sin chun an chionta san do dhéanamh.

(4) Ní bhainfidh an toirmeasc atá san alt so le duine ar bith d'úsáid no do bheith i seilbh no i gcúram gafa a húsáidtear no bheidh le húsáid mar chabhair chun iascaireacht dleathach do dhéanamh le slait agus ruaim idir eirghe gréine agus uair a chluig tar éis luighe gréine, agus mar sin amháin, no a húsáidtear no bheidh le húsáid ag ceadúnaí aon chorann, bosca, no cléibh dhleathaigh chun iasc do thógaint as an gcéanna agus chuige sin amháin ná ní bhainfe sé le duine ar bith d'úsáid no do bheith i seilbh no i gcúram sleighe eascon a húsáidtear chun eascoin do ghabháil.

Seilbh lín neadhleathaigh, etc., do shrianadh.

24. —(1) Ní bheidh ina sheilbh ná fé n-a chúram ag duine ar bith, in aon loch, abhainn ná inbhear no in aon chuid den chéanna ná ar bhruacha ná i ngar do bhruacha aon locha, abhann ná inbhir ná aon choda áirithe den chéanna, aon líon ná aon ionstruim no mealladh no baoite eile nach dleathach d'úsáid sa loch, san abhainn no san inbhear san no sa chuid áirithe sin den chéanna (do réir mar a bheidh) chun bradáin no bric no iasc eile do ghabháil.

(2) Einne go mbeidh aon líon no aon ionstruim no mealladh no baoite eile ina sheilbh no fé n-a chúram contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCuirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag agus geallbhruidfidh an líon san no an ionstruim no an mealladh no an baoite eile sin.

(3) Más rud é—

(a) go bhfuighfear aon líon i seilbh duine no go mbeidh aon líon fé n-a chúram i ngar don teorainn idir an chuid taoide agus an chuid fhíor-uisce d'aon abhainn no loch, agus

(b) go gcúiseofar an duine sin, dá bhíthin sin, i gcionta fén alt so,

beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú gur sealbhóir é ar cheadúnas chun an lín sin d'úsáid sna huiscí taoide sin agus gur sna huiscí taoide sin atá beartuithe an líon san d'úsáid.

Aibhne do chosaint ar shailiú.

25. —(1) Ní déanfar, i ngiorracht tríocha slat do bhruach aon abhann ná locha ná aon chúrsa uisce nádúrtha no saordha, aon pholl, dabhachán, condúit, píb-líne ná gabhadán eile ina mbeidh aon abhar docharach no nimhiúil á choimeád nó á iompar no ina mbeidh beartuithe a leithéid do choimeád no d'iompar mara mbeidh socrú den tsórt a bheidh ceaduithe ag an Aire déanta chun aon fhliuchán docharach no nimhiúil, no aon tsrothlach no dréineáil o aon abhar docharach no nimhiúil, do chosc go héifeachtúil ar dhul uaidh isteach san abhainn no sa loch no sa chúrsa uisce sin.

(2) Aon pholl, dabhachán, condúit, píb-líne no gabhadán eile atá fé láthair i ngiorracht tríocha slat do bhruach aon abhann no locha no aon chúrsa uisce nádúrtha no saordha agus atá déanta no á úsáid chun na críche luaidhtear thuas déanfar air no cuirfear leis, fé cheann sé mí tar éis tosach feidhme an ailt seo, na hatharuithe no na breiseanna chuirfidh cosc go héifeachtúil, agus chun sástachta an Aire, le haon fhliuchán docharach no nimhiúil, no aon tsrothlach no dréineáil o aon abhar docharach no nimhiúil, do dhul isteach san abhainn no sa loch no sa chúrsa uisce sin.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní toirmeasctar le ceachtar de sna fo-ailt sin thuas no má fhágann únaer no sealbhaire no úsáidaire aon phuill, dabhacháin, condúit, píb-líne no gabhadáin eile éinní gan déanamh a ceangailtear air le ceachtar den dá fho-alt san thuas do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon cionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é i leith na habhann, an locha no an chúrsa uisce chéanna, fineáil ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san agus príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag.

Nimh, etc., no pléascáin d'úsáid.

26. —Einne úsáidfidh aol, spiuirse no aon tsubstaint narcóideach, ghreannach no nimhiúil, no aon phléascán, chun iasc do dhíobháladh no do dhíthiú in aon abhainn, loch no inbhear, pé aca iascach puiblí no iascach príobháideach an céanna, no in aon chuid den fhairrge, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

Cuid de Mhí Dheire Fómhair do bheith sa tsaosúr choiscthe.

27. —(1) Déanfar, maidir le gach abhainn agus ceanntar iascaigh, an tréimhse dar tosach an 13adh lá de Dheire Fómhair agus dar críoch an 31adh lá den mhí sin d'áireamh sa tsaosúr choiscthe i leith bradáin no bric d'iascaireacht le slait agus ruaim agus beidh sí ina cuid den tsaosúr san, ach beidh an fhoráil sin roimhe seo den fho-alt so gan dochar d'oibriú aon ionstruime reachtúla a bheidh déanta fé sna hAchtanna Iascaigh agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an ailt seo agus tré n-a n-áirmhítear sa tsaosúr choiscthe sin cuid is mó ná san den mhí sin Deire Fómhair.

(2) Aon chomhacht atá ann anois fé aon Acht chun saosúr coiscthe d'atharú ní bheidh feidhm aici chun na tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do dhúnadh amach ná ní údaróidh í dhúnadh amach ón saosúr coiscthe maidir le haon abhainn no ceanntar iascaigh i leith bradáin no bric d'iascaireacht le slait agus ruaim.

Sárú ar an tráth coiscthe seachtainiúil.

28. —(1) I gcás cionta fé alt 46 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, do dhéanamh maidir le haon iascach, ansan—

(a) más duine do bhí i bhfostaíocht no fé urláimh únaera no sealbhaire an iascaigh sin do rinne an cionta san, no

(b) más duine (seachas an t-únaer no an sealbhaire sin no duine i bhfostaíocht no fé urláimh an únaera no an tsealbhaire sin) do rinne an cionta san agus gur hurasuíodh a dhéanamh tré gan an t-únaer no an sealbhaire sin do ghlacadh réamhchúraim chun ná déanfaí an cionta,

is tuigthe an t-únaer no an gníomhaire sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é do phionósú dá réir sin.

(2) Mas rud é—

(a) go ndéanfaidh duine i bhfostaíocht no fé stiúradh únaera no sealbhaire iascaigh cionta fé alt 46 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, i ndáil leis an iascach san, agus

(b) go gcúiseofar an t-únaer no an sealbhaire sin sa chionta san de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo,

is cosaint mhaith don únaer no don tsealbhaire sin a chruthú—

(i) másé an cionta aon ghníomh áirithe d'fhágaint gan déanamh ba ghá do réir an ailt sin 46 do dhéanamh, go ndearna sé dícheall cuibhe chun a áirithiú go ndéanfaí an gníomh san agus nach aon orduithe ná faillí thoiliúil uaidh féin ba chúis le gan a dhéanamh,

(ii) másé an cionta aon ghníomh do dhéanamh a toirmeasctar leis an alt san 46, go ndearna sé dícheall cuibhe chun an ghnímh sin do chosc agus gur gan toil ná ciúin-chead ná faillí thoiliúil uaidh-sean do rinneadh an gníomh san, agus

(iii) i ngach cás, go ndearna sé, ar an gcionta do chur ina leith, gach eolas a bhí ar a chumas do thabhairt don duine do chuir ina leith é, i dtaobh an duine d'fhág aon ghníomh gan déanamh ba ghá do réir an ailt sin 46 do dhéanamh no do rinne aon ghníomh a toirmeasctar leis an ailt san 46 (do réir mar a bheidh).

Forálacha i dtaobh Coraí Iascaireachta agus Dambaí.

Saor-bhearnaí do dhéanamh i gcoraí iascaireachta.

29. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, d'ainneoin aon bhreithe thug na Coimisinéirí Speisialta fé fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, no aon chúirt dlighinse inniúla sarar ritheadh an tAcht so, ná fuil saor-bhearna do réir ailt 9 den Acht san i gcorainn iascaireachta áirithe féadfaidh an tAire a thabhairt go seirbheálfar ar shealbhaire na corann iascaireachta san fógra á cheangal ar an sealbhaire sin saor-bhearna do dhéanamh sa chorainn iascaireachta san do réir an ailt sin 9 agus fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san.

(2) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) den alt so ar shealbaire corann iascaireachta féadfaidh an sealbhaire sin, fé cheann mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda go mbeidh an chora iascaireachta san laistigh dá dhlighinse ordú do dhéanamh ag cur an fhógra san ar neamhní ar an bhforas go bhfuil saor-bhearna do réir ailt 9 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, sa chorainn iascaireachta san cheana agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bhéarfaidh an sealbhaire sin fógra don Aire i dtaobh an iarratais;

(b) beidh an sealbhaire sin agus an tAire i dteideal teacht i láthair nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht agus fianaise do thabhairt ar áird;

(c) más deimhin leis an mBreitheamh san go bhfuil saorbhearna do réir an ailt sin 9 sa chorainn iascaireachta san cheana, cuirfe sé an fógra san ar neamhní agus ordóidh don Aire costaisí an tsealbhaire i dtaobh an iarratais d'íoc leis an sealbhaire sin, agus is tuigthe ansan nár seirbheáladh an fógra san;

(d) maran deimhin leis an mBreitheamh san an méid sin diúltóidh sé don iarratas agus ordóidh don tsealbhaire sin costaisí an Aire i dtaobh an iarratais d'íoc leis an Aire agus féadfaidh freisin an fógra san do leasú tríd an am a luaidhtear sa bhfógra san chun é chólíonadh d'fhaidiú;

(e) ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar an iarratas ná ní bheidh athchomharc ina coinnibh.

(3) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) den alt so ar shealbhaire corann iascaireachta agus ná déanfaidh an sealbhaire sin do réir éilithe an fhógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná caoga punt agus nach mó ná céad punt do chur air,

(b) pé aca bunuíodh imeachta i gcoinnibh an tsealbhaire sin fé mhír (a) den fho-alt so no nár bunuíodh féadfaidh an tAire féin, no féadfaidh tré n-a oifigigh no tré dhuine ar bith eile, dul isteach ar an gcorainn iascaireachta san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis an gcorainn iascaireachta san agus saor-bhearna do dhéanamh sa chorainn sin.

(4) Má dheineann an tAire saor-bhearna i gcorainn iascaireachta fén alt so beidh sé i dteideal na costaisí fé n-a ndeacha sé chun na saor-bhearnan san do dhéanamh do bhaint de shealbhaire na corann iascaireachta san mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(5) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so aon chostaisí do bhaint amach beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

(6) Má thagann aon damáiste iarmartach as an Aire do dhéanamh saor-bhearnan i gcorainn iascaireachta, beidh sealbhaire na corann iascaireachta san freagarthach sa damáiste sin.

(7) Má deintear saor-bhearna i gcorainn iascaireachta fén alt so bainfidh rialacha 2, 3 agus 4 in alt 12 den Salmon Fisheries (Ireland) Act, 1863, leis an saor-bhearnain sin.

(8) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann deifir d'alt 19 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 ( Uimh. 4 de 1935 ).

(9) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chorainn iascaireachta go ndearnadh ordú ina taobh fé alt 11 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

(10) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

Iasc do dhul tré dhambaí agus dambaí do dheisiú.

30. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire aon damba do rinneadh no do cuireadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) in aon abhainn no trasna aon abhann a ghnáthuíonn bradáin do bheith déanta no á chothabháil i slí go bhfuil cuid no coda dhe ná tugann saor-chead gluaiseachta no imirce do bhradáin, do bhric agus d'iasc eile gach tráth den bhliain, féadfaidh an tAire fógra do chur dá sheirbheáil ar shealbhaire an damba san á cheangal ar an sealbhaire sin pé deisiú (le n-a n-áirmhítear atharuithe no breiseanna) a chífear don Aire is gá no is inmhianuithe, chun slí shaor gan chosc do bheith ag an iasc a ghnáthuíonn an abha san, do dhéanamh ar an damba san fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san.

(2) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) den alt so ar shealbhaire damba a húsáidtear i ndáil le muileann no le monarchain agus go ndéanfaidh an sealbhaire sin, fe cheann mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, a chur in úil don Aire i scríbhinn go gcuirfeadh sé as d'oibriú an mhuilinn no na monarchan san an fógra san do chólíonadh, cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfaidh duine ceart oiriúnach fiosrúchán i dtaobh an chúrsa agus tuarasgabháil do thabhairt dó ina thaobh agus nuair do bhéarfar an tuarasgabháil beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más léir ón tuarasgabháil go dtiocfadh den deisiú luaidhtear sa bhfógra san laigheadú ba mhó ná cúig per cent. do dhul ar an each-neart oibritheach do bhí le fáil ag an muileann no ag an monarchain sin go dtí dáta seirbheála an fhógra (ar n-a thomhas le linn leibhéal an uisce ag an damba san do bheith ar meán-leibhéal chíre an damba san), déanfaidh an tAire an fógra san do tharraing siar agus san do chur in úil don tsealbhaire sin;

(b) más léir ón tuarasgabháil ná tiocfadh an laigheadú san den deisiú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) seirbheálfaidh an tAire cóip den tuarasgabháil sin ar an sealbhaire sin,

(ii) féadfaidh an sealbhaire sin, fé cheann ceithre lá déag tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air, ráiteas i scríbhinn do chur chun an Aire ag cur i gcoinnibh na tuarasgabhála agus ag luadh foras a agóide,

(iii) má cuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, ansan—

(I) cuirfidh an tAire an scéal fé bhráid Uachtarán Fundúireacht na nInnealtóirí Síbhialta in Éirinn no fé bhráid dhuine éigin a cheapfaidh an tUachtarán san agus féadfaidh seisean, tar éis an scéil do scrúdú, aontú leis an tuarasgabháil no gan aontú léi, fé mar is oiriúnach leis,

(II) mara n-aontuighidh an duine scrúdóidh an scéal leis an tuarasgabháil, tarraingeoidh an tAire an fógra san siar,

(III) íocfar leis an duine scrúdóidh an scéal pé táille cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Air geadais agus, má aontuíonn an duine sin leis an tuarasgabháil, íocfaidh an sealbhaire sin suim is có-mhéid leis an táille sin leis an Aire agus féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla agus, nuair a híocfar leis an Aire amhlaidh í no bhainfidh an tAire amach amhlaidh í, déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire aon damba do rinneadh no do cuireadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) in aon abhainn do bheith déanta no á chothabháil i slí, uisce do bheadh ar fáil chun saor-chead gluaiseachta agus imirce do bheith ag iasc de dhruim an damba san no thairis (mara mbeadh an damba do bheith déanta no á chothabháil), go mbíonn sé ag dul no ag éalódh tríd an damba san no thairis (ar shlí eile seachas tré n-a úsáid chun na críche chun a mbíonn sé á choinneáil ag an damba san) agus dá dheascaibh sin, ná bíonn sé ar fáil le haghaidh an tsaor-cheada ghluaiseachta agus imirce sin, féadfaidh an tAire fógra do chur dá sheirbheáil ar shealbhaire an damba san á cheangal air pé deisiú (le n-a n-áirmhítear athnuachaint agus ath-dhéanamh) a chífear don Aire is gá agus a luadhfar as bhfógra san do dhéanamh ar an damba san fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san.

(4) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so ar shealbhaire damba agus ná déanfaidh an sealbhaire sin do réir éilithe an fhógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná caoga punt agus nach mó ná céad punt do chur air,

(b) pe'ca bunuíodh imeachta i gcoinnibh an tsealbhaire sin fé mhír (a) den fho-alt so no nár bunuíodh féadfaidh an tAire féin, no féadfaidh tré n-a oifigigh no tré dhuine ar bith eile, dul isteach ar an damba san agus ar an talamh a bheidh teoranta leis an damba san agus an deisiú a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh ar an damba san.

(5) Má dheineann an tAire aon deisiú ar dhamba fén alt so beidh sé i dteideal na costaisí fé n-a ndeacha sé chun an deisithe sin do dhéanamh do bhaint de shealbhaire an damba san, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla.

(6) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so aon chostaisí do bhaint amach, beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

(7) Ní bheidh an tAire freagarthach in aon damáiste iarmartach d'aon mhaoin no d'aon duine thiocfaidh as é do dhéanamh aon deisithe ar dhamba fén alt so.

(8) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so fógra do sheirbheáil á cheangal deisiú do dhéanamh ar dhamba féadfaidh an tAire, sara seirbheálaidh an fógra san, an damba san do chur dá iniúchadh agus dá scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire no duine ar bith eile cheapfaidh an tAire chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh i dteideal dul isteach chun na críche sin gach tráth réasúnta ar an damba san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis.

(9) Na comhachta bheirtear don Aire leis an alt so is comhachta iad i dteanta agus ní comhachta iad in ionad comhachta an Aire fé alt 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

(10) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

(11) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo cialluíonn an focal “damba” aon damba, cora, bual-chomhla, falla, bancánacht no obair shaordha eile bheidh déanta no curtha in aon abhainn no i gceangal léi chun uisce do choinneáil no i dtaobh uisce do choinneáil i gcóir loingseoireachta, uisciúcháin, soláthair uisce, no uisce-chomhachta no chun aon chríche eile.

Dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine d'atharú.

31. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire aon damba do rinneadh no do cuireadh in aon abhainn do bheith tréigthe no díomhaoin ar feadh cúig bliana ar a laighead nó é bheith an fhaid gan bheith á úsáid go héifeachtúil chun na críche chun a ndearnadh é agus go ndeineann sé go díreach no go nea-dhíreach saor-chead gluaiseachta agus imirce éisc do chosc no cabhrú le n-a chosc no saoráidí do thabhairt chun iasc do dhíthiú go nea-dhlíthiúil, féadfaidh an tAire fógra do chur dá sheirbheáil ar dhuine ar bith is dóich leis is únaer no sealbhaire ar an damba san á cheangal air go ndéanfadh sé ar an damba san, fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san, pé atharuithe (le n-a n-áirmhítear breiseanna agus aistriú iomlán no leathrannach) a chífear don Aire is gá chun saor-chead gluaiseachta agus imirce do bheith ag iasc no chun deireadh do chur leis na saoráidí chun iasc do dhíthiú go nea-dhlíthiúil (do réir mar a bheidh) agus a luadhfar sa bhfógra san.

(2) Má seirbheáltar fógra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus ná déanfar na hatharuithe luadhfar sa bhfógra san fé cheann na haimsire luadhfar chuige sin sa bhfógra san, féadfaidh an tAire féin, no féadfaidh tré n-a oifigigh no tré dhuine ar bith eile, dul isteach ar an damba le n-a mbainfidh an fógra san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis an damba san agus na hatharuithe sin do dhéanamh ar an damba san.

(3) Má dheineann an tAire aon atharuithe ar dhamba fén alt so agus gur deimhin leis gur toisc faillí thoiliúil únaera no sealbhaire an damba san ba ghá na hatharuithe sin do dhéanamh, féadfaidh an tAire na costaisí fé n-a ndeacha sé chun na n-atharuithe sin do dhéanamh do bhaint den únaer no den tsealbhaire sin, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so méid aon chostaisí do bhaint amach, beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

(5) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so fógra do sheirbheáil á cheangal atharuithe do dhéanamh ar dhamba féadfaidh an tAire, sara seirbheálaidh an fógra san, an damba san do chur dá iniúchadh agus dá scrúdú agus beidh aon oifigeach don Aire no duine ar bith eile cheapfaidh an tAire chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh i dteideal dul isteach, chun na críche sin, gach tráth réasúnta ar an damba san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis.

(6) Ní dhlighfidh an tAire aon mhuirir d'íoc i leith chothabháil aon damba atharóidh sé no cheanglóidh sé d'atharú fén alt so ná íoc as aon damáiste thiocfaidh d'aon mhaoin no d'aon duine as an atharú san ná as an atharú san do dhéanamh.

(7) Pé uair a bheidh an tAire chun fógra do sheirbheáil no aon atharuithe do dhéanamh fén alt so maidir le haon damba tréigthe no díomhaoin do rinneadh no do cuireadh in abhainn chun no i dtaobh uisce i gcóir loingseoireachta do choinneáil, ragha sé i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála sara seirbheálaidh an fógra san no sara ndeinidh na hatharuithe sin.

Na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 and 1850, do leasú.

32. —Déanfar an abairt “mill or factory” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, no in alt 39 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, do léiriú mar ní a fholuíonn gach meaisín, foirgint, no obair eile dheineann no go ndeintear ina chóir uisce do thógaint no d'úsáid chun críche ar bith agus beidh éifeacht dá réir sin ag na hailt sin.

Srian le coraí nua do thógáil i bhfíor-uisce.

33. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas Bord Soláthair an Leictreachais maidir le cora ar n-a tógáil chun eascona do ghabháil) aon chora ná inneall seasmhach eile do thógáil i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch chun iasc do ghabháil.

(2) Má thógann duine ar bith cora no inneall seasmhach eile contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(3) Má tógtar aon chora no inneall seasmhach eile contrárdha don alt so féadfaidh an tAire an chora no an t-inneall seasmhach eile sin do chur dá dhí-láithriú agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire fén alt so beid ina bhfiacha bheidh dlite don Aire ag sealbhaire na corann no an innill sheasmhaigh eile sin agus féadfar iad do bhaint amach, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) Má bhíonn an tAire i dteideal fén alt so méid aon chostaisí do bhaint amach beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

(5) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choisceann an tAire ar ghaistí d'úsáid chun iasc do ghabháil chun críche síolraíochta saordha.

(6) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le dorutha fada d'úsáid chun eascona do ghabháil agus chuige sin amháin ná le hinnill d'úsáid chun iasc seachas bradáin, bric, no eascona do ghabháil.

(7) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le coraí áirithe d'úsáid i bhfíor-uisce.

34. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon chora ná inneall seasmhach eile d'úsáid i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch chun iasc do ghabháil mara raibh an chora no an t-inneall seashmach eile sin ann agus á úsáid go dleathach i rith saosúir iascaireachta oscailte bhliana amháin no níos mó de sna trí bliana díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt seo.

(2) Má rinneadh cliabh no bosca amháin, no níos mó, i gcora no i ndamba muilinn iascaireachta d'úsáid go dleathach i rith saosúir iascaireachta oscailte bhliana amháin no níos mó de sna trí bliana díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt so is tuigthe chun cricheanna fo-ailt (1) den alt so gur go dleathach a húsáideadh an chora no an damba muilinn iascaireachta san i rith an tsaosúir iascaireachta oscailte sin.

(3) Má úsáideann duine ar bith aon chora no inneall seasmhach eile contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san tar éis an duine sin do chiontú ann.

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a choisceann an tAire ar ghaistí d'úsáid chun iasc do ghabháil chun crícheanna síolraíochta saordha.

(5) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le dorutha fada d'úsáid chun eascona do ghabháil agus chuige sin amháin, ná le hinnill d'úsáid chun iasc seachas bradáin, bric, no eascona do ghabháil.

Líonta d'Usáid i bhFíor-uisce agus in Uiscí Taoide.

Srian le líonta d'úsáid i bhfíoruisce.

35. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon líon d'úsáid i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch chun iasc do ghabháil, maran rud é—

(a) gur fé réim agus do réir fo-dhlithe bheidh déanta fén alt so a húsáidfear an líon san, no

(b) gur sealbhóir ar dheimhniú dheonfaidh an tAire fén alt so an duine sin agus gur fé réim agus do réir an deimhnithe sin a húsáidfear an líon san, no

(c) gur bradóg an líon san agus gur mar chabhair chun iascaireacht do dhéanamh go dleathach le slait agus ruaim, agus chuige sin amháin, a húsáidfear é, no

(d) gur chun iasc do thógaint as gaistí i gcorainn, agus chuige sin amháin, a húsáidfear an líon san, no

(e) gur chun eascona do ghabháil a bheidh an líon san déanta agus gur in iascach leithleach a húsáidfear é.

(2) Má úsáideann duine ar bith aon líon contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire, le fo-dhlithe, a údarú go n-úsáidfí fé réir pé coinníollacha is ceart dar leis in aon líomatáiste áirithe i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn nó in aon loch, aon tsaghas no saghsanna lín a féadfar a úsáid go dleathach chun iasc seachas bradáin, bric no eascona do ghabháil fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, agus bainfidh forálacha fo-alt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), ar n-a leasú le halt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), leis na fo-dhlithe sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le deimhniú i scríbhinn más oiriúnach leis é agus fé réir pé coinníollacha luadhfa sé sa deimhniú, a údarú d'únaer iascaigh no, le toiliú an únaera san, d'aon duine a hainmneofar gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh laistigh de theoranta an iascaigh sin, sé sin le rá:—

(a) líonta d'úsáid chun aon bhradáin no bric do ghabháil no chun tabhairt fé n-a ngabháil chun críche síolraíochta saordha agus chun blátháin no óg bradán, breac no eascon do ghabháil no chun tabhairt fé n-a ngabháil chun an iascaigh sin no aon iascach eile do stocáil;

(b) líonta d'úsáid chun aon iasc d'aon tsaghas a luadhfar sa deimhniú do ghabháil no chun tabhairt fé n-a ngabháil chun crícheanna eolaíochta;

(c) líonta d'úsáid chun iasc, seachas bradáin agus bric, do thógaint as aon chuid den iascach san ina mbeidh bradáin no bric no ina mbeidh sé beartuithe bradáin no bric do chur.

(5) Má bhí duine i dteideal, agus má rinne sé, roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíor-uisce chun iasc do ghabháil, agus má thárlann, tré oibriú an ailt seo, go scuirfidh ceart an duine sin chun an lín sin d'úsáid, íocfaidh an tAire cúiteamh sa scur san le húnaer an lín sin agus, cheal có-aontuithe, déanfaidh eadrascánaí oifigiúil an cúiteamh san do cheapadh fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(6) Má bhí duine (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so) i dteideal, agus má rinne sé, roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíor-uisce chun iasc do ghabháil agus má thárlann, tré oibriú an ailt seo, go scuirfidh ceart an fhostóra chun an lín sin d'úsáid, ansan, gach duine (dá ngairmtear an fostaí sa bhfo-alt so) a chruthóidh gach ní acu so leanas chun sástachta an Aire no an eadrascánaí bheidh ceaptha chun cúiteamh sa scur san do cheapadh fé fho-alt (5) den alt so, sé sin le rá:—

(a) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin gach saosúir de sna trí saosúir iascaireachta oscailte (dá ngairmtear na saosúir cheaptha sa bhfo-alt so) díreach roimh dháta an scurtha san, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag an bhfostóir ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an lín sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus

(b) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint ar fad no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh,

(c) gur leis amháin do bhain an fhostaíocht san aige, leis an líon san d'oibriú no do chosaint, agus

(d) gur chuir an scur san deireadh le n-a fhostaíocht,

beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, as é do chailliúint fostaíochta i rith an tsaosúir iascaireachta oscailte, cúiteamh a háirmheofar mar leanas, sé sin le rá:—

(i) in aghaidh gach saosúir de sna saosúir cheaptha, suim (dá ngairmtear an tsuim cheaptha sa bhfo-alt so) is có-mhéid le ceithre hoiread an mheán-mhéid sheachtainiúil do gheibheadh an duine sin as an bhfostaíocht san i rith an tríú saosúir de sna saosúir cheaptha, agus

(ii) in aghaidh gach saosúir iascaireachta oscailte (más aon cheann é) roimh na saosúir cheaptha ina raibh gach coinníoll acu so leanas á chólíonadh maidir leis an bhfostaí, sé sin le rá:—

(I) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin an tsaosúir sin, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag an bhfostóir ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an lín sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus

(II) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh, agus

(III) gur leis amháin do bhain an fhostaíocht san aige, leis an líon san d'oibriú no do chosaint,

suim is có-mhéid leis an suim cheaptha,

ach ní raghaidh méid an chúitimh sin in aon chás thar trí oiread déag na suime ceaptha.

Líonta do bheith ar seilbh ag duine i bhfíor-uisce no in aice leis.

36. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon líon, a bheidh déanta no gléasta i slí gur féidir é úsáid chun iasc do ghabháil, do bheith ar seilbh aige ná fé n-a chúram i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch ná i gcomharsanacht an chéanna ach amháin úsáid an lín sin i gcuid an fhíor-uisce den abhainn sin no sa loch san do bheith ina húsáid de shaghas no de shaghsanna dá n-eiscítear le fo-alt (1) den alt deiridh sin roimhe seo.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(3) Más rud é—

(a) go bhfuighfear líon ar seilbh ag duine no go mbeidh líon fé n-a chúram i gcomharsanacht na teorann idir cuid an uisce taoide agus cuid an fhíor-uisce d'aon abhainn, agus

(b) go ndéanfar, dá bhíthin sin, an duine sin do chúiseamh i gcionta fén alt so,

is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú gur sealbhóir é ar cheadúnas chun an líon san d'úsáid sna huiscí taoide sin agus gur sna huiscí taoide sin atá sé beartuithe an líon san d'úsáid.

Srian le líonta d'úsáid in iascaigh phuiblí in uiscí taoide.

37. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon iascach puiblí, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú gurb í an tréimhse sin (nach giorra ná trí bliana agus nach sia ná deich mbliana) is ceart dar leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san is tréimhse cheaptha chun crícheanna an orduithe sin;

(b) a ordú gan ceadúnaisí do thabhairt amach i leith aon tsaghas líonta chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san ach líonta de shaghas do húsáidtí go dlíthiúil i gcóir iascaireachta san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe;

(c) maidir le líonta de gach saghas fé leith do húsáidtí go dlíthiúil chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe—

(i) a shocrú cadé an uimhir mhaximum de cheadúnaisí i leith líonta den tsaghas san, a féadfar a thabhairt amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith gach bliana fé leith de sna blianta (seachas an bhliain deiridh) sa tréimhse cheaptha, agus féadfaidh uimhreacha deifriúla do shocrú amhlaidh i leith na mblian san uile no i leith aon bhliana no níos mó acu, ach ní bheidh an uimhir a socrófar amhlaidh níos mó ná céad per cent. ná níos lugha ná caoga per cent. den uimhir de cheadúnaisí, i leith líonta den tsaghas san, do tugadh amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe,

(ii) a shocrú cadé an uimhir mhaximum de cheadú naisí, i leith líonta den tsaghas san, a féadfar a thabhairt amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana deiridh den tréimhse cheaptha agus i rith gach bliana thosnóidh tar éis na tréimhse ceaptha, agus féadfaidh uimhreacha deifriúla do shocrú i leith na mblian san uile no i leith aon bhliana no níos mó acu ach ní bheidh an uimhir a socrófar amhlaidh níos mó ná ochtó per cent. ná níos lugha ná caoga per cent. den uimhir de cheadúnaisí, i leith líonta den tsaghas san, do tugadh amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe,

(iii) a ordú ná tabharfaí amach i gcóir aon bhliana áirithe, i leith líonta den tsórt san, níos mó ná an uimhir mhaximum de cheadúnaisí bheidh socair amhlaidh don bhliain sin,

(iv) a ordú ná tabharfaí amach d'aon duine amháin áirithe níos mó ná ceadúnas amháin i leith lín den tsaghas san i gcóir aon bhliana áirithe;

(d) lá do cheapadh roimh gach bliain fé leith chun bheith ina lá deiridh chun ceadúnaisí d'iarraidh i leith líonta chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san.

(2) Má dheineann an tAire ordú fé fho-alt (1) den alt so i dtaobh aon iascaigh phuiblí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le ceadúnaisí do thabhairt amach i leith gach saghas lín (eadhon, líonta de shaghas ná toirmeascfar leis an ordú san ceadúnaisí do thabhairt amach ina leith) chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i gcóir gach bliana le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—

(a) ní tabharfar amach do dhuine ar bith aon cheadúnas, i leith lín den tsaghas san, chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san mara n-iarrtar an ceadúnas tráth nach déanaí ná an dáta (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an lá deiridh chun iarrataisí do dhéanamh) a ceapfar leis an ordú san ina lá deiridh chun ceadúnaisí d'iarraidh i leith líonta chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san;

(b) ní bheidh duine ar bith i dteideal níos mó ná aon cheadúnas amháin d'iarraidh i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san agus má iarrann duine ar bith níos mó ná aon cheadúnas amháin den tsórt san deighleálfar leis an iarratas san mar iarratas ar cheadúnas amháin den tsórt san;

(c) más có-ionann leis an uimhir mhaximum de cheadúnaisí den tsaghas san a luadhfar san ordú san don bhliain sin an uimhir d'iarrataisí ar cheadúnaisí, i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san, a déanfar go cuibhe ag daoine (dá ngairmtear daoine fábhruithe sa bhfo-alt so) (i) do bhí i seilbh cheadúnaisí i leith líonta den tsaghas san chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe agus do bhí ag gabháil d'iascaireacht fé sna ceadúnaisí sin sa bhliain chaighdeánaigh no (ii) do bhí ar fostú go buan agus go tráthrialta ag iascaireacht san iascach san i rith iomláin no beagnach iomláin gach saosúir de sna trí saosúir iascaireachta díreach roimh an lá deiridh chun iarrataisí do dhéanamh, ansan ní deonfar aon cheadúnas den tsórt san d'éinne ach do dhuine fábhruithe;

(d) más mó ná an uimhir mhaximum san an uimhir d'iarrataisí ar cheadúnaisí déanfar go cuibhe ag daoine fábhruithe i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san—

(i) ní deonfar aon cheadúnas den tsórt san d'éinne ach do dhuine fábhruithe;

(ii) bhéarfar na ceadúnaisí sin amach imeasc na ndaoine fábhruithe sin do réir mar a cinnfear le crannchur;

(e) más lugha ná an uimhir mhaximum san an uimhir d'iarrataisí ar cheadúnaisí déanfar go cuibhe ag daoine fábhruithe i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san—

(i) bhéarfar ceadúnas i leith an tsaghais sin lín amach do gach duine fé leith de sna daoine fábhruithe sin,

(ii) má chothromuíonn no má sháruíonn an uimhir de sna ceadúnaisí sin a bheidh ar láimh tar éis ceadúnaisí do thabhairt amach do dhaoine fábhruithe an uimhir d'iarrataisí déanfar go cuibhe ag daoine (dá ngairmtear daoine neamh-fhábhruithe sa bhfo-alt so) nach daoine fábhruithe, bhéarfar amach ceadúnas amháin den tsaghas san do gach duine fé leith de sna daoine neamhfhábhruithe sin,

(iii) más lugha an uimhir de sna ceadúnaisí sin a bheidh ar láimh amhlaidh ná an uimhir d'iarrataisí déanfar go cuibhe ag daoine neamhfhábhruithe, bhéarfar na ceadúnaisí sin amach imeasc na ndaoine neamh-fhábhruithe sin do réir mar a cinnfear le crannchur.

(3) San alt so—

cialluíonn an abairt “iascach puiblí” cuid an uisce taoide d'aon abhainn ina bhfuil ceart iascaireachta ag an bpuiblíocht agus inbhear na habhann san agus an fhairrge laistigh de thrí mhíle o bhéal an inbhir sin no, i gcás teora fairrge an inbhir do bheith ceaptha, laistigh de theorainn fairrge an inbhir sin, ach ní fholuíonn sí coda uiscí taoide Abha na Sionainne ná a suainmheacháin lastuas de bhéal no de bhéil an chéanna;

cialluíonn an abairt “an bhliain chaighdeánach”—

(a) maidir le habhainn na hEirne agus le habhainn an Fhiaidh agus le n-a n-inbhir, an bhliain 1934;

(b) maidir le haon iascach puiblí eile, an bhliain 1935.

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a dheineann deifir in aon tslí do chomhachta an Aire chun fo-dhlithe do dhéanamh fé sna hAchtanna Iascaigh.

(5) Má ciontuítear duine i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil fén alt so.

Srian le Bradáin agus Bric do Dhíol, d'Easportáil no d'Iomportáil.

Cosc ar bhradáin, etc., do gabhadh go nea-dhleathach do cheannach, do dhíol, etc.

38. —(1) Ní dhéanfaidh éinne aon bhradán ná breac do gabhadh go nea-dhleathach do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint cun a dhíolta, ná do choimeád chun a dhíolta, ná ní bheidh a leithéid ina sheilbh ná fé n-a urláimh.

(2) Einne dhéanfaidh aon bhradán no breac do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta, no do choimeád chun a dhíolta no 'na mbeidh a leithéid ina sheilbh no fé n-a urláimh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin no bric den tsórt san do cheannuigh no do dhíol an duine sin, no do thaisbeáin no do choimeád sé chun a dhíolta no do fuarthas ina sheilbh no fé n-a urláimh.

(3) In aon imeachta fén alt so i gcoinnibh duine, is ar an duine sin a bheidh a chruthú gur go dleathach do gabhadh an bradán no an breac le n-a mbaineann na himeachta san.

(4) Gach duine ciontófar i gcionta fén alt so geallbhruidfe sé gach bradán no breac a gciontófar é amhlaidh ina thaobh.

(5) Má deintear duine is cairréar coiteann do chúiseamh fén alt so in aon bhradán no breac do gabhadh go nea-dhleathach do bheith ina sheilbh no fé n-a urláimh is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú—

(a) gur mar chairréar choiteann agus nach ar aon tslí eile do bhí an bradán no an breac san ina sheilbh no fé n-a urláimh, agus

(b) nuair do ghlac sé an bradán no an breac san chun é iompar, gur thug an consighneoir dó deimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur go dleathach do gabhadh an bradán no an breac san.

Cosc ar bhric do gabháil, do dhíol, etc., i Mí Eanair gus i gcuid de hí Feabhra.

39. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon bhreac do thógaint, do mharbhadh, do dhíthiú, do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta ná do bheith ina sheilbh aige i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanar agus dar críoch an 14adh lá d'Fheabhra in aon bhliain.

(2) Má dheineann duine ar bith aon bhreac do thógaint, do mharbhadh, do dhíthiú, do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta no má bhíonn sé ina sheilbh aige contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná dhá phunt agus nach mó ná cúig púint fhichead do chur air, maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar dhá phunt in aghaidh gach bric a tógadh, a marbhadh, a díthíodh, a ceannuíodh, a díoladh, a taisbeánadh chun a dhíolta no fuarthas ina sheilbh amhlaidh.

Alt 16 den Acht Iascaigh, 1925 , do leasú.

40. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 (a bhaineann le bradáin agus bric do dhíol) den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , do leasú tré sna focail “i mbuidéil, i searraí, no i gcimeádáin eile dá samhail ná beidh ionta ach coda d'iasc no tortha éisc” do chur isteach tar éis an fhocail “stáin” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Cosc ar bhradáin nea-ghlana no nea-shaosúrtha no bradáin do gabhadh tráthanna áirithe d'easportáil.

41. —(1) Ní dhéanfaidh ná ní thriailfidh duine ar bith aon bhradán nea-ghlan no nea-shaosúrtha d'easportáil ná fós aon bhradán do gabhadh i rith an ama go dtoirmeasctar le dlí bradáin do ghabháil sa cheanntar inar gabhadh é.

(2) Gach duine dhéanfaidh no thriailfidh aon bhradán d'easportáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach bradáin a heasportálfar no a triailfear d'easportáil amhlaidh agus geallbhruidfear an bradán san.

Cosc ar bhradáin, etc., d'easportáil gan ceadúnas.

42. —(1) Ní dhéanfaidh ná ní thriailfidh éinne (ach an tAire no Bord Soláthair an Leictreachais) aon bhradán no breac (seachas bradáin no bric a bheidh leasuithe agus ar díol i gcannaí stáin, i mbuidéil, i searraí no i gcoimeádáin eile dá samhail ná beidh ionta ach coda d'iasc no tortha éisc) d'easportáil chun a dhíolta mara mbeidh sé ceadúnuithe go cuibhe do réir an Achta so chun a leithéid d'easportáil amhlaidh no mara mbeidh sé ceadúnuithe go cuibhe fén Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , chun bradáin agus bric do dhíol agus ní dhéanfaidh duine ar bith aon bhradán ná breac den tsórt san d'easportáil amhlaidh as aon áit ach an áit go n-údaruítear dó leis an gceadúnas san bradáin agus bric (do réir mar a bheidh) d'easportáil as no do dhíol ann.

(2) Gach duine (ach an tAire no Bord Soláthair an Leictreachais) a dhéanfaidh no a thriailfidh, tar éis dhá mhí o thosach feidhme an ailt seo, aon bhradán no breac d'easportáil chun a dhíolta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le sealbhóir ceadúnais slaite d'easportáil éisc do ghaibh sé féin go dleathach.

Na hAchtanna Custum do bhaint le bradáin agus bric a heasportálfar go nea-dhlíthiúil.

43. —(1) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earraí ar bith a bheidh á n-easportáil no go mbeifear ag tabhairt fé n-a n-easportáil contrárdha do cheachtar den dá alt deiridh sin roimhe seo do choinneáil agus do ghabháil, agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earraí ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéidí do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san do gheallbhruideadh agus do chur de láimh bainfid le gach carra gheobhfar fén alt so amhail is go mba fén Acht san a gheobhfaí í.

(2) Na forálacha den dá alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh cosc ar earraí d'easportáil no ar thabhairt fé beidh éifeacht acu amhail is go mbeadh na forálacha san sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má dheineann no má thriaileann duine ar bith aon earra d'easportáil contrárdha do cheachtar de sna hailt sin no má bheireann sé aon earra no má bhíonn sé ag tabhairt aon earra go dtí aon ché, bóthar no áit eile chun í easportáil no chun tabhairt fé, no má chabhruíonn no má neartuíonn sé le n-a heasportáil no le tabhairt fé n-a heasportáil, dlighfear na pionóisí céanna agus an choinneáil chéanna do chur ar an duine sin agus na himeachta céanna do bhunú ina choinnibh a dlightear a chur ar dhuine no a bhunú ina choinnibh fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhlíthiúil.

Ceadúnas chun bradáin, etc., d'easportáil chun a ndíolta.

44. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh bord coimeádaithe, fé alt 17 (a bhaineann le ceadúnaisí díolta bradán agus breac do thabhairt amach) den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , ceadúnas do thabhairt amach tré n-a gcléireach, do dhuine ar bith iarrfaidh é, chun bradáin agus bric d'easportáil, chun a ndíolta, as an áit no na háiteanna, i gceanntar an bhúird sin, a luadhfaidh an t-iarratasóir agus bainfidh fo-alt (2) den alt san 17 agus ailt 19, 20 agus 21 den Acht san le gach ceadúnas den tsórt san fé mar a bhaineann na hailt sin le ceadúnas do bheirtear amach fén alt san 17 chun bradáin agus bric do dhíol.

(2) Einne dheineann mar ghnó bradáin no bric d'easportáil chun a ndíolta no bheidh chun an ghnótha san do ghabháil de láimh féadfa sé an deimhniú luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche sa Dúthaigh Chúirte ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ina mbeidh sé chun é bheith ar siúl aige agus, más deimhin leis an mBreitheamh gur duine ceart oiriúnach é an duine sin chun ceadúnas d'fháil agus do shealbhú do bhéarfaí amach de bhuadh an ailt seo chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta, deonfaidh don duine sin deimhniú i scríbhinn fé láimh an bhreithimh gur duine ceart oiriúnach an duine sin mar adubhradh.

(3) Gach duine iarrfaidh ar chléireach bhúird choimeádaithe ceadúnas chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta taisbeánfaidh don chléireach deimhniú do deonadh fén alt so ina thaobh féin mí ar a mhéid roimhe sin, agus gan an deimhniú san do thaisbeáint roimh ré ní tabharfar amach an ceadúnas san.

(4) Beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais do bhéarfar amach de bhuadh an ailt seo chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta clár do choimeád, no do chur dá choimeád, sa bhfuirm orduithe, i ngach áitreabh fé leith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san i dtaobh gach easportála bradán no breac as an áitreabh san chun a ndíolta agus, fé cheann trí huaire a chluig tar éis gach easportála den tsórt san, na mion-innste orduithe (agus ní bheidh ortha san an praghas do híocadh leis an sealbhóir sin ar aon bhradáin no bric d'easportáil sé) do chur sa chlár san i dtaobh na heasportála san agus i dtaobh an duine chun a ndearnadh í.

(5) Féadfaidh duine ar bith dá n-údaróidh an tAire é no aon bhall den Ghárda Síochána gach clár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo do scrúdú aon uair le linn an áitreibh le n-a mbainfidh an clár do bheith ar oscailt chun gnó do dhéanamh ann agus, nuair a hiarrfar san, beidh sé de dhualgas ar shealbhóir an cheadúnais, agus ar gach duine bheidh ag coimeád an chláir sin, an clár san do thaisbeáint chun go scrúdóidh an duine no an ball san adubhradh é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an duine no an ball san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe do bheith fágtha amach as.

(6) Má thárlann d'éinne is sealbhóir ar cheadúnas do tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric d'easportáil—

(a) ná coimeádfa sé an clár is gá do réir an ailt seo do choimeád no ná tabharfaidh go gcoimeádfar é, no

(b) ná cuirfe sé sa chlár san no ná tabharfaidh go gcuirfear ann, fé cheann na haimsire luaidhtear anso roimhe seo, aon iontráil áirithe is gá do réir an ailt seo do chur sa chlár san, no

(c) ná taisbeánfa sé no ná tabharfaidh go dtaisbeánfar ar n-a iarraidh sin air, chun go scrúdódh duine ar bith é go mbeidh teideal aige fén alt so chun é scrúdú, aon chlár no scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dhó do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh no go gcuirfe sé cosc le duine ar bith le linn é bheith ag scrúdú aon chláir no scríbhinne no cóipe de scríbhinn agus teideal aige fén alt so chun a scrúduithe, no

(d) go ndéanfa sé no go dtabharfaidh go ndéanfar, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach, do chur sa chlár san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

(7) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh scrúdú cláir no scríbhinne cóipeanna do dhéanamh den chéanna no sleachta do thógaint as, agus

(b) is tuigthe go ndearnadh go cuibhe clár no scríbhinn eile d'éileamh ar shealbhóir an cheadúnais chun go scrúdófaí é má hiarradh san de bhréithre béil in áitreabh shealbhóra an cheadúnais ar éinne ar fostú aige, agus

(c) más in áitreabh sealbhóra an cheadúnais do diúltuíodh no do faillíodh agus más duine ar fostú aige do dhiúltuigh no d'fhailligh clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go scrúdófaí é is tuigthe gurb é sealbhóir an cheadúnais do rinne amhlaidh.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar in alt 19 den Acht Iascaigh, 1925 , mar a bheirtear feidhm dó leis an alt so, no san alt so, mar ní atá orduithe.

Alt 22 den Acht Iascaigh, 1925 , do leasú

45. —Déanfar alt 22 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is go gcuirfí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (1) den alt san, sé sin le rá:—

“(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais, a tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol, go gcoimeádfadh sé no go gcuirfeadh dá choimeád, i ngach áitreabh fé leith a luadhfar sa cheadúnas san, clár sa bhfuirm orduithe de gach ceannach agus fáil bhradán no breac san áitreabh san no chun a dhíolta ann agus de gach díol, easportáil, as-lámhú agus aistriú bradán no breac san áitreabh san no as agus go gcuirfeadh sé sa chlár san, fé cheann sé huaire a chluig tar éis aon cheannaigh no fála den tsórt san agus fé cheann trí huaire a chluig tar éis aon díola, easportála, as-lámhuithe, no aistrithe den tsórt san, na mion-innste orduithe ar an gceannach, ar an bhfáil, ar an díol, ar an easportáil, ar an as-lámhú no ar an aistriú san (do réir mar a bheidh) agus ar an duine o n-ar ceannuíodh no o n-a bhfuarthas no le n-ar díoladh no chun ar heasportáladh no chun ar has-lámhuíodh an céanna no ar an áit chun ar haistríodh an céanna (fé mar is gá sa chás).”

Srian le hiasc beo d'iomportáil.

46. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a ordú le hordú (dá ngairmtear san alt so ordú srianta iomportála (iasc)) gan aon tsaghas earra luadhfar agus le n-a mbaineann an t-alt so d'iomportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais do bhéarfar amach chuige sin fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú.

(3) Má dheineann no má thriaileann duine ar bith aon earra d'iomportáil agus a hiomportáil toirmiscthe le hordú srianta iomportála (iasc) beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(4) Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach don duine sin chun uimhir áirithe d'aon tsaghas earra d'iomportáil 'na mbeidh a iomportáil toirmiscthe le hordú srianta iomportála (iasc) agus féadfaidh pé coinníollacha is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san do chur leis an gceadúnas san.

(5) Baineann an t-alt so leis na hearraí seo leanas, sé sin le rá, iasc beo, no ainmhithe eile uisce, agus eochrach no óg éisc no ainmhithe eile uisce.

(6) Earraí go dtoirmeascfar de bhuadh an ailt seo iad d'iomportáil is tuigthe iad do bheith ar n-a hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa chlár de thoirmiscithe agus de shrianta, maidir le hearraí do theacht isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmiscthe no srianta d'iomportáil.

Míon-Leasuithe ar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937.

Alt 87 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, do leasú.

47. —Léireofar alt 87 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, agus beidh éifeacht aige amhail is go gcuirfí na focail “such twenty-four hours” in ionad na bhfocal “such twelve hours”.

An abairt “water keeper” do chur in ionad na habairte “water bailiff” sna hAchtanna Iascaigh.

48. —Sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937—

(a) cuirfear na focail “water keeper” in ionad na bhfocal “water bailiff” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin;

(b) cuirfear na focail “water keepers” in ionad na bhfocal “water bailiffs” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin;

(c) cuirfear an focal “keeper” in ionad an fhocail “bailiff” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin.

(d) cuirfear an focal “keepers” in ionad an fhocail “bailiffs” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin.

Alt 11 den Oyster Cultivation(Ireland) Act,1884, do leasú.

49. —Léireofar alt 11 den Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884, agus beidh éifeacht aige amhail is go gcuirfí an focal “made” in ionad na bhfocal “confirmed by the Lord Lieutenant”.

Dualgaisí agus Comhachta Airithe do Leigint chun Oifigigh don Aire.

Dualgaisí agus comhachta áirithe fé sna hAchtanna Iascaigh do leigint chun oifigigh don Aire.

50. —(1) Chun crícheanna na ndualgas agus na gcomhacht fé sna hAchtanna Iascaigh a bhí roimhe seo ag Cigirí Iascach na hÉireann no infheidhmithe acu agus atá anois ag an Aire no infheidhmithe aige féadfaidh an tAire o am go ham cólíonadh pé cuid de sna dualgaisí sin agus feidhmiu pé cuid de sna comhachta san is oiriúnach leis an Aire do dháiliú ar aon oifigeach no oifigigh don Aire.

(2) Aon oifigeach don Aire (dá ngairmtear oifigeach údaruithe san alt so) ar a ndáileofar fén alt so mar dhualgas fiosrúchán puiblí do dhéanamh féadfaidh, agus é ag cólíonadh an dualgais sin, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) fínnéithe do ghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrúchán san,

(b) fínnéithe thiocfaidh ina láthair ag an bhfioscrúchán san do cheistniú fé mhionn (agus údaruítear dó leis seo daoine do chur fé mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhínnéithe den tsórt san aon scríbhinní bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thaisbeáint is dóich leis an oifigeach san is gá a thaisbeáint chun crícheanna an fhiosrúcháin sin.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair oifigigh údaruithe bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí, chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

(4) Má thárlann d'éinne—

(a) gan teacht i láthair ar é do ghairm go cuibhe chun bheith i láthair mar fhínné os cóir oifigigh údaruithe bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí, no

(b) ar bheith i láthair dó amhlaidh mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an t-oifigeach údaruithe sin air do réir dlí do thabhairt, no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thaisbeáint a cheanglóidh an t-oifigeach údaruithe sin air do réir dlí do thaisbeáint, no d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an t-oifigeach údaruithe sin air do fhreagairt,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(5) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.