An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS, 1939) Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.)

18 1939

ACHT AIRGEADAIS, 1939

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1939-40.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, éileofar cáin ioncuim do réir cúig scillinge agus reul fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna (ar a n-áirmhítear méaduithe deintear leis an Acht so) gur dá réir atá sí á héileamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile, uile agus fé seach, a bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1939, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach agus fós na forálacha i dtaobh méaduithe ar na rátaí for-chánach atá san Acht so beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939.

For-cháin in aghaidh na bliana 1938-39.

2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá in alt 1 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an bhfor-cháin atá á héileamh in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, sé sin le rá:—

(a) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so isiad rátaí gur dá réir a héileofar an fhor-cháin sin ar ioncum aon phearsan is mó ná trí mhíle punt ach nach mó ná ocht míle punt ná na rátaí uile agus fé seach gur dá réir atá an fhor-cháin sin inéilithe de bhuadh an ailt sin 1 agus iad méaduithe, i gcás gach ráta fé leith acu san, deich per cent.;

(b) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so isiad rátaí gur dá réir a héileofar an fhor-cháin sin ar ioncum aon phearsan is mó ná ocht míle punt ná na rátaí uile agus fé seach gur dá réir atá an fhor-cháin sin inéilithe de bhuadh an ailt sin 1 agus iad méaduithe, i gcás gach ráta fé leith acu san, cúig déag per cent.

(2) I gcás aon phearsan le n-a mbaineann mír (a) den fho-alt san roimhe seo den alt so, ní raghaidh méid na for-chánach a héileofar air de bhuadh na míre sin (a) thar suim na méideanna so leanas, agus, más gá é, laigheadófar é go dtí an tsuim sin, sé sin le rá:—

(a) méid na for-chánach a dhlighfeadh sé d'íoc dá mbeadh a ioncum chó mór le trí mhíle punt gan bheith níos mó ná san, agus

(b) an méid atá de bhreis ag á ioncum ar thrí mhíle punt agus cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh ar an mbreis sin bainte dhe.

(3) I gcás aon phearsan le n-a mbaineann mír (b) d'fho-alt (1) den alt so, ní raghaidh méid na for-chánach a héileofar air de bhuadh na míre sin (b) thar suim na méideanna so leanas, agus, más gá é, laigheadófar é go dtí an tsuim sin, sé sin le rá:—

(a) méid na for-chánach a dhlighfeadh sé d'íoc dá mbeadh a ioncum chó mór le hocht míle punt gan bheith níos mó ná san, agus

(b) an méid atá de bhreis ag á ioncum ar ocht míle punt agus cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh ar an mbreis sin bainte dhe.

(4) An méid is iníoctha de bhuadh aon cháinmheasta do rinneadh an 10adh lá de Bhealtaine, 1939, no roimhe sin, alos for-chánach in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1938, le n-a mbaineann aon fhoráil no forálacha acu san roimhe seo den alt so tuigfear, de bhuadh an ailt seo agus gan a thuilleadh, é bheith atharuithe i slí do bhéarfaidh éifeacht don cheann san no do sna cinn sin de sna forálacha san a bhaineann leis an gcás.

Liúntaisí pearsanta d'atharú.

3. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “two hundred and twenty pounds” do chur ann in ionad na bhfocal “two hundred and twenty-five pounds”, agus déanfar an fo-alt san (1) ar n-a leasú le fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “one hundred and twenty pounds” do chur in ionad na bhfocal “one hundred and twenty-five pounds”.

An liúntas in aghaidh ioncuim thuillte d'atharú.

4. —In ionad fo-ailt (1) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), achtuítear leis seo go ndéanfar an fhoráil seo leanas do chur in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920, agus déanfar Cuid II den Acht deiridh sin do léiriú agus beidh éifeacht aici dá réir sin, sé sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purpose of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the provisions of the Income Tax Acts of a sum equal to one-fifth of the amount of that income, but not exceeding, in the case of any individual, the sum of three hundred pounds.”

Saoirse alos brabús áirithe as scuab-ghill.

5. —(1) Bhéarfar saoirse o cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, alos brabús aon scuab-ghill ar n-a chur ar siúl fé Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933) , do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, ion-cháinmheasta fé Chás I den Sceideal san D ar bhunathóirí (do réir bhrí Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , adubhradh) an scuab-ghill sin no ar an gcoiste scuab-ghill ar n-a cheapadh do bhun an Achta san ag bunathóirí sin an scuab-ghill sin chun críche an scuab-ghill sin.

(2) San alt so, tá leis an bhfocal “scuab-gheall” an bhrí do bheirtear dó le halt 1 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), chun crícheanna an Achta san.

(3) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1933, agus éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Saoirse do liúntaisí áirithe fén Acht Arm-Phinsean, 1937.

6. —Liúntaisí is iníoctha fé alt 3 den Acht Arm-Phinsean, 1937 ( Uimh. 15 de 1937 ), beid, in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, saor o cháin ioncuim (le n-a n-áirmhítear forcháin) agus ní háirmheofar iad nuair a bheidh ioncum á dhéanamh amach chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

Cáinmheas ar bhrabúis áirithe gheibhtear as stail do choimeád.

7. —Má bhíonn duine ina shealbhaire ar thalamh go gcáinmheastar é i dtaobh a shealbhuithe fé Sceideal B den Income Tax Act, 1918, agus go mbeidh sé freisin ina únaer no ina pháirt-únaer ar stail a coimeádtar de ghnáth ar an talamh san, tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim, gur as sealbhú an tailimh sin a thagann na brabúis a gheibheann an duine sin as táillí gheibhtear no is ionfhálta as láracha le daoine eile d'fháil na staile sin ar an talamh san.