An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939) Ar Aghaidh (CUID II. Riaradh Ard-Udarais agus Riaradh Áitiúil.)

27 1939

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939 ; do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “scéim chontae” scéim chun fóirithin na mbocht do daingníodh leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , no do hullamhuíodh agus do daingníodh fén Acht san;

cialluíonn an abairt “údarás scéime contae” údarás le n-ar taobhuíodh, de bhuadh scéime contae, riaradh fóirithin na mbocht i líomatáiste áirithe;

tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “có-cheanntar” atá leis san Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “congnamh liaghachta” gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do sholáthar, sé sin le rá, cóireáil liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta, cógaisí, agus fearaistí liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta;

cialluíonn an abairt “congnamh generálta” riachtanaisí na beathadh, seachas congnamh liaghachta, do sholáthar;

foluíonn an abairt “congnamh puiblí”, agus fós an focal “congnamh” nuair a husáidtear é gan coinníoll, congnamh liaghachta agus congnamh generálta, agus is dá réir sin a léireofar gach abairt agus focal gaolmhar;

cialluíonn an abairt “congnamh teaghlaigh” congnamh generálta bheirtear ar shlí seachas tré dhuine do leigint isteach i bhfundúireacht cheanntair no i bhfundúireacht eile;

nuair a húsáidtear an focal “tógaint” i dtaobh tailimh foluíonn sé bith-dhílse an tailimh sin no aon estát no leas is lugha ná san sa talamh san do cheannach agus léas ar an talamh san do thógaint go ceann téarma ar bith;

cialluíonn an abairt “líomatáiste Bhaile Atha Cliath” an líomatáiste atá có-dhéanta de chontae Bhaile Atha Cliath agus contaebhuirg Bhaile Atha Cliath.

Athghairm.

4. —(1) Na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Gan dochar d'fheidhm ailt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , dearbhuítear leis seo, maidir leis an athghairm a deintear de bhuadh an ailt seo ar ailt áirithe den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , ná hoibreoidh sí chun cealú ná eile do dhéanamh ar dhíochur aon bhúird, coiste, no cóluchta eile do díochuireadh le haon alt acu san no fé roimh an Acht so do rith.