|
||||
|
Ar Aghaidh (SCEIDEAL.) |
[EN] | ||
Uimhir 32 de 1939. | ||
[EN] |
ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ) (Uimh. 2), 1939. | |
ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . [14adh Mí na Nodlag, 1939.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Orduithe do dhaingniú. |
1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún de Sceideal an Achta so agus do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) . |
[EN] | (2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach de Sceideal an Achta so maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun gurbh usa-de tagairt do sna hOrduithe sin agus iad d'aithint agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san ná sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo agus an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an chéanna. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú) (Uimh. 2), 1939 , do ghairm den Acht so. |