|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGEADAIS, 1940) | Ar Aghaidh (CUID II. Custuim agus Mal.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1940
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cain Ioncuim. | |
[EN] |
Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1940-41. |
1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, éileofar cáin ioncuim do réir sé scillinge agus reul fén bpunt. |
[EN] | (2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna (ar a n-áirmhítear méaduithe deintear leis an Acht so) gur dá réir atá sí á héileamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, a héileofar amhlaidh í. | |
[EN] | (3) Na forálacha reachtúla agus cile, uile agus fé seach, a bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1940, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach agus fós na forálacha i dtaobh méaduithe ar na rátaí for-chánach atá san Acht so beidh éifeacht aca, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1940. | |
[EN] |
Rátaí forchánach in aghaidh na bliana 1939-40. |
2. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) , agus fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, isiad rátaí gur dá réir a héileofar for cháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939, ar ioncum aon phearsan is mó ná fiche míle punt, ná na rátaí uile agus fé seach gur dá réir atá an fhor-cháin sin inéilithe de bhuadh ailt 1 den Acht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , agus gach ráta fé leith aca san méaduithe fiche per cent. |
[EN] | (2) I gcás aon phearsan le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so, ní raghaidh an méid for-chánach a héileofar air de bhuadh an fho-ailt sin thar suim na méideanna so leanas agus, más gá é, laigheadófar é go dtí an tsuim sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) méid na for-chánach a dhlighfeadh sé d'íoc dá mbeadh a ioncum chó mór le fiche míle punt gan bheith níos mó ná san, agus | |
[EN] | (b) an méid a bheidh de bhreis ag á ioncum ar fiche míle punt agus cáin ioncuim do réir an ráta chaighdeánaigh ar an mbreis sin bainte dhe. | |
[EN] |
Alt 20 den Finance Act, 1922, do leasú. |
3. —(1) Léireofar alt 20 den Finance Act, 1922, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndeintí mír (b) d'fho-alt (1) den alt san do scriosadh agus an mhír seo leanas do chur ina ionad, sé sin le rá:— |
[EN] | “(b) which by virtue of or in consequence of any disposition made, directly or indirectly, by any person (other than a disposition made for valuable and sufficient consideration) is payable to or applicable for the benefit of any other person, but excluding any income which— | |
[EN] | (i) arises from capital of which the disponer by the disposition has divested absolutely himself in favour of or for the benefit of the said other person, or | |
[EN] | (ii) being payable to a person who is an individual for his own use, is so payable for a period which exceeds or may exceed six years, or | |
[EN] | (iii) being applicable for the benefit of a named person who is an individual, is so applicable for a period which exceeds or may exceed six years.” | |
[EN] | (2) An leasú deintear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar alt 20 den Finance Act, 1922, beidh feidhm aige maidir le gach riaras do rinneadh an Sadh lá de Bhealtaine, 1940 no do rinneadh no déanfar ina dhiaidh sin (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) agus beidh feidhm aige freisin, ón 6adh lá d'Abrán, 1947, amach, maidir le gach riaras do rinneadh roimh an 8adh lá de Bhealtaine, 1940, agus ná beidh deireadh le n-a éifeacht an 6adh lá d'Abrán, 1947. | |
[EN] |
Alt 21 den Finance Act, 1922, do leasú. |
4. —Leasuítear leis seo mír (a) d'fho-alt (6) d'alt 21 den Finance Act, 1922, tré sna focail agus na figiúirí “which has, since the fifth day of April, nineteen hundred and fourteen, been registered under the Companies Acts, 1908 to 1917” atá anois sa mhír sin do scriosadh agus tré sna focail agus na figiúirí “which is a company within the meaning of the Companies (Consolidation) Act, 1908” do chur sa mhír sin in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí scriostar amhlaidh. |
[EN] |
Cáin do bhaint as díbhinní. |
5. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an príomh-achtachán” Riail 20 de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D agus E den Income Tax, 1918. |
[EN] | (2) Déanfar forálacha an phríomh-achtacháin do léiriú, maidir le díbhinn ar bith d'íoc aon chólucht daoine roimh an Acht so do rith no íocfaid dá éis sin, mar fhorálacha údaruíonn cáin do bhaint as an méid iomlán do híocadh as brabús agus gnóthachan do rinne an cólucht san agus— | |
[EN] | (a) do cuireadh fé cháin, no | |
[EN] | (b) do bheadh, fé fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncuim, le cur san áireamh nuair a beifí ag déanamh amach dliteacht an chóluchta san maidir le n-a gcáinmheas in aghaidh aon bhliana áirithe dá mba ghá do réir na bhforálacha san í dhéanamh amach do réir bhrabús agus gnóthachan na bliana san agus ní do réir bhrabús agus gnóthachan aon bhliana no tréimhse eile. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna uile na nAchtanna Cánach Ioncuim is tuigthe, maidir le méid aon díbhinne d'íoc aon chólucht daoine roimh an Acht so do rith no íocfaid dá éis sin agus as a n-údaruítear leis an bpríomh-achtachán, ar n-a leasú leis na forálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, cáin do bhaint, gur ioncum é den mhéid sin a bheadh, tar éis na has-bhainte cánach san a húdaruítear amhlaidh, có-ionann— | |
[EN] | (a) i gcás cáin do bhaint as an díbhinn sin, leis an méid glan do fuarthas, agus | |
[EN] | (b) i ngach cás eile, leis an méid do fuarthas. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), maidir le díbhinní ag féachaint go cuibhe do sna forálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so. | |
[EN] |
Alt 21 den Finance Act, 1920, do leasú. |
6. —Leasuítear leis seo alt 21 den Finance Act, 1920, tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:— |
[EN] | “(5) Where, for any year of assessment, two or more individuals are or would, but for the provisions of this sub-section, be entitled under this section to relief in respect of the same child, the following provisions shall have effect, that is to say:— | |
[EN] | (a) only one deduction under this section shall be allowed in respect of such child; | |
[EN] | (b) where such child is maintained by one parent only, that parent only shall be entitled to claim such deduction; | |
[EN] | (c) where such child is maintained jointly by both parents, each parent shall be entitled to claim such part of such deduction as is proportionate to the amount expended by him or her on the maintenance of such child; | |
[EN] | (d) in ascertaining for the purposes of this sub-section whether a parent maintains a child and, if so, to what extent, any payment made by such parent for or towards the maintenance of such child which such parent is entitled to deduct in computing his or her total income for the purposes of the Income Tax Acts shall be deemed not to be a payment for or towards the maintenance of such child.” | |
[EN] |
Alt 32 den Finance Act, 1921, do leasú. |
7. —Leasuítear leis seo alt 32 den Finance Act, 1921, tré mhír (b) d'fho-alt (3) do scriosadh as agus tríd an mír seo leanas do chur in ionad na míre scriostar amhlaidh, sé sin le rá:— |
[EN] | “(b) the fund has for its sole purpose the provision of annuities for all or any of the following persons in the events respectively specified, that is to say, for persons employed in the trade or undertaking, either on retirement at a specified age, or on becoming incapacitated at some earlier age, or for the widows, children, or dependants of persons who are or have been so employed, on the death of those persons.” | |
[EN] |
Saoirsí agus liúntaisí de dhruim ailt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939. |
8. —(1) Deonfar saoirse o cháin fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918, alos aon ionoighreachta ná beidh curtha ar cíos i bpáirt ná go hiomlán agus a bheidh de bhun fo-ailt (3) d'alt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 ( Uimh. 21 de 1939 ), gan rátú. |
[EN] | (2) Má thárlann, le linn luacháil ionoighreachta is muileann no monarcha no áitreabh eile den tsórt san do bheith á dhéanamh amach fé sna hAchtanna Luachála, ná beidh aon áird le tabhairt, de bhun fo-ailt (2) d'alt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 ( Uimh. 21 de 1939 ), ar aon tseomra ná cuid eile den ionoighreacht san ná ar aon atharuithe déanmhais no feabhsuithe ar an ionoighreacht san, déanfar méid aon as-bhainte bheidh le lomháil fé Riail 5 de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do mhéadú méid is cóionann leis an séú cuid den deifríocht idir luach bliantúil na hionoighreachta san agus luach bliantúil na hionoighreachta san ar n-a mheas ar an bhforas go mbeadh áird le tabhairt ar an seomra no ar an gcuid eile sin no, neachtar aca, ar na hatharuithe déanmhais no na feabhsuithe sin (dó réir mar a bheidh). |