An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta.)

14 1940

ACHT AIRGEADAIS, 1940

CUID III.

Diuitethe Bais.

Alt 2 (1) den Finance Act, 1894, do leasú.

23. —(1) San alt so—

foluíonn an focal “riaras” aon iontaobhas, cumhnant, có-aontú, no socrú;

foluíonn an focal “abhar” aon íocaíocht, bliantúil no tréimhsiúil, a deintear no is iníoctha fé réim no de bhuadh an riarais gur maidir leis a húsáidtear an focal san;

cialluíonn an abairt “maoin do tháinig ón duine marbh” aon mhaoin—

(a) dob abhar do riaras do rinne an duine marbh, ina aonar no i gcomhar, no tré shocrú, le haon duine eile, ar shlí eile seachas ar lán-chomaoin in airgead no i luach airgid ar n-a íoc leis chun a úsáide no a thairbhe féin, no

(b) do sheasaimh d'aon chuid d'abhar riarais den tsórt san, pé aca go díreach no go nea-dhíreach é agus pé aca de bhuadh riarais no riaraisí idirmheánacha é agus pé aca ar lán-chomaoin no ar pháirt-chomaoin do rinneadh aon riaras idirmheánach den tsórt san no nach eadh.

(2) Beidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, maidir le blianacht no leas eile do ceannuíodh no do soláthruíodh i bpáirt no go hiomlán ag duine ar bith do bhí uair ar bith i dteideal aon mhaoine, no gur chuid dá acfuinn uair ar bith aon mhaoin, do tháinig ón duine marbh—

(a) fé is dá mb'é an duine marbh do sholáthródh an bhlianacht no an leas eile sin chó fada le n-a mhéid achtúil, no

(b) i gcás ina gcruthófar, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim, nár leor chun iomlán na blianachta no an leasa eile sin do sholáthar an mhaoin uile do tháinig ón duine marbh dá gcuirtí chuige sin í, amhail is—

(i) gurbh é an duine marbh do sholáthródh an bhlianacht no an leas eile sin, agus

(ii) gurbh é méid na blianachta no an leasa eile sin ná a mhéid achtúil ar n-a laigheadú oiread agus ba chionmhar le méid na nea-dhóthanachta cruthófar mar adubhradh.

(3) Le linn feidhm do thabhairt don fho-alt san roimhe seo den alt so, eisceofar ón maoin do tháinig ón duine marbh aon chuid di a gcruthófar ina taobh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim nach maidir le ceannach no soláthar na blianachta no an leasa eile no le haisíoc costais an chéanna in aon tslí, ná fós d'fhonn go bhféadfaí no gurbh usaide éinní dhíobh san do dhéanamh, do rinneadh an riaras darbh abhar í féin no an mhaoin dar sheasaimh sí.

(4) Chun críche ailt 4 den Finance Act, 1894, is tuigthe go raibh leas ag an duine marbh in aon mhaoin a háirmheofar, de bhuadh an ailt seo, ina cuid den mhaoin d'aistrigh ar éag an duine mhairbh.

(5) Na forálacha atá san alt so beidh éifeacht aca maidir le gach cás inar thárla bás an duine mhairbh an 8adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin.

Alt 2 (2) den Finance Act, 1894, do leasú.

24. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an príomh-fho-alt” fo-alt (2) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ar n-a leasú le halt 32 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ).

(2) I gcás aon duine d'éag an 8adh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin, ní bheidh an tsaoirse o dhiúité estáit, is ionfhálta de bhuadh an phríomh-fho-ailt alos maoine soghluaiste socruithe lasmuich den Stát, le fáil alos aon mhaoine den tsórt san d'aistrigh no aistreoidh ar éag don duine sin más rud é, ar dháta an riaras fé n-ar aistrigh no fé n-a n-aistrcoidh an mhaoin do dhul in éifeacht (pé aca dáta roimh an Acht so do rith é no dáta dá éis sin), go raibh an riarasaidhe dómusta sa Stát no sa líomatáiste atá sa Stát anois no má rinneadh an riaras san, go díreach no go nea-dhíreach, thar ceann no ar chostas duine, no as cistí do sholáthruigh duine, bhí dómusta san áit sin adubhradh ar an dáta san.

(3) D'ainneoin na bhforálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, is tuigthe an tsaoirse o dhiúité estáit is ionfhálta de bhuadh an phríomh-fho-ailt alos maoine soghluaiste socruithe lasmuich den Stát do bheith ionfhálta maidir le bás an riarasaidhe (ach ní maidir le bás aon duine eile) más rud é—

(a) gur le linn é bheith dómusta lasmuich den Stát d'éag an riarasaidhe, agus

(b) go mbeidh an riaras ina bhronntanas láithreach inter vivos ar n-a dhéanamh ag an riarasaidhe laistigh de thrí bliana roimh dháta a éaga no ina bhronntanas maoine (pé uair do rinneadh) ná dearna an té ar ar bronnadh í a seilbh agus a húsáid bona fide do ghlacadh chuige láithreach agus do choimeád as san amach i gcaoi do ghearrfadh amach an riarasaidhe no aon tairbhe do bheadh dó de bharr connartha no eile, agus

(c) go mbeadh diúité estáit, ag féachaint do sna forálacha atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, inéilithe ar éag an riarasaidhe.

Alt 7 den Finance Act, 1894, do leasú.

25. —(1) San alt so—

foluíonn an focal “riaras” aon iontaobhas, cumhnant, có-aontú, no socrú;

foluíonn an focal “abhar” aon íocaíocht, bliantúil no tréimhsiúil, a deintear no is iníoctha fé réim no de bhuadh an riarais gur maidir leis a húsáidtear an focal san,

cialluíonn an abairt “maoin do tháinig ón duine marbh” aon maidir leis a húsáidtear an focal san;

(a) dob abhar do riaras do rinne an duine marbh, ina aonar no i gcomhar, no tré shocrú, le haon duine eile, ar shlí eile seachas ar lán-chomaoin in airgead no i luach airigid ar n-a íoc leis chun a úsáide no a thairbhe féin, no

(b) do sheasaimh d'aon chuid d'abhar riarais den tsórt san, pé aca go díreach no go nea-dhíreach é agus pé aca de bhuadh riarais no riaraisí idirmheánacha é, agus pé aca ar lán-chomaoin no ar pháirt-chomaoin do rinneadh aon riaras idirmheánach den tsórt san no nach eadh.

(2) Aon liúntas a lomhálfaí fé fho-alt (1) d'alt 7 den Finance Act, 1894, mara mbeadh an fo-alt so, in aghaidh fiacha do bheadh curtha suas ag an duine marbh mar a luaidhtear i mír (a) den fho-alt san (1) no in agaidh ualaigh do bheadh bunuithe le riaras do bheadh déanta ag an duine marbh mar a luaidhtear sa mhír sin, beidh sé fé réir a laigheaduithe oiread agus is cionmhar le luach aon chomaoine dar tugadh air agus—

(a) ba mhaoin do tháinig ón duine marbh, no

(b) ba chomaoin (seachas maoin do tháinig ón duine marbh) do thug duine ar bith do bhí aon uair i dteideal aon mhaoine do tháinig ón duine marbh no gur chuid dá acfuinn aon uair aon mhaoin den tsórt san.

(3) Le linn feidhm do thabhairt d'fho-alt (2) den alt so maidir le cás ina raibh an chomaoin no cuid den chomaoin do tugadh ina comaoin den tsórt a luaidhtear i mír (b) den fho-alt san (2) agus a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur mhó luach na comaoine tugadh no na coda san di (pé aca é) ná an méid dob fhéidir a chur ar fáil tríd an maoin uile do tháinig ón duine marbh d'úsáid (ach amháin pé méid, más aon mhéid, den mhaoin sin is cuid den chomaoin do tugadh no a gcruthófar ina taobh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim nach maidir le soláthar na comaoine no le haisíoc costais an chéanna in aon tslí, ná fós d'fhonn go bhféadfaí no gurbh usaide éinní aca san do dhéanamh, do rinneadh an riaras darbh abhar í féin no an mhaoin dar sheasaimh sí), ní déanfar aon laigheadú in aghaidh na breise.

(4) An mhaoin seo leanas, sé sin le rá, airgead no luach airgid d'íoc no d'úsáid an duine marbh laistigh de thrí bliana roimh éag dó—

(a) chun no mar chabhair chun íoctha no glanta fiacha no eire a mbeadh éifeacht ag fo-alt (2) den alt so ina leith ar éag don duine sin dá mbeadh na fiacha no an t-eire gan íoc no gan glanadh, no

(b) chun laigheaduithe fiacha no eire a mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt san (2) ina leith ar éag don duine sin. áirmheofar í ina maoin is tuigthe do bheith ina cuid den mhaoin d'aistrigh, ar éag don duine sin, de bhuadh míre (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, agus d'ainneoin éinní in alt 3 den Acht san beidh diúité estáit iníoctha uirthi dá réir sin.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha atá san alt so maidir le gach cás inar éag an duine marbh an Sadh lá de Bhealtaine, 1940, no dá éis sin.

As bhaint as an diúité estáit i gcásanna áirithe.

26. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndearnadh, fé fhorálacha ailt 38 den achtachán atá i bhfeidhm anois sa Bhreatain Mhóir agus dá ngairmtear sa tír sin an Finance Act, 1924, aon fhaoiseamh o dhiúité estáit dob iníoctha sa Bhreatain Mhóir de bhíthin éag an duine sin do thabhairt alos maoine atá sa Bhreatain Mhóir agus d'aistrigh ar éag an duine sin, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteanta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, go mbainfí as an diúité estáit sin fé n-a gcúram agus a mbainistighe is iníoctha de bhíthin an éaga san agus alos na maoine sin oiread agus do bheadh ionbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (b) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i gcás duine d'éag an 1adh lá d'Abrán, 1939, no dá éis sin, go ndearnadh, fé fhorálacha ailt 9 den achtachán atá i bhfeidhm anois i dTuaisceart Éireann agus dá ngairmtear san áit sin an Finance Act (Northern Ireland), 1924, aon fhaoiseamh o dhiúité estáit is iníoctha i dTuaisceart Éireann de bhíthin éag an duine sin do thabhairt alos maoine atá i dTuaisceart Éireann agus d'aistrigh ar éag an duine sin, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncuim, in ionad agus ní i dteanta aon liúntais is iontugtha de bhuadh míre (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann le hOrdú na gCánach Dúbalta (Faoiseamh) (Uimh. 1), 1923, go mbainfí as an diúité estáit sin fé n-a gcúram agus a mbainistighe is iníoctha de bhíthin an éaga san agus alos na maoine sin oiread agus do bheadh ionbhainte as an diúité estáit sin de bhuadh na míre sin (b) dá mba ná tabharfaí an faoiseamh san agus ná hachtófaí an t-alt so.