An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Mianrai Neamh-oibrithe agus Saoraidi Mianadoireachta do Thogaint go hEigeanta.) Ar Aghaidh (CUID V. An Bord Mianadoireachta.)

31 1940

ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940

CUID IV.

Mianrai Stait.

Léasanna mianadóireachta Stáit.

26. —(1) Más dóich leis an Aire gurb é leas na puiblíochta aon mhianraí Stáit do dheonadh do dhuine ar bith tré léas féadfaidh an tAire na mianraí sin d'aistriú chun an duine sin tré léas (dá ngairmtear san Acht so léas mianadóireachta Stáit) ar feadh an téarma san a mheasfaidh an tAire do bheith ceart.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach léas mianadóireachta Stáit, sé sin le rá:—

(a) maran rud é gur dóich leis an Aire, le haontú an Aire Airgeadais, gur ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht an léas san do thabhairt saor o íoc, bhéarfar an léas san fé réir an choinníll go n-íocfar leis an Aire, mar fhíneáil no roimh-íoc no mar chíos (agus rí-chíos d'áireamh) no ar gach slí no aon tslí aca san, an t-airgead san a mheasfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith ceart agus ar a gcó-aontóidh leis an léasaidhe;

(b) beidh sa léas san na cumhnanta agus na coinníollacha agus na fo-chó-aontuithe sin (más aon cheann é), i bpáirt an Aire no an léasaidhe, a mheasfaidh an tAire do bheith ceart no inmhianuithe ar mhaithe leis an bpuiblíocht agus ar a gcó-aontóidh leis an léasaidhe;

(c) féadfaidh clás do bheith sa léas san á fhoráil go ndéanfar athnuachaint no athnuachaintí as a chéile air gan coinníoll no ar na coinníollacha san a luadhfar sa léas san;

(d) beidh an tAire Airgeadais ina pháirtidhe sa léas san.

(3) I e linn bheith ag feidhmiú na gcomhacht fé seach a bheirtear dóibh leis an alt so agus, go sonnrách, le linn bheith á chin neadh cadé an íocaíocht (más aon cheann é) ba cheart don léasaí fé léas mhianadóireachta Stáit do dhéanamh leis an Aire agus cadiad na cumhnanta no na coinníollacha (más aon cheann é) ba cheart do bheith sa léas san, féadfaidh an tAire agus an tAire Airgeadais áird do thabhairt ar na buntáistí generálta is dócha thiocfadh don Stát de sna mianraí Stáit a haistreofar leis an léas san d'fhorbairt agus fós a mhéid is inmhianuithe, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, aon chuid de sna mianraí bainfear fén léas san do choiméad chun iad d'úsáid sa Stát mar amh-abhair do thionnscail atá no bheidh bunuithe sa Stát.

Léasaithe fé léasanna mianadóireachta Stáit do thabhairt faisnéise.

27. —(1) Gach duine is léasaidhe fé léas mhianadóireachta Stáit bhéarfaidh don Aire fé cheann ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air é dhéanamh pé faisnéis a theastóidh ón Aire aon uair i dtaobh na mianraí a haistrítear leis an léas san no i dtaobh oibriú na mianraí sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh maidir le léasaithe fé léasanna mianadóireachta Stáit do thabhairt faisnéise i dtaobh na mianraí no oibriú na mianraí a haistrítear leis na léasanna san agus féadfar a cheangal leis na rialacháin sin an fhaisnéis sin do thabhairt i dteannta na faisnéise, agus gan dochar don fhaisnéis, is gá do thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin romhe seo den alt so.

(3) Duine ar bith dar gá, do réir an ailt seo no do réir aon rialacháin a déanfar fé, aon fhaisnéis do thabhairt don Aire agus—

(a) a fhailleoidh no dhiúltóidh an fhaisnéis sin do thabhairt, no

(b) a bhéarfaidh go bhfios dó aon fhaisnéis den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc tábhachtach, no

(c) a bhéarfaidh faillighe ar aon tslí eile i gcólíonadh forálacha an ailt seo no aon rialacháin déanfar fé,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Ceadanna mianadóireachta Stáit do dheonadh.

28. —(1) I gcás—

(a) aon tsubstaintí le n-a mbaineann an t-alt so do bheith i bhfoslach de mhianraí Stáit, agus

(b) a bheith de mhian ag aon duine cead d'fháil aon cheann no cinn de sna substaintí sin d'oibriú ina gcaindíochta beaga, agus

(c) an duine sin dá chur ina luighe ar an Aire, toisc laighead luach no caindíocht na substaintí is mian leis d'oibriú no toisc giorracht na tréimhse is main leis do thabhairt á n-oibriú no toisc éinní eile, gur fíor-bheag le rá an cead a theastuíonn agus gur beag an deifir a dhéanfaidh don fhoslach san de mhianraí Stáit,

féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin don duine sin do réir an ailt seo, ceart (dá ngairmtear san Acht so cead mianadóireachta Stáit) do dheonadh don duine sin chun na substaintí sin d'oibriú ina gcaindíochta beaga.

(2) Gach cead mianadóireachta Stáit a deonfar fén alt so beidh sé i scríbhinn agus déanfaidh agus déarfaidh ceart do thabhairt don duine dá ndeontar é chun na cinn a luaidhtear ann de sna substantí le n-a mbaineann an t-alt so d'oibriú agus chun éinní do dhéanamh a ghabhann le hoibriú na substaintí sin, ach san fé réir na srian san, maidir leis an gcaindíocht de mhianraí a hoibreofar agus le faid ré an oibrithe agus fé réir na dtéarmaí agus na gcoinníoll eile a luadhfar amhlaidh.

(3) Féadfar cead mianadóireachta Stáit do thabhairt (fé mar is oiriúnach leis an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais) saor o íoc no fé réir an choinníll go n-íocfaidh an duine dá ndeonfar é, leis an Aire, mar fhíneáil no roimh-íoc no mar chíos (pé aca marbh-chíos no rí-chíos é) no ar gach slí no aon tslí aca san, an t-airgead san is dóich leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle mar adubhradh, do bheith ceart.

(4) Ní oibreoidh cead mianadóireachta Stáit chun aon-cheart mianadóireachta. maidir leis na mianraí le n-a mbaineann an cead san, do thabhairt don duine dá ndeonfar an cead san.

(5) Baineann an t-alt so le gach mianra sceidealta agus le gach cumasc mianrúil agus gach substaint mhianrúil agus, san alt so, léireofar dá réir sin an abairt “substaint le n-a mbaineann an t-alt so”.

Cosaint maidir le tailte Stáit.

29. —Ní dheonfaidh an tAire léas mianadóireachta Stáit ná cead mianadóireachta Stáit maidir le mianraí ar thalamh no fé thalamh a bheidh dílsithe in aon Aire Stáit eile no ar seilbh aige ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire sin.

Ceart an Aire chun mianraí Stáit d'oibriú no do chur dá láimh.

30. —(1) Le toiliú an Aire Airgeadais is dleathach don Aire aon uair, fé réir téarmaí aon léasa, ceadúnais no ceada dheonfa sé fén Acht so, mianraí Stáit, pé áit ina mbeid, d'oibriú agus na mianraí do gheobhfar leis an oibriú san do dhíol no do chur dá láimh ar aon tslí eile.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire mianraí do dhíol no do chur dá láimh fén alt so déanfar sochar an díola san no an churtha de láimh sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Ceart ionadachta agus úsáide tailimh ina mbeidh mianraí Stáit.

31. —(1) I gcás mianraí Stáit do bheith ar aon talamh no fé, is dleathach don Aire aon uair, fé réir téarmaí aon léasa, ceadúnais, no ceada bheidh deonta aige fén Acht so, dul isteach ar an talamh san agus é d'úsáid ar pé slí is gá do réir réasúin chun na mianraí sin d'oibriú no chun aon chríche ghabhann leis sin.

(2) Má bhíonn mianraí Stáit ar na mianraí le n-a mbainfidh aon léas mianadóireachta Stáit no cead mianadóireachta Stáit féadfaidh léasaidhe an léasa san no sealbhóir an cheadúnais sin (pé aca é), le linn ré an léasa no an cheadúnais sin, dul isteach ar an talamh ar a bhfuil no fé n-a bhfuil na mianraí sin agus an talamh san d'úsáid ar pé slí is gá do réir réasúin chun na mianraí sin d'oibriú no chun aon chríche ghabhann leis sin.

(3) Pé uair a déanfar damáiste d'uachtar aon tailimh go díreach no go nea-dhíreach—

(a) tré mhianraí Stáit d'oibriú no tré éinní do dhéanamh a ghabhann leis sin, no

(b) tré cheart ionadachta agus úsáide tailimh do bheirtear leis an alt so d'fheidhmiú,

dlighfidh neach déanta an damáiste sin, pé aca an tAire no léasaidhe léasa mhianadóireachta Stáit no sealbhóir ceada mhianadóireachta Stáit é, cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i ndamáiste fé Chuid IV) d'íoc sa damáiste sin.

(4) Cheal có-aontuithe déanfar méid aon chúitimh i ndamáiste fé Chuid IV do chinneadh do réir forálacha Coda VII den Acht so.

Mianraí Stáit tréigthe d'fhálú.

32. —(1) I gcás oibriú aon mhianraí Stáit do thréigean no do stad roimh an Acht so do rith no dá éis sin, féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar barr no ionadacht gach seafta no slí amach a húsáidtear i ndáil leis an oibriú san do thimpeallú le déanmhas buan is leor chun tionóiscí do chosc agus féadfaidh dul isteach ar aon talamh chun san do dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ar bith i scríbhinn na comhachta bheirtear don Aire leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'fheidhmiú don Aire agus thar a cheann agus, pé uair údaróidh an tAire amhlaidh do dhuine ar bith, féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear gníomhaire don Aire san alt so) na comhachta san d'fheidhmiú don Aire agus in ainm agus thar ceann an Aire.

(3) Má dheineann aon duine bac no cur isteach ar ghníomhaire don Aire agus an gníomhaire sin ag feidhmiú na gcomhacht do bhéarfar dó de bhuadh na bhforálacha san roimhe seo den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha alos ná de dheascaibh feidhmiú na gcomhacht do bheirtear don Aire leis an alt so no do bhéarfar do ghníomhaire don Aire.

(5) Ní shaorfaidh éinní san alt so duine ar bith o aon fhiachas a bheidh air fé aon Acht eile no ar aon tslí eile.