An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Saoraidi chun Mianrai Unaeri Priobhaideacha d'Fhorbairt agus Srian do Chur le hOibriu Mianrai is ga chun Talamh no Foirginti do Thacu.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Ilghneitheach agus Generalta.)

31 1940

ACHT FORBAIRTE MINEARÁL, 1940

CUID VII.

Cuiteamh.

Mínithe chun crícheanna Coda VII.

57. —Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear an focal “cúiteamh” gan coinníoll, foluíonn gach saghas cúitimh is iníoctha fén Acht so;

foluíonn an abairt “cúiteamh alos tailimh” cúiteamh i ndamáiste fé Chuid II, cúiteamh i ndamáiste fé Chuid III, cúiteamh i ndamáiste fé Chuid IV, agus cúiteamh i saoráidí mianadóireachta, no aon chúiteamh den tsórt san agus mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn tagairtí do “thalamh” tagairtí d'fho-chirt.

Méid an chúitimh do shocrú.

58. —(1) Cheal có-aontuithe socróidh an Bord méid an chúitimh do réir forálacha na Coda so den Acht so.

(2) Má bhíonn cúiteamh iníoctha ag an Aire fén Acht so ní dhéanfa sé aon chó-aontú ag socrú a mhéide gan an tAire Airgeadais do thoiliú chuige.

Iarratais ar chúiteamh alos tailimh.

59. —(1) I gcás cúiteamh alos tailimh do bheith iníoctha féadfaidh na daoine seo leanas, eadhon—

(a) an tAire,

(b) má bhíonn an talamh le n-a mbaineann an cúiteamh san fé bhlianacht talamh-cheannaigh, Coimisiún na Talmhan,

(c) aon duine adeir é bheith i dteideal an chúitimh sin, a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh sin do shocrú.

(2) Fe réir forálacha na Coda so den Acht so bainfidh forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, le méid an chúitimh alos tailimh do shocrú.

Cúiteamh alos tailimh fé bhlianacht talamhcheannaigh ar n-a shocrú le có-aontú.

60. —Má socruítear méid an chúitimh alos tailimh le có-aontú agus go mbeidh blianacht cheannaigh ar an talamh a mbeidh an cúiteamh san iníoctha as a los, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh Coimisiún na Talmhan ina bpáirtidhe sa chó-aontú san;

(b) nuair do gheobhaidh Coimisiún na Talmhan an cúiteamh san no an méid de is iníoctha leo fén gcó-aontú san cuirfid chun críche é do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht agus nach mó ná an riaráiste sin an méid is iníoctha amhlaidh le Coimisiún na Talmhan agus dá ngairmtear sa mhír seo an méid adubhradh, chun no mar chabhair chun an riaráiste sin do ghlanadh,

(ii) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht agus gur mó an méid adubhradh ná an riaráiste sin—

(I) cuirfear chun an riaráiste sin do ghlanadh cothrom an riaráiste sin den mhéid adubhradh, agus

(II) cuirfear iarmhéid an mhéide adubhradh chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt,

(iii) mara mbeidh aon riaráiste ar an mblianacht san, chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt;

(c) maran páirtidhe sa chó-aontú san Coimisiún na Talmhan ní dhéanfaidh íoc méid an chúitimh a socrófar leis an gcó-aontú an té íocfaidh é do shaoradh o n-a bheith air an cúiteamh san d'íoc.

Iarratais ar chúiteamh i mianraí Státtógtha.

61. —Chó luath agus is féidir é tar éis tréimhse dhá mhí no pé tréimhse, níos sia ná san (ach nach sia ar fad ná dhá mhí dhéag), a lomhálfaidh an tAire in aon chás áirithe ón lá foillseofar aon ordú áirithe tógtha mianraí san Iris Oifigiúil, déanfaidh an tAire, cheal có-aontuithe, a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh is iníoctha aige sna mianraí Stát-tógtha do tógadh leis an ordú san do shocrú.

(2) Cuirfear na scríbhinní seo leanas i dteannta gach iarratais a dhéanfaidh an tAire chun an Bhúird i dtaobh cúitimh i mianraí Stát-tógtha fén alt so, sé sin le rá:—

(a) leor-uimhir chóipeanna den ordó tógtha mianraí iomchuibhe;

(b) ráiteas ina mbeidh mion-innste ar aon éilithe ar an gcúiteamh san do lóisteáladh leis an Aire fé Chuid III den Acht so;

(c) má bhí idir an tAire agus aon duine bheidh ag éileamh an chúitimh sin aon chó-fhreagarthas i dtaobh méid an chúitimh sin, cóipeanna den chó-fhreagarthas san.

(3) Ina suidhe go puiblí dhóibh éistfidh an Bord gach iarratas ar mhéid aon chúitimh i mianraí Stát-tógtha do shocrú agus, mara n-orduighidh an Bord a mhalairt, ní lomhálfar níos mó ná aon fhínné saineolach amháin thar ceann gach páirtidhe fé leith a thiocfaidh os cóir an Bhúird.

Iarratais ar chúiteamh fé Chuid VI.

62. —I gcás cúiteamh fé Chuid VI do bheith iníoctha féadfaidh aon duine aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon duine adeir é bheith i dteideal an chúitimh sin, no

(b) aon duine ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha, no

(c) an tAire,

a iarraidh ar an mBord méid an chúitimh sin do shocrú.

Táillí ar iarratais ar chúiteamh.

63. —Pé uair iarrfaidh aon duine seachas an tAire no Coimisiún na Talmhan ar an mBord cúiteamh do shocrú fén Acht so íocfaidh an duine sin leis an mBord alos an iarratais sin an táille ordóidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais.

Ceart chun éisteacht d'fháil agus iarratas á éisteacht ag an mBord.

64. —Nuair a bheidh aon iarratas ar chúiteamh á éisteacht, beidh na daoine seo leanas, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt ar áird os cóir an Bhúird, sé sin le rá:—

(a) an tAire;

(b) aon duine adeir é bheith i dteideal an chúitimh sin;

(c) aon duine adeir go bhfuil estát no leas aige sna mianraí no sa talamh a bhfuil an cúiteamh san á éileamh as a los;

(d) más cúiteamh i dtalamh a bheidh á éileamh, aon duine adeir go bhfuil leas aige talamh san;

(e) más cúiteamh alos tailimh a bheidh á éileamh agus go mbeidh an talamh san fé bhlianacht talamh-cheannaigh, Coimisiún na Talmhan;

(f) aon duine dhligheann fé fhorálacha an Achta so an cúiteamh san d'íoc.

Cúiteamh do dheonadh.

65. —(1) Scrúdóidh an Bord gach iarratas fén Acht so agus tar éis dóibh san do dhéanamh bhéarfaid a mbreith air.

(2) Beidh na nithe seo leanas i ngach breith (dá ngairmtear breith sa Chuid seo den Acht so) do bhéarfaidh an Bórd fén alt so—

(a) ráiteas ar ghné agus ar mhéid an chúitimh a bheidh le n'íoc (más ann do);

(b) ainm an té ar a mbeidh an cúiteamh san d'íoc;

(c) ainm an té le n-a mbeidh an cúiteamh san le n'íoc;

(d) más le beirt no níos mó bheidh an cúiteamh le n-íoc, an cion den chúiteamh san a bheidh le n'íoc le gach duine acu san;

(e) más i dtaobh aon tailimh a bheidh fé bhlianacht talamhcheannaigh de thurus na huaire measfar an cúiteamh no aon chuid de, na nithe is gá do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo do chur sa bhreith sin.

(3) Sighneoidh gach ball den Bhord gach breith.

(4) Beidh gach breith ina fianaise dho-chlaoite ar gach ní bheireann sí le tuisgint do bheith á dheimhniú inti.

(5) Aon tsuim a hordófar le breith do bheith iníoctha ag duine le duine eile beidh sí ina fiacha bheidh iníoctha ag an gcéad duine sin luaidhtear leis an duine eile sin agus féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(6) Deimhniú bheireann le tuisgint í bheith deimhnithe ag rúnaidhe an Bhúird agus ina mbeidh ráiteas ar na nithe seo leanas, eadhon:—

(a) an Bord do thabhairt bhreithe,

(b) gné agus méid an chúitimh is iníoctha fén mbreith sin,

(c) an duine le n-a bhfuil an cúiteamh san iníoctha,

(d) an duine ag á bhfuil an cúiteamh san iníoctha,

glacfar leis i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie, ar na nithe deimhnítear amhlaidh, gan cruthúnas ar shighniú an té bheireann an deimhniú san le tuisgint do dheimhnigh é ná ar é bheith ina rúnaidhe don Bhord.

Breitheanna cúitimh alos tailimh fé bhlianacht talamhcheannaigh.

66. —(1) I gcás an Bord do mheas cúitimh alos tailimh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire. féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é, a iarraidh ar an mBord—

(a) má bhíonn méid an chúitimh sin có-ionann le praghas fuascailte na blianachta san agus riaráiste na blianachta san (más ann dó) no más lugha ná san é. a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún na Talmhan iomlán an chúitimh sin no an méid de iarrfaidh Coimisiún na Talmhan, no

(b) más mó méid an chúitimh sin ná praghas fuascailte na blianachta san agus riaráiste na blianachta san (más ann dó), a ordú le n-a mbreith go n-íocfar le Coimisiún na Talmhan an tsuim sin iarrfaidh Coimisiún na Talmhan agus nach mó ná méid an praghais fhuascailte sin agus an riaráiste sin (más ann dó).

agus géillfidh an Bord don iarratas san.

(2) Má socruítear le haon bhreith do bhéarfar i dtaobh tailimh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh de thurus na huaire go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talmhan cuirfidh Coimisiún na Talmhan an t-airgead san, ar n-a fháil dóibh, chun críche do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht san agus nach mó méid an airgid sin ná an riaráiste sin, chun no mar chabhair chun an riaráiste sin do ghlanadh,

(b) má bhíonn aon riaráiste ar an mblianacht san agus gur mó méid an airgid sin ná an riaráiste sin—

(i) cuirfear chun an riaráiste sin do ghlanadh cothrom an riaráiste sin den airgead san, agus

(ii) cuirfear iarmhéid an airgid sin chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt,

(c) mara mbeidh aon riaráiste ar an mblianacht san, chun no mar chabhair chun na blianachta san d'fhuascailt.

An tslí chun cúiteamh alos mianraí agus fo-cheart do mheas.

67. —(1) I gcás cúiteamh i mianraí Stát-tógtha do bheith iníoctha alos mianraí Stát-tógtha no cúiteamh i saoráidí mianadóireachta do bheith iníoctha alos fo-cheart, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun méid an chúitimh sin do shocrú, se sin le rá:—

(a) measfaidh an Bord an cúiteamh san do réir mar do bheadh cothrom agus réasúnta mar chomaoin alos margaidh idir deontóir toilteanach-agus deonaidhe toilteanach;

(b) chun críche na míre sin roimhe seo féachfaidh an Bord do sna coinníollacha fé n-a raibh na mianraí Stát-tógtha no na fo-chirt, is abhar don chúiteamh san, ar seilbh sarar thóg an Stát iad fén ordú tógtha mianraí no fén ordú tógtha saoráidí mianadóireachta (pé aca é) bheidh i gceist, agus fós do sna coinníollacha fé n-ar tógadh agus don tréimhse gur ina cóir do tógadh amhlaidh iad fé sna horduithe sin.

(2) I gcás cúiteamh fé Chuid VI do bheith iníoctha alos aon mhianraí do deonadh fé cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe no alos aon fho-chirt do deonadh fé cheadúnas fho-cheart beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun méid an chúitimh sin do shocrú, sé sin le rá:—

(a) measfaidh an Bord an cúiteamh san do réir mar do bheadh cothrom agus réasúnta mar chomaoin alos margaidh idir deontóir toilteanach agus deonaidhe toilteanach;

(b) chun críche na míre sin roimhe seo féachfaidh an Bord do sna coinníollacha fé n-a raibh na mianraí no na fo-chirt sin ar seilbh sarar deonadh iad fén gceadúnas mianraí neamh-oibrithe no fén gceadúnas fo-cheart san (pé aca é) agus fós do sna coinníollacha, más ann dóibh) fé n-ar deonadh agus don tréimhse gur ina cóir do deonadh amhlaidh iad.

(3) Chun críche an mhargaidh bharúlaigh a luaidhtear sa dá fho-alt sin roimhe seo den alt so, is tuigthe lán-fhógra do bheith, le linn a margaidh, ag an deontóir agus ag an deonaidhe luaidhtear ionta i dtaobh gach eolais ba chead don phuiblíocht d'iniúchadh in Oifig na Suirbhéireachta Geolaighe, Baile Atha Cliath, ar ghné, luach, méid agus suidheamh na mianraí no na bhfo-cheart is abhar don chúiteamh a luaidhtear sna fo-ailt sin.

An fhuirm ina ndeonfar cúiteamh i mianraí Státtógtha agus alos ccadúnas mianraí neamhoibrithe.

68. —Nuair a bheidh an Bord ag deonadh cúitimh i mianraí Stát-tógtha no cúitimh fe Chuid VI alos ceadúnas mianraí neamhoibrithe do dheonadh, is i bhfuirm rí-chíosa dhéonfaid an cúiteamh san mara dtárluighidh, maidir leis na mianraí Státtógtha san no na mianraí is abhar don cheadúnas mhianraí neamh-oibrithe sin—

(a) gur fé mharbh-chíos no fé íocaíocht bhliantúil cheaptha eile bhíodar ar seilbh ag á n-únaerí lá a dtógtha no a ndeonta fé seach (fé mar a bheidh), no

(b) gur cheannuigh a n-únaerí iad ar chomaoin luachmhair laistigh de thréimhse fiche blian roimh lá an Achta so do rith,

agus i gceachtar cás aca san féadfaidh an Bord an cúiteamh san do dheonadh i bhfuirm íocaíochta cnap-shuime no marbh-chíosa no rí-chíosa no in aon dá fhuirm aca san no i ngach fuirm aca fé mar is rogha leo.

Cúiteamh maidir le daoine nach féidir teacht ortha

69. —(1) Pé uair is dóich leis an mBord go bhfuil cúiteamh fé Chuid VI iníoctha le haon duine áirithe agus nach féidir teacht ar an duine sin no a fháil amach cé hé, féadfaidh an Bord, fé mar is rogha leo, aon ní no nithe no gach ní aca so leanas do dhéanamh san ord is oiriúnach leo, sé sin le rá:—

(a) a ordú go ndéanfar na nithe ordóid do dhéanamh chun teacht ar an duine sin no a fháil amach cé hé;

(b) a ordú go n-íocfar méid an chúitimh sin isteach san Ard-Chúirt sa tslí forálfar le rialacha cúirte;

(c) a ordú, mara dtagtar ar an duine sin no mara bhfaghtar amach cé hé fé cheann na tréimhse a luadhfar, go mbeidh gach éileamh ar an gcúiteamh san múchta ar bheith caithte don tréimhse sin.

(2) Bainfidh ailt 69 go 80 den Land Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh den tsórt san a luaidhtear i mír (b) den fho-alt san roimhe seo, fé réir aon atharuithe agus oiriúnuithe déanfar ar na hailt sin leis na rialacha cúirte déanfar fén mír sin.

(3) Pé uair ordóidh an Bord fé mhír (c) d'fho-alt (1) den alt so go mbeidh gach éileamh ar chúiteamh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san múchta ar bheith caithte do thréimhse luadhfar, beidh gach éileamh den tsórt san múchta amhlaidh dá réir sin.

Ní bheidh dul thar breitheanna an Bhúird ar cheisteanna fíorais.

70. —An bhreith do bhéarfaidh an Bord ar aon cheist fíorais eireoidh le linn imeachta fén gCuid seo den Acht so, ni bheidh dul thairsi agus ní féadfar athchomharc ina coinnibh agus beidh an bhreith sin ina ceangal ar pháirtithe uile na n-imeacht san agus ar a rannpháirtithe sin amhail is gur bhreithiúnas in personam í.

Cúiseanna d'aithris ar cheisteanna dlí.

71. —(1) Más oiriúnach leo ó féadfaidh an Bord, as a gcomhairle féin no ar iarratas aon pháirtidhe in imeachta fén gCuid seo den Acht so agus le linn aon chéime de sna himeachta san aon cheist dlí eireoidh le linn na n-imeacht san do chur i bhfuirm chúise aithriste chun na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi agus féadfaid fógairt a mbreithe féin do chur ar athló no go dtugtar an bhreith sin.

(2) In ionad cúis d'aithris le linn imeachta fén bhfo-alt san roimhe seo féadfaidh an Bord, má bhíonn ceist dlí le socrú sna himeachta san, a mbreith no aon chuid di d'aithris i bhfuirm cúise speisialta chun go dtabharfaidh an Ard-Chúirt breith uirthi.

(3) Aon pháirtidhe, in imeachta bheidh os cóir an Bhúird, ar a ngoillfe sé an Bord do dhiúltú do chúis d'aithris ar cheist dlí fén alt so, féadfaidh, tar éis don Bhord a mbreith do thabhairt no roimhe sin, ordú d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair á ordú don Bhord cúis d'aithris chun go dtabharfaidh an Ard-Chúirt breith ar an gceist sin agus nuair a déanfar an t-iarratas san féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú san do dhéanamh agus, má dheineann, cólíonfaidh an Bord téarmaí an orduithe sin d'ainneoin a mbreith do bheith tugtha cheana féin ag an mBord.

(4) An bhreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt ar aon chúis aithriste fén alt so, ní bheidh dul thairsi agus ní bheidh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe.

(5) Na costais agus na fo-chostais a bhainfidh le héinní do chur fé bhráid na hArd-Chúirte, beid mar is rogha leis an gCúirt sin.

Fiacha bheidh dlite ag an Stát do bhaint as cúiteamh.

72. —Má socruítear le breith méid aon chúitimh is iníoctha ag an Aire fén Acht so le haon duine áirithe agus go neosfar don Aire sara n-íoctar an cúiteamh san go bhfuil fiacha ag aon Aire Stáit no ag an bPrímh-Chiste ar an duine sin, féadfaidh an tAire méid na bhfiach do bhaint as an gcúiteamh san agus féadfaidh a ordú an méid do hasbhaineadh amhlaidh d'íoc leis an Aire Stáit iomchuibhe no (másé is gá sa chás) d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

Costais do dheonadh.

73. —(1) Is do réir mar is rogha leis an mBord a bheidh costais na bpáirtithe in aon imeachta fén gCuid seo den Acht so (seachas na costais agus na fo-chostais a bhainfidh le ní do chur fé bhráid na hArd-Chúirte) agus féadfaidh an Bord, le n-a mbreith, a ordú cé íocfaidh agus cé leis go n-íocfar agus an tslí ina n-íocfar na costais sin no aon chuid díobh, agus féadfaidh an Bord, in aon chás áirithe, costas abhcóide do dhí-lomháil.

(2) Féadfaidh an Bord féin méid na gcostas a hordófar d'íoc d'uirmheas no a ordú conus a huirmheasfar iad.

(3) Má orduíonn an Bord do neach iarrtha cúitimh fén Acht so costas no cuid de chostais an duine ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha d'íoc, féadfaidh an duine sin méid na gcostas san do bhaint de mhéid an chúitimh sin.

(4) Chun críche an ailt seo foluíonn costais aon táillí, éilithe agus caiteachais a bhainfidh leis an gcúiteamh do dheonadh.