12 1941


Uimhir 12 de 1941.


ACHT NA LEANBHAÍ, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN CHILDREN ACT, 1908, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [3adh Meitheamh, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Children Act, 1908.

(2) Fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, isé brí atá, san Acht so, le gach focal agus abairt dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht, chun crícheanna an Achta san, ná an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

Leathnú ar an mbrí atá le scoil deimhnithe.

2. —Déanfar, sa Phríomh-Acht agus san Acht so, gach tagairt do scoil deimhnithe do léiriú mar thagairt fholuíonn tagairt d'aon fhoirgint no campa no áitreabh eile, pé áit ina mbeidh, a bheidh á úsáid de thurus na huaire, le ceadú an Aire, chun saoire do thabhairt do dhaoine bheidh á gcoinneáil sa scoil sin.

Rialacháin maidir le scoileanna deimhnithe do sheoladh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh maidir le scoileanna deimhnithe do sheoladh agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin, féadfar socrú do dhéanamh leis na rialacháin sin i dtaobh an oideachais agus na tréineála bheidh le tabhairt do dhaoine bheidh á gcoinneáil sna scoileanna san agus i dtaobh na ndaoine sin do choimeád ina sláinte.

(2) Féadfar rialacháin fén alt so do chumadh i slí go mbainfid leis na scoileanna deimhnithe uile no le ceann no cinn áirithe, no le haon aicme no aicmí áirithe, de scoileanna deimhnithe.

(3) I gcás an tAire do dhéanamh rialachán fén alt so, cuirfidh cóip den chéanna trid an bpost chun bainisteoirí na scoile deimhnithe, no chun bainisteoirí gach scoile deimhnithe fé leith, le n-a mbainfidh na rialacháin sin.

(4) Beidh sé de dhualgas ar bhainisteoirí na scoile deimhnithe, no ar bhainisteoirí gach scoile deimhnithe fé leith, le n-a mbainfidh rialacháin a bheidh déanta fén alt so na rialacháin sin do chólionadh agus fós na rialacha, fé alt 54 den Phríomh-Acht, a bheidh i bhfeidhm i dtaobh na scoile sin de thurus na huaire d'atharú sna slite sin (más aon tslí é) is gá chun na rialacha san do chur ar comhardadh leis na rialacháin sin.

Rialachain ag ordú an luach saothair a bheidh le fáil ag oifigigh scoileanna deimhnithe.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú an luach saothair a bheidh le fáil ag oifigigh scoileanna deimhnithe no aon aicme áirithe de sna hoifigigh sin.

(2) I gcás an tAire do dhéanamh rialachán fén alt so, cuirfidh cóip den chéanna tríd an bpost chun bainisteoirí gach scoile deimhnithe.

(3) Beidh sé de dhualgas ar bhainisteoirí gach scoile deimhnithe, aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so do chólíonadh.

Bainisteoir comhnuitheach scoile deimhnithe.

5. —(1) Déanfaidh bainisteoirí scoile deimhnithe, o am go ham fé mar a bheidh gá leis, duine do cheapadh chun bheith freagarthach i ngar-urlámhas agus i ngar-mhaoirseacht na scoile sin, agus isé do bhéarfar ar gach duine ceapfar amhlaidh, agus a gairmtear de san alt so, ná bainisteoir comhnuitheach na scoile sin.

(2) Is in áitreabh na scoile bheidh gnáth-chomhnaidhe ar bhainisteoir comnuitheach scoile deimhnithe.

(3) Is cead do bhainisteoirí scoile deimhnithe a údarú do bhainisteoir chomhnuitheach na scoile sin feidhmiú agus cólíonadh do dhéanamh ar na cinn sin dá gcomhachta agus dá bhfeidhmeanna agus dá ndualgais (ar a n-áirmhítear go sonnrách a gcomhachta agus a bhfeidhmeanna agus a ndualgais fé ailt 52, 53, 67 agus 68 den Phríomh-Acht) is oiriúnach leo.

(4) Más deimhin leis an Aire bainisteoir comhnuitheach scoile deimhnithe áirithe d'fhágaint dualgais a phuist gan chólíonadh go héifeachtúil no é do thabhairt faillighe sa chólíonadh san, no é bheith neamh-oiriúnach no neamh-inniúil ar na dualgais sin do chólíonadh, féadfaidh an tAire a iarraidh ar bhainisteoirí na scoile an bainisteoir comhnuitheach san do chur as a phost agus déanfaidh na bainisteoirí do réir na hiarrata san (mara dtarraingtear siar í) fé cheann mí tar éis í fháil dóibh.

(5) Isé tráth a ceapfar bainisteoir comhnuitheach scoile deimhnithe ná—

(a) i gcás an ceapadh bheith ina chéad-cheapadh agus an scoil do bheith ina scoil deimhnithe ar dháta an Achta so do rith—fé cheann mí tar éis dáta an Achta so do rith,

(b) i gcás an ceapadh bheith ina chéad-cheapadh agus scoil deimhnithe do dhéanamh den scoil tar éis dáta an Achta so do rith—fé cheann mí tar éis scoil deimhnithe do dhéanamh den scoil, no

(c) i gcás gan an ceapadh bheith ina chéad-cheapadh—fé cheann mí tar éis an fholúntais do thárlachtaint gur dá dhruim is gá an ceapadh san do dhéanamh.

(6) Déanfaidh bainisteoirí scoile deimhnithe, fé cheann deich lá tar éis dóibh bainisteoir comhnuitheach do cheapadh, ainm an bhainisteora chomhnuithigh sin do chur in úil don Aire.

Alt 44 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Deintear, leis seo, alt 44 den Phríomh-Acht do leasú tríd an bhfocal “fourteen” do scriosadh as an áit ina bhfuil an focal san sa mhíniú ar “child” agus tríd an bhfocal “fifteen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh.

Alt 49 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Ní bhainfidh alt 49 den Phríomh-Acht le haon scoil deimhnithe is scoil cheartúcháin.

Alt 55 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Déanfar an tagairt d'fhoirgintí scoile deimhnithe atá in alt 55 den Phríomh-Acht do léiriú mar thagairt fholuíonn tagairt d'aon fhaithche agus áitreabh a húsáidtear chun crícheanna caitheamh aimsire i ndáil leis an scoil sin.

Fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

(2) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 57 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “fourteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “fifteen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Fo-alt (1) d'alt 58 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 58 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “fourteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “fifteen” do chur ina ionad;

(b) tré sna focail “wandering and” do scriosadh as an dá áit ina bhfuil na focail sin i mír (b) agus fós tré sna focail “no parent or guardian, or” do scriosadh as an mír sin;

(c) tríd an bhfocal “reputed” do chur, i mír (d), roimh an bhfocal “criminal”;

(d) tríd an bhfocal so leanas, agus tré sna míreanna so leanas, do chur díreach i ndiadh míre (g), sé sin le rá:— “or

(h) is found destitute and is not an orphan and his parents or his surviving parent or, in the case of an illegitimate child, his mother are or is unable to support him, or

(i) is under the care of a parent or guardian who has been convicted of an offence under Part II of this Act or mentioned in the First Schedule to this Act in relation to any of his children, whether legitimate or illegitimate”, agus

(e) tré sna focail seo leanas do chur i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

“Provided also that the Court shall not make an order that a child be sent to a certified industrial school on the grounds stated in paragraph (h) unless—

(i) the child's parents consent or his surviving parent or, in the case of an illegitimate child, his mother consents to such order being made, or

(ii) the Court is satisfied that owing to mental incapacity or desertion on the part of the child's parents or his surviving parent or, in the case of an illegitimate child, his mother, the consent of such parents or parent may be dispensed with, or

(iii) one of the child's parents consents to such order being made and the Court is satisfied that, owing to mental incapacity or desertion on the part of the other parent or to the fact that the other parent is undergoing imprisonment or penal servitude, the consent of that parent may be dispensed with:

Provided also that if an application is made to the Minister for Education by the parents or surviving parent or, in the case of an illegitimate child, the mother of a child committed on the grounds stated in paragraph (h) to a certified industrial school for the discharge from such school of such child, the said Minister shall, if satisfied that the persons or person making such application are or is able to support such child, order such discharge of such child.”

(2) Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 58 den Phríomh-Acht tré sna focail “or fourteen” do chur, sa bhfo-alt san, roimh an bhfocal “years”, agus léireofar an fo-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Alt 65 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —(1) Leasuítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “three” do scriosadh as mír (a) agus tríd an bhfocal “two” do chur ina ionad, agus fós tríd an bhfocal “five” do scriosadh as an mír sin agus tríd an bhfocal “four” do chur ina ionad, agus léireofar an t-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

(2) I gcás ciontuitheoir óg do bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin, díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, de bhun orduithe choinneála, ní oibreoidh an t-alt so chun na haimsire bheidh sé le coinneáil do réir an orduithe sin do ghiorrú.

Tréimhse choinneála i scoil saothair d'fhaidiú.

12. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil an tréimhse bheidh leanbh ar bith le coinneáil i scoil saothair fé ordú choinneála d'fhaidiú, an méid sin is ceart dar leis an Aire, chun an leanbh san do chríochnú aon chúrsa áirithe oideachais no tréineála agus, leis sin agus d'ainneoin éinní atá in alt 65 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag an ordú coinneála san fé is dá n-atharuítí é i slí go mbeadh ar comhardadh le téarmaí na forála san agus coinneofar an leanbh san dá réir sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire foráil fén alt so gan toiliú tuismitheoirí no tuismitheora bheo no máthar (i gcás leinbh neadhlistinigh) no caomhnóra an leinbh le n-a mbainfidh an fhoráil sin do bheith aige chuige sin.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire foráil fén alt so dá dtiocfadh an leanbh le n-a mbainfeadh do choinneáil thar an am a shlánóidh an leanbh san seacht mbliana déag d'aois dar leis an Aire.

Alt 67 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —Leasuítear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “eighteen” do scriosadh as fo-alt (1) agus tríd an bhfocal “six” do chur ina ionad, agus

(b) tré sna focail “or refusing to return to the school when required to do so on the revocation or forfeiture of his licence” do scriosadh as fo-alt (4), agus

(c) tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt, sé sin le rá:—

“(7) Where a licence has been revoked or forfeited and the youthful offender or child refuses or fails to return to the school, he may be apprehended without warrant and brought back to the school”.

Alt 68 den Phríomh-Acht do leasú.

14. —Leasuítear leis seo alt 68 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail seo leanas do chur i ndeireadh fo-ailt (1), eadhon, “and, if the Minister for Education, after consultation with the managers, directs that it is necessary for the protection and welfare of the youthful offender that the period of his supervision should be extended for a specified period not exceeding two years, he shall, after attaining the age of nineteen, remain under the supervision of the managers for a period so specified”;

(b) tré sna focail seo leanas do chur, i bhfo-alt (2), i ndiaidh na bhfocal “managers of the school”, eadhon, “and, if the Minister for Education, after consultation with the managers, directs that it is necessary for the protection and welfare of the child that the period of his supervision should be extended for a period specified in such direction not exceeding three years, he shall, after attaining the age of eighteen, remain under the supervision of the managers for the period so specified”;

(c) tríd an bhfocal “may” do scriosadh as an gcéad áit ina bhfuil an focal san i bhfo-alt (3) agus tríd an bhfocal “shall” do chur ina ionad, agus

(d) tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt, sé sin le rá:—

“(7) Where a licence granted to a person under the supervision of the managers of a certified school is revoked, such person may be apprehended without warrant and brought back to such school.”

Deimhnithe maoirseachta.

15. —(1) Isé gairmfear de sna scríbhinní, ar a dtugtar “licences” in ailt 67 agus 68 den Phríomh-Acht, ná deimhnithe maoirseachta, agus is dá réir sin a cumfar na scríbhinní sin.

(2) Déanfar an t-alt so do léiriú mar alt ná fuil d'éifeacht aige ach ainm na scríbhinní le n-a mbaineann d'atharú.

Fo-alt (1) d'alt 69 den Phríomh-Acht do leasú.

16. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 69 den Phríomh-Acht tré sna focail “may be apprehended without warrant and brought back to school” do chur, sa bhfo-alt san, roimh na focail “and any person”, agus léireofar an fo-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Fo-alt (1) d'alt 71 den Phríomh-Acht do leasú.

17. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 71 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Alt 72 den Phríomh-Acht do leasú.

18. —Leasuítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “may be then brought back to the reformatory school or” do chur, i bhfo-alt (1), roimh na focail “may (any other Act to the contrary notwithstanding)”.

(b) tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as fo-alt (1) agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus

(c) tré sna focail “may be brought back to the school or” do chur, i bhfo-alt (2), roimh na focail “may (any other Act to the contrary notwithstanding)”.

Alt 73 den Phríomh-Acht do leasú.

19. —Leasuítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “and towards the expenses of disposing of any such offender or child by emigration” do scriosadh as an alt san, agus

(b) tríd an bprovíso do scriosadh as an alt san.

Alt 74 den Phríomh-Acht do leasú.

20. —Leasuítear leis seo alt 74 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré fho-alt (3) do scriosadh as an alt san agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur in ionad an fho-ailt a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:

“(3) For the purposes of the foregoing provisions of this section, a youthful offender or child shall be presumed to reside—

(a) in case proof to the satisfaction of the court is given that he has been residing continuously in any one place within the State for not less than twelve months before the commission of the offence or the occurrence of the circumstances which rendered him liable to be sent to a certified school, the place where he so resided, or

(b) in case no such proof as aforesaid is given but proof to the satisfaction of the court is given that the parents, surviving parent, mother (in a case of illegitimacy), or guardian of the youthful offender or child resided continuously in any one place within the State for not less than twelve months before the commission of the offence or the occurrence of the circumstances which rendered him liable to be sent to a certified school, the place where such parents, parent, mother, or guardian so resided, or

(c) in any other case, the place where the offence was committed or the circumstances occurred which rendered him liable to be sent to a certified school,”

agus

(b) tré fho-alt (5) do scriosadh as an alt san.

Iocaíochta alos iostaithe i scoileanna deimhnithe.

21. —(1) Féadfaidh an tAire, ach toiliú an Aire Airgeadais agus toiliú an Aire Riaghaltais Áiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do bheith aige chuige sin, rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na suimeanna bheidh le n'íoc ag údaráis áitiúla le bainisteoirí scoileanna deimhnithe as na bainisteoirí sin do chothabháil na leanbhaí sin agus na gciontuitheoirí óga san a dhlighfidh na húdaráis áitiúla san, fé alt 74 den Phríomh-Acht, do chothabháil.

(2) Féadfar, le rialacháin fén alt so, rátaí deifriúla íocaíochta d'ordú alos scoileanna deimhnithe deifriúla no alos aicmí deifriúla de scoileanna deimhnithe agus méideanna seasta, no méideanna maximum agus méideanna minimum, do luadh alos na rátaí sin.

(3) I gcás rialacháin ar bith fén alt so do bheith i bhfeidhm aon tráth áirithe, beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil, le linn an trátha san, na rialacháin sin do chólíonadh, agus beidh an dualgas san ar an údarás áitiúil sin d'ainneoin éinní bheidh in aon chonnradh bheidh déanta aca roimh theacht i bhfeidhm don alt so, no dhéanfaid dá éis sin, fé mhír (a) d'fho-alt (8) d'alt 74 den Phríomh-Acht agus, dá réir sin, is tuigthe gach connradh den tsórt san do bheith gan bhrí sa mhéid (más aon mhéid é) go mbeidh sé buiniscionn leis na rialacháin sin.

(4) Gach suim is iníoctha ag údarás áitiúil do réir rialachán fén alt so le bainisteoirí scoile deimhnithe, beidh sí, cheal a híoctha, ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Alt 75 den Phríomh-Acht do leasú.

22. —Leasuítear leis seo alt 75 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “local authority responsible under this Act for the maintenance of the offender or child or of the” do chur, i mír (b) d'fho-alt (2), roimh na focail “chief inspector”;

(b) tré sna focail “and on fourteen days' notice of such application being given to the chief inspector or person on whom the order was made” do scriosadh as fo-alt (4) agus tré sna focail “or of the local authority responsible under this Act for the maintenance of the offender or child” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh;

(c) tré sna focail seo leanas, agus tré sna míreanna so leanas, do chur i ndeireadh fo-ailt (4), sé sin le rá, “and where any such application is made, fourteen days' notice thereof shall be given—

(a) in the case of an application by the person on whom the order is made, to the chief inspector,

(b) in the case of an application by or at the instance of the chief inspector, to the person on whom the order is made, and

(c) in the case of an application by or at the instance of the local authority responsible under this Act for the maintenance of the offender or child, to the chief inspector and to the person on whom the order is made”;

(d) tré sna focail “All sums received under this section shall be paid into the Exchequer” do scriosadh as fo-alt (7) agus tré sna focail “Every sum received under this section shall be apportioned between the Minister for Education and the local authority responsible under this Act for the maintenance of the offender or child in such proportion as the said Minister, with the consent of the Minister for Finance, directs” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh;

(e) tré sna focail “paid into the Exchequer” do scriosadh as an áit ina bhfuil na focail sin i ndeireadh fo-ailt (7) agus tré sna focail “apportioned as aforesaid” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh, agus

(f) tríd an bhfo-alt so leanas do chur i ndeireadh an ailt, sé sin le rá:—

“(12) Every sum apportioned to the Minister for Education under sub-section (7) of this section shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in such manner as the Minister for Finance may direct.”

Alt 84 den Phríomh-Acht do leasú.

23. —Leasuítear leis seo alt 84 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an t-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Alt 94 den Phríomh-Acht do leasú.

24. —Leasuítear leis seo alt 94 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an t-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Alt 95 den phríomh-Acht do leasú.

25. —Leasuítear leis seo alt 95 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an t-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Alt 111 den Phríomh-Acht do leasú.

26. —Leasuítear leis seo alt 111 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as an dá áit ina bhfuil an focal san i bhfo-alt (2) agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur ina ionad sa dá áit sin, agus

(b) tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as an dá áit ina bhfuil an focal san i bhfo-alt (3) agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur ina ionad sa dá áit sin.

Fo-alt (1) d'alt 123 den Phríomh-Acht do leasú.

27. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 123 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “sixteen” do scriosadh as agus tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san, agus beidh éifeacht aige, dá réir sin.

Fo-alt (1) d'alt 128 den Phríomh-Acht d-athghairm agus foráil nua do chur ina ionad.

28. —Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 128 den Phríomh-Acht agus achtuítear leis seo ina ionad san—

(a) go ndéanfar “fifteen years” do chur in ionad “twelve years” sa mhíniú ar “child” atá in alt 9 den Summary Jurisdiction Over Children (Ireland) Act, 1884, agus

(b) go ndéanfar “fifteen years” do chur in ionad “twelve years” agus “seventeen years” do chur in ionad “sixteen years” sa mhíniú ar “young person” atá san alt san 9.

Alt 131 den Phríomh-Acht do leasú.

29. —(1) Leasuítear leis seo alt 131 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “fourteen” do scriosadh as an áit ina bhfuil an focal san sa mhíniú ar “child” agus tríd an bhfocal “fifteen” do chur in ionad an fhocail a scriostar amhlaidh.

(2) Leasuítear leis seo alt 131 den Phríomh-Acht tré sna focail “fourteen” agus “sixteen” do scriosadh as an áit ina bhfuil na focail sin sa mhíniú ar “young person” agus tré sna focail “fifteen” agus “seventeen” fé seach do chur in ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh.

(3) Ní bheidh duine ar bith, is duine os cionn sé mbliain déag d'aois agus fé bhun seacht mblian déag d'aois, neamh-iondaortha chun a choinneála i bhFundúireacht Bhorstail de bhíthin oibriú fo-ailt (2) no fo-ailt (3) d'alt 102 den Phríomh-Acht do leathnú, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus dá bhíthin sin amháin.

Athghairm.

30. —Athghairmtear leis seo Acht na Leanbhaí, 1929 (Uimh. 24 de 1929) .

Gearr-theideal, có-luadh, agus tosach feidhme.

31. —(1) Féadfar Acht na Leanbhaí, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na Leanbhaí, 1908 go 1941, do ghairm den Acht so agus an Children Act, 1908, an Children Act (1908) Amendment Act, 1910; an Children (Employment Abroad) Act, 1913, agus Acht na Leanbhaí, 1934 (Uimh. 15 de 1934) , le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá no na laetheanta san a ceapfar chuige sin, le hordú no le horduithe ón Aire, go generálta no maidir le haon alt no ailt áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh le haghaidh alt deifriúil den Acht so.