An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941) Ar Aghaidh (CUID II. An Comhlucht Lorgtha agus Forbartha Mianrai, Teoranta.)

13 1941

ACHT UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “Acht 1940” an t Acht Forbairte Minerál, 1940 (Uimh. 31 de 1940) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Cuideachtan” na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924;

cialluíonn an abairt “an Bord Mianadóireachta” an bord do bunuíodh fén ainm sin le hAcht 1940;

tá leis an bhfocal “mianraí” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1940, ach amháin ná foluíonn sé gual;

nuair a húsáidtear an focal “oibriú” maidir le mianraí, foluíonn sé na mianraí gur ina dtaobh a húsáidtear an focal san do thochailt, do chuardach, do bhaint, do ghabháil, d'árdú, do thógaint, do bhreith chun siúil, do chóireáil agus d'atharú agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

cialluíonn an abairt “sean-ghnó mianadóireachta” aon ghnó atá, le linn an Achta so do rith, ina bheo-ghnóthas dar cúram, go furmhór no ar fad, mianraí d'oibriú agus na mianraí do gheibhtear de dhruim an oibrithe sin do dhéanamh incheannaigh agus do chur de láimh;

tá leis an abairt “mianraí Stáit” an bhrí chéanna atá léi in Acht 1940;

cialluíonn an abairt “ceadúnas lorgaireachta” ceadúnas lorgaireachta do réir bhrí Achta 1940;

cialluíonn an abairt “léas mianadóireachta Stáit” léas mianadóireachta Stáit do réir bhrí Achta 1940.

Costaisí.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.