|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Custuim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID V. Cain Bhrabuis Chorparaide.) |
ACHT AIRGEADAIS, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Diuitethe Bais. | |
[EN] |
Mínithe maidir leis an gCuid seo den Acht so. |
27. —Sa Chuid seo den Acht so— |
[EN] | foluíonn an focal “riarasú” aon iontaobhas, cumhnant, có-aontú, no socrú, pé aca le haon oibriú amháin no le roinnt oibrithe cónasctha do rinneadh é; | |
[EN] | foluíonn an focal “blianacht” aon tsreath d'íocaíochta, pé aca bhainid le n-a chéile no ná bainid agus pé aca den aon mhéid dóibh no de mhéideanna deifriúla agus pé aca iníoctha go féiliúnta dhóibh no nach eadh; | |
[EN] | déanfar tagairtí do bhlianacht no do leas eile ar n-a cheapadh chun scur ar éag dhuine do léiriú mar nithe thagrann freisin do bhlianacht no do leas éile fé réir teorann (pé sórt a fuirm) darb éifeacht a shocrú an bhlianacht no an leas san do scur ar éag dhuine no neachtar aca ar thárlachtaint ní éigin no ar chríochnú treimhse éigin roimh an éag san; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “oibrithe có-nasctha” oibrithe (pé aca aon duine amháin no daoine deifriúla do rinne iad agus pé aca bhainid le n-a chéile ar shlí eile seachas mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo no ná bainid agus pé aca có-aimseardha dhóibh no nach eadh)— | |
[EN] | (a) is oibrithe bhaineann leis an aon mhaoin amháin, no | |
[EN] | (b) is oibrithe go mbaineann ceann aca le maoin áirithe éigin agus an ceann no na cinn eile le maoin a sheasuíonn (go díreach no go nea-dhíreach) don mhaoin sin no d'ioncum as an maoin sin no do charnála den ioncum san, no | |
[EN] | (c) is dhá oibriú go ndeintear ceann aca ag féachaint don cheann eile no d'fhonn go bhféadfar an ceann eile sin do dhéanamh no d'fhonn a urasú an ceann eile sin do dhéanamh agus fós aon tríú oibriú go n-a shamhail sin de ghaol aige le haon cheann den dá oibriú san, agus aon cheathrú oibriú go n-a shamhail sin de ghaol aige le haon cheann den trí oibriú san, agus mar sin de; | |
[EN] | foluíonn an focal “íocaíocht” aistriú maoine agus fós fritheas no scaoileadh oblagáide; | |
[EN] | léireofar tagairtí do mhéid íocaíochta mar nithe fholuíonn tagairtí do luach maoine aistrithe agus do luach oblagáide fritheasta no scaoilte. | |
[EN] |
Rátaí diúité estáit d'atharú. |
28. —I gcás daoine d'éag tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, beidh an scála atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ina scála, agus beidh éifeacht aige mar scála, de rátaí diúité estáit in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , ar n-a atharú le halt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 ( Uimh. 33 de 1939 ). |
[EN] |
An ní thiocfaidh de mhéadú na rátaí ar dhíola agus morgáistí áirithe. |
29. —(1) I gcás leas súilíochta do réir bhrí Choda I den Finance Act, 1894, in aon mhaoin (seachas maoin is tuigthe, de bhuadh ailt 26 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , ar n-a leasú le hailt 29 agus 30 den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , d'aistriú ar éag dhuine roimh an 8adh lá de Bhealtaine, 1941) do dhíol no do mhorgáistiú bona fide, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ar lán-chomaoin in airgead no i luach airgid agus na rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar thuitim i seilbh don leas san do bheith níos aoirde ná na rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar dháta an díola no an mhorgáiste sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní bheidh aon diúité estáit eile iníoctha ag an gceannuitheoir no ag an morgáistidhe ar an maoin sin nuair a thuitfidh an leas san i seilbh seachas mar a bheadh iníoctha aige dá mb' iad rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar dháta an díola no an mhorgáiste sin na rátaí diúité estáit agá mbeadh éifeacht i gcás duine d'éag ar thuitim i seilbh don leas san; | |
[EN] | (b) i gcás aon mhorgáiste den tsórt san adubhradh, beidh aon diúité estáit is aoirde agus is iníoctha ag an morgáisteoir ina mhuirear i ndiaidh an mhorgáiste sin. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag an alt so ach maidir le leasanna súilíochta do thuit no thuitfidh i seilbh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941. | |
[EN] |
Saol-leasanna, etc., do riarasú no d'fhoirceannadh. |
30. —(1) Fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, má thárla, maidir le leas i maoin do bhí ceaptha chun scur ar éag dhuine, go ndearnadh, tar éis dó teacht chun bheith ina leas i seilbh, é do riarasú no d'fhoirceannadh (tré thabhairt suas, árachú, dídhílsiú, geallbhruideadh no ar aon tslí eile seachas tré chríochnú tréimhse ceaptha gur ar chríochnú, dhi bhí an leas san ceaptha chun scur) i bpáirt no go hiomlán agus ar chomaoin luachmhair no eile, beidh feidhm agus éifeacht ag pé foráil aca so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) más rud é, mara mbeadh an riarasú no an foirceannadh san, go n-aistreodh iomlán na maoine sin, de bhuadh ailt 1 den Finance Act, 1894, ar éag an duine gur ar éag dó bhí sí ceaptha chun scur, ansan agus sa chás san is tuigthe de bhuadh an ailt seo iomlán na maoine sin do bheith ina cuid den mhaoin d'aistrigh ar éag an duine sin, no | |
[EN] | (b) más rud é, mara mbeadh an riarasú no an foirceannadh san, go n-aistreodh an mhaoin sin, de bhuadh míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, i méid áirithe no teoranta ar éag an duine gur ar éag dó bhí sí ceaptha chun scur, ansan agus sa chás san is tuigthe de bhuadh an ailt seo an mhaoin sin do bheith, sa mhéid áirithe no teoranta san, ina cuid den mhaoin d'aistrigh ar éag an duine sin. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so má rinneadh no má fuilingeadh bona fide an riarasú no an foirceannadh a luaidhtear sa bhfo-alt san chun crícheanna puiblí no déirciúla bliain no níos mó roimh an éag no má rinneadh no má fuilingeadh é bona fide chun aon chríche eile trí bliana no níos mó roimh an éag agus— | |
[EN] | (a) gur thárla, maidir leis an maoin ina raibh an leas dob abhar don riarasú no don fhoirceannadh san, go ndearna an duine do tháinig ina theideal de bhuadh an riarasuithe no an fhoirceannta san, no ar bheith déanta don chéanna, a seilbh agus a húsáid do ghlacadh chuige bona fide díreach tar éis an riarasuithe no an fhoirceannta san agus gur choinnigh an duine sin aige féin as san amach an tseilbh agus an úsáid sin gan roinn ná páirt ionta ag an duine bhí i dteideal an leasa san roimhe sin agus gan sochar ar bith dhó de bharr connartha ná eile, no | |
[EN] | (b) ná raibh an riarasú no an foirceannadh san ach leathrannach agus gurb é an t-aon chúis go mbeidh forálacha na míre deiridh sin roimhe seo gan cólíonadh go hiomlán ná an duine sin do bhí i dteideal an leasa san roimhe sin do choinneáil coda éigin den mhaoin no sochair éigin de bhuadh na hionstruime le n-ar cruthnuíodh no le n-ar tugadh dó an leas san. | |
[EN] | (3) Ní dheánfaidh éinní sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so dochar ná deifir d'aon éileamh diúité estáit a eireoidh ar shlí seachas de bhuadh fo-ailt (1) den alt so. | |
[EN] | (4) Le linn feidhm do thabhairt d'fho-alt (1) den alt so maidir le cás ina ndearnadh eire ar an maoin ina raibh an leas a luaidhtear sa bhfo-alt san do chruthnú le hoibrithe có-nasctha ar a raibh oibriú tré n-a ndearnadh an leas san do riarasú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) má cruthnuíodh an t-eire sin ar chomaoin in airgead no i luach airgid do húsáideadh i bpáirt no go hiomlán chun crícheanna ba dhócha do chothabhálfadh no do mhéadódh luach na maoine sin, léireofar tagairtí sa bhfo-alt san (1) don mhaoin sin mar thagairtí don mhaoin sin i dteanta agus fé réir an eire sin sa mhéid go ndearnadh an chomaoin inti d'úsáid amhlaidh; | |
[EN] | (b) lasmuich den chás dá bhforáltar leis an mír sin roimhe seo, déanfar tagairtí sa bhfo-alt san (1) don mhaoin sin do léiriú mar thagairtí don mhaoin sin gan an t-eire sin uirthi. | |
[EN] | (5) I bhfo-alt (3) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, léireofar na focail “property taken under such a disposition or affected by such a surrender, assurance, divesting, or disposition as aforesaid” mar ní a fholuíonn maoin dá ndeintear deifir le haon riarasú no foirceannadh den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus beidh éifeacht dá réir sin ag na focail sin, agus léireofar na focail ina dhiaidh sin “disposition, surrender, assurance or divesting” sa bhfo-alt san mar ní a fholuíonn aon riarasú no foirceannadh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san (1), agus léireofar na focail “this section” mar ní a fholuíonn an t-alt so. | |
[EN] | (6) Ní oibreoidh an t-alt so maidir le haon tabhairt suas, árachú, dí-dhílsiú, no riarasú den tsórt a luaidhtear i mír (c) den phrovíso ghabhann le halt 14 den Finance Act, 1914, i slí go mbeadh aon diúité estáit iníoctha ná beadh iníoctha mara mbeadh an t-alt san. | |
[EN] | (7) Ní bheidh éifeacht ag an alt so ach amháin maidir le daoine éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941. | |
[EN] |
Blianachta, etc., do cheannach o ghaolta. |
31. —(1) Má rinne duine (dá ngairmtear an duine marbh sa bhfo-alt so) a éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, riarasú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar mhaoin i bhfábhar gaoil, ní déanfar cruthnú no riarasú i bhfábhar an duine mhairbh, ar bhlianacht no ar leas eile bhí ceaptha chun scur ar éag an duine mhairbh no aon duine eile, d'áireamh chun cricheanna ailt 3 den Finance Act, 1894, no fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht san mar chomaoin sa riarasú san do rinne an duine marbh amhlaidh. |
[EN] | (2) Má rinne duine (dá ngairmtear an duine marbh sa bhfo-alt so) a éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941, riarasú (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar mhaoin i bhfábhar cuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so, ní déanfar cruthnú no riarasú i bhfábhar an duine mhairbh, ar bhlianacht no ar leas eile bhí ceaptha chun scur ar éag an duine mhairbh no aon duine eile, d'áireamh chun crícheanna ailt 3 den Finance Act, 1894, no fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht san mar chomaoin sa riarasú san do rinne an duine marbh amhlaidh, mara gcuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná raibh aon ghaol don duine mharbh, nuair do rinneadh an riarasú san amhlaidh ná aon uair ina dhiaidh sin le linn an duine mhairbh, ina bhall den chuideachtain sin ná d'aon chuideachtain eile le n-a mbaineann an t-alt so agus ba bhall den chuideachtain sin. | |
[EN] | (3) Má thárla, i gcás le nambaineann ceann de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, go ndearnadh oibrithe có-nasctha maidir leis an duine dá ngairmtear an duine marbh sa bhfo-alt san d'fháil aon íocaíochta alos blianachta no leasa eile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san no go ndearnadh an céanna d'fhonn a chumasú no a urasú don duine sin aon íocaíocht den tsórt san d'fháil, beidh ag an bhfo-alt san, maidir le gach ceann fé leith de sna hoibrithe có-nasctha san, an éifeacht chéanna adeir sé do bheith aige maidir le cruthnú no riarasú na blianachta no an leasa eile sin i bhfábhar an duine sin. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an ailt seo, isiad na daoine seo leanas agus iad san amháin is gaolta do dhuine eile, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) céile an duine eile sin, agus | |
[EN] | (b) athair, máthair, clann (dlisteanach no mí-dhlisteanach), oncaileacha agus aintíní an duine eile sin, agus | |
[EN] | (c) clann aon duine (agus clann mhí-dhlisteanach d'áireamh) is gaol don duine eile sin de bhuadh na míreanna san roimhe seo den fho-alt so; | |
[EN] | (d) céile duine is gaol don duine eile sin de bhuadh na míre sin (b) no na míre sin (c) roimhe seo. | |
[EN] | (5) San alt so cialluíonn an abairt “cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so” cólucht corparuithe (pé áit inar hionchorparuíodh) a shrianann, le n-a n-airteagail no ar shlí eile, ceart aistrithe a stuic no a scaireanna, agus a theorannuíonn uimhir a mball (lasmuich de dhaoine ar fostú aca) go dtí caoga, agus a thoirmeascann aon chuireadh do thabhairt don phuiblíocht suibscríobhadh le haghaidh aon choda dá gcuid stoc, scaireanna, bintiúirí, no stuic bhintiúra. | |
[EN] | (6) Má bhíonn beirt no níos mó i gcó-sheilbh stuic no scaireanna i gcuideachtain is tuigthe, chun crícheanna an mhínithe atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, gurb aon bhall amháin den chuideachtain sin iad. | |
[EN] |
Bronntanais do thabhairt tré ualaighe do chruthnú no tré cheart do mhúchadh. |
32. —(1) Má cruthnuíodh no má cruthnuítear (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag duine no le n-a thoil fiach no ceart eile is ion-fhoirfheidhmithe ina choinnibh go pearsanta no i gcoinnibh maoine atá no a thiocfaidh chun bheith ar a chumas a riarasú, a mhuirearú, no a ualú chun a thairbhe féin, is tuigthe chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le diúité estáit (agus ortha san an Chuid seo den Acht so) gur riarasú ar n-a dhéanamh ag an duine sin an cruthnú san, agus i ngach achtachán den tsórt san déanfar an focal “maoin”, maidir le haon riarasú den tsórt san, do léiriú mar ní a fholuíonn an fiach no an ceart do cruthnuíodh amhlaidh. |
[EN] | (2) Má múchadh no má múchtar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fiach no ceart eile ar chostas duine, is tuigthe chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le diúité estáit (agus ortha san an Chuid seo den Acht so) an múchadh san do bheith ina riarasú ar n-a dhéanamh ag an duine sin i bhfábhar an duine gur chun a thairbhe do múchadh no múchfar an fiach no an ceart san amhlaidh, agus i ngach achtachán den tsórt san léireofar an focal “maoin” mar ní a fholuíonn an tairbhe ar n-a bronnadh le múchadh an fhéich no an chirt sin. | |
[EN] | (3) An províso ghabhann le halt 4 den Finance Act, 1894 (a eisceann o chóshuimiú maoin ná raibh leas ag an duine marbh inti riamh), ní bheidh éifeacht aige maidir le maoin d'aistrigh ar éag an duine mhairbh agus is fiach, ceart, no tairbhe is ionfholuithe, de bhuadh an ailt seo, i bhfoirchéill an fhocail “maoin” sna hachtacháin a bhaineann le diúité estáit (agus ortha san an Chuid seo den Acht so). | |
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht ag an alt so ach amháin maidir le daoine éagfaidh tar éis an 7adh lá de Bhealtaine, 1941. | |
[EN] |
Léiriú tagairtí do leas ar n-a cheapadh chun scur ar éag dhuine. |
33. —Déanfar tagairtí sna hachtacháin a bhaineann le diúité estáit do leas ar n-a cheapadh chun scur ar éag dhuine do léiriú mar nithe thagrann freisin do leas fé réir teorann (pé sórt a fuirm) darb éifeacht a shocrú an leas san do scur ar éag dhuine no neachtar aca ar thárlachtaint ní éigin no ar chríochnú tréimhse éigin roimh an éag san. |