|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Foralacha i dtaobh Cuntais d'Iniuchadh, etc.) | Ar Aghaidh (CUID IX. Ilghneitheach.) |
ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII. Comhairli Áitiúla Ceaduithe. | |
[EN] |
Comhairlí áitiúla ceaduithe. |
72. —(1) I gcás áititheoirí líomatáiste i gceanntar sláinte contae do bhunú comhairle no coiste no cóluchta eile, corparuithe no nea-chorparuithe, roimh theacht i bhfeidhm don alt so no dá éis sin chun leasanna generálta, sóisialta agus eacnamúil, na n-áititheoirí sin do chur ar aghaidh, féadfaidh comhairle na contae ina bhfuil an ceanntar sláinte contae sin a dhearbhú le rún, ar n-a iarraidh sin don chólucht san, go mbeidh an cólucht san ina gcomhairle áitiúil cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so. |
[EN] | (2) Beidh an chomhacht chun dearbhú do dhéanamh fén alt so ina feidhm fhorcoimeádta chun crícheanna an Achta um Bainistí Chontae, 1940 . | |
[EN] | (3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “comhairle áitiúil cheaduithe” cólucht a mbeidh dearbhú déanta ina dtaobh fén alt so, agus gach tagairt do chomhairle chontae deintear maidir le comhairle áitiúil cheaduithe léireofar í mar thagairt don chomhairle chontae áirithe do rinne an dearbhú fén alt so i dtaobh na comhairle áitiúla ceaduithe sin. | |
[EN] |
Foirgintí, etc., do chur ar fáil do chomhairlí áitiúla ceaduithe. |
73. —(1) Féadfaidh an chomhairle chontae foirgint do chur ar fáil do chomhairle áitiúil cheaduithe chun é úsáid i gcóir cruinnithe puiblí agus eile agus i gcóir léigheachtaí, taisbeántaisí, caitheamh aimsire i gcoitinne no cuspóirí sóisialta eile den tsamhail sin agus féadfaid cúram agus bainistighe na foirginte sin do thaobhú leis an gcomhairle áitiúil sin go buan no go sealadach. |
[EN] | (2) Is cead go gceannódh an chomhairle chontae, i mbith-dhílse no chun aon estáit no leasa is lugha ná san, no go dtógfaidís ar léas ar feadh aon téarma, talamh ar bith i gcóir foirginte, no ar a mbeidh foirgint, a bheidh le cur ar fáil fén alt so agus chuige sin beidh feidhm ag Cuid V den Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , fé is dá mba chun crícheanna comhacht agus dualgas údaráis chonganta phuiblí fén Acht san do bheadh an talamh san á thógaint. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an chomhairle chontae cabhrú le comhairle áitiúil cheaduithe tré throscán, feisteas oifige, agus páipéarachas do thabhairt dóibh agus, i gcás foirgint do bheith curtha ar fáil fén alt so chun úsáide na comhairle áitiúla ceaduithe sin, tré thuarastal no cuid de thuarastal duine bheidh ag gníomhú ina airigheach ar an bhfoirgint sin agus ag déanamh dualgas glanacháin agus a samhail sin maidir leis an bhfoirgint sin d'íoc. | |
[EN] |
Comhachta agus dualgais áirithe do thairmleigean chun comhairlí áitiúla ceaduithe. |
74. —(1) Féadfaidh an chomhairle chontae aon chuid dá gcomhachta agus dá ndualgais do thairmleigean chun comhairle áitiúla ceaduithe má mheasann an chomhairle chontae sin gur fearr a rialálfaí no bainisteofaí iad ag an gcomhairle áitiúil sin no tríotha, agus féadfaidh an chomhairle chontae sin an tairm leigean san do cheiliúradh tráth ar bith. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí aon chuid dá gcomhachta agus dá ndualgais do thairmleigean chun comhairle áitiúla ceaduithe má mheasann an t-údarás conganta phuiblí sin gur fearr a rialálfaí no bainisteofaí iad ag an gcomhairle áitiúil cheaduithe sin no tríotha, agus féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin an tairmleigean san do cheiliúradh tráth ar bith. | |
[EN] | (3) Má dheineann údarás áitiúil tairmleigean fén alt so chun comhairle áitiúla ceaduithe, beidh na gníomhartha dhéanfaidh an chomhairle áitiúil cheaduithe sin de bhuadh an tairmleigin sin fé réir an údaráis áitiúil sin dá ndaingniú ach amháin go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le ceadú an Aire, a chomhachtú don chomhairle áitiúil cheaduithe sin, aon ghníomh do dhéanamh (agus bunú imeacht dlí d'áireamh) laistigh den údarás a bheidh bronnta ag an údarás áitiúil sin ortha is gníomh ba dhleathach don údarás áitiúil sin féin do dhéanamh. | |
[EN] | (4) An chomhacht chun comhacht no dualgas is feidhm fheidhmiúcháin chun crícheanna an Achta um Bainistí Chontae, 1940 , do thairmleigean fén alt so agus an chomhacht chun aon tairmleigean den tsórt san do cheiliúradh, is ag an mbainisteoir contae iomchuibhe agus aige sin amháin a bheid infheidhmithe. | |
[EN] |
Costais chomhairle contae fén gCuid seo den Acht so. |
75. —Aon chostais fé n-a raghaidh comhairle chontae fén gCuid seo den Acht so maidir le comhairle áitiúil cheaduithe (seachas costais fé n-a raghfar chun go bhfeidhmeofaí no go gcólíonfaí ag an gcomhairle áitiúil cheaduithe sin no tríotha aon chomhachta no dualgais do tairmleigeadh chúcha fén gCuid seo den Acht so) cruinneofar agus íocfar iad sa tslí chéanna ina gcruinnítear agus ina n-íoctar na costais a bhíonn ar an gcomhairle chontae sin ag gníomhú dhóibh ina n-údarás sláintíochta tuatha. |