An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Na Baill d'Udaras Áitiúil do Chur as Oifig.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foralacha i dtaobh Udarais Áitiúla d'Fhail Iasachta.)

23 1941

ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941

CUID V.

Foralacha i dtaobh Ratai.

Srian le feidhm an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

56. —Ionoighreacht do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, ina tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , alos aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe, ní bheidh sí, alos na bliana airgeadais áitiúla san, ina tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta san i gcás an ionoighreacht san do bheith dílsithe san Iontaobhas Talmhan do Mháirnéalaigh agus Saighdiúirí Eireannacha an 1adh lá d'Abrán na bliana airgeadais áitiúla san.

Dí-cháiliú mar gheall ar gan rátaí d'íoc.

57. —Má thárlann i gceann aon bhliana airgeadais áitiúla, maidir le méid aon ráta do bhuail údarás áitiúil in aghaidh na bliana san, go mbeidh sé ar fad no go mbeidh cuid de gan íoc no, neachtar aca, go mbeadh an céanna gan íoc mara mbeadh go ndearna ráta-bhailitheoir é do roimh-íoc agus é d'íoc leis an údarás áitiúil sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más ball d'aon údarás áitiúil i gcionn na bliana airgeadais sin an duine dhlighfidh an méid sin d'íoc leis an údarás áitiúil sin no leis an ráta-bhailitheoir sin (pé aca é), beidh sé dí-cháilithe chun leanúint ina bhall den údarás áitiúil sin,

(b) beidh an duine sin dí-cháilithe chun a thoghtha no a roghnuithe ina bhall d'aon údarás áitiúil go dtí go n-íocfaidh iomlán an mhéide sin.

Rátaí do ghlanadh tré shuim do chur ina gcoinnibh.

58. —Má bhíonn suim dlite ag aon duine ar údarás áitiúil agus, san am gcéanna, go mbeidh suim dlite ag an údarás áitiúil sin ar an duine sin alos rátaí no go mbeadh dlite alos rátaí amhlaidh mara mbeadh go ndearna ráta-bhailitheoir an tsuim sin do roimhíoc agus í d'íoc leis an údarás áitiúil sin féadfar an chéad tsuim sin do chur i bpáirt no go hiomlán, fé mar a bheidh oiriúnach, i gcoinnibh na dara suime sin.

Gabháil mar gheall ar rátaí.

59. —(1) San alt so—

ní fholuíonn an focal “rátaí” rátaí bheidh dlite ag údarás áitiúil, nach coimisinéirí baile, alos ionoighreachta is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), agus a bheidh ar seilbh ag duine nach é a húnaer é do réir bhrí an Achta san;

cialluíonn an abairt “suim alos rátaí” suim a bheidh dlite ag údarás áitiúil alos rátaí no do bheadh dlite amhlaidh mara mbeadh í bheith íoctha ag ráta-bhailitheoir;

cialluíonn an abairt “na costais” na costais agus na héilithe uile, gan aon teora ach iad do bheith réasúnta, fé n-a ndeachthas aon uair áirithe, go díreach no go nea-dhíreach, chun an ghabháil gur ina taobh a húsáidtear an abairt sin do thógaint, do choimeád, d'iompar no do dhíol.

(2) An duine dhlighfidh suim alos rátaí do héilíodh go cuibhe d'íoc, mara n-íocaidh an tsuim sin fé cheann sé lá tar éis an éilimh sin do dhéanamh féadfaidh an ráta-bhailitheoir le n-a mbainfidh fógra do thabhairt don duine sin á innsint dó é bheith ar intinn aige, mara n-íocaidh an duine sin an tsuim sin fé cheann cheithre lá déag o am an fhógra san do thabhairt, an tsuim sin do chruinniú tré gabháil fén alt so.

(3) Más rud é ná déanfaidh duine dá mbeidh fógra tugtha fén bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt so an tsuim alos rátaí le n-a mbainfidh an fógra san d'íoc fé cheann cheithre lá déag o am an fhógra san do thabhairt, féadfaidh an ráta-bhailitheoir le n-a mbainfidh, gan aon údarás eile aige ach an barántas á údarú dhó an tsuim sin do bhailiú, an tsuim sin, maraon leis na costais, do chruinniú tré aon earraí, ainmhithe, no áirnéis éile (leis an duine sin no le héinne eile) do gheobhfar ar an ionoighreacht gur ina taobh a bheidh an tsuim sin dlite do ghabháil agus do dhíol no tré aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile leis an duine sin, pé áit ina bhfuighfear iad, do ghabháil agus do dhíol.

(4) Chun cruinniú tré ghabháil do dhéanamh fén alt so féadfaidh ráta-bhailitheoir aon tigh no áitreabh do bhriseadh ar oscailt de ló a ndiúltófar d'é leigint isteach ann no ná féadfaidh dul isteach ann ar aon tslí dhleathach eile.

(5) Féadfaidh ráta-bhailitheoir a cheangal ar bhall den Ghárda Síochána cabhrú leis chun a chomhachta fén alt so d'fheidhmiú agus déanfaidh an ball san do réir an cheanglais sin.

(6) Déanfar gabháil a tógfar fén alt so mar gheall ar shuim alos rátaí do choimeád cúig lá in áit ar bith is ceart dar leis an rátabhailitheoir le n-a mbainfidh, pé aca póna cothabháltar fén Acht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935 (Uimh. 17 de 1935) , an áit sin no nach eadh, ach má híoctar an tsuim sin maraon leis na costais i rith an chúig lá san bhéarfar an ghabháil don duine do dhligh an tsuim sin d'íoc.

(7) Mara ndeintear an tsuim alos rátaí gur mar gheall uirthi tógfar gabháil fén alt so maraon leis na costais d'íoc i rith an chúig lá luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) díolfar an ghabháil sin ar cheaint phuiblí in áit ar bith is ceart dar leis an ráta-bhailitheoir le n-a mbainfidh agus is ceaduithe í aistriú chun na háite sin chun a díolta amhlaidh,

(b) go dtí go ndíolfar an ghabháil sin amhlaidh féadfar í choimeád in áit ar bith is ceart dar leis an rátabhailitheoir sin, pé aca póna cothabháltar fén Acht Pónaí (Soláthar agus Cothabháíl), 1925 (Uimh. 17 de 1935) , an áit sin no nach eadh,

(c) cuirfear sochar an díola san chun na costais, sa chéad áit, agus an tsuim sin alos rátaí, sa dara háit, do ghlanadh, agus

(d) déanfar an t-iarmhéid (más ann dó) as sochar an díola san d'íoc leis an duine do dhligh an tsuim sin d'íoc.

(8) Másé bheidh i ngabháil no i gcuid de ghabháil a tógfar agus a díolfar fén alt so ná earraí no ainmhithe no áirnéis eile nach leis an duine dhlighfidh an tsuim alos rátaí gur mar gheall uirthi tógfar an ghabháil sin d'íoc, beidh únaer an chéanna i dteideal luach na n-earraí no na n-ainmhithe no na h-áirnéise eile sin do bhaint den duine sin, tré aicsean, maraon le héiric i pé damáiste do thárla dhó de bhíthin é fhágaint in éamais na n-earraí no na n-ainmhithe no na h-áirnéise sin.

(9) Einní déanfar fé réim agus do réir an ailt seo ní conspóidfear é ar an bhforas nach fé réim no do réir aon achtacháin eile do rinneadh é.

Rátaí do leasú.

60. —(1) Údarás áitiúil ag á mbeidh rátaí chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe buailte féadfaid o am go ham, ach ní níos déanaighe ná deireadh na céad bhliana airgeadais áitiúla eile, na rátaí sin do leasú chun go mbeid do réir na n-achtachán a bhainfidh leo agus ag feidhmiú na comhachta san dóibh féadfaid go sonnrách aon leasuithe do dhéanamh is gá de dheascaibh—

(a) tuairiscí earraídeacha, ainmneacha daoine do chur síos nár cheart a rátú, agus earráidí cléireachais uimhríochta, agus earráidí eile,

(b) nithe d'fhágaint ar lár (agus ortha san ionoighreachta d'fhágaint ar lár ar fad agus ainmneacha daoine ba cheart a rátú d'fhágaint ar lár),

(c) ionoighreachta do shealbhú a bhí gan sealbhú roimhe sin,

(d) atharuithe i sealbhú.

(2) Pé uair a bheartóidh údarás áitiúil leasú do dhéanamh fén alt so—

(a) bhéarfaidh an t-údarás áitiúil sin fógra i dtaobh an leasuithe bheartuithe do gach duine le n-a mbaineann dar leo,

(b) déarfar i ngach fógra den tsórt san go bhféadfar agóidí i gcoinnibh an leasuithe bheartuithe do chur chun an údaráis áitiúil sin fé cheann seacht lá tar éis am an fhógra san do thabhairt, agus

(c) sara ndeinid an leasú san breithneoidh an t-údarás áitiúil sin na hagóidí (más aon cheann é) do fuarthas de bharr aon fhógra den tsórt san.

(3) Bhéarfaidh údarás áitiúil fógra don Choimisinéir Luachála i dtaobh gach leasuithe dhéanfaid fén alt so as a dtiocfaidh aon atharú ar na mion-innste bheidh sa liost luachála iomchuibhe bheidh ullmhuithe ag an gCoimisinéir sin fé sna hAchtanna Luachála.

(4) Gach duine ar a ngoillfidh aon leasú déanfar fén alt so beidh aige an ceart céanna (más ann dó) chun athchomharc do dhéanamh ina choinnibh do bheadh aige tráth na rátaí ionchuibhe do bhualadh dá mbeadh an leasú san déanta ortha an tráth san agus, maidir leis an duine sin, is tuigthe go ndearnadh an ráta go ngoilleann a leasú air do bhualadh an tráth do tugadh fógra dó i dtaobh an leasuithe sin.

(5) Déanfaidh údarás áitiúil pé aisíocanna no bhéarfaid pé creidmheasa (fé mar is gá sa chás) alos rátaí, agus beid i dteideal pé suimeanna do bhaint amach alos rátaí, a bheidh oiriúnach o am go ham de dhruim aon leasuithe no athchomharcanna fén alt so.

(6) Is tuigthe chun crícheanna an Achta Bainistí Contae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), nach comhachta ná feidhmeanna ná dualgais i dtaobh ráta do dhéanamh na comhachta agus na feidhmeanna agus na dualgais a bronntar no forchuirtear ar chomhairle chontae leis an alt so.

Ionoighreachta roinnte do rátú.

61. —(1) I gcás ionoighreacht (dá ngairmtear an ionoighreacht roinnte sa bhfo-alt so) a bheidh curtha síos i liost luachála athscrúduithe do gheobhaidh údarás áitiúil do theacht, roimh í rátú chun seirbhíse na céad bhliana airgeadais áitiúla tar éis an liosta san d'fháil dóibh, chun bheith ionrátuithe ina coda, mar dhá ionoighreacht idirdhealuithe no níos mó, de bharr a roinnte, ní bheidh a bhac ar an údarás áitiúil sin na hionoighreachta idirdhealuithe san do rátú ar leithligh chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san toisc gan iad do bheith curtha síos ar leithligh sa liost san agus dá thoisc sin amháin, agus i gcás an t-údarás áitiúil sin dá bheartú na hionoighreachta idirdhealuithe sin do rátú mar adubhradh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an luacháil a bheidh ar an ionoighreacht roinnte fé sna hAchtanna Luachála de thurus na huaire do chion-roinnt idir na hionoighreachta idirdhealuithe sin fé mar a mheasfaid do bheith cuibhe ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus déanfaid gach ionoighreacht idirdhealuithe fé leith aca san do rátú do réir na coda (dá ngairmtear an luacháil chion-roinnte sa bhfo-alt so) den luacháil sin a dáileofar uirthi sa chionroinnt sin,

(b) má bhíonn luacháil is lugha no is mó ná an luacháil chion-roinnte curtha síos alos aon cheann de sna hionoighreachta idirdhealuithe sin sa chéad liost luachála athscrúduithe iomchuibhe eile do gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an ráta do buaileadh alos an chéanna do leasú dá réir sin.

(2) I gcás ionoigreacht (dá ngairmtear an ionoighreacht roinnte sa bhfo-alt so) go mbeidh duine (dá ngairmtear an seana-shealbhaire sa bhfo-alt so) rátuithe ina taobh ag údarás áitiúil chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúla do theacht, roimh dheireadh na bliana san, chun bheith ionrátuithe ina coda mar dhá ionoighreacht idirdhealuithe no níos mó de bharr a roinnte, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an seana-shealbhaire freagarthach in íoc iomlán an ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san alos gach ionoighreachta idirdhealuithe (más aon cheann é) aca san go leanfa sé de bheith ina seilbh tar éis na roinnte sin;

(b) an ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san alos gach ionoighreachta idirdhealuithe (más aon cheann é) aca san ná leanfaidh an seana-shealbhaire de bheith ina seilbh tar éis na roinnte sin áirmheofar é mar ráta ar n-a chó-dhéanamh de dhá chuid, sé sin le rá:—

(i) cuid a dhlighfidh an seana-shealbhaire d'íoc agus a bheidh có-dhéanta den méid sin, den ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san ar an ionoighreacht idirdhealuithe sin, go mbeidh idir é agus iomlán an ráta san an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse bheidh an seana-shealbhaire i seilbh na hionoighreachta idirdhealuithe sin i rith na bliana airgeadais áitiúla san agus iomlán na bliana san, agus

(ii) cuid a dhlighfidh an duine bheidh i seilbh na hionoighreachta idirdhealuithe sin tar éis na roinnte sin d'íoc agus a bheidh có-dhéanta den chuid eile den ráta san,

(c) chun an ráta ar aon ionoighreacht idirdhealuithe den tsórt san do dhéanamh amach déanfaidh an t-údarás áitiúil sin amach, más gá é, cad is luacháil di tré luacháil na hionoighreachta do chion-roinnt, ar pé slí mheasfaid do bheith cuibhe ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, idir an ionoighreacht idirdhealuithe sin agus an chuid eile den ionoighreacht roinnte, agus

(d) déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an ráta bheidh buailte aca alos na hionoighreachta roinnte chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san do leasú i slí do bhéarfaidh go mbeidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo agus, ina theannta san, má cion-roinntear luacháil na hionoighreachta roinnte mar adubhradh, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin, ar fháil an chéad liosta luachála athscrúduithe iomchuibhe eile dhóibh, pé leasuithe breise is gá chun na leasuithe bheidh déanta roimhe sin fén mír seo do bheith do réir na luachálanna bheidh sa liost luachála athscrúduithe sin.

(3) I gcás talamh talmhaíochta do bheith ina chuid d'ionoighreacht le n-a mbainfidh fo-alt (1) no fo-alt (2) den alt so, beidh ina cuid den chomhacht chun cion-roinnt do dhéanamh fén bhfo-alt san comhacht chun luacháil an tailimh thalmhaíochta san do chionroinnt, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

(4) Déanfaidh údarás áitiúil pé aisíocanna no bhéarfaid pé creidmheasa (fé mar is gá sa chás) alos rátaí, agus beid i dteideal pé suimeanna do bhaint amach alos rátaí, a bheidh oiriúnach o am go ham de dhruim leasuithe ar n-a ndéanamh fén alt so.

(5) Pé uair a chion-roinnfidh údarás áitiúil luacháil fén alt so bhéarfaid fógra i dtaobh na cion-roinnte don Choimisinéir Luachála agus do gach duine le n-a mbaineann dar leo.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “liost luachála athscrúduithe” liost luachála athscrúduithe ar n-a ullmhú ag an gCoimisinéir Luachála fé sna hAchtanna Luachála.

Fógraí do thabhairt fén gCuid seo den Acht so.

62. —(1) Maran féidir a fháil amach le fiosrú réasúnta cad is ainm d'aon duine áirithe gur gá fógra do thabhairt dó fén gCuid seo den Acht so is cead, in ionad an fhógra san do dhíriú chuige fé n-a ainm, é dhíriú chuige tríd an abairt “an t-únaer” na “an sealbhaire” (fé mar a bheidh oiriúnach) d'úsáid no tré aon fhocail ghenerálta eile d'úsáid a chuirfidh in úil cé hé an duine sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhógra do thabhairt is gá do thabhairt fén gCuid seo den Acht so:—

(a) más fé n-a ainm a bheidh an fógra san dírithe chun duine, is cead é thabhairt—

(i) tré n-a sheachadadh don duine sin, no

(ii) tré n-a sheoladh i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh ag á gcomhnuíonn sé de ghnáth,

(b) más fé n-a ainm a bheidh an fógra san dírithe chun duine ach go mbeidh an duine sin as láthair no i gcéin no go mbeidh a sheoladh gan bheith ar eolas no le fáil le fiosrú réasúnta, is cead é thabhairt—

(i) tré n-a sheachadadh do ghníomhaire don duine sin, no

(ii) tré n-a sheoladh i leitir chláruithe roimh-íoctha beidh dírithe chun gníomhaire don duine sin ag an seoladh ag á gcomhnuíonn an gníomhaire sin de ghnáth, agus

(c) maran fé n-a ainm a bheidh an fógra san dírithe chun an duine sin no, i gcás an duine sin do bheith as láthair no i gcéin no gan a sheoladh do bheith ar eolas no le fáil le fiosrú réasúnta nach eol aon ghníomhaire don duine sin, is cead an fógra san do thabhairt tré n-a sheachadadh, ag an ionoighreacht le n-a mbainfidh, do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chomhnaidhe no ar fostú san ionoighreacht san no tré n-a phostáil ar an ionoighreacht san no ina haice.

(3) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnáth-chomhnaidhe ar chuideachtain ar n-a clárú fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha bhíonn gnáthchomhnaidhe ar gach cólucht corparuithe eile agus ar gach cólucht nea-chorparuithe.