An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT SOLÁTHAIRTÍ UISCE, 1942)

1 1942

ACHT SOLÁTHAIRTÍ UISCE, 1942

SCEIDEAL.

Rialacha chun Orduithe Sealacha do Dhaingniu.

1. Déanfar cóip den ordú sealadach do thabhairt chó luath agus is féidir é ag an údarás sláintíochta bheidh ag déanamh an bheartuithe iomchuibhe do gach duine do rinne agóid go cuibhe i gcoinnibh an bheartuithe sin maraon le ráiteas á rá go bhféadfar an t-ordú sealadach do dhaingniú mara ndeinidh duine de na hagóidigh sin, fé cheann cúig seachtaine ón dáta ar ar tugadh an chóip sin dó, achuinge do thíolacadh don Chúirt Chuarda á iarraidh ná déanfaí dlí den ordú sealadach gan tuilleadh fiosruithe do dhéanamh.

2. Féadfaidh aon agóideach den tsórt san, roimh (ach ní tar éis) cúig seachtaine do bheith caithte ón dáta ar ar tugadh an chóip sin den ordú sealadach dó, an achuinge luaidhtear sa riail deiridh sin roimhe seo do thíolacadh don Chúirt Chuarda.

3. Cuirfidh oifigeach den Chúirt chun an Aire cóip de gach achuinge tíolaicfear fé na Rialacha so i dtaobh an orduithe shealadaigh agus má tarraingtear siar aon achuinge den tsórt san cuirfidh fógra i dtaobh í tharraing siar chuige freisin.

4. Gach achuinge i dtaobh an orduithe shealadaigh a tíolaicfear fé na Rialacha so agus ná tarraingeofar siar, éistfear í ag an geéad suidhe den chúirt a comórfar tar éis seachtain do bheith caithte o dháta tíolaicthe na hachuinge sin no (má bhíonn tréimhse orduithe) tar éis na tréimhse orduithe do bheith caithte no ar pé dáta ina dhiaidh sin ordóidh an chúirt, agus ar éisteacht na hachuinge sin féadfaidh an chúirt an t-ordú sealadach do dhaingniú no do dhí-lomháil.

5. Mara dtíolaictear achuinge ar bith fé na Rialacha so no má tarraingtear siar gach a chuinge den tsórt san féadfaidh an tAire an t-ordú sealadach do dhaingniú gan a thuilleadh fiosruithe.

6. Le linn an t-ordú sealadach do dhaingniú, féadfaidh an chúirt no an tAire (fé mar a bheidh) an t-ordú sealadach do dhaingniú gan a leasú, no féadfaidh aon athrú do dhéanamh ar an mbeartú iomchuibhe d'fhéadfadh an tAire do dhéanamh nuair a bhí an t-ordú sealadach á dhéanamh agus an t-ordú sealadach do leasú i slí go mbainfidh leis an mbeartú san ar n-a athrú amhlaidh agus an t-ordú sealadach ar n-a leasú amhlaidh do dhaingniú.

7. An dlighinse bheirtear don Chúirt Chuarda leis na Rialacha so is amhlaidh a feidhmeofar iad ag an mbreitheamh di go ndlighinse sa chuaird ina bhfuil an áit agá mbeidh soláthar uisce le tógaint fén mbeartú iomchuibhe.