An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Sintiuis o Fhostoiri agus Daoine Arachuithe.) Ar Aghaidh (CUID V. An Ciste Diomhaointis Fhoirliontaigh.)

7 1942

ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942

CUID IV.

Sochar Foirliontach.

Ceart chun sochair fhoirlíontaigh agus na tréimhsí a mbeidh sé iníoctha ina n-aghaidh.

28. —(1) Gach duine árachuithe a bheidh breac-dhíomhaoin lá ar bith (seachas Domhnach no lá saoire puiblí do réir bhrí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 ( Uimh. 2 de 1936 ), no an chéad lá de sheal fostaíochta ionárachuithe leis an duine gurbh é a fhostóir é nuair a thárla an breac-dhíomhaointeas san) agus a mbeidh a chás do réir na gcoinníollacha reachtúla beidh sé a dteideal, fé réir forálacha an Achta so, íocaíocht (dá ngairmtear sochar foirlíontach san Acht so) d'fháil in aghaidh gach uaire a chluig de bhreac-dhíomhaointeas a thárlóidh an lá san le linn uaireanna oibre.

(2) I gcás gan ach codán d'uair a chluig, no i gcás uair a chluig no níos mó agus codán d'uair a cluig, do bheith i dtréimhse bhreac-dhíomhaointis a thárlóidh le linn uaireanna oibre lá ar bith, ní bheidh sochar foirlíontach iníoctha in aghaidh an chodáin sin d'uair a chluig agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, má thárlann dhá thréimhse bhreac-dhíomhaointis no níos mó le linn uaireanna oibre lá ar bith is tuigthe gur aon tréimhse leanúnach amháin na tréimhsí sin.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “uaireanna oibre” maidir le duine árachuithe na huaireanna, gan breis-aimsir ná aimsir bhídh d'áireamh, do dhéanfadh an duine árachuithe sin ohair i bhfostaíocht ionárachuithe mara mbeadh doineann ann.

Rátaí uairiúla sochair fhoirlíontaigh.

29. —Fé réir forálacha an Achta so, is amhlaidh a bheidh sochar foirlíontach i gcás duine árachuithe d'aon aicme atá leagtha amach sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do réir an ráta uairiúil atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh na haicme sin no má déantar fén Acht so ráta uairiúil eile do chur in ionad an ráta san a céad-luaidhtear, do réir an ráta bheidh curtha ina ionad amhlaidh de thurus na huaire.

Coinníollacha reachtúla chun sochar foirlíontach d'fháil.

30. —(1) Isé céad choinníoll (dá ngairmtear an chéad choinníoll reachtúil san Acht so) chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh in aghaidh breac-dhíomhaointis in aon bhliain árachais áirithe ná dhá cheann déag ar a laghad de shíntiúis seachtainiúla do bheith íoctha roimh an seachtain ina dtárlóidh an breac-dhíomhaointeas san maidir leis an duine sin mar dhuine árachuithe—

(a) másí an chéad bhliain árachais an bhliain árachais sin, o thosach na bliana árachais sin,

(b) in aon chás eile, o thosach na bliana árachais díreach roimh an mbliain árachais ina dtárlóidh an breacdhíomhaointeas.

(2) Isé dara coinníoll (dá ngairmtear an dara coinnioll reachtúil san Acht so) chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh in aghaidh breac-dhíomhaointis ar aon lá áirithe ná an leabhar díomhaointis reatha bheidh tugtha amach dó fén Unemployment Insurance Act, 1920, do bheith i seilbh a fhostóra an lá san.

(3) Isé tríú coinníoll (dá ngairmtear an tríú coinníoll reachtúil san Acht so) chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh in aghaidh aon tréimhse breac-dhíomhaointis ná an duine chun a gcuirfear tuarascbháil i dtaobh na tréimhse sin fén gcéad alt eile d'fháil na tuarascbhála fé cheann trí lá (no pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe) tar éis an lae do thárla an breac-dhíomhaointeas agus an duine sin do bheith tar éis a admháil go bhfuair an tuarascbháil sin.

(4) I gcás gan leabhar díomhaointis reatha dhuine árachuithe ar n-a thabhairt amach fén Unemployment Insurance Act, 1920, do bheith i seilbh a fhostóra lá áirithe, agus oifigeach áitiúil dá dheimhniú nár seachadadh an leabhar san d'oifig áitiúil maidir le héileamh ag lorg sochair dhíomhaointis fén Unemployment Insurance Act, 1920, no le hiarratas ag lorg conganta dhíomhaointis fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , in aghaidh an lae sin, is tuigthe, chun crícheanna an dara coinníll reachtúil, an leabhar san do bheith i seilbh an fhostóra san an lá san.

(5) San Acht so cialluíonn an abairt “na coinníollacha reachtúla” an chéad choinníoll reachtúil, an dara coinníoll reachtúil agus an tríú coinníoll reachtúil.

Breac-dhíomhaointeas do thuairisciú.

31. —(1) I gcás stad oibre do thárlachtaint aon lá áirithe agus fostóir dhuine árachuithe no an duíne árachuithe sin dá rá gur breac-dhíomhaointeas an stad san, déanfaidh an fostóir an lá san tuarascbháil do chur chun pé duine ordóidh an tAire in aon chás áirithe no, mara n-orduighidh amhlaidh, chun oifigigh áitiúil á chur in úil gur thárla an stad san agus cá fhaid do mhair sé agus cadé an saghas aimsire adeirtear ba chúis leis.

(2) I gcás duine árachuithe dá rá go raibh sé breac-dhíomhaoin aon lá áirithe, féadfa sé tuarascbháil do chur chun pé duine ordóidh an tAire in aon chás áirithe no, mara n-orduighidh amhlaidh, chun oifigigh áitiúil á chur in úil gur thárla an breac-dhíomhaointeas san agus cá fhaid do mhair sé agus cadé an saghas aimsire adeirtear ba chúis leis ach ní léireofar an fhoráil seo mar fhoráil a shaorann fostóir an duine sin ón oblagáid a forchuirtear air le fo-alt (1) den alt so.

(3) I gcás duine d'fháil tuarascbhála fén alt so ní foláir dó a admháil chó luath agus is féidir é go bhfuair sé í.

Fostóirí d'íoc sochair fhoirlíontaigh.

32. —(1) Fé réir forálacha an Achta so agus pé ordachán do bhéarfaidh an tAire go generálta no in aon chás áirithe, íocfaidh fostóir duine árachuithe aon mhéid no méideanna de shochar fhoirlíontach chun a mbeidh teideal ag an duine árachuithe, agus déanfaidh an duine árachuithe agus a fhostóir, maidir le gach íocaíocht fé leith den tsórt san, pé mion-innste bheidh orduithe do thabhairt don Aire agus pé fuirmeacha, ar a n-áirmhítear admháil an duine árachuithe ar an méid do fuair sé, a bheidh orduithe do chríochnú agus do tharchur.

(2) Duine árachuithe nach dóigh leis gurb é méid an tsochair fhoirlíontaigh d'íoc a fhostóir leis an méid atá sé i dteideal d'fháil fé fhorálacha an Achta so féadfa sé no féadfaidh a fhostóir, ar an duine sin dá iarraidh, a iarraidh ar oifigeach árachais a chinneadh, do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cinneadh ceist eanna i dtaobh sochar foirlíontach d'íoc, cadé méid an tsochair fhoirlíontaigh chun a bhfuil teideal aige.

(3) Má dhéanann oifigeach áitiúil no duine eile chun a gcuirfear tuarascbháil maidir le breac-dhíomhaointeas duine árachuithe do réir an ailt deiridh sin roimhe seo fógra do chur go dtí fostóir an duine árachuithe sin á rá nach deimhin leis gur mar gheall ar dhoininn do thárla an stad oibre le n-a mbaineann an tuarascbháil no gur cólíonadh na forálacha eile den Acht so bhaineann le sochar foirlíontach d'íoc, no má bhíonn fostóir in amhras in aon chás áirithe i dtaobh sochar foirlíontach do bheith iníoctha no i dtaobh méid no ráta an tsochair fhoirlíontaigh is iníoctha, iarrfaidh an fostóir láithreach ar oifigeach árachais an cheist do chinneadh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cinneadh ceisteanna i dtaobh sochar foirlíontach d'íoc.

(4) Má thárlann i gcás ar bith ná fuighidh duine árachuithe aon íocaíocht sochair fhoirlíontaigh a gcreideann sé teideal do bheith aige chuige fén Acht so agus nach deimhin leis gur cuireadh an cheist i dtaobh é bheith i dteideal an tsochair sin fé bhráid oifigigh árachais fé fhorálacha fo-ailt (3) den alt so, beidh sé i dteideal a iarraidh ar a fhostóir í chur fé n-a bhráid amhlaidh no é féin do chur na ceiste fé bhráid oifigigh árachais chun í chinneadh.

(5) Fostóir a gheobhaidh iarratas o dhuine árachuithe á iarraidh go gcuirfí ceist i dtaobh a theidil chun sochair fhoirlíontaigh fé bhráid oifigigh árachais chun í chinneadh déanfa sé, mara mbeidh san déanta cheana aige, an cheist do chur láithreach fé bhráid oifigigh árachais chun í chinneadh.

(6) I gcás inar gá do réir forálacha fo-ailt (3) no fo-ailt (4) den alt so ceist ar bith do chur fé bhráid oifigigh árachais, ní bheidh an duine árachuithe i dteideal íocaíocht d'fháil o n-a fhostóir fé fho-alt (1) den alt so mara gcinnidh ná go dtí go gcinnfidh an t-oifigeach árachais teideal do bheith aige chuige, agus ní dhéanfaidh an fostóir an íocaíocht san go dtí go ndéanfar an cinneadh sin ná ní dhéanfaidh í ach do réir an chéanna.

An tAire d'íoc sochair fhoirlíontaigh.

33. —In aon chás speisialta inarb é tuairim an Aire nárbh fhéidir no go mba ró-dheacair d'fhostóir an méid de shochar fhoirlíontach a bheidh dlite do dhuine árachuithe d'íoc fé fhorálacha an Achta so, féadfaidh an tAire an fostóir sin do shaoradh o dhualgas a íoctha amhlaidh agus i gcás fostóir do shaoradh amhlaidh íocfaidh an tAire no cuirfidh fé ndear go n-íocfar as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh aon mhéid de shochar fhoirlíontach dob iníoctha leis an duine árachuithe ag an bhfostóir sin dá mba ná saorfaí amhlaidh é.

An tAire d'aisíoc sochair fhoirlíontaigh a bheidh íoctha ag fostóirí.

34. —Déanfaidh an tAire méid aon tsochair fhoirlíontaigh a bheidh íoctha go cuibhe do réir forálacha an Achta so ag fostóir d'aisíoc leis an bhfostóir sin as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh ar an bhfostóir do dhéanamh iarratais, i pé fuirm a hordófar, ag lorg an aisíoca san.

Gan aisíoca do dhéanamh le fostóirí as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh i gcásanná áirithe.

35. —Aon uair íocfaidh fostóir aon mhéid sochair fhoirlíontaigh le duine ná beidh i dteideal sochar foirlíontach d'fháil fé fhorálacha an Achta so no íocfaidh breis thar an méid sochair fhoirlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine sin ní bheidh an méid no an bhreis a bheidh íoctha amhlaidh ion-aisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

Méideanna bheidh íoctha go mí-chóir do bhaint amach.

36. —(1) Aon mhéid sochair fhoirlíontaigh do gheobhaidh duine árachuithe o n-a fhostóir agus ná beidh ion-aisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh mar gheall ar fhorálacha an ailt deiridh sin roimhe seo, beidh sé ion-aisíoctha ag an duine árachuithe sin leis an bhfostóir ar an bhfostóir dá éileamh agus, mara n-aisíoctar amhlaidh é, féadfaidh an fostóir é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré n-a asbhaint as aon íocaíocht no íocaíochta sochair fhoirlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine árachuithe sin ina dhiaidh sin.

(2) Gach íocaíocht sochair fhoirlíontaigh do gheobhaidh duine árachuithe ón Aire agus ná beidh sé i dteideal d'fháil fé fhorálacha an Achta so beidh sí ion-aisíoctha aige leis an Aire ar an Aire dá éileamh agus, mara n-aisíoctar amhlaidh í, féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré n-a hasbhaint as aon íocaíocht no íocaíochta sochair fhoirlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine árachuithe sin ina dhiaidh sin.

(3) I gcás inar féidir fé fho-alt (2) den alt so méid d'asbhaint as an sochar foirlíontach a dtiocfaidh duine árachuithe chun bheith ina theideal, beidh sé de dhualgas ar fhostóir pé méid no méideanna ordóidh an tAire d'asbhaint as aon tsochar foirlíontach is iníoctha leis an duine árachuithe fé fhorálacha an Achta so agus aon mhéid no méideanna a hasbhainfear amhlaidh d'íoc leis an Aire.

(4) Aon mhéid a híocfar le fostóir as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh agus ná beidh teideal aigc chuige fé fhorálacha an Achta so beidh sé ion-aisíoctha ag an bhfostóir ar an Aire dá éileamh agus, mara n-aisíoctar amhlaidh é, féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré n-a asbhaint as aon mhéid no méideanna thiocfaidh chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin leis an bhfostóir sin as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

(5) Déanfar gach suim a bhainfidh an tAire amach no a haisíocfar leis fé fhorálacha an ailt seo d'íoc isteach sa Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

Fógra d'fhostóirí agus do dhaoine árachuithe i dtaobh méideanna do híocadh go mí-chóir i gcásanna áirithe.

37. —I gcás ina mbeifear tar éis a chinneadh sa tslí foráltar sa Chuid seo den Acht so gan méid áirithe bheidh íoctha ag fostóir do bheith ion-aisíoctha as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh cuirfidh an t-oifigeach árachais an cinneadh in úil don fhostóir d'íoc an méid sin agus don duine do fuair é.

Moltóir agus cúirteanna réiteoirí.

38. —(1) An moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú de thurus na huaire fé réim agus chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920, isé bheidh ina mholtóir chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “an moltóir” san Acht so an moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú amhlaidh.

(2) Gach cúirt réiteoirí a bheidh ar marthain de thurus na huaire fé réim agus chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920, beidh sí ina cúirt réiteoirí chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “cúirt réiteoirí” san Acht so cúirt réiteoirí bheidh ar marthain amhlaidh.

(3) Déanfar pé tuarastail no luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an moltóir agus le baill de chúirteanna réiteoirí.

Oifigigh árachais.

39. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapadh ina n-oifigigh árachais chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) San Acht so, cialluíonn an abairt “oifigeach árachais” duine—

(a) is duine ar n-a cheapadh ina oifigeach árachais fé fho-alt (1) den alt so, no

(b) is duine is oifigeach árachais chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920.

(3) Déanfar pé tuarastail no luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le hoifigigh árachais.

Cinneadh ceisteanna i dtaobh sochar foirlíontach d'íoc.

40. —(1) Má eiríonn ceist ar bith—

(a) i dtaobh an mar gheall ar dhoininn do thárla stad áirithe oibre i bhfostaíocht ionárachuithe; no

(b) i dtaobh na gcoinníollacha reachtúla do chólíonadh chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh; no

(c) i dtaobh teideal duine árachuithe chun sochair fhoirlíontaigh no i dtaobh ráta no méid an tsochair sin; no

(d) i dtaobh teideal fostóra chun aisíoc d'fháil as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh; no

(e) i dtaobh cólíonadh aon fhorála den Chuid seo den Acht so bhaineann le híoc sochair fhoirlíontaigh no le haisíoc as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh;

déanfaidh oifigeach árachais, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, an cheist do chinneadh.

(2) I gcás oifigeach árachais do bheith tar éis no chun ceist ar bith do chinneadh fé fhorálacha fo-ailt (1) den alt so—

(a) féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh cinneadh an oifigigh árachais a cheangal ar an oifigeach árachais. fé cheann ceithre lá fichead o dháta chinneadh an oifigigh árachais no fé cheann pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire ar chúiseanna speisialta in aon chás áirithe, an cúrsa do chur fé bhráid chúirt réiteoirí agus déanfaidh an t-oifigeach árachais, mara bhféadaidh a chinneadh d'athscrúdú, an cúrsa do chur fé bhráid chúirte den tsórt san; agus

(b) féadfaidh an t-oifigeach árachais, más oiriúnach leis é, an cheist do chur fé bhráid chúirt réiteoirí in ionad é féin dá cinneadh.

(3) Ceist ar bith a chuirfidh oifigeach árachais fé bhráid chúirt réiteoirí déanfaidh an chúirt pé molta is oiriúnach léi ina taobh chun an oifigigh árachais agus déanfaidh an t-oifigeach árachais, mara n-easaontuighe sé leo, éifeacht do thabhairt do na molta san.

(4) Má easaontuíonn oifigeach árachais le moladh dhéanfaidh cúirt réiteoirí fén alt so cuirfe sé an moladh, maraon le cúiseanna a easaontuithe leis, fé bhráid an mholtóra.

(5) I gcás cúirt réiteoirí do dhéanamh molta fén alt so féadfaidh aon chomhlachas fostóirí no daoine árachuithe dar bail duine ar a ngoillfidh an moladh, no féadfaidh an duine sin le toiliú na cúirte, a cheangal ar an oifigeach árachais an cheist do chur fé bhráid an mholtóra agus déanfaidh an t-oifigeach árachais, má ceangaltar san air, an cheist do chur fé bhráid an mholtóra dá réir sin.

(6) Cinnfidh an moltóir gach cúrsa cuirfear fé n-a bhráid fén alt so agus ní bheidh dul thar a chinneadh air.

(7) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choscann oifigeach árachais no moltóir no cúirt réiteoirí, má cuirtear fíorais nua in úil dó no di, ar chinneadh no moladh bheidh déanta in aon chás áirithe do chlaochló no d'athscrúdú.

(8) Má dhéanann oifigeach árachais no an moltóir chlaochló no athscrúdú ar chinneadh do rinne an t-oifigeach san no an moltóir roimhe sin agus go dtiocfaidh den chlaochló no den athscrúdú an méid sochair fhoirlíontaigh do lomháladh roimhe sin do dhiúltú no do laghdú beidh éifeacht ag an gclaochló no an athscrúdú san maidir le pé dátaí no uaire chinnfidh an t-oifigeach árachais no an moltóir.

Costais daoine thiocfaidh i láthair cúirte réiteoirí no an mholtóra.

41. —I gcás ar bith—

(a) ina gceanglófar ar dhuíne teacht i láthair cúirte réiteoirí agus ina dtiocfa sé amhlaidh; no

(b) ina dtárlóidh, ar athchomharc chun an mholtóra i gcoinnibh cinneadh cúirte réiteoirí, go n-iarrfaidh an moltóir ar dhuine dá ndéanfaidh an cinneadh deifir teacht ina láthair le linn an athchomhairc do breithniú agus go dtiocfa sé ina láthair amhlaidh;

íocfar leis an duine sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé liúntais taistil agus eile, agus cúiteamh i gcailliúint aimsire tuillimh d'áireamh, a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

Forálacha generálta i dtaobh nós imeachta fé Chuid IV.

42. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) a ordú cadé an fhianaise bheidh ag teastáil i dtaobh cólíonadh na gcoinníollacha reachtúla agus na bhforálacha eile den Chuid seo den Acht so bhaineann le teideal duine árachuithe chun sochair fhoirlíontaigh, agus chuige sin a cheangal ar dhaoine árachuithe teacht i láthair ag pé oifigí no áiteanna agus amanna a luadhfar agus a cheangal ar fhostóirí freagra do thabhairt ar fhiosruithe bhainfidh le nithe ar bith a mbeidh eolas ag teastáil ina dtaobh chun go bhféadfar teideal duine árachuithe chun sochair fhoirlíontaigh do chinneadh;

(b) a ordú cadé an t-am agus an tslí agus an fhuirm—

(i) ina ndéanfaidh fostóirí sochar foirlíontach a bheidh dlite do dhaoine árachuithe d'íoc leo,

(ii) ina ndéanfar méideanna sochair fhoirlíontaigh a bheidh íoctha ag fostóirí d'aisíoc leo as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh,

(iii) ina dtógfar ceisteanna chun oifigigh árachais dá gcinneadh,

(iv) ina ndéanfar éinní eile bhainfidh le breac-dhíomhaointeas do thuairisciú, le fáil tuarascbhála i dtaobh breac-dhíomhaointis d'admháil agus le sochar foirlíontach d'íoc agus le sochar foirlíontach a bheidh íoctha ag fostóirí d'aisíoc as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh;

(c) a cheangal ar fhostóirí agus daoine árachuithe agus daoine eile pé eolas do thabhairt a mheasfaidh an tAire is inmhianuithe maidir le híocaíochta sochair fhoirlíontaigh agus le tárlachtaint breac-dhíomhaointis;

(d) a ordú cadé an cleachtadh agus an nós imeachta is leanta nuair a beifear ag breithniú agus ag scrúdú ceisteanna bheidh le breithniú agus le cinneadh ag an moltóir, ag cúirteanna réiteoirí agus ag oifigigh árachais;

(e) socrú do dhéanamh chun duine do cheapadh chun go nglacfadh sé, thar ceann duine no mar ionadaidhe do dhuine a raghaidh dá mheabhair no gheobhaidh bás, suimeanna ar bith is iníoctha as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh leis an duine sin no ina thaobh.

(2) Rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhuadh míre (a) d'fho-alt (1) den alt so ní léireofar iad mar rialacháin a dhéanann deifir d'oibriú an chéad ailt ina dhiaidh seo.

Modhanna breiso chun a chruthú gur cólíonadh coinníollacha reachtúla, etc.

43. —(1) I gcás sochar foirlíontach do bheith íoctha le duine árachuithe in aghaidh aon lae no coda de lá beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe agus é sighnithe ag an duine árachuithe sin no ag an duine arbh é fostóir an duine árachuithe sin é an lá san, ag deimhniú aon ní no nithe aca so leanas—

(a) go raibh an duine árachuithe sin breac-dhíomhaoin an lá san,

(b) gurbh uaireanna oibre na huaireanna gur ar a bhfeadh a bhí an duine árachuithe sin breac-dhíomhaoin an lá san,

(c) nár Dhomhnach ná lá saoire puiblí do réir bhrí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 ( Uimh. 2 de 1936 ), an lá san,

(d) nárbh é an lá san an chéad lá de sheal fostaíochta ionárachuithe leis an duine arbh é fostóir an duine árachuithe sin é,

beidh san ina leor-fhianaise, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ar na fíorais a deimhneofar amhlaidh mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú.

(2) I gcás sochar foirlíontach do bheith íoctha le duine árachuithe beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ón duine árachuithe sin á dheimhniú gurb é sealbhóir dleathach leabhair áirithe díomhaointis fhoirlíontaigh no, neachtar aca, deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ón duine arbh é fostóir an duine sin é tráth íoctha an tsochair fhoirlíontaigh sin á dheimhniú gur deimhin leis gurb é an duine árachuithe sin sealbhóir dleathach an leabhair sin, beidh san ina leor-fhianaise, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ar chéannacht an duine árachuithe sin mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú.

(3) I gcás síntiúis seachtainiúla maidir le duine árachuithe d'íoc tré stampaí árachais fhoirlíontaigh do ghreamú dá leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh, agus sochar foirlíontach do bheith íoctha leis an duine árachuithe sin in aon bhliain árachais áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an chéad choinníll reachtúil, sé sin le rá:—

(a) beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann, ón duine (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so) arbh é fostóir an duine árachuithe sin é tráth íoctha an tsochair fhoirlíontaigh sin á dheimhniú go ndearnadh, roimh an seachtain inar thárla an breacdhíomhaointeas dár híocadh an sochar foirlíontach san, uimhir shonnruithe de shíntiúis seachtainiúla d'íoc maidir leis an duine sin in aghaidh na bliana árachais sin, beidh san ina leor-fhianaise ar na fíorais a deimh neofar amhlaidh mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú;

(b) beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann, ón bhfostóir á dheimhniú go ndearnadh, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé Chuid III den Acht so, ráiteas d'iontráil ar leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh reatha an duine árachuithe sin á rá gur híocadh uimhir shonnruithe de shíntiúis seachtainiúla maidir leis an duine árachuithe sin in aghaidh na bliana árachais deiridh roimhe sin, beidh san, mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú, ina leorfhianaise gur híocadh an uimhir de shíntiúis seachtainiúla deimhneofar amhlaidh do hiontráladh amhlaidh.

(4) I gcás sochar foirlíontach do bheith íoctha le haon duine árachuithe in aghaidh aon lae no coda de lá, beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ón duine arbh é fostóir an duine sin é an lá san á dheimhniú go raibh leabhar díomhaointis reatha (ar n-a thabhairt amach fén Unemployment Insurance Act, 1920) an duine árachuithe sin ina sheilbh an lá san beidh san, chun crícheanna an dar coinníll reachtúil, ina leor-fhianaise ar na fíorais a deimhneofar amhlaidh mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú.

Srian le sochar díomhaointis agus congnamh díomhaointis d'íoc.

44. —Ní bheidh sochar díomhaointis fén Unemployment Insurance Act, 1920, ná congnamh díomhaointis fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , iníoctha in aghaidh aon lae a mbeidh sochar foirlíontach íoctha no iníoctha fén Acht so ina aghaidh no in aghaidh coda dhe.