21 1942


Uimhir 21 de 1942.


ACHT CUSTUM (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA CUSTUM AGUS DO CHUR DEIRIDH LE hAMHRAIS MAIDIR LE LÉIRIÚ FORÁLACHA ÁIRITHE DE NA hACHTANNA SAN AGUS MAIDIR LE hIMEACHTA ÁIRITHE FÚTHA.

[29adh Iúl, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Comhacht chuardaigh maidir le heasportáil nea-dhleathach.

1. —(1) San alt so—

foluíonn an abairt “oifigeach custum agus máil” ball den Ghárda Síochána agus duine ar bith sa tseirbhís phuiblí a bheidh ar fostú de thurus na huaire chun cosc do chur le hearraí d'easportáil no d'iomportáil go nea-dhleathach;

foluíonn tagairtí do dhuine do chuardach tagairtí d'aon bhosca no mála no pacáiste no airteagal eile bheidh ar iompar ag an duine sin d'oscailt (le héigean más gá) agus do chuardach.

(2) Baineann an t-alt so le gach earra a mbeidh a heasportáil toirmeasctha de thurus na huaire le dlí no ar gá de thurus na huaire do réir dlí ceadúnas no údarú speisialta eile chun í easportáil.

(3) Is cead (fé réir forálacha an ailt seo) d'oifigeach custum agus máil no do dhuine bheidh ag gníomhú fé orduithe oifigigh chustum agus máil duine ar bith do chuardach a mbeidh amhras réasúnach ag an oifigeach san aon earraí le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar iompar no ar seilbh aige d'fhonn no d'intinn na hearraí sin d'easportáil no iad do bhreith go dtí aon áit chun iad d'easportáil no cabhrú no neartú ar shlí eile le hiad d'easportáil no a thabhairt ar shlí eile iad d'easportáil.

(4) Aon uair a bheartóidh oifigeach custum agus máil duine do chuardach no a chur fé ndear é chuardach, feadfaidh an duine sin a éileamh go mbéarfaí i láthair bailitheora no oifigigh uachtaraigh eile chustum agus máil é agus, air sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an t-oifigeach custum agus máil sin, chó luath agus a bheidh san réasúnach agus sara ndéanfaidh an duine sin do chuardach no a chur fé ndear é chuardach, an duine sin do thabhairt i láthair bailitheora no oifigigh uachtaraigh eile chustum agus máil;

(b) éistfidh an t-oifigeach uachtarach san le n-a mbeidh le rá ag an oifigeach san agus ag an duine sin agus déanfaidh, do réir mar a mheasfaidh is ceart, a ordú an duine sin do scaoileadh saor gan é chuardach no a ordú é chuardach láithreach;

(c) gach ordú do bhéarfaidh aon oifigeach uachtarach den tsórt san adubhradh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so ní foláir do gach duine le n-a mbainfidh déanamh dá réir.

(5) Ní déanfar aon duine baineann do chuardach fén alt so ach ag mnaoi.

(6) Gach duine bhacfaidh oifigeach custum agus máil no chuirfidh ina choinnibh no chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú na gcomhacht do bheirtear dó leis an alt so no a dhéanfaidh, go sonnrach, cur suas d'é chuardach no cur i gcoinnibh é chuardach fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlifear pionós custum nach mó ná céad punt do chur air.

Brí na habairte “prohibited goods” sna hAchtanna Custum.

2. —Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear leis seo—

(a) go bhfoluíonn an abairt “prohibited goods” mar a bhfuil sí in ailt 172, 182, 202, 204 agus 205 fé seach den Customs Consolidation Act, 1876, agus gur fholuigh sí riamh, earraí a bhfuil toirmeasctha iad d'easportáil chó maith le hearraí a bhfuil toirmeasctha iad d'iomportáil agus go bhfuil, agus go raibh riamh, éifeacht dá réir sin ag alt 19 (a leasuíonn an t-alt san 205) den Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , agus

(b) go bhfuil gach gníomh a dearbhuítear do bheith ina chionta le halt 12 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, agus go raibh sé riamh ina chionta fén alt san pé aca gníomh ar n-a dhéanamh maidir le hearraí d'easportáil no tabhairt fé n-a n-easportáil go nea-dhleathach é no maidir le hearraí d'iomportáil no tabhairt fé n-a n-iomportáil go nea-dhleathach.

Imeachta chun pionóis fé na hAchtanna Custum do bhaint amach.

3. —Chun deireadh do chur le hamhrais, achtuítear leis seo maidir le himeachta in aon chúirt dlighinse inniúla chun pionós fé na hAchtanna Custum do bhaint amach gur dleathach, agus gur dhleathach riamh, iad do bhunú in ainm no ar agra an Ard-Aighne.

Gearr-theideal agus léiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Custum (Leasú), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so i dteanta na nAchtanna Custum.