An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Monaiocht.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Actachain a hAthghairmtear.)

22 1942

ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942

CUID IX.

Ilghneitheach.

Cúl-chiste na nótaí d'fhoirceannadh agus cúl-chiste an airgid reatha do bhunú.

62. —(1) Chó luath agus is féidir tar éis dáta an Achta so do rith agus, ar aon chuma, tráth nach déanaighe ná mí tar éis an dáta san, foirceannfar cúl-chiste na nótaí agus chuige sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bunófar sa chiste ghenerálta cuntas ar a dtabharfar cúlchiste an airgid reatha;

(b) aistreofar as sócmhainní cúl-chiste na nótaí chun ciste na nótaí dlí-thairgthe pé sócmhainní (nach mó ná dhá chéad míle punt a luach iomlán do réir na bpraghsanna margaidh tráth an aistrithe) a mheasfaidh an Coimisiún is ceart;

(c) na sócmhainní a haistreofar chun ciste na nótaí dlí thairgthe de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so úsáidfear iad chun laghdú, oiread agus a mheasfaidh an Coimisiún is ceart, do dhéanamh, i leabhair an chiste sin, ar na hainm-luachanna bheidh curtha síos sna leabhair sin do pé cuid de shócmhainní an chiste sin a mheasfaidh an Coimisiún is ceart;

(d) aistreofar chun an chiste ghenerálta sóchmhainní cúl-chiste na nótaí (lasmuich de na sócmhainní sin a haistreofar chun ciste na nótaí dlí-thairgthe fé na forálacha san roimhe seo den alt so) agus cuirfear a méid chun creidiúnais cúl-chiste an airgid reatha;

(e) na haistrithe is gá, do réir fo-ailt (7) d'alt 61 (arna leasú leis an Acht so) den Acht Airgid Reatha, do dhéanamh o chiste na nótaí dlí-thairgthe no chuige chun cúl-chiste na nótaí no uaidh, is amhlaidh a déanfar iad, o dháta cúl-chiste na nótaí d'fhoirceannadh de bhun an-ailt seo agus dá éis sin, o chiste na nótaí dlí-thairgthe no chuige chun cúl-chiste an airgid reatha sa chiste ghenerálta no uaidh.

(2) Más ar an lá ceaptha no dá éis sin a foirceannfar cúlchiste na nótaí de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, léireofar gach luadh sa bhfo-alt san ar an gCoimisiún, agus beidh éifeacht aige, mar luadh ar an mBord.

(3) Déantar leis seo alt 50 agus fo-alt (7) d'alt 58 den Acht Airgid Reatha do leasú, amhail ón dáta críochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí, tríd an abairt “cúl-chiste an airgid reatha” do chur in ionad na habairte “cúl-chiste na nótaí” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin san alt san 50 agus sa bhfo-alt san (7) fé seach.

(4) Déantar leis seo alt 4 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ( Uimh. 30 de 1930 ), do leasú, amhail ón dáta críochnófar foirceannadh cúl-chiste na nótaí, tríd an abairt “cúl-chiste an airgid reatha” do chur in ionad na habairte “cúl-chiste na nótaí” i ngach áit ina bhfuil an abairt duiridh sin san alt san 4, agus tré na focail “inar ceaduithe de thurus na huaire sócmhainní de chuid chiste na nótaí dlí-thairgthe do choimeád” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 62 den Phríomh-Acht” san áit ina bhfuil na focail agus na figiúirí sin i bhfo-alt (1) den alt san 4.

Alt 61 den Acht Airgid Reatha do leasú.

63. —Leasuítear leis-seo alt 61 den Acht Airgid Reatha tré fho-alt (7) de do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt sin a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

“(7) Chó luath agus is féidir é tar éis an lae dheiridh d'Fheabhra agus tar éis an 31adh lá de Lúnasa i ngach bliain, luachálfaidh an Coimisiún, ar luachanna nach mó ná na praghsanna margaidh reatha bhí ann an lá deiridh sin d'Fheabhra no an 31adh lá san de Lúnasa (pé aca é), sócmhainní caipitiúla ciste na nótaí dlí-thairgthe mar a bhíodar an lá deiridh sin d'Fheabhra no an 31adh lá san de Lúnasa (pé aca é) agus gheobhaid amach an méid glan (más ann) a bheidh na sócmhainní caipitiúla san, arna luacháil amhlaidh (lugha-de méid caipitiúil aon iasachta sealadaighe fuarthas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus a bheidh amuich an uair sin), os cionn no fé bhun an méid i nótaí dlí-thairgthe bhí amuich an lá deiridh sin d'Fheabhra no an 31adh lá san de Lúnasa (pé aca é), agus chó luath agus is féidir é tar éis an t-eolas san d'fháil amach aistreoid o chiste na nótaí dlí-thairgthe no chuige chun cúl-chiste na nótaí no uaidh (fé mar is gá sa chás) cothrom luacha aon bharrachais no easnaimh a bheidh ann (má bhíonn) de shócmhainní caipitiúla in aon cheann no cinn de na fuirmeacha inar ceaduithe de thurus na huaire sócmhainní de chuid chiste na nótaí dlí-thairgthe do choimeád.”

Alt 3 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 , do leasú.

64. —Leasuítear alt 3 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930 ( Uimh. 30 de 1930 ), leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré na focail “d'aon aonta” do scriosadh as an áit ina bhfuilid i bhfo-alt (1), agus

(b) tré na focail “d'aon aonta” do scriosadh as an áit ina bhfuilid i bhfo-alt (2), agus

(c) tré na focail “ar iarratas ón gCoimisiún nach iarratas d'aon aonta” do chur i bhfo-alt (3) i ndiaidh an fhocail “seo”, agus

(d) tré fho-alt nua mar leanas do chur isteach roimh fho-alt (4), sé sin le rá:—

“(3A) Gach ordú déanfar fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so ar iarratas d'aon aonta ón gCoimisiún leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do leagadh féna bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.”

Comhacht don Bhanc chun faisnéis d'fháil ar ghnóthaí cíoscheannaigh.

65. —(1) Is dleathach don Bhanc go bhfuigheadh sé—

(a) o aon duine dhéanann, mar thrádáil, earraí do dhíol ar na téarmaí ar a dtugtar cíos-cheannach de ghnáth no ar aon téarmaí eile féna mbíonn an praghas (i dteannta no d'éamais suime breise mar ús) iníoctha ina thráthchoda, no

(b) o aon duine dhéanann, mar ghnó, díol earraí ar aon cheann no cinn de na téarmaí luaidhtear sa mhír sin roimhe seo den alt so d'airgeadasú (le hiasacht, le hurraíocht, no le héinní eile),

gach faisnéis a mheasfaidh an Bord do bheith riachtanach no inmhianuithe ar an trádáil no ar an ngnó san (pé aca é) a dhéanann an duine sin, agus is dleathach don Bhanc, d'fhonn an fhaisnéis sin d'fháil, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon duine den tsort san á cheangal air an fhaisnéis sin (a sonnrófar sa bhfógra) do thabhairt i scríbhinn don Bhanc fé cheann aimsire áirithe nach giorra ná ceithre lá déag tar éis an fógra do shéirbheáil no d'eile go tréimhsiúil i gceann eatramh nach giorra ná trí mhí.

(2) Beidh de dhualgas ar gach duine ar a seirbheálfaidh an Banc fógra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanamh do réir an fhógra san fé cheann na haimsire no ar na hócáidí tréimhsiúla (fé mar a bheidh) a luadhfar sa bhfógra san, agus má theipeann air déanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó na fiche punt do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den teip sin.

(3) Féadfar fógra sheirbheálfaidh an Banc ar aon duine fén alt so do sheirbheáil amhlaidh tréna chur leis an bpost réimhíoctha agus é dírithe chun an duine sin ina áit ghnótha no, má bhíonn níos mó ná aon áit amháin den tsórt san aige, san áit a chífear don Bhord is príomh-áit ghnótha dhó sa Stát no, más cuideachta theoranta arna corprú sa Stát an duine sin, in oifig chláruithe na cuideachtan san.

An Bills of Exchange Act, 1882, do leasú maidir le dreachta bancaera.

66. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “dreacht bancaera” dreacht is iníoctha arna éileamh san agus é arna tharraing ag banc no thar a cheann air féin, pé aca i bpríomh-oifig an Bhainc sin no in oifig éigin eile leis bheidh sé iníoctha.

(2) Bainfidh ailt 76 go 82 (a bhaineann le seiceanna crosálta) den Bills of Exchange Act, 1882, arna leasú leis an Bills of Exchange (Crossed Cheques) Act, 1906, le dreacht bancaera fé is dá mba sheic an dreacht san.

Banc-thaisce do bheith dleathach mar shuncáil iontaobhais.

67. —Mara dtoirmeasctar san air go soiléir leis an ionstruim (má ann) lenar cruthuíodh an t-iontaobhas, féadfaidh iontaobhaidhe, i dteannta aon tslí eile suncála bheidh údaruithe de thurus na huaire le dlí no leis an ionstruim sin (más ann), aon chistí iontaobhais ar a láimh (pé aca bheidh na cistí sin suncálta an uair sin no ná beid) do shuncáil tré na cistí sin do chur i gcuntas taisce ús-bheirtheach i mBanc Cópháirteach no i mBanc ina mbeidh leas urlámhach ag Banc Cópháirteach.

Alt 22 den Bankers (Ireland) Act, 1845, do leasú.

68. —Ar an Acht so do rith ní bheidh éifeacht a thuilleadh ag an méid sin d'alt 22 den Bankers (Ireland) Act, 1845, (arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha) a cheanglann ar na Coimisinéirí Ioncuim tuairisceáin a bhéarfar dóibh fén alt san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.