23 1942


Uimhir 23 de 1942.


ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CEÁRD-CHUMANN, 1871 GO 1941. [9adh Mí na Nodlag,1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Ceárd-Chumann, 1941 (Uimh. 22 de 1941) .

Brí na habairte “cólucht eiscithe” in alt 6 d'Acht 1941 do leathnú.

2. —In alt 6 d'Acht 1941, folóidh an abairt “cólucht eiscithe” cólucht a mbeidh a bhaill uile ar fostú ag an aon fhostóir amháin agus a dhéanann margántaíocht chun págh no coinníollacha eile fostaíochta a bhall féin (ach ní haon fhostaithe eile) do cheapadh.

Gan ceadúnas margántaíochta do bheith riachtanach i gcásanna áirithe.

3. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1941, cólucht a dhéanann margántaíocht ar bhord lena mbaineann an t-alt so ní bheidh air, de bhíthin amháin an mhargántaíocht san a dhéanamh, ceadúnas margántaíochta arna thabhairt amach fé Chuid II d'Acht 1941 do bheith aige.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “bord lena mbaineann an t-alt so” cólucht ar bith aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) bord céirde arna bhunú fé na Trade Board Acts, 1909 and 1918,

(b) an Bord Páigh Thalmhaíochta,

(c) coiste arna bhunú fén Acht um Págh Talmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) ,

(d) coiste príntíseachta arna bhunú fén Acht Príntíseachta, 1931 (Uimh. 56 de 1931) ,

(e) có-chomhairle thionnscail arna hadmháil ag an Aire, có bhord réitigh no eadrascáin arna admháil amhlaidh, no aon chólucht den tsamhail sin arna admháil amhlaidh.

(3) Deimhniú ón Aire á dheimhniú cólucht do bheith admhuithe aige chun crícheanna an ailt seo no gan a bheith, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite i ngach imeacht ar na nithe deimhneofar ann.

Oifigeach don Aire d'iniúchadh hláir de bhaill cheárd-chumainn in aisce.

4. —(1) Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1941 fé is dá bhforáladh sí, i dtaobh cláir de bhaill cheárd-chumainn a bheidh á choimeád de bhun an ailt sin, go ndéanfar, i gcás é d'iniúchadh ag oifigeach don Aire go n-údarás i scríbhinn aige chun an clár san d'iniúchadh, é choimeád ar oscailt chun a iniúchta in aisce.

(2) Beidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1941 fé is dá bhforáladh sí, i dtaobh cláir de bhaill cheárd-chumainn a bheidh á choimeád de bhun an ailt sin, go ndéanfar, i gcás é d'iniúchadh ag oifigeach don Aire go n-údarás i scríbhinn aige chun an clár san d'iniúchadh, é choimeád ar oscailt chun a iniúchta in aisce.

Athchomharc i gcoinnibh diúltú do dhaoine do ghlacadh ina mbaill de cheárdchumann go n-aon-cheart có-eagruithe.

5. —(1) Sara gcinnidh an Binse fé Chuid III d'Acht 1941 gur ag ceárd-chumann áirithe amháin a bheidh de cheart máistrí no fir oibre d'aicme áirithe do chó-eagrú, ceanglóidh an Binse ar an gceárd-chumann san a dheimhniú don Bhinse go gcuirfidh an ceárdchumann san i ngníomh, díreach ar an gcinneadh sin do bheith déanta, córas sásúil athchomhaire i gcoinnibh diúltú do dhaoine do ghlacadh ina mbaill den cheárd-chumann san agus go ndéanfaidh, faid a bheidh an cinneadh gan cúlghairm, an córas athchomhaire sin do choimeád i ngníomh agus éifeacht do thabhairt do na breitheanna do bhéarfar fé.

(2) Chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, ní tuigthe córas athchomhairc do bheith sásúil maran rud é—

(a) go n-aontóidh an Binse leis, agus

(b) go mbeidh socrú ann chun athchomhairc do bhreithniú ag eadrascánaidhe a n-aontóidh an Binse leis féin no le modh a cheaptha no, d'eile, ag cólucht athchomhairc a n-aontóidh an Binse leis féin no le modh a cheaptha.

(3) Díreach ar chinneadh do bheith déanta fé Chuid III d'Acht 1941 gur ag ceárd-chumann áirithe amháin a bheidh de cheart máistrí no fir oibre d'aicme áirithe do chó-eagrú, cuirfidh an ceárdchumann san i ngníomh an córas athchomhairc, i gcoinnibh diúltú do dhaoine do ghlacadh ina mbaill den cheárd-chumann san, lenar aontuigh an Binse le linn an t-iarratas ar an gcinneadh d'éisteacht, agus déanfaidh, faid a bheidh an cinneadh gan cúlghairm, an córas athchomhairc sin do choimeád i ngníomh agus éifeacht do thabhairt do no breitheanna do bhéarfar fé.

(4) Má cinntear fé Chuid III d'Acht 1941 gur ag ceárd-chumann áirithe amháin a bheidh de cheart máistrí no fir oibre d'aicme áirithe do chó-eagrú agus, faid a bheidh an cinneadh gan cúlghairm, go bhfailleoidh an ceárd-chumann san déanamh do réir aon cheanglais áirithe d'fho-alt (3) den alt so, beidh gach duine fé leith de na baill agus na hoifigigh den cheárd-chumann san a thoileoidh leis an bhfaillighe sin no urasóidh í agus, i gcás ceárd-chumainn arna chlárú fé na hAchtanna Ceárd-Chumann, 1871 go 1941, an ceárd-chumann féin ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(5) Léireofar an t-alt so mar éinní amháin le Cuid III d'Acht 1941 agus tiocfa sé i ngníomh ar an dáta ar a dtiocfaidh an Chuid sin III i ngníomh.

Forálacha áirithe d'Acht 1941 d'athghairm.

6. —Athghairmtear leis seo na forálacha so leanas d'Acht 1941: mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 6, fo-ailt (4), (5), agus (8) d'alt 6, agus alt 35.

Gearr-theideal agus có-luadh.

7. —(1) Féadfar an tAcht Ceárd-Chumann, 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceárd-Chumann, 1871 go 1942, do ghairm den Acht so agus na hAchtanna Ceárd-Chumann, 1871 go 1941, le chéile.