An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Leasuithe ar an Acht Deocha Meisciula, 1927.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ceadunais i leith Aerodrom agus Aer-arthach Paisneiri.)

7 1943

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1943

CUID III.

Ceadunais Nua do Dheonadh i gCasanna Airithe.

Mínithe chun crícheanna Coda III.

19. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1833” an Licensing (Ireland) Act, 1833;

cialluíonn an abairt “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) ;

cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas is ceadúnas tábhairneora no ceadúnas tighe bheorach;

tá leis na habairtí “ceadúnas tábhairneora” agus “ceadúnas tighe bheorach” na bríonna ceaptar do na habairtí “publican's licence” agus “beerhouse licence” fé seach le halt 52 den Finance (1909-10) Act, 1910, chun crícheanna Coda II den Acht san.

Ceadúnas nua do dheonadh i leith áitreibh áirithe is tigh bídh, etc.

20. —(1) Má dhéanann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith áitreibh áirithe agus má dhéanann an t-iarratasóir, sna himeachta sa Chúirt Chuarda i dtaobh an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt—

(a) an t-áitreabh san do bheith oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid, agus é bheith á úsáid bona fide agus go príomhdha, mar thigh bídh no tigh úrúcháin no áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht, agus

(b) go ndearnadh, in aghaidh na bliana ceadúnúcháin ina raibh an 1adh lá d'Eanar, 1933, athnuachaint do thabhairt amach ar cheadúnas do bhí ag gabháil leis an áitreabh san no le háitreabh dob ionann go substainteach agus an t-áitreabh san, agus

(c) ná dearnadh, i ndiaidh an dáta san, an ceadúnas san d'athnuachaint,

cuirfidh an Chúirt fé ndear, d'ainneoin éinní atá in Acht 1902, deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don iarratasóir á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh sin, mara ndéana an Chúirt, de dhruim agóide fé alt 4 d'Acht 1833, a thoirmeasc fén alt san ceadúnas den tsórt san do thabhairt amach ar fhoras no ar fhorais aca so leanas, sé sin le rá, carachtar, mí-iompar, no neamh-oiriúnacht an iarratasóra no neamh-oiriúnacht no nea-chaothúlacht an áitreabh sin.

(2) Má déantar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt san roimhe seo, an deimhniú luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt don iarratasóir, ní oibreoidh éinní atá in Acht 1902 chun cosc do chur leis an gceadúnas do dheonadh don iarratasóir a ndearbhóidh an deimhniú san é bheith i dteideal é d'fháil.

(3) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1944, agus ní níos sia ná san, mara gcinne an tOireachtas a mhalairt.

Ceadúnas nua do dheonadh i leith áitreibh níos caothúla.

21. —(1) Má dhéanann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith áitreibh (dá ngairmtear an t-áitreabh nua san alt so) ná gabhann aon cheadúnas leis agus má dhéanann an t-iarratasóir, sna himeachta sa Chúirt Chuarda i dtaobh an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir ina shealbhóir ar cheadúnas a ghabhann le háitreabh (dá ngairmtear an sean-áitreabh san alt so) atá i ngar-chomharsanacht an áitreibh nua, agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh nua agus an sean-áitreabh in aon líomatáiste Cúirte Dúithche amháin atá orduithe le dlí chun gnó ceadúnúcháin do dhéanamh, agus

(c) ná fuil an t-áitreabh nua ná an sean-áitreabh i gcontae bhuirg ná i mbuirg eile ná i mbailecheanntar ná i mbaile, agus

(d) nach lugha luach bliantúil an áitreibh nua fé na hAchtanna Luachála ná luach bliantúil an tsean-áitreibh fé na hAchtanna san, agus

(e) go bhfuil an t-áitreabh nua níos oiriúnaighe ná an seanáitreabh do ghnó díolta deocha meisciúla,

cuirfidh an Chúirt fé ndear, d'ainneoin éinní atá in Acht 1902, deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don iarratasóir á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh nua, mara ndéana an Chúirt, as a comhairle féin, tabhairt amach an cheadúnais sin do thoirmeasc ar scór an t-áitreabh nua do bheith neamh-oiriúnach no nea-cháothúil no ar an scór go dtiocfadh de cheadúnas nua do bheith ann i leith an áitreibh nua díobháil mhí-réasúnach do dhéanamh don ghnó bheidh ar siúl an uair sin in áitreabh ceadúnuithe éigin i gcomharsanacht an áitreibh nua.

(2) Má déantar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so, an deimhniú luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt don iarratasóir, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an ceadúnas (dá ngairmtear an ceadúnas nua sa bhfo-alt so) a ndearbhóidh an deimhniú san teideal do bheith ag an iarratasóir chuige agus a deonfar dó de bhun an deimhnithe sin, is amhlaidh a bheidh sé ar aon-ghné ar gach slí (agus na coinníollacha ann d'áireamh) leis an gceadúnas (dá ngairmtear an sean-cheadúnas sa bhfo-alt so) a bheidh ag gabháil leis an sean-áitreabh;

(b) ní oibreoidh éinní atá in Acht 1902 chun deonadh an cheadúnais nua don iarratasóir do chosc;

(c) ar an gceadúnas nua do dheonadh múchfar an seancheadúnas;

(d) gach ciontú (más ann) a bheidh breactha fé alt 25 d'Acht 1927 ar an sean-cheadúnas tráth deonta an cheadúnais nua, is tuigthe é bheith breactha fén alt san ar an gceadúnas nua agus é bhreacadh amhlaidh ar dháta a bhreactha ar an sean-cheadúnas;

(e) má bhaineann mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 leis an seanáitreabh, scuirfidh an t-áitreabh san, ar an seancheadúnas do mhúchadh de bhun an fho-ailt seo, de bheith ina áitreabh lena mbaineann an mhír sin, agus beidh éifeacht dá réir sin feasta ag Acht 1902 maidir leis an sean-áitreabh.

Ceadúnas nua do dheonadh i leith áitreibh do cuireadh in ionad áitreibh do díthíodls.

22. —(1) Má dhéanann duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith áitreibh (dá ngairmtear an t-áitreabh ionaid san alt so) ná beidh aon cheadúnas ag gabháil leis agus má dhéanann an t-iarratasóir, sna himeachta sa Chúirt Chuarda i dtaobh an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt—

(a) go ndearnadh áitreabh (dá ngairmtear an bun-áitreabh san alt so) i ngar-chomharsancht an áitreibh ionaid do dhóghadh no do dhíthiú ar shlí eile no do chur o bheith ionáitithe de dheascaibh tóiteáin no cúise no tionóisce do-sheachanta eile dhá mhí dhéag ar a mhéid roimh dháta an fhógra san ón iarratasóir do sheirbheáil ar an gclárathóir contae, agus

(b) go raibh ceadúnas ag gabháil leis an mbun-áitreabh nuair do rinneadh amhlaidh é dhóghadh no é dhíthiú ar shlí eile no é chur o bheith ionáitithe, agus

(c) an t-iarratasóir do bheith, le linn na héisteachta san os cóir na Cúirte Cuarda, i seílbh dhleathach an bhunáitreibh no a láithreáin agus a iarsmaí, agus

(d) gan aon deimhniú fé alt 5 d'Acht 1833 do bheith tugtha cheana de bhuadh an ailt seo i ndáil leis an mbunáitreabh do dhóghadh no do dhíthiú ar shlí eile no do chur o bheith ionáitithe amhlaidh, agus

(e) ná dearnadh aon trádáil ná gnó sa bhun-áitreabh o rinneadh amhlaidh é dhóghadh no é dhíthiú ar shlí eile no é chur o bheith ionáitithe,

cuirfidh an Chúirt fé ndear, d'ainneoin éinní atá in Acht 1902, deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don iarratasóir á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh ionaid, mara ndéana an Chúirt, de dhruim agóide fé alt 4 d'Acht 1833, tabhairt amach an cheadúnais sin do thoirmeasc fén alt san ar fhoras no ar fhorais aca so leanas, sé sin le rá, carachtar, mí-iompar, no neamhoiriúnacht an iarratasóra no neamh-oiriúnacht no neachaothúlacht an áitreibh ionaid.

(2) Má déantar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so, an deimhniú luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt don iarratasóir, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an ceadúnas (dá ngairmtear an ceadúnas nua so bhfo-alt so) a ndearbhóidh an deimhniú san teideal do bheith ag an iarratasóir chuige agus a deonfar dó de hhun an deimhnithe sin, is amhlaidh a bheidh sé ar aon-ghné ar gach slí (agus na coinníollacha ann d'áireamh) leis an gceadúnas (dá ngairmtear an sean-cheadúnas sa bhfo-alt so) do bhí ag gabháil leis an mbun-áitreabh nuair a dóghadh no a díthíodh ar shlí eile no a cuireadh o bheith ionáitithe é;

(b) ní oibreoidh éinní atá in Acht 1902 chun deonadh an cheadúnais nua don iaratasóir do chosc;

(c) ar an gceadúnas nua do dheonadh múchfar an seancheadúnas (más ann dó an uair sin);

(d) gach ciontú (más ann) do breacadh fé alt 25 d'Acht 1927 ar an sean-cheadúnas agus (do réir mar bheidh) do leanfadh, mara mbeadh an ceadúnas san d'éag, de bheith breactha amhlaidh air tráth deonta an cheadúnais nua no leanfaidh de bheith breactha amhlaidh ar an seancheadúnas díreach sara múchtar é, is tuigthe é bheith breactha fén alt san ar an gceadúnas nua agus é bhreacadh amhlaidh ar dháta a bhreactha ar an seancheadúnas;

(e) má bhaineann mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 leis an mbunáitreabh, scuirfidh an t-áitreabh san, ar an gceadúnas nua do dheonadh, de bheith ina áitreabh lena mbaineann an mhír sin, agus (fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so) beidh éifeacht dá réir sin feasta ag Acht 1902 maidir leis an mbun-áitreabh.

(3) Má thárlann, i gcás lena mbainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so, go n-athdéanfar an bun-áitreabh no go dtógfar áitreabh nua ar láithreán an bhun-áitreibh (no ar láithreán is ionann go substainteach agus an láithreán san) agus, aon uair ina dhiaidh sin le linn ceadúnas do bheith ag gabháil leis an áitreabh ionaid, go ndéanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin fógra do thabhairt go cuibhe i dtaobh é bheith chun ceadúnas d'iarraidh i leith an áitreabh a bheidh athdéanta go nua-thógtha amhlaidh cuirfidh an Chúirt fé ndear deimhniú den tsórt a luaidhtear in alt 5 d'Acht 1833 do thabhairt don tsealbhóir sin, á dhearbhú é bheith i dteideal cuibhe ceadúnas d'fháil i leith an áitreibh athdéanta no nua-thógtha san, mara ndéana an Chúirt, de dhruim agóide fé alt 4 d'Acht 1833, tabhairt amach an cheadúnais sin don tsealbhóir sin do thoirmeasc fén alt san ar fhoras no ar fhorais aca so leanas, sé sin le rá, carachtar, mí-iompar, no neamh-oiriúnacht an tsealbhóra san no neamh-oiriúnacht no neachaothúlacht an áitreibh athdéanta no nua-thógtha san, agus, má chuireann an Chúirt fé ndear an deimhniú san do thabhairt don tsealbhóir sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha atá i bhfo-alt (2) den alt so gus na modhnuithe is gá ortha agus, go sonnrach, gus na modhnuithe go gciallóidh an abairt “an ceadúnas nua” an ceadúnas lena mbainfidh an deimhniú san agus go gciallóidh an abairt “an sean-cheadúnas” an ceadúnas san a bheidh ag gabháil leis an áitreabh ionaid an uair sin.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 11 den Excise Licences Act, 1825, maidir le ceadúnas.

Alt 3 d'Acht 1902 dá leasú.

23. —Leasuítear leis seo alt 3 d'Acht 1902 tré na focail “or off” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “for consumption on”.