|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceadunais Nua do Dheonadh i gCasanna Airithe.) | Ar Aghaidh (CUID V Ilghneitheach.) |
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ceadunais i leith Aerodrom agus Aer-arthach Paisneiri. | |
[EN] |
Mínithe chun crícheanna Coda IV. |
24. —Sa Chuid seo den Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1936” an tAcht um Aer-Loingseoire acht agus Aer-Iompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) ; | |
[EN] | tá leis an bhfocal “aer-árthach” an bhrí atá leis in Acht 1936; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “aerodróm ceaduithe” aerodróm (do réir bhrí Achta 1936) atá do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) é bheith ceadúnuithe ag an Aire de bhun orduithe arna dhéanamh fé Chuid II d'Acht 1936 no, d'eile, é bheith fé urláimh agus á oibriú ag an Aire no ag an Aire Cosanta, agus | |
[EN] | (b) é bheith á úsáid le haghaidh teacht agus imeacht aerárthach a hoibrítear mar chuid de sheirbhís aer-iompair údaruithe; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “seirbhís aer-iompair údaruithe” aer-sheirbhís, chun paisnéirí agus postanna agus earraí no aon chuid aca d'iompar d'aer, is— | |
[EN] | (a) aer-sheirbhís intíre do réir bhrí Coda IX d'Acht 1936 a bhfuil údaruithe leis an gCuid sin IX no fúithi í bheith ar siúl, no | |
[EN] | (b) aer-bhealach eadarnáisiúnta no líne aer-loingseoireachta eadarnáisiúnta thráth-rialta atá bunuithe, no tionnscanta agus á oibriú, le húdarás roimh ré ón Aire fén Ordú um Aer-Loingseoireacht (Línte Eadarnáisiúnta), 1935 (R. &O. R., Uimh. 560 de 1935), no fé aon ordú bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire in ionad no ag leasú an orduithe sin; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “gnóthas aer-iompair” duine i dteideal seirbhís aer-iompair údaruithe d'oibriú; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “ceadúnas iomlán” ceadúnas chun deocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta san áitreabh no lasmuich den áitreabh; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “áitreabh aerodróma” na foirgintí uile bheidh tógtha de thurus na huaire in aerodróm ceaduithe pé críoch chun a n-úsáidtear an t-áitreabh san; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “áitreabh aerodróma ceadúnuithe” áitreabh in aerodróm ceaduithe a mbeidh ar marthain ina leith de thurus na huaire ceadúnas díolta deocha meisciúla do deonadh no do hathnuadhadh de bhuadh na Coda so den Acht so, pé aca is có-ionann an t-áitreabh san le hiomlán an áitreibh aerdróma no le cuid áirithe den áitreabh aerodróma san aerodróm san. | |
[EN] |
Ceadúnais do dheonadh agus d'athnuachaint i leith áitreibh in aerodróm. |
25. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire é bheith oiriúnach go ndeonfaí ceadúnas iomlán í leith iomlán aon áitreibh aerodróma áirithe no aon choda áirithe dhe, féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach, do dhuine chífear dó bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun bheith i seilbh an cheadúnais iomláin sin, á dheimhniú gur aerodróm ceaduithe an t-aerodróm ina bhfuil an t-áitreabh aerodróma san agus go dtoilíonn an tAire leis na Coimisinéirí Ioncuim do dheonadh ceadúnais iomláin don duine sin (agus ainmneofar é sa deimhniú san) i leith áitreibh áirithe is ionann agus iomlán an áitreibh aerodróma san no cuid áirithe dhe |
[EN] | (2) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, ceadúnas iomlán i leith an áitreibh a bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san do dheonadh don duine bheidh ainmnithe chuige sin sa deimhniú san. | |
[EN] | (3) Aon uair a bheidh ceadúnas iomlán ar marthain do deonadh no do hathnuadhadh fén alt so, féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, deimhniú do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin á dheimhniú gur aerodróm ceaduithe i gcomhnaí an t-aerodróm ina bhfuil an t-áitreabh do ceadúnuíodh leis agus go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas iomlán san d'athnuachaint don tsealbhóir sin i leith an áitreibh sin. | |
[EN] | (4) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, athnuachaint ar an gceadúnas iomlán san do dheonadh dá shealbhóir. | |
[EN] |
Ceadúnais i leith áitreibh in aerodróm d'aistriú agus d'athrú. |
26. —(1) Aon uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach go ndéanfaí ceadúnas lomlán do deonadh no do hathnuadhadh fén alt deiridh sin roimhe seo agus a bheidh ar marthain de thurus na huaire d'aistriú, toisc bás a shealbhóra no ar aon chúis eile, chun duine áirithe chífear don Aire bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun bheith i seilbh an cheadúnais iomláin sin, féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach don duine sin á dheimhniú go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas san d'aistriú chuige. |
[EN] | (2) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, an ceadúnas iomlán lena mbainfidh an deimhniú san d'aistriú chun an duine bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san. | |
[EN] | (3) Aon uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach ar chúis ar bith go ndéanfaí an t-áitreabh lena mbaineann ceadúnas iomlán do deonadh no do hathnuadhadh fén alt deiridh sin roimhe seo agus a bheidh ar marthain de thurus na huaire d'athrú in aon tslí áirithe seachas an ceadúnas iomlán san do chur ag gabháil le háitreabh nach cuid d'aon áitreabh aerodróma, féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin ag deimhniú pé ní no nithe aca so leanas is iomchuibhe sa chás, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas iomlán san do shíneadh chun cuid áirithe den áitreabh aerodróma a mbaineann sé le cuid eile dhe cheana; | |
[EN] | (b) go dtoilíonn an tAire le cuid áirithe den áitreabh lena mbaineann an ceadúnas iomlán san do dhúnadh amach ón áitreabh san; | |
[EN] | (c) go dtoilíonn an tAire leis an gceadúnas iomlán san d'aistriú ón áitreabh lena mbaineann sé go dtí cuid eile den áitreabh aerodróma chéanna. | |
[EN] | (4) Ar dheimhniú bheidh tugtha amach ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncuim, is dleathach do no Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, an ceadúnas iomlán lena mbaineann an deimhniú san do leasú do réir toiliú an Aire mar a bheidh luaidhte sa deimhniú san. | |
[EN] |
Díol le daoine bheidh ag taisteal no chun taisteal. |
27. —D'ainneoin éinní atá in Acht 1927, is dleathach deocha meisciúla do dhíol in áitreabh aerodróma ceadúnuithe aon uair le daoine ar bith dhíobh so leanas agus a lomháil do dhaoine ar bith dhíobh so leanas deocha meisciúla díolfar amhlaidh d'ól san áitreabh san, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) daoine thiocfaidh chun an aerodróma ina mbeidh an t-áitreabh ceadúnuithe sin mar phaisnéirí in aer-árthach a bheidh ag gabháil do sheirbhís aer-iompair údaruithe agus a bheidh, díreach roimh theacht dóibh amhlaidh, tar éis caoga míle slí ar a laghad, arna thomhas do réir ghnáth-chúrsa eitill an aer-árthaigh sin, do chur díobh san aer-árthach san chun an aerodróma san, agus | |
[EN] | (b) daoine bheidh chun taisteal ón aerodróm san mar phaisnéirí in aer-árthach a bheidh ag gabháil do sheirbhís aer-iompair údaruithe agus ticéadaí aca do bheir teideal dóibh chun caoga míle slí ar a laghad, arna thomhas do réir ghnáth-chúrsa eitill an aer-árthaigh sin ón aerodróm san, do chur díobh ón aerodróm san san aer-árthach san. | |
[EN] |
Forálacha áirithe d'Acht 1927 do thonasc no do dhúnadh amach. |
28. —(1) Léireofar alt 3 d'Acht 1927 agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh áitreabh aerodróma áirmhthe i bhfo-alt (3) dhe imeasc na n-áitreabh a luaidhtear sa bhfo-alt san mar áitreabhacha ná baineann an t-alt san 3 leo. |
[EN] | (2) Féadfaidh sealbhóir ceadúnais iomláin do deonadh no do hathnuadhadh fén Acht so ordú saoirse speisialta (do réir bhrí ailt 5 d'Acht 1927) d'iarraidh ar Bhreitheamh Chúirte Dúithche fén alt san agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an ailt sin maidir leis an iarratas san fé is dá mba shealbhóir ceadúnais iomláin den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san an sealbhóir sin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 13 d'Acht 1927 maidir le háitreabh aerodróma ceadúnuithe fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le háitreabh is tigh ósta no tigh bídh de thurus na huaire. | |
[EN] | (4) I gCuid IV d'Acht 1927, ní fholóidh an focal “ceadúnas” ceadúnas a ghabhann le háitreabh aerodróma ceadúnuithe agus déanfar an Chuid sin IV (agus go sonnrach fo-alt (3) d'alt 36 dhi) do léiriú, agus beidh éifeacht aici, dá réir sin. | |
[EN] |
Ceadúnais chun deocha meisciúla do dhíol ar aerárthach agus í ar eiteall. |
29. —(1) Is dleathach do na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, ceadúnas do dheonadh d'aon ghnóthas aer-iompair chun deocha meisciúla do dhíol le paisnéirí ar aer-árthach a bheidh ar únaereacht no ar fostú ag an ngnóthas san chun a n-ólta agus an t-aer-árthach san ar eiteall. |
[EN] | (2) Ceadúnas aer-árthaigh phaisnéirí bhéarfar ar cheadúnas a deonfar fén alt so agus ní oibreoidh sé ach i leith an aer-árthaigh áirithe, bheidh ar únaereacht no ar fostú ag an ngnóthas aeriompair dá ndeonfar é, a luadhfar sa cheadúnas. | |
[EN] | (3) D'ainneoin éinní atá in Acht 1927, oibreoidh ceadúnas aerárthaigh phaisnéirí chun a údarú go ndéanfaí, san aer-árthach lena mbainfidh an ceadúnas san agus uair ar bith le linn bheith ag eiteall don aer-árthach san, deocha meisciúla do dhíol le paisnéirí san aer-árthach san chun a n-ólta inti. |