An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Diuitethe Stampa.)

16 1943

ACHT AIRGEADAIS, 1943

CUID III.

Cain Bhrabuis Chorparaide.

Alt 47 den Acht Airgid, 1932 , dá leasú.

12. —Déanfar mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), do léiriú agus beidh éifeacht aici maidir le gach tréimhse chuntasaíochta, arna críochnú roimh dháta-an Achta so do rith no dá éis, fé is dá ndéantaí na focail “which by its constitution is precluded from distributing any profits amongst its members” atá anois sa mhír sin do scrios aisti agus na focail “which was immediately before the fifth day of May, 1943, precluded by its constitution from distributing any profits amongst its members and remains continuously so precluded from that date” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal san a scriosfaí aisti amhlaidh.

Leasú ar fhorálacha áirithe bhaineann le brabúis d'áireamh.

13. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:—

(a) mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), agus

(b) mír (a) d'fho-alt (2) den alt san 16 den Acht Airgeadais, 1942 , agus

(c) mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), agus

(d) fo-alt (2) den alt san 17 den Acht Airgeadais, 1942 ,

do leasú fé seach, chun na críche luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so, tríd an abairt “naoi fén gcéad sa bhliain” do chur in ionad na habairte “seacht go leith fén gcéad sa bhliain”, i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin sna hachtacháin sin fé seach, agus tríd an abairt. “deich go leith fén gcéad sa bhliain.” do chur in ionad na habairte “naoi fén gcéad sa bhliain” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin sna hachtacháin sin fé seach.

(2) Ní bheidh éifeacht ag na leasuithe iomdha déantar leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so ach amháin maidir le haon áireamh, chun crícheanna cánach brabúis chorparáide bhreise, déanfar fé threoir na mbrabús so leanas, sé sin le rá:—

(a) brabús eireoidh no d'eirigh i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1943, no dáta dá éis sin, agus

(b) brabús eireoidh no d'eirigh sa chuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1942, de thréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1adh lá d'Eanar, 1943, agus dar críoch an lá san no dáta dá éis.

(3) Déanfar gach cionroinnt is gá chun crícheanna na bhforálacha san roimhe seo den alt so maidir le tréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1adh lá d'Eanar, 1943, agus dar críoch an lá san no dáta dá éis, agus is amhlaidh a déanfar gach cionroinnt den tsórt san do réir faideanna fé seach na coda den tréimhse chuntasaíochta san roimh an 1adh lá d'Eanar, 1943, agus na coda dhi i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1942.

(4) Léighfear agus léireofar an t-alt so i dteanta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú no arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus, go sonnrach, léighfear agus léireofar é i dteanta Coda V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , agus Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942) .