2 1944


Uimhir 2 de 1944.


ACHT LIÚNTAISÍ LEANBHAÍ, 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LIÚNTAISÍ D'ÍOC I LEITH LEANBHAÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [23adh Feabhra, 1944.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe i gcoitinne.

1. —San Acht so—

leabhar liúntais.

cialluíonn an abairt “leabhar liúntais” aon scríbhinn a bheidh tugtha amach ag an Aire do dhuine agus a mbeidh aon liúntas leanbhaí iníoctha leis an duine sin ar an duine sin do sheachadadh no do thaisbeáint na scríbhne sin, no alos í bheith ar seilbh aige, ar dháta no tar éis dáta bheidh curtha in iúl go follus no go folaitheach sa scríbhinn sin;

an lá ceaptha.

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar leis an ordú atá le déanamh fé fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so;

leanbh.

cialluíonn an focal “leanbh” duine fé bhun sé bliana déag d'aois;

liúntas leanbhaí.

cialluíonn an abairt “liúntas leanbhaí” liúntas fé alt 3 den Acht so;

oifigeach breithiúnachta.

cialluíonn an abairt “oifigeach breithiúnachta” oifigeach breithiúnachta ceapfar fé alt 7 den Acht so;

an chéad tréimhse íoca.

cialluíonn an abairt “an chéad tréimhse íoca” maidir le réigiún, an tréimhse ceapfar, leis an ordú atá le déanamh fé fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so, ina céad tréimhse íoca don réigiún san;

oifigeach fiosrúcháin.

cialluíonn an abairt “oifigeach fiosrúcháin” oifigeach fiosrúcháin a ceapfar fé alt 5 den Acht so;

an tAire.

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

tréimhse íoca.

cialluíonn an abairt “tréimhse íoca”, maidir le réigiún, tréimhse atá, de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht so, ina tréimhse íoca don réigiún san;

orduithe.

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

an dáta cáilitheach.

cialluíonn an abairt “an dáta cáilitheach”, maidir leis an tréimhse íoca do réigiún, an dáta is dáta cáilitheach, maidir leis an tréimhse íoca san, de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht so;

réigiún.

cialluíonn an focal “réigiún” líomatáiste dearbhófar, leis an ordú atá le déanamh fé fho-alt (1) d'alt 2 den Acht so, do bheith ina réigiún chun crícheanna an Achta so.

Réigiúin, lá ceaptha, tréimhsí íoca do réigiúin agus dátaí cáilitheacha maidir le tréimhsí íoca.

2. —(1) Déanfaidh an tAire le hordú, a luaithe is caothúil tar éis dáta an Achta so do rith, na nithe seo leanas—

(a) an Stát do roinnt i pé líomatáistí agus i pé méid líomatáistí is oiriúnach leis agus a dhearbhú gach líomatáiste aca san do bheith ina réigiún chun crícheanna an Achta so,

(b) lá do cheapadh chun a bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so,

(c) an tréimhse do cheapadh (a thosnóidh an lá ceaptha) a bheidh ina céad tréimhse íoca do gach réigiún fé leith,

agus, ag déanamh an orduithe dhó, féadfaidh an tAire céad tréimhsí íoca de réithe éagsúla do cheapadh do réigiúin éagsúla.

(2) Chun crícheanna an Achta so—

(a) is tréimhse íoca d'aon réigiún áirithe gach tréimhse fé leith aca so leanas—

(i) an chéad tréimhse íoca don réigiún san,

(ii) gach tréimhse fé leith de shé seachtaine fichead tar éis na céad tréimhse íoca san;

(b) isé an dáta cáilitheach maidir le gach tréimhse íoca do réigiún ná pé dáta, roimh an tréimhse íoca san, a hordófar.

Liúntais leanbhaí.

3. —(1) I gcás duine—

(a) do bheith, ar an dáta cáilitheach maidir le tréimhse íoca do réigiún áirithe, ina chomhnaí sa réigiún san, agus

(b) do bheith ina shaoránach Éireannach no do bheith, ar feadh an dá bhlian díreach roimh an dáta cáilitheach san, ina chomhnaí sa Stát, agus

(c) do bheith ag cothabháil triúr leanbh no níos mó ar an data cáilitheach san, agus iad ina leanbhaí cáilithe ar an dáta cáilitheach san, agus

(d) dá iarraidh, laistigh den am orduithe agus sa tslí orduithe, liúntas leanbhaí d'íoc leis ar feadh na tréimhse íoca san,

ansan, fé réir an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá—

(i) ar an duine sin do dhéanamh do réir na gcoinníollacha orduithe maidir le céannú, déanfar, ar feadh na tréimhse íoca san, liúntas seachtainiúil, do réir dhá scilling agus reul in aghaidh gach leinbh cháilithe aca san de bhreis ar bheirt, d'íoc leis as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas,

(ii) is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, ceart an duine sin chun an liúntas leanbhaí sin d'íoc leis ar feadh na tréimhse íoca san do bheith tagtha chun cóláine ar an dáta cáilitheach san agus ní dhéanfa sé deifir don cheart san má thárlann, tar éis an dáta cháilithigh sin, éinne de na leanbhaí sin d'fháil bháis no do shlánú sé bliana déag no do scur d'aon cheann no cinn de na cáilíochta do bheith aige ar dá mbuadh ba leanbh cáilithe é ar an dáta cáilitheach san.

(2) I gcás duine bheidh i dteideal liúntas leanbhaí d'íoc leis ar feadh tréimhse íoca do réigiún d'athrú a áite comhnaithe ón réigiún san (dá ngairmtear an sean-réigiún sa bhfo-alt so) go réigiún eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) chun crícheanna an fho-ailt seo—

cialluíonn an focal “reatha” maidir le tréimhse íoca do réigiún, an tréimhse íoca don réigiún san ar lena linn do hathruíodh an áit chomhnaithe,

cialluíonn an focal “neas”, maidir le tréimhse íoca do réigiún, an tréimhse íoca don réigiún san díreach i ndiaidh na tréimhse íoca reatha don réigiún san,

cialluíonn an abairt “crícheanna an choinníll chomhnaíochta” crícheanna míre (a) d'fho-alt (1) den alt so,

cialluíonn an abairt “na coinníollacha orduithe maidir le hathrú áite comhnaithe do thuairisciú” pé coinníollacha bheidh orduithe maidir le hathrú áite comhnaithe do thuairisciú agus le leabhar liúntais do thabhairt suas;

(b) i gcás an áit chomhnaithe d'athrú roimh an lá ceaptha, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(i) is tuigthe, chun crícheanna an choinníll chomhnaíochta, gan an duine sin do bheith ina chomhnaí sa tsean-réigiún ar an dáta cáilitheach maidir leis an gcéad tréimhse íoca don tsean-réigiún,

(ii) má chólíonann an duine sin na coinníollacha orduithe maidir le hathrú áite comhnaithe do thuairisciú, is tuigthe, chun crícheanna an choinníll chomhnaíochta, é bheith ina chomhnaí sa réigiún nua ar an dáta cáilitheach maidir leis an gcéad tréimhse íoca don réigiún nua;

(c) i gcás an áit chomhnaithe d'athrú an lá ceaptha no dá éis, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá—

(i) má chólíonann an duine sin na coinníollacha orduithe maidir le hathrú áite comhnaithe do thuairisciú, leanfa sé, tar éis an áit chomhnaithe d'athrú, de bheith i dteideal an liúntas leanbhaí sin d'íoc leis ar feadh na tréimhse íoca reatha don tsean-réigiún, ach ní leanfaidh amhlaidh mara gcólíona ná go dtí go gcólíonfaidh iad,

(ii) má bhíonn an duine sin, ar dháta a áite comhnaithe d'athrú, i dteideal liúntas leanbhaí d'íoc leis ar feadh na neas-tréimhse íoca don tsean-réigiún, scuirfe sé de bheith i dteideal amhlaidh,

(iii) má chólíonann an duine sin na coinníollacha orduithe maidir le hathrú áite comhnaithe do thuairisciú, is tuigthe, chun crícheanna an choinníll chomhnaíochta, é bheith ina chomhnaí sa réigiún nua ar an dáta cáilitheach maidir leis an tréimhse íoca reatha don réigiún nua, agus, mara mbeidh sé ina chomhnaí sa réigiún nua ar an dáta cáilitheach maidir leis an neas-tréimhse íoca don réigiún nua, é bheith ina chomhnaí amhlaidh, ach an liúntas leanbhaí (más ann) is iníoctha leis ar feadh na tréimhse íoca reatha no na neas-tréimhse íoca don réigiún nua, ní bheidh san iníoctha in aon tseachtain a thuitfidh in aon tréimhse íoca don tsean-régiún.

(3) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) is tuigthe, fé réir míre (b) den fho-alt so, leanbh do bheith á chothabháil ag an duine luaidhtear i pé fomhír aca so leanas a bhaineann leis an gcás—

(i) i gcás an leanbh do bheith ina ghnáth-chomhnaí lena athair, an t-athair,

(ii) i gcás an leanbh do bheith ina ghnáth-chomhnaí lena leas-athair, an leas-athair,

(iii) i gcás an leanbh do bheith ina ghnáth-chomhnaí lena mháthair agus ise ina baintrigh no ina comhnaí ar leithligh óna fear céile, an mháthair,

(iv) i gcás an leanbh do bheith ina ghnáth-chomhnaí lena leas-mháthair agus ise ina baintrigh no ina comhnaí ar leithligh óna fear céile, an leasmháthair,

(v) i gcás an leanbh do bheith ag fáil oideachais i scoil iostais no é bheith curtha ar altranas d'aon-ghnó chun scoil do fhreastal, an duine lena mbeadh sé ina ghnáth-chomhnaí marach san,

(vi) i gcás an leanbh do bheith ina iostaí in óspidéal, an duine lena mbeadh sé ina ghnáth-chomhnaí marach san,

(vii) i gcás an leanbh do bheith ina iostaí i bhforas (seachas óspidéal) agus go mbeadh sé, marach san, ina ghnáth-chomhnaí le duine dhéanann rann-íoc chun costas a chothabhála sa bhforas, an duine sin,

(viii) in aon chás ná baineann aon cheann de na fomhíreanna san roimhe seo leis, ceann an teaghlaigh ar ball comhnaitheach de an leanbh de ghnáth,

agus is tuigthe gan an leanbh do bheith á chothabháil ag aon duine eile;

(b) in aon chás lena mbaineann aon dá cheann d'fhomhíreanna (i) go (iv) de mhír (a) den fho-alt so, is tuigthe an leanbh do bheith á chothabháil ag an duine luaidhtear sa chéad cheann do réir uird de na fomhíreanna bhaineann leis an gcás agus is tuigthe gan é bheith á chothabháil ag aon duine eile;

(c) is leanbh cáilithe leanbh ar an dáta cáilitheach, maidir le tréimhse íoca do réigiún, má bhíonn agus amháin má bhíonn an leanbh, ar an dáta cáilitheach san,—

(i) ina bheathaidh, agus

(ii) ina ghnáth-chomhnaí sa Stát, agus

(iii) gan bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair, agus

(iv) gan bheith ina bhuan-chomhnaí in aon fhoras a mbeidh costas a chothabhála ann á íoc go hiomlán ag cólucht rialúcháin an fhorais sin, no as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, no as cistí údaráis áitiúil, no á íoc go hiomlán in aon dá shlí no níos mó aca san.

(4) I gcás duine bheidh i dteideal liúntais leanbhaí ar feadh tréimhse íoca do réigiún d'fháil bháis tar éis an dáta cháilithigh maidir leis an tréimhse íoca san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú an liúntas leanbhaí sin no aon chuid de d'íoc, ar feadh na tréimhse íoca san no ar feadh aon choda dhi, le pé duine is oiriúnach leis.

(5) I gcás duine bheidh i dteideal liúntais leanbhaí ar feadh tréimhse íoca do réigiún do bheith i bpríosún no á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar no gur deimhin leis an Aire go dtug an duine sin faillí sna leanbhaí ar de bhuadh a gcothabhála ar an dáta cáilitheach maidir leis an tréimhse sin a bheidh an duine sin i dteideal amhlaidh, féadfaidh an tAire a ordú an liúntas leanbhaí sin d'íoc le pé duine is oiriúnach leis.

(6) Ní bheidh duine i dteideal, ach amháin fé fho-alt (4) no fo-alt (5) den alt so, níos mó ná aon liúntas leanbhaí amháin d'íoc leis i leith aon tseachtaine áirithe.

Painéal de réiteoirí do bhunú.

4. —(1) Bunófar agus cothabhálfar chun crícheanna an Achta so painéal de pé méid réiteoirí cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham.

(2) Isé an tAire Airgeadais a cheapfaidh gach ball den phainéal de réiteoirí agus beidh gach ball den tsórt san i seilbh oifige faid is toil leis an Aire sin é.

(3) Is daoine bheidh ag fónamh sa Stát-Sheirbhís a bheidh ina mbaill den phainéal de réiteoirí.

Oifigigh fhiosrúcháin

5. —Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé daoine agus pé méid daoine mheasfaidh is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh fhiosrúcháin chun crícheanna an Achta so.

Dualgais agus comhachta oifigeach fiosrúcháin.

6. —(1) Déanfaidh gach oifigeach fiosrúcháin fiosrú agus bhéarfaidh tuarascbháil don Aire i dtaobh aon éilimh ar liúntas leanbhaí no maidir le liúntas leanbhaí agus i dtaobh aon cheiste eireoidh de dhruim no i dtaobh liúntais leanbhaí chuirfidh an tAire féna bhráid agus féadfaidh, chun críche an fhiosruithe agus na tuarascbhála san, a cheangal ar aon éilitheoir liúntais leanbhaí no ar éinne i gcúram leinbh is foras don éileamh eolas do thabhairt dó agus scríbhní do thaisbeáint dó chun a n-iniúchta, pé eolas agus scríbhní i dtaobh an éilimh sin a theastóidh go réasúnach ón oifigeach fiosrúcháin sin.

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith, is éilitheoir ar liúntas leanbhaí, no ar dhuine i gcúram leinbh is foras don éileamh, an t-eolas san do thabhairt d'oifigeach fiosrúcháin is gá dhó do réir an ailt seo do thabhairt don oifigeach san no na scríbhní sin do thaisbeáint d'oifigeach fiosrúcháin chun a n-iniúchta is gá dhó do réir an ailt seo do thaisbeáint don oifigeach san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Oifigigh bhreithiúnachta.

7. —Féadfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine mheasfaidh is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun crícheanna an Achta so agus beidh gach duine ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach den tsórt san faid is toil leis an Aire é.

Eilithe ar liúntais leanbhaí agus athchomhairc.

8. —(1) Fé réir forálacha an Achta so agus do réir rialachán a déanfar fé, is chun an Aire déanfar gach éileamh ar liúntas leanbhaí no maidir le liúntas leanbhaí, agus is oifigeach breithiúnachta do bhéarfaidh breith ar gach ceist eireoidh de dhruim no i dtaobh an chéanna.

(2) Má bhíonn aon éilitheoir mí-shásta le moladh no breith oifigigh bhreithiúnachta i dtaobh aon liúntais leanbhaí, ansan, ar iarratas do dhéanamh fé cheann na haimsire orduithe, cuirfear an cheist fé bhráid réiteora no réiteoirí roghnóidh an tAire ón bpainéal de réiteoirí.

(3) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, má mheasann san do bheith ceart, aon cheist a thiocfaidh féna bhráid chun breith do thabhairt uirthi fén alt so féadfaidh, in ionad é féin do thabhairt breithe uirthi, í do chur sa tslí orduithe fé bhráid réiteora no réiteoirí roghnóidh an tAire ón bpainéal de réiteoirí chun na críche sin.

(4) Fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh réiteoir no réiteoirí ar éinní cuirfear féna bhráid no féna mbráid fén alt so.

Molta agus breitheanna d'athscrúdú.

9. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh oifigeach breithiúnachta, am ar bith agus o am go ham, aon mholadh do rinneadh no aon bhreith do tugadh fén alt deiridh sin roimhe seo d'athscrúdú má chítear dó an moladh no an bhreith do bheith earráideach toisc fíorais nua do chur in iúl dó o dháta a dhéanta no a thabhartha no earráid éigin do bheith déanta maidir leis an dlí no leis na fíorais, agus na forálacha den Acht so bhaineann le nithe do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí beidh feidhm aca maidir leis an moladh athscrúduithe no leis an mbreith athscrúduithe sin fé mar atá feidhm aca maidir le moladh bunaidh no breith bhunaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo—

(a) maidir le moladh no breith i dtaobh ní do cuireadh fé bhráid réiteora no réiteoirí fén alt deiridh sin roimhe seo, no

(b) mara mbeidh deireadh leis an aimsir chun a iarraidh go ndéanfaí an ní lena mbaineann an moladh no an bhreith do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí, no

(c) maidir le moladh a dhéanfaidh oifigeach breithiúnachta chun éifeacht do thabhairt do bhreith a bheidh tugtha ag réiteoir no ag réiteoirí,

maran rud é, i gcás a thiocfaidh fé réim míre (a) no míre (b) den fho-alt so, go dtoileoidh an té gur ar iarratas uaidh do rinneadh an cur fé bhráid no bheidh i dteideal an cur fé bhráid d'iarraidh, pé aca é.

(3) Más rud é, in aon chás inar thug réiteoir no réiteoirí breith i dtaobh an ní do cuireadh féna bhráid no féna mbráid fén alt deiridh sin roimhe seo, go bhfeicfear don Aire go bhféadfaí go cuibhe a iarraidh ar an réiteoir no ar na réiteoirí an bhreith d'athbhreithniú ag féachaint d'fhíorais nua do cuireadh in iúl dó ón dáta ar ar tugadh an bhreith no d'aon nea-réire de dheallramh idir an bhreith agus aon bhreith eile do thug réiteoir no réiteoirí ina dhiaidh sin féadfaidh an tAire a ordú go gcuirfear an ní fé bhráid an réiteora no na réiteoirí chun é d'athbhreithniú agus sa chás san déanfaidh an réiteoir no na réiteoirí é d'athbhreithniú dá réir sin.

(4) Is mar leanas a bheidh éifeacht ag moladh athscrúduithe dhéanfaidh no ag breith athscrúduithe bhéarfaidh oifigeach breithiúnachta fén alt so:—

(a) i gcás ina dtiocfaidh liúntas leanbhaí chun bheith iníoctha le duine ar bith no ina méadófar liúntas leanbhaí de bhuadh an mholta no na breithe athscrúduithe, beidh éifeacht aige—

(i) más toisc fíoras nua do chur in iúl d'oifigeach bhreithiúnachta déanfar no do bhéarfar é, amhail ón dáta ar ar hiarradh athscrúdú.

(ii) in aon chás eile, amhail ón dáta ar a dtáinig an moladh bunaidh no an bhreith bhunaidh in éifeacht;

(b) i gcás ina scuirfidh liúntas leanbhaí de bheith iníoctha no ina laghdófar liúntas leanbhaí de bhuadh an mholta no na breithe athscrúduithe, beidh éifeacht aige—

(i) más amhlaidh a déanfar no bhéarfar é toisc an moladh bunaidh do dhéanamh no an bhreith bhunaidh do thabhairt de bhíthin aon ráitis no aithrise cúise (i scríbhinn no o bhéal) dob eol do neach a dhéanta a bheith bréagach no míthreorach i bponc tábhachtach, amhail ón dáta ar a dtáinig an moladh bunaidh no an bhreith bhunaidh in éifeacht, no

(ii) in aon chás eile, amhail ón dáta ar a dtabharfar fógra i dtaobh an mholta no na breithe athscrúduithe don duine lena mbainfidh.

(5) I gcás réiteoir no réiteoirí d'athscrúdú breithe fén alt so, beidh éifeacht ag an mbreith athscrúduithe, agus ag aon mholadh déanfar chun éifeacht do thabhairt di, o pé dáta chinnfidh an réiteoir no na réiteoirí.

Comhacht ag réiteoirí chun fianaise do ghlacadh fé mhionn.

10. —Beidh comhacht ag réiteoir no ag réiteoirí chun fianaise do ghlacadh fé mhionn ar éinní cuirfear féna bhráid no féna mbráid fén Acht so d'éisteacht agus chuige sin féadfaidh an réiteoir sin no, i gcás dhá réiteoir no níos mó do bheith ann, réiteoir ar bith acu san daoine thiocfaidh i láthair mar fhínnithe ag an éisteacht san do chur fé mhionn.

Liúntais leanbhaí a bheidh íoctha thar an gceart d'aisíoc.

11. —(1) Má gheibhtear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil liúntais leanbhaí ar feadh aon tréimhse íoca do réigiún ná raibh an duine sin ina theideal ar a feadh no go raibh sé ag fáil liúntais leanbhaí do réir ráta is aoirde ná an ráta bhainfidh leis an gcás, ansan, dlighfidh an duine sin no, i gcás an duine sin do bheith marbh, ionadaí pearsanta an duine sin íoc do dhéanamh leis an Aire, arna éileamh san air, in aon tsuimeanna do híocadh leis an duine sin alos an liúntais leanbhaí ar feadh na tréimhse íoca san no i suim is có-ionann leis an deifríocht idir liúntas leanbhaí do réir an ráta ar dá réir do híocadh é agus liúntas leanbhaí do réir an ráta bhainfidh leis an gcás, do réir mar a bheidh.

(2) Aon tsuim is iníoctha ag duine leis an Aire fén alt so beidh sí ina fiacha bheidh dlite ag an Aire ar an duine sin agus féadfaidh an tAire í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlínse inniúla no trína baint as aon íocaíocht no íocaíochta alos liúntais leanbhaí chun a mbeidh teideal ag an duine sin ina dhiaidh sin.

(3) Gach suim a haisíocfar no bhainfidh an tAire amach fén alt so déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha san roimhe seo den alt so gus na modhnuithe riachtanacha ortha i gcás duine lena n-íocfar liúntas leanbhaí fé aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so no rialachán a déanfar fé agus nach é an duine é dar deonadh an liúntas leanbhaí sin.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha.

12. —(1) Gach duine—

(a) dhéanfaidh go feasach aon ráiteas no aithris chúise (i scríbhinn no o bhéal) is eol dó do bheith bréagach no míthreorach in aon phonc tábhachtach d'fhonn liúntas leanbhaí d'fháil no do choimeád ar marthain dó féin no d'éinne eile no d'fhonn liúntas leanbhaí do réir ráta is aoirde ná an ráta bhaineann leis an gcás d'fháil no do choimeád ar marthain dó féin no d'éinne eile, no

(b) dhéanfaidh go feasach íoc d'fháil no leanúint d'íoc do ghlacadh i liúntas leanbhaí ná beidh teideal aige chuige, no

(c) gheobhaidh no ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht alos liúntais leanbhaí a bheidh, ar chúis ar bith, gan bheith iníoctha leis,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha san roimhe seo den alt so gus na modhnuithe riachtanacha ortha i gcás duine lena n-íocfar liúntas leanbhaí fé aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so no rialachán a déanfar fé agus nach é an duine é dar deonadh an liúntas leanbhaí sin.

Deimhnithe breithe.

13. —I gcás inar gá, chun crícheanna an Achta so, aois dhuine ar bith do chruthú tré dheimhniú breithe do thabhairt i láthair beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh i pé fuirm a bheidh orduithe agus ina mbeidh pé sonnraí bheidh orduithe ag an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus ar tháille sé pingne d'íoc, i dteideal cóip dheimhnithe d'iontráil bhreithe an duine sin i gclár na mbreitheanna d'fháil agus í fé láimh an chlárathóra no an cheann-chlárathóra no an duine eile ag á mbeidh coimeád an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir breitheanna, agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ag á mbeidh coimeád an chláir, fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad.

Gan áird do thabhairt ar liúntais leanbhaí le linn airgead damáiste fé na Fatal Accidents Acts agus cúiteamh fé na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre do mheas.

14. —(1) Nuair a bheidh airgead damáiste á mheas in aon aicsean fé na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh é, ní tabharfar áird ar aon liúntas leanbhaí.

(2) Nuair a bheidh méid an chúitimh á áireamh fé fho-chlás (ii) de chlás (a) de mhír (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, no fé Rialacha 2 no 4 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh imeachta chun an cúiteamh san do bhaint amach, ní tabharfar áird ar aon liúntas leanbhaí.

Gan áird do thabhairt ar liúntais leanbhaí le linn acfuinn, etc., d'áireamh.

15. —(1) Ní háirmheofar ioncum as liúntas leanbhaí—

(a) mar acfuinn chun crícheanna—

(i) Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938, ná

(ii) na nAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1940, ná

(iii) na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1940, ná

(b) chun crícheanna aon fhorálacha laghdúcháin in aon achtachán a bhaineann le haoisliúntais no pinsin.

(2) Nuair a bheidh fóirithin á deonadh, ar shlí seachas i bhforas, do dhuine bheidh ag fáil liúntais leanbhaí no bheidh ina theideal, ní dhéanfaidh údarás congnaimh phuiblí aon liúntas leanbhaí den tsórt san is iníoctha do chur san áireamh ach amháin sa mhéid gur mó an liúntas leanbhaí sin ná cúig scillinge sa tseachtain.

Liúntais leanbhaí do bheith neamhionaistrithe.

16. —(1) Gach sannadh dá ndéanfar agus gach muirear dá gcuirfear, agus gach có-aontú chun sannadh do dhéanamh no muirear do chur, ar liúntas leanbhaí beidh sé gan bhrí agus ar éinne d'fhéimhiú bheidh i dteideal liúntas leanbhaí ní raghaidh an liúntas leanbhaí chun aon iontaobhaí ná duine eile bheidh ag gníomhú thar ceann na bhfiach-éilitheoirí.

(2) Ní déanfar aon tsuimeanna bheidh á bhfáil ag duine ar bith i bhfuirm liúntais leanbhaí do chur san áireamh nuair a bheidh a acfuinn á háireamh chun crícheanna ailt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872.

Feidhm ag Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 .

17. —Is tuigthe, chun crícheanna Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 ( Uimh. 1 de 1932 ), gach leabhar liúntais do bheith ina scríbhinn lena mbaineann an tAcht deiridh sin, agus léireofar an tAcht deiridh sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Teora ama chun íocaíochta d'fháil i leith liúntaisí leanbhaí.

18. —Ní híocfar suim i leith liúntais leanbhaí mara bhfaightear íocaíocht na suime fé cheann trí mhí tar éis an dáta ar a dtiocfa sí chun bheith iníoctha.

Comhacht chun deacrachta do dhíochur.

19. —(1) Má eiríonn, ar shlí ar bith, aon deacracht maidir leis an Acht so do chur i ngníomh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, éinní do dhéanamh, le hordú, a chífear is gá no is oiriúnach chun an tAcht so do chur i ngníomh agus féadfar le haon ordú den tsórt san forálacha an Achta so do mhodhnú sa mhéid a chífear is gá no is oiriúnach chun an t-ordú do chur in éifeacht.

(2) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do leagadh féna bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

(3) Ní féadfar aon ordú do dhéanamh fén alt so tar éis bliain do bheith caithte o dháta an Achta so do rith.

Rialacháin.

20. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh go generálta chun an tAcht so do chur in éifeacht agus, gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, go sonnrach—

(a) chun a ordú cadé an tslí ina ndéanfar, agus cadiad na tráthanna déanfar, liúntais leanbhaí d'íoc;

(b) chun a ordú cadé an nós imeachta leanfar ar cheist do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí fén Acht so, agus chun feidhm do thabhairt d'aon chinn áirithe d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, chun crícheanna aon churtha-fé-bhráid den tsórt san, agus chun feidhm aon choda áirithe d'fhorálacha eile an Achta san do dhúnadh amach;

(c) chun a chumasú do dhuine lena mbeidh liúntas leanbhaí iníoctha duine eile d'ainmniú chun an liúntas leanbhaí sin do ghlacadh thar ceann an duine chéadluaidhte;

(d) chun a údarú, sna cásanna san a hordófar, aon tsuim d'íoc i bhfuirm liúntais leanbhaí i rith aon tréimhse idir tráth aon éilimh do dhéanamh no aon cheiste do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí agus tráth na breithe deiridh do thabhairt ar an éileamh no ar an gceist;

(e) chun a shocrú go bhféadfar, d'ainneoin éinní atá in alt 18 (a bhaineann le teora ama chun íoc d'fháil i leith liúntaisí leanbhaí) den Acht so, ach fé réir na rialachán—

(i) íoc do dhéanamh, i gcás duine do bhí ag fáil liúntais leanbhaí d'fháil bháis, in aon tsuim do tháinig chun bheith iníoctha i leith an liúntais leanbhaí laistigh de thrí mhí roimh dháta a bháis ach nár híocadh, agus

(ii) íoc do dhéanamh, i gcás duine d'fháil bháis do bhí i dteideal liúntais leanbhaí agus do rinne éileamh á lorg, in aon tsuim do thiocfadh chun bheith iníoctha i leith an liúntais leanbhaí go dtí dáta a bháis dá ngéilltí dá éileamh díreach sara bhfuair sé bás;

(f) chun a shocrú go bhféadfar, fé réir na rialachán, déanamh in éamais promháide no cruthúnais eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine mhairbh i gcás aon tsuime den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo, agus go bhféadfar aon tsuim den tsórt san d'íoc leis na daoine no do roinnt ar na daoine dheallróidh, sa tslí foráltar leis na rialacháin, bheith i dteideal an tsuim sin no aon chuid di d'fháil, mar dhaoine bheidh i dteideal an chéanna go tairbhiúil fé aon ionstruim thiomantach no mar neasacháin ghaoil, no mar chreidiúnaithe ar an duine marbh no í d'íoc le duine no daoine áirithe no do roinnt ar dhuine no daoine áirithe aca san, gan an chuid eile do bhac, no, i gcás aon nea-dhlisteanas do bhaint leis an duine marbh no le haon duine clainne leis, í d'íoc le pé duine no daoine no í do roinnt ar pé duine no daoine a hordófar leis na rialacháin;

(g) chun éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Rialacháin fén alt so dhéanfaidh socrú chun liúntais leanbhaí d'íoc tré Oifig an Phuist, is le toiliú an Aire Puist agus Telegrafa déanfar iad.

Costais riaracháin.

21. —Na costais uile féna raghfar chun an tAcht so do riaradh íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearr-theideal.

22. —Féadfar an tAcht Liúntaisí Leanbhaí, 1944 , do ghairm den Acht so.