|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1944. | ||
[EN] |
ACHT AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE (LEASÚ), 1944. | |
[An tionntó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH AR ACHT AN ARD-SCRÚDÓRA, 1923 . [20ú Samhain, 1944.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht so, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Árd-Scrúdóra, 1923 (Uimh. 1 de 1923) . |
[EN] |
Na hAchta Aoisliúntas do bhaint leis an Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. |
2. —(1) I gcás duine ag fónamh i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís do cheapadh ina Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, beidh an duine sin, má ghlacann de roghain é, i dteideal go gcuirfí i mbaint leis forála na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1942, mar bhí na hAchta san ionchurtha i mbaint leis agus é ag fónamh amhlaidh sa Stát-Sheirbhís, in ionad forál fó-ailt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, agus is tuigthe chun críoch a mbainte leis amhlaidh a sheirbhís mar Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste do bheith ina seirbhís i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís agus í bheith ionáirithe i dteanta a sheirbhíse iarbhír i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc aon phinsin is iníoctha de bhun fó-ailt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht nó aon mholta fá na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, a deonfar de bhuaidh fó-ailt (1) den alt so. | |
[EN] | (3) Na tagairtí atá san alt so do na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, léireofar iad mar thagairtí do na hAchta san arna leasú ag aon achtachán iaraimseartha. | |
[EN] |
Athghairm. |
3. —Athghairmtear leis seo fó-alt (4) d'alt 2 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Gearr-theideal agus tosach feidhme. |
4. —(1) Féadfar Acht an Árd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Is tuigthe an tAcht so do theacht i ngníomh an lú lá d'Abrán, 1944, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach. |