An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII. Forála Ilghnéitheacha Bhainfeas leis an gCuideachtain.) Ar Aghaidh (CUID IV. Éilithe Iompair.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

CUID III.

An Coiste Comhairlitheach re hIompar.

An Coiste Comhairlitheach re hIompar bhunú.

63. —(1) Ar dháta an bhunuithe beidh arna bhunú, de bhuaidh an fhó-ailt seo, coiste, ar a dtabharfar an Coiste Comhairlitheach re hIompar, chun na feidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chomhlíonadh.

(2) Beidh an Coiste Comhairlitheach comhdhéanta de chúig comhaltaí, eadhon—

(a) cathaoirleach a ainmneoidh an tAire agus a fhéadfaidh an tAire a chur as oifig,

(b) aon ghnáth-chomhalta amháin a ainmneoidh an tAire Talmhaíochta agus a fhéadfaidh an tAire sin a chur as oifig,

(c) trí gnáth-chomhaltaí a ainmneoidh an tAire agus a fhéadfaidh an tAire a chur as oifig.

(3) Beidh duine de na trí gnáth-chomhaltaí den Choiste Chomhairlitheach is inainmnithe ag an Aire ina dhuine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith aige ar ghnóthaí tráchtála agus tionnscail, an dara duine dhíobh ina dhuine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith aige ar chúrsaí oibreachais, agus an tríú duine ina dhuine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith aige ar ghnóthaí iompair.

(4) Murab éag, éirí as nó cur as oifig roimhe sin dó, beidh gach comhalta den Choiste Chomhairlitheach i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse, nach sia ná trí bliana, a dhéanfaidh an tAire Stáit a ainmneos é a cheapadh tráth a ainmnithe ach beidh sé inathainmnithe.

(5) Féadfaidh aon chomhalta den Choiste Chomhairlitheach éirí as a oifig tráth ar bith.

(6) Déanfar pé luach saothair agus pé costais taistil, liúntas cothuithe agus costais eile chinnfidh an tAire, le ceadú ón Aire Airgeadais, d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le comhaltaí an Choiste Chomhairlithigh.

(7) Aon uair a chífear don Aire nó don Aire Talmhaíochta comhalta den Choiste Chomhairlitheach d'ainmnigh an tAire sin do bheith éagumasach go sealadach ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt san do chomhlíonadh de bhíthin easláinte nó leor-chúise eile, féadfaidh an tAire duine do cheapadh chun gníomhú mar chomhalta den Choiste Chomhairlitheach ar feadh pé tréimhse (nach sia ná ré an éagumais sin) a mheasfaidh is ceart, agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar chomhalta den Choiste Chomhairlitheach beidh sé, ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é, ina chomhalta den Choiste Chomhairlitheach in ionad an chomhalta san a céad-luaitear.

(8) Ní bheidh imeachta an Choiste Chomhairlithigh neamhbhailí de bhíthin aon fholúntais ina líon.

Dualgais an Choiste Chomhairlithigh.

64. —Beidh de dhualgas ar an gCoiste Comhairlitheach éinní chuirfidh an tAire fána mbráid fán Acht so do bhreithniú agus tuairisc agus comhairle do thabhairt don Aire ina thaobh.

Cumhachta an Choiste Chomhairlithigh

65. —(1) I gcás an tAire do chur éinní fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh fán Acht so, féadfaidh an Coiste Comhairlitheach, sara ndéanaid an ní sin do bhreithniú agus tuairisc agus comhairle do thabhairt don Aire ina thaobh, pé fiosrúchán do dhéanamh is oiriúnach leo.

(2) Sara ndéana an Coiste Comhairlitheach aon fhiosrúchán. bhéarfaid fógra poiblí i dtaobh dáta agus áit agus abhar an fhiosrúcháin, agus féadfaidh éinne lena mbainfidh an scéal cúis do phlé leis an gCoiste Comhairlitheach agus, mura measa an Coiste Comhairlitheach as a gcomhairle féin nach gá é, bhéarfar éisteacht d'aon duine den tsórt san ag an bhfiosrúchán.

(3) Féadfaidh an Coiste Comhairlitheach, chun críoch aon fhiosrúcháin, gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) fínnithe do ghairm chun teacht os a gcomhair ag an bhfiosrúchán san;

(b) na fínnithe thiocfas os a gcomhair ag an bhfiosrúchán san do cheistiniú fá mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Choiste Chomhairlitheach nó do Rúnaí an Choiste sin fínnithe do chur fán mionn san);

(c) a cheangal ar aon fhínné den tsórt san aon scríbhinn do thabhairt ar áird a bheas ar a chumas nó fána urláimh agus a mheasfaidh an Coiste Comhairlitheach is gá chun críoch an fhiosrúcháin sin.

(4) Beidh teideal ag fínné os comhair an Choiste Chomhairlithigh chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné os comhair na hÁrd-Chúirte é.

(5) Má thárlann d'éinne—

(a) arna ghairm go cuibhe chun teacht mar fhínné os comhair an Choiste Chomhairlithigh, go bhfailleoidh sé teacht amhlaidh, nó

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, go ndiúltóidh sé do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach air go dleathach a thabhairt nó d'aon scríbhinn ar a chumas nó fána urláimh do thabhairt ar áird a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach air go dleathach a thabhairt ar áird nó d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach air go dleathach a fhreagairt,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead do chur air.

(6) I gcás fínné do theacht os comhair an Choiste Chomhairlithigh de bhun gairme fá fhó-alt (3) den alt so, féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, pé suim a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'íoc leis i leith costais fána raghaidh sé i dtaobh teacht os a gcomhair amhlaidh.

Imeachta os comhair an Choiste Chomhairlithigh do rialú.

66. —Féadfaidh an Coiste Comhairlitheach, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní nó éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an cuóram ag aon tsuí den Choiste Chomhairlitheach;

(b) tráthanna agus áiteanna cruinnithe an Choiste Chomhairlithigh;

(c) na daoine dá dtabharfar, agus na tráthanna agus an tslí ina dtabharfar, fógra i dtaobh suíonna an Choiste Chomhairlithigh;

(d) an phoiblíocht do ligean isteach chun suíonna den Choiste Chomhairlitheach nó do dhúnadh amach uathu;

(e) pé nithe eile maidir le cleachtadh agus nós imeachta an Choiste Chomhairlithigh a mheasfaidh an Coiste Comhairlitheach is gá nó is oiriúnach chun a ngnó do stiúradh i gceart.

Foireann an Choiste Chomhairlithigh.

67. —(1) Déanfaidh an tAire oifigeach don Roinn Tionnscail agus Tráchtála do cheapadh chun bheith ina rúnaí don Choiste Chomhairlitheach agus féadfaidh, fá réir an Aire Airgeadais do thoiliú maidir lena líon, pé oifigigh eile don Choiste Chomhairlitheach do cheapadh a mheasfaidh an tAire do bheith riachtanach chun cabhrú leis an gCoiste Comhairlitheach chun a bhfeadhma d'fheidhmiú.

(2) Beidh an rúnaí agus na hoifigigh eile don Choiste Chomhairlitheach i seilbh oifige ar pé téarmaí agus i pé slí cheapfaidh an tAire taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Féadfar pé luach saothair (más ann) agus pé costais taistil agus liúntais chothuithe a chinnfidh an tAire, le ceadú ón Aire Airgeadais, d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an rúnaí agus leis na hoifigigh eile don Choiste Chomhairlitheach.