An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Coiste Comhairlitheach re hIompar.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Éilithe Iarnróid agus Coinníollacha Iompair d'Iarnród a Bhainfeas leis an gCuideachtain.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

CUID IV.

Éilithe Iompair.

Caibidil I.

Réamhráiteach agus Generálta.

Mínithe chun críoch Coda IV.

68. —(1) Sa Chuid seo agus san Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so—

athruithe.

nuair a húsáitear an focal “athruithe” maidir le héilithe folaíonn sé athruithe i bhfoirm laghduithe nó méaduithe, agus léireofar dá réir sin an focal “athrú” agus focail ghaolmhara eile;

éilithe.

folaíonn an focal “éilithe” rátaí, táillí, custaim, dleachta, agus éilithe eile;

coinníollacha fionntair na cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha fionntair na cuideachtan” na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a déanfar marsantas seachas eallach stoic, agus eallach stoic, d'iompar fá seach i gcás iad d'iompar ar ghnáth-rátaí;

coinníollacha.

folaíonn an focal “coinníollacha” rialacháin;

táillí.

ciallaíonn an focal “táillí” táillí agus éilithe eile i dtaobh paisnéirí agus a gcuid bagáiste d'iompar;

údarás cuain.

ciallaíonn an abairt “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí Acht na gCuan (Rátaí do Rialáil), 1934 (Uimh. 2 de 1934) ;

duine go leas aige sa scéal.

folaíonn an abairt “duine go leas aige sa scéal” an tAire Talmhaíochta, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, údarás cuain nó comhairle aon chontae, chontae-bhuirge nó bhuirge eile nó bhailecheanntair;

coinníollacha fionntair an únaera.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha fionntair an únaera” na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfar marsantas seachas eallach stoic agus, fá réir forál na Coda so, eallach stoic d'iompar fá seach i gcás iad d'iompar ar rátaí fionntair an únaera;

rátaí.

ciallaíonn an focal “rátaí” rátaí agus éilithe eile i dtaobh marsantas d'iompar;

aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain.

ciallaíonn an abairt “an aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain” an aicmíocht mharsantais a chinnfidh an tAire fá alt 71 den Acht so;

sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “na sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan” an sceiceal d'éilithe shocróidh an tAire fá alt 72 den Acht so.

(2) Is iompróir reachtúil chun críoch na Coda so gach ceann fá leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an Chuideachta,

(b) aon chuideachta lena mbaineann Cuid III den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , agus atá i dteideal, de bhuaidh ailt 28 den Acht san, gnó iompair marsantais de bhóthar do dhéanamh nó do sheoladh,

(c) éinne a mbíonn seirbhís galtáin tráth-rialta go dtí aon phort nó as aon phort sa Stát ar siúl aige.

Costais údarás cuain agus údarás áitiúil.

69. —Aon chostais fána raghaidh údarás cuain nó comhairle aon chontae, chontae-bhuirge nó bhuirge eile nó bhailecheanntair i dtaobh nó i leith nó i gcoinne aon iarratais fán gCuid seo, íocfar iad as an ráta nó an ciste as a n-íoctar costais an údaráis chuain nó na comhairle sin ag feidhmiú a ngnáth-dhualgas dóibh.