An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Éilithe Iarnróid agus Coinníollacha Iompair d'Iarnród a Bhainfeas leis an gCuideachtain.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Éilithe ar Sheirbhísí Trambhealaigh a bheas á nOibriú ag an gCuideachtain.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil III.

Éilithe Iarnróid Chuideachtana Iarnróid seachas an Chuideachta.

Éilithe iarnróid uasta cuideachtana seachas an Chuideachta.

88. —Na rátaí, na táillí, na custaim agus na dleachta uasta is inéilithe ag cuideachtana iarnróid (seachas an Chuideachta) ar thrácht d'iarnród díreach roimh dháta an bhunuithe leanfaid, a mhéid a bhainid leis na coda san dá ngnóthas iarnróid atá suite sa Stát, i bhfeidhm mar éilithe uasta mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar iad d'athrú do réir ailt 89 den Acht so.

Éilithe iarnróid uasta cuideachtana seachas an Chuideachta d'athrú.

89. —I gcás cuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta) nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe uasta bhainfeas leis an gcuideachtain sin ar thrácht d'iarnród nó aon choda dhíobh nó aon choda de na coinníollacha bhainfeas leo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe uasta san nó ar na coinníollacha bhainfeas leo agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe nó na coinníollacha athraithe i ngníomh.