An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Éilithe Iarnróid Chuideachtana Iarnróid seachas an Chuideachta.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Éilithe ar Mharsantas d'Iompar de Bhóthar, a bhainfeas leis an gCuideachtain agus le hIompróirí Reachtúla áirithe eile.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil IV.

Éilithe ar Sheirbhísí Trambhealaigh a bheas á nOibriú ag an gCuideachtain.

Éilithe uasta ar sheirbhísí trambhealaigh a bheas á n-oibriú ag an gCuideachtain.

90. —Chun críoch na Coda so is iad is éilithe uasta ar phaisnéirí, bagáiste paisnéirí nó marsantas d'iompar ag aon tseirbhís trambhealaigh a bheas á hoibriú ag an gCuideachtain ná na héilithe uasta dob inéilithe díreach roimh dháta an bhunuithe ar phaisnéirí, bagáiste paisnéirí nó marsantas d'iompar ag an seirbhís trambhealaigh chéanna arna hoibriú ag an gcuideachtain iompair scurtha, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire fán gCuid seo.

Éilithe uasta ar sheirbhísí trambhealaigh a bheas á n-oibriú ag an gCuideachtain d'athrú.

91. —I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe uasta ar phaisnéirí, bagáiste paisnéirí nó marsantas d'iompar ag seirbhís trambhealaigh a bheas á hoibriú ag an gCuideachtain, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe sin agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe leasaithe i ngníomh.