An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR, 1944) Ar Aghaidh (CUID II. Córas Iompair Éireann.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

CUID I.

Réamhráiteach agus Generálta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Iompair, 1944 , do ghairm den Acht so.

Léiriú go generálta.

2. —(1) San Acht so—

An Coiste Comhairlitheach.

ciallaíonn an abairt “an Coiste Comhairlitheach” an Coiste Comhairlitheach re hIompar a bunaítear leis an Acht so;

An Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Córas Iompair Éireann;

cuideachta scurtha.

ciallaíonn an abairt “cuideachta scurtha” aon chuideachta arb é atá ann ná—

(a) Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, nó

(b) Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta;

an chuideachta iarnróid scurtha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta iarnróid scurtha” Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt;

an chuideachta iompair scurtha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta iompair scurtha” Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta;

Bárdas Bhaile Átha Cliath.

ciallaíonn an abairt “Bárdas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

dáta an bhunuithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an bhunuithe” an 1ú lá d'Eanar, 1945;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon údarás is—

(a) comhairle chontae, nó

(b) bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle bhailecheanntair;

marsantas.

folaíonn an focal “marsantas” earraí, mianraí, eallach stoic, agus ainmhithe de gach saghas;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud do bheith “ordaithe” é bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) Déanfar an abairt “an Chuid seo”, in aon áit a bhfuil sí in alt ar bith in aon Chuid áirithe den Acht so, do léiriú mar abairt a chiallaíos an Chuid áirithe sin.

(3) Déanfar an abairt “an Chaibidil seo”, in aon áit a bhfuil sí in alt ar bith in aon Chaibidil áirithe de Chuid áirithe den Acht so, do léiriú mar abairt a chiallaíos an Chaibidil áirithe sin.

(4) Déanfar tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán áirithe do léiriú mar thagairtí don achtachán san arna leasú ag aon achtachán iaraimseartha.

Ciontaí do chúiseamh.

3. —Féadfaidh an tAire cionta fá aon alt den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh ní ar bith dá dtagartar san Acht so mar ní atá ordaithe.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so d'athghairm, amhail ar dháta an bhunuithe agus as san amach, a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal san.

Costais an Aire agus an Aire Thalmhaíochta.

6. —(1) Na costais fána raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Costais ar bith fána raghaidh an tAire Talmhaíochta fán Acht so déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.