An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Línte Iarnróid do Thréigean.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Forála Ilghnéitheacha.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

CUID VII.

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , do Leasú.

Cuid VII do léiriú.

111. —(1) Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an t Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(2) Léireofar an Chuid seo agus Acht 1933 mar éinní amháin.

Iompar ar luach saothair.

112. —(1) I gcás feithicil inneall-ghluaiste nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun marsantas d'iompar, ansan, fá réir an ailt seo, is tuigthe, chun críoch Achta 1933 agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, an marsantas do bheith á iompar ar luach saothair.

(2) I gcás—

(a) marsantas, arna sholáthar ag duine i gcúrsa trádála nó gnótha bheas á sheoladh aige, d'iompar i bhfeithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin nó i bhfeithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin chun an marsantas do sheachadadh don chustuiméir, nó

(b) marsantas, a bheas le cur nó bheas curtha fá cheann nó cinn de na próiseasaí seo leanas, eadhon, deisiú, glanadh, níochan agus dathú, ag duine i gcúrsa trádála nó gnótha bheas á sheoladh aige, d'iompar i bhfeithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin nó i bhfeithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin chun an marsantas do bhailiú ón gcustiméir nó do sheachadadh dhó,

is tuigthe, chun críoch Achta 1933, gan an marsantas d'iompar ar luach saothair.

(3) I gcás—

(a) feithicil inneall-ghluaiste le duine nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste le duine d'úsáid chun marsantas leis an duine sin d'iompar, nó

(b) feithicil inneall-ghluaiste le cuideachtain nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste le cuideachtain d'úsáid chun marsantas le haon chuideachtain atá ar aon-únaeracht nó fá aon-bhainistí leis an gcuideachtain ar leo an fheithicil inneall-ghluaiste d'iompar,

ansan, fá réir fó-alt (4) agus (5) den alt so, is tuigthe, chun críoch Achta 1933, gan an marsantas d'iompar ar luach saothair.

(4) I gcás—

(a) feithicil (is feithicil inneall-ghluaiste nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste) d'úsáid chun marsantas d'iompar, agus

(b) an fheithicil do bheith cláraithe in ainm beirt daoine nó níos mó,

is tuigthe, chun críoch Achta 1933, nach maoin le húnaer na feithicle an marsantas mura gcruthaítear gur comh-mhaoin é leis na daoine ar in a n-ainm a bheas an fheithicil cláraithe.

(5) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcionta fá Acht 1933 do dhéanamh ar ócáid áirithe maidir le marsantas d'iompar, agus

(b) go gcruthófar an marsantas do bheith ar an ócáid sin á iompar i bhfeithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin nó i bhfeithicil arna tarraing ag feithicil inneallghluaiste leis an duine sin, agus

(c) go ndéarfaidh an duine sin gur leis féin an marsantas, agus

(d) go bhfeicfear nach é an duine sin do rinne nó do thairg an marsantas, ach gurb amhlaidh a fuair sé é, agus

(e) gur dóigh leis an gCúirt (ag féachaint don chuma ina bhfuarthas an marsantas, do na críocha chun ar féidir é úsáid, do ghiorracht na haimsire ó fuarthas é agus do shlí bheatha an duine sin) nach bona fide chun críoch a thrádála nó a ghnótha ná chun a úsáide príobháidí féin do fuair sé an marsantas

deighleálfaidh an Chúirt leis an gcúiseamh, chun críoch Achta 1933, ar an tuigsint nár ghaibh únaeracht an mharsantais chun an duine sin riamh agus gur ar luach saothair do bhí an marsantas á iompar aige ar an ócáid sin.

Alt 8 d'Acht 1933 do leasú.

113. —(1) Leasaítear leis seo fó-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1933 trí mhíreanna (e), (f), (g), (i), (j), (k) agus (l) do scrios.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an 1ú lá d'Iúl, 1945.

Ceadúnais mharsantais do dheonadh d'iompróirí áirithe.

114. —(1) I gcás—

(a) duine ar bith do dhéanamh iarratais chun an Aire, roimh an 1ú lá d'Abrán, 1945, ag lorg ceadúnais mharsantais á údarú don cheadúnaí gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh maidir le marsantas áirithe laistigh de shean-líomatáiste eiscithe, agus

(b) an duine sin dá chur ina luighe ar an Aire gnó láithreach iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh aige féin nó ag a réamh-shealbhadóir teidil laistigh den tsean-líomatáiste eiscithe sin,

déanfaidh an tAire, d'ainneoin éinní atá i bhfó-alt (5) d'alt 12 d'Acht 1933, an ceadúnas do dheonadh, agus aon cheadúnas a deonfar amhlaidh tosnóidh sé an 1ú lá d'Iúl, 1945.

(2) Chun críoch an ailt seo beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) is gnó láithreach iompair marsantais de bhóthar gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) aon ghnó iompair marsantais de bhóthar ar ar tosnaíodh taréis an 1ú lá de Mheitheamh, 1939, agus roimh an 31ú lá de Bhealtaine, 1940, agus do bhí á sheoladh sa tslí is gá do réir an fhó-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach dáta an tosnuithe sin agus dar críoch dáta an Achta so do rith,

(ii) aon ghnó iompair marsantais de bhóthar do bhí á sheoladh sa tslí is gá do réir an fhó-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1939, agus dar críoch dáta an Achta so do rith;

(b) is tuigthe gnó iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh sa tslí is gá do réir an fhó-ailt seo ar feadh aon tréimhse áirithe, más rud é agus amháin más rud é go raibh an gnó san, ar feadh na tréimhse sin—

(i) á sheoladh go réasúnta leanúnach ag féachaint do chineál an ghnótha agus, maidir leis an méid, dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1940, agus dar críoch dáta an Achta so do rith, den tréimhse sin, d'aon tsriantachta ar sheoladh an ghnótha san mar gheall ar thosca arb é an cogadh atá ann fá láthair fá ndear iad, agus

(ii) á sheoladh le feithiclí inneall-ghluaiste do bhí ceadúnaithe go cuibhe sa Stát fá alt 13 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le hiarratais fán alt so ar cheadúnais mharsantais, sé sin le rá:—

(a) déanfar gach iarratas chun an Aire i pé foirm agus slí ordóidh an tAire;

(b) luafar i ngach iarratas—

(i) an sean-líomátáiste eiscithe ina mbeidh beartaithe ag an iarratasóir gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh,

(ii) an aicme nó na haicmí marsantais a iompraíonn an t-iarratasóir de thuras na huaire,

(iii) an gnó iompair marsantais de bhóthar adeir an t-iarratasóir is gnó láithreach iompair marsantais de bhóthar,

(iv) an stáisiún eisiúna plátaí feithicle inar mian leis an iarratasóir plátaí feithicle do bheith ar fáil le heisiúin dó má géilltear dá iarratas,

(v) an uimhir d'fheithcilí inneall-ghluaiste, is laraithe nó tarraingirí agus iad aicmithe amhlaidh san iarratas, do bhí, ar aon dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta cinnteach san alt so) idir an 1ú lá de Mheitheamh, 1939, agus an 31ú lá de Bhealtaine, 1940, a roghnóidh an t-iarratasóir, do réir na gcoinníoll so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha cáilitheacha san alt so), sé sin le rá:—

(I) do bhí ceadúnaithe go cuibhe sa Stát ag an iarratasóir fá alt 13 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin,

(II) do bhí in úsáid agus ar fáil chun críche an ghnótha iompair marsantais de bhóthar san,

(vi) sonnraí (ar a n-áirítear meáchan gan ualach) gach feithicle inneall-ghluaiste den tsórt san,

(vii) pé sonnraí eile ordóidh an tAire;

(c) beidh i dteannta gach iarratais na leabhair chlárathachta bhainfeas leis na feithiclí inneall-ghluaiste a mbeidh a sonnraí luaite san iarratas, nó sonnraí clárathachta na bhfeithiclí sin arna ndeimhniú ag an údarás áitiúil iomchuibhe fán Roads Act, 1920;

(d) beidh feidhm ag fó-ailt (4), (5) agus (6) d'alt 11 d'Acht 1933 fé is dá n-achtaítí san alt so iad.

(4) Sara ndeona an tAire ceadúnas marsantais fán alt so, déanfaidh—

(a) i gcás aon chuid de na feithiclí inneall-ghluaiste a bheas luaite san iarratas ar an gceadúnas do bheith ina laraithe bhí dar leis an Aire do réir na gcoinníoll cáilitheach ar an dáta cinnteach, meáchan iomlán gan ualach na laraithe sin d'fháil amach agus is é an meáchan iomlán gan ualach a gheobhfar amach amhlaidh a bheas, chun críoch Achta 1933, ina laraímheáchan chaighdeánach don cheadúnaí fán gceadúnas;

(b) i gcás aon chuid de na feithiclí inneall-ghluaiste a bheas luaite san iarratas do bheith ina dtarraingirí bhí dar leis an Aire do réir na gcoinníoll cáilitheach ar an dáta cinnteach, meáchan iomlán gan ualach na dtarraingirí sin d'fháil amach agus is é an meáchan iomlán gan ualach gheobhfar amach amhlaidh a bheas, chun críoch an Achta so, ina tharraingire-mheáchan chaighdeánach don cheadúnaí fán gceadúnas.

(5) Is sean-líomatáiste eiscithe chun críoch an ailt seo gach líomatáiste acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Bhéal an Fheadha;

(b) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Dhroichead Atha;

(c) an líomatáiste (ach an méid de atá i dTuaisceart Éireann) laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lárphointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Dhún Dealgan;

(d) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Shligigh;

(e) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Thráighlí;

(f) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Chathair na Mart;

(g) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Loch Garman.

(6) Gach ceadúnas marsantais a deonfar de bhun an ailt seo is tuigthe, chun críoch Achta 1933, an Achta um Iompair ar Bhóithre, 1934 ( Uimh. 17 de 1934 ), an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1935 ( Uimh. 23 de 1935 ), agus an Achta so, é bheith ina cheadúnas mharsantais (iompróir láithreach).

Oibriú ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach) do leathnú nó ceadúnas marsantais do dheonadh muran leor na saoráidí iompair láithreacha.

115. —(1) Más rud é—

(a) go bhfeicfear don Aire (de bharr cúise a phléifidh aon daoine leis ionadaíos trádáil nó áit nó de bharr éinní eile) nach leor na saoráidí láithreacha iompair marsantais de bhóthar in aon líomatáiste áirithe, agus

(b) gurb é tuairim an Aire gur éifeachtúla agus gur caothúla d'fhéadfadh duine seachas cuideachta údaraithe (iompar marsantais) na saoráidí breise iompair marsantais de bhóthar a bheas ag teastáil do sholáthar,

ansan, in ionad ordú do dhéanamh fá alt 48 den Acht so, féadfaidh an tAire, má mheasann go raghadh sé chun leasa don phoiblíocht san do dhéanamh agus d'ainneoin éinní atá in Acht 1933, féadfaidh, d'fhonn na seirbhísí breise iompair marsantais de bhóthar a bheas ag teastáil do sholáthar, oibrú aon cheadúnais mharsantais (iompróir láithreach) do leathnú nó ceadúnas marsantais do dheonadh do dhuine ar bith.

(2) I gcás daoine ar bith ionadaíos trádáil nó áit do phlé cúise leis an Aire á rá nach leor na saoráidí láithreacha iompair marsantais de bhóthar in aon líomatáiste áirithe, féadfaidh an tAire, sara ndéana sé éinní fá fhó-alt (1) den alt so maidir leis an bplé cúise, an plé cúise do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil d'fháil ina thaobh.

Oibriú ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do leathnú.

116. —(1) Más é tuairim an Aire—

(a) gan na líomatáistí bheas luaite i gceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do bheith i gcothrom leis na líomatáistí ina mbíodh gnó iompair marsantais de bhóthar á sheoladh ag an gceadúnaí sarar deonadh an ceadúnas, nó

(b) gan na haicmí marsantais a bheas luaite i gceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do bheith i gcothrom leis na haicmí marsantais a bhíodh á n-iompar ag an gceadúnaí i gcúrsa an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a bhíodh á sheoladh aige sarar deonadh an ceadúnas, nó

(c) go mba cheart, chun cruatan do leigheas, oibriú cheadúnais mharsantais (iompróir láithreach) do leathnú beagán éigin,

ansan, d'ainneoin éinní atá in Acht 1933 ach fá réir fó-ailt (2) den alt so, féadfaidh an tAire an ceadúnas do leasú a mhéid a chífear dó a bheith cothrom agus réasúnach ag féachaint do chúrsaí an cháis.

(2) Ní leasóidh an tAire ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) ná húdaraíonn gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh ach maidir le haon earra amháin, ná ní dhéanfaidh ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) a údaraíos gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh maidir le haicme nó aicmí áirithe marsantais lena ndeighleáltar i gcúrsa trádála nó tionnscail áirithe do leasú i slí d'údaródh gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh maidir le haon aicme nó aicmí marsantais ná deighleáltar léi nó leo i gcúrsa na trádála nó an tionnscail sin.

Alt 9 d'Acht 1933 do leasú.

117. —I gcás—

(a) duine do chiontú i gcionta, do rinneadh ar dháta an Achta so do rith nó dá éis, fá alt 9 d'Acht 1933, agus

(b) an duine sin do chiontú i gcionta eile fán alt san 9 fá cheann dhá bhlian taréis an chéad chionta luaitear do dhéanamh,

beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(i) ní bheidh an fhíneáil a fhorchuirfidh an Chúirt maidir leis an gcionta eile níos lú in aon chás ná cúig puint,

(ii) féadfaidh an Chúirt, i dteannta na fíneála, a ordú go ndéanfaí aon fheithicil nó feithiclí inneallghluaiste lena ndearnadh an cionta eile do gheallbhruideadh,

(iii) déanfar aon fheithiclí inneall-ghluaiste a hordófar a gheallbruideadh amhlaidh do chur de láimh i pé slí ordóidh an tAire, agus déanfar an t-airgead uile do gheobhfar as an gcur de láimh sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe dhó i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

Eisceadh sealadach ó fhó-alt (2) d'alt 34 d'Acht 1933.

118. —Más deimhin leis an gCeannphort den Ghárda Síochána a mbeidh stáisiún eisiúna plátaí feithicle ina cheanntar aon fheithicil inneall-ghluaiste (dá ngairmtear an fheithicil bhunaidh san alt so) ar tugadh pláta feithicle amach ina taobh sa stáisiún san do bheith á deisiú, féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, ar iarratas an cheadúnaí fá cheadúnas marsantais ar leis an fheithicil bhunaidh, cead (a bheas i pé foirm ordóidh an tAire) do thabhairt amach don cheadúnaí chun úsáid do dhéanamh, chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a húdaraítear leis an gceadúnas, ar feadh pé tréimhse (nach sia ná deich lá ó dháta an cheada) is oiriúnach leis d'fheithicil inneall-ghluaiste eile (dá ngairmtear an fheithicil ionaid san alt so) den tsaghas chéanna nach mó a meáchan gan ualach, más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas, ná meáchan gan ualach na feithicle bunaidh agus, sa chás san, ní bheidh feidhm, ar feadh na tréimhse luafar sa chead, ag fó-alt (2) d'alt 34 (a bhaineas lena bheith d'oblagáid plátaí feithicle d'iompar ar fheithiclí iompraíos marsantas) d'Acht 1933 maidir leis an bhfeithicil ionaid d'úsáid chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar san.

Laraí-mheáchan caighdeánach sealbhóirí áirithe ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do mhéadú.

119. —(1) I gcás ceadúnaí ar lú a laraí-mheáchan caighdeánach láithreach ná a laraí-mheáchan uasta dá iarraidh ar an Aire a cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do leasú trína laraímheáchan caighdeánach do mhéadú go dtí a laraí-mheáchan uasta, leasóidh an tAire an ceadúnas dá réir sin.

(2) Chun críoch an ailt seo—

ciallaíonn an focal “ceadúnaí” ceadúnaí fá cheadúnas marsantais (iompróir láithreach), seachas aon cheadúnas den tórt san arna dheonadh de bhuaidh ailt 114 den Acht so;

is tuigthe gurb é is laraí-mheáchan caighdeánach láithreach do cheadúnaí ná an meáchan arb é a laraí-mheáchan caighdeánach é ar dháta an bhunuithe;

is tuigthe gurb é is laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh do cheadúnaí ná an laraí-mheáchan caighdeánach do luadh ina cheadúnas mar do tugadh amach i dtosach é nó, má rinneadh a laraí-mheáchan caighdeánach do mhéadú nó do chinneadh fá fhó-ailt (1) nó (3) d'alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 ( Uimh. 17 de 1934 ), a laraí-mheáchan caighdeánach arna mhéadú nó arna chinneadh amhlaidh;

is tuigthe gurb é is laraí-mheáchan uasta do cheadúnaí ná—

(a) más ceithre thonna nó níos lú a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh—

(i) a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mheádú an cúigiú cuid, nó

(ii) dhá thonna agus cúig céadmeáchain, pé acu is mó, nó

(b) más mó ná ceithre thonna a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh—

(i) a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mhéadú an deichiú cuid, nó

(ii) ceithre thonna agus sé céadmeáchain déag, pé acu is mó.

Tarraingiremheáchan caighdeánach sealbhóirí áirithe ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do mhéadú.

120. —(1) I gcás ceadúnaí ar lú a tharraingire-mheáchan caighdeánach láithreach ná a tharraingire-mheáchan uasta dá iarraidh ar an Aire a cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do leasú trína tharraingire-mheáchan caighdeánach do mhéadú go dtí a tharraingire-mheáchan uasta, leasóidh an tAire an ceadúnas dá réir sin.

(2) Chun críoch an ailt seo—

ciallaíonn an focal “ceadúnaí” ceadúnaí fá cheadúnas marsantais (iompróir láithreach), seachas aon cheadúnas den tsórt san arna dheonadh de bhuaidh ailt 114 den Acht so;

is tuigthe gurb é is tarraingire-mheáchan caighdeánach do cheadúnaí ná an meáchan arb é a tharraingire-mheáchan caighdeánach é ar dháta an bhunuithe;

is tuigthe gurb é is tarraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh do cheadúnaí ná an tarraingire-mheáchan caighdeánach do luadh ina cheadúnas mar do tugadh amach i dtosach é nó, má rinneadh a tharraingire-mheáchan caighdeánach do mhéadú nó do chinneadh fá fhó-ailt (2) nó (4) d'alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 ( Uimh. 17 de 1934 ), a tharraingire-mheáchan caighdeánach arna mhéadú nó arna chinneadh amhlaidh;

is tuigthe gurb é is tarraingire-mheáchan uasta do cheadúnaí ná—

(a) más ceithre thonna nó níos lú a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh—

(i) a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mhéadú an cúigiú cuid, nó

(ii) dhá thonna agus cúig céadmeáchain, pé acu is mó, nó

(b) más mó ná ceithre thonna a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh—

(i) a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mhéadú an deichiú cuid, nó

(ii) ceithre thonna agus sé céadmeáchain déag, pé acu is mó.

An clár de cheadúnais mharsantais do thabhairt i bhfianaise.

121. —Gach scríbhinn a bhéarfas le tuigsint gur cóip í d'iontráil sa chlár de cheadúnais mharsantais arna choimeád fá alt 29 d'Acht 1933, agus a bhéarfas le tuigsint í bheith deimhnithe ag oifigeach don Roinn Tionnscail agus Tráchtála mar chóip dhílis den iontráil sin, glacfar léi, gan cruthúnas ar shíniú an duine bhéarfas le tuigsint é dá dheimhniú amhlaidh ná gurbh é an t-oifigeach san é, ina fianaise in aon imeachta dlí agus is tuigthe, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis den iontráil sin í agus gur fianaise ar théarmaí na hiontrála san í.

É bheith d'oblagáid ar cheadúnaí fá cheadúnas marsantais cóip den cheadúnas do thabhairt do thiománaithe feithiclí.

122. —(1) I gcás ina mbeifear chun feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a bheas á sheoladh ag ceadúnaí fá cheadúnas marsantais, déanfaidh an ceadúnaí cóip dhílis den cheadúnas do sheachadadh don duine bheas le gníomhú mar thiománaí ar an bhfeithicil faid a bheas sí á húsáid amhlaidh.

(2) Má mhainníonn nó má fhaillíonn an ceadúnaí fá cheadúnas marsantais déanamh do réir fó-ailt (1) den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.

(3) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo, ní fholaíonn an abairt “ceadúnas marsantais” ceadúnas marsantais ar seilbh ag cuideachtain údaraithe (iompar marsantais).

Tiománaí feithicle le ceadúnaí fá cheadúnas marsantais do thabhairt cóipe den cheadúnas ar áird.

123. —(1) Féadfaidh aon chomhalta den Ghárda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith, a bheas ag tiomáint feithicle inneallghluaiste bheas á húsáid chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a bheas á sheoladh ag ceadúnaí fá cheadúnas marsantais, cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird ansan láithreach nó má dhiúltaíonn nó má mhainnaíonn, ar chóip den cheadúnas do thabhairt ar áird, ligean don chomhalta san é léamh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.

(2) Duine ná déanfaidh, nuair a héileofar air go dleathach fán alt so cóip de cheadúnas marsantais do thabhairt ar áird, cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird toisc gan ceann do bheith ina sheilbh, is tuigthe é do mhainneachtain cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird do réir bhrí an ailt seo.

Toirmeasc ar cheadúnaí dá thabhairt le tuigsint é do sheoladh gnótha iompair marsantais de bhóthar ná beidh údaraithe lena cheadúnas.

124. —(1) Ní dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais mharsantais a chur in iúl ná a thabhairt le tuigsint—

(i) gnó iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh aige maidir le marsantas seachas marsantas a bheas sonnraithe i gceadúnas a bheas ar seilbh aige, ná

(ii) gnó iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh aige laistigh d'aon líomatáiste (nach líomatáiste eiscithe ná líomatáiste bheas sonnraithe i gceadúnas marsantais a bheas ar seilbh aige).

(2) Má dhéanann sealbhóir ceadúnais mharsantais éinní contrártha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.