An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933, do Leasú.) Ar Aghaidh (AN CHéAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear amhail ar Dháta an Bhunuithe agus dá éis.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

CUID VIII.

Forála Ilghnéitheacha.

Alt 2 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, do bhaint le trácht bóthair daoine áirithe.

125. —Bainfidh alt 2 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, le trácht bóthair dhuine ar bith fá cheadúnas paisnéara, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), nó fá cheadúnas marsantais, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), fé mar bhaineas agus sa mhéid a bhaineas an t-alt san le trácht tailimh chuideachtan iarnróid.

Molta cigire fá alt 41 den Railway and Canal Traffic Act, 1888, d'fhoirfheidhmiú.

126. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar aon ghnóthaire canálach déanamh do réir aon mholta ó chigire arna cheapadh go cuibhe fá alt 41 den Railway and Canal Traffic Act, 1888.

(2) I gcás an tAire do bheith chun ordú do dhéanamh fán alt so maidir le gnóthaire canálach, cuirfidh sé fá ndear dréacht den ordú d'ullmhú agus seirbheálfaidh cóip den dréacht ar an ngnóthaire canálach agus, sara ndéana sé an t-ordú, breithneoidh aon chúis a phléifidh an gnóthaire canalách leis fá cheann ceithre lá déag taréis an dréacht do sheirbheáil.

(3) Ní foláir don ghnóthaire canálach lena mbainfidh aon ordú dhéanfaidh an tAire fán alt so déanamh do réir an orduithe agus, mura ndéana, beidh an t-ordú infhoirfheidhmithe ag an Árd-Chúirt ar iarratas an Aire.

An chuideachta iarnróid scurtha do shaoradh ó dhliteanais áirithe.

127. —I gcás gan an chuideachta iarnróid scurtha d'íoc aon úis ón 1ú lú d'Eanar, 1925, ar airgead do thóg aon chuideachta chomhnasctha nó cuideachta chomhghafa do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), ar iasacht, beidh an chuideachta iarnróid scurtha arna saoradh de bhuaidh an ailt seo, amhail ar dháta an Achta so do rith agus dá éis, ó gach dliteanas maidir leis an airgead san agus leis an ús air.

Urrúis arb iad Ciste Urraíochta Chanáil Laighean iad d'aistriú chun na Cuideachtan.

128. —Na hurrúis seo leanas, eadhon, cúig mhíle cúig chéad agus ocht bpunt tríochad agus naoi scillinge de Chonsoil dó go leith fán gcéad (is ionann agus iarmhar na suime do hordaíodh a shuncáil leis an reacht Breatanach (58 Geo. III., c. 35) do ritheadh sa bhliain 1818 agus dá ngairmtear an Act to provide for the maintaining of the Royal Canal from the River Liffey to the River Shannon in Ireland) atá i leabhair Bhanc na hÉireann in ainmneacha an Aire Airgeadais agus an Aire agus atá ar seilbh acu ar dháta an Achta so do rith mar iontaobhaithe don chuideachtain iarnróid scurtha, déanfaidh an tAire Airgeadais agus an tAire, chomh luath agus is féidir taréis dáta an bhunuithe, iad d'aistriú chun na Cuideachtan agus, ar iad d'aistriú amhlaidh, sealbhóidh an Chuideachta iad saor ó gach iontaobhas agus oblagáid a bhaineas leis na hurrúis sin de bhuaidh an reachta Bhreatanaigh sin nó an Midland Great Western Railway of Ireland (Moate Deviation) Act, 1848.

Comhaontuithe arna ndéanamh ag cuideachtana iarnróid seachas an Chuideachta.

129. —(1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis déanfaidh gach cuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta) a mbeidh a n-iarnród nó aon chuid de laistigh den Stát—

(a) fá cheann ceithre lá déag ón dáta ar a ndéanfaidh an chuideachta iarnróid sin aon chomhaontú nó socrú le haon ghnóthaire iompair eile (pé acu fá chumhachta reachtúla nó ar shlí eile déanfar é) trína ndéanfar réiteach chun trácht d'iarnród chun aon áite sa Stát nó uaidh do dháiliú nó do chúrsáil nó chun fáltais ón trácht san do chomhroinnt nó le haghaidh rátaí idirdhealaitheacha ar thrácht de mhuir chun an Stáit nó uaidh, sonnraí scríofa ar an gcomhaontú no ar an socrú san do thabhairt don Aire,

(b) fá cheann seacht lá taréis don Aire dá cheangal san orthu, pé sonnraí agus eolas eile theastóidh ón Aire maidir lena mbeidh in aon chomhaontú nó socrú den tsórt san do thabhairt dó.

(2) Má mhainníonn aon chuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta) déanamh do réir forál fó-ailt (1) den alt so, beidh an chuideachta san ciontach i gcionta fán bhfó-alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead do chur orthu agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Má dhéanann aon chuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta), le linn dóibh eolas do thabhairt fán alt so, aon eolas a bheas bréagach nó mí-threorach do thabhairt, beidh an chuideachta san ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur orthu.

Srian le talamh ar seilbh ag gnóthairí iompair do thógaint go héigeanta.

130. —D'ainneoin éinní atá in aon achtachán ní dhéanfaidh duine ar bith, gan an tAire do thoiliú chuige roimhré, aon talamh nó áitreabh bheas ar seilbh nó gafa ag comhlucht corpraithe chun críoch aon ghnóthais iarnróid, trambhealaigh, cuain, duga, loingseoireachta intíre nó aer-loingseoireachta do thógaint go héigeanta ná aon éasáid, cead slí nó ceart eile ar bith os cionn nó i leith aon tailimh den tsórt san do thógaint, d'fhoirceannadh, do shrianadh nó cur isteach air ar shlí eile go héigeanta.

Stoic áirithe de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha do chealú.

131. —Aon stoc de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha atá cláraithe in ainm na cuideachtan iarnróid scurtha ar dháta an Achta so do rith beidh sé arna chealú, de bluaidh an ailt seo, díreach ar an Acht so do rith.

Stoic áirithe de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha d'fhuascailt.

132. —Beidh cumhacht agus is tuigthe cumhacht do bheith riamh ag an gcuideachtain iarnróid scurtha chun aon stoc acu so leanas d'fhuascailt in airgead trí chomhaontú le sealbhóirí an chéanna, sé sin le rá:—

Síneadh an Phoirt Thuaidh, Línte 1 agus 2—scaireanna £100.

Stoc Urraithe 4 fán gcéad Shíneadh-Iarnród Ros Mhic Treoin agus Phortláirge.

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad, 1884 agus 1887, Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad, 1894 agus 1897, Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

Stoc Tosaíochta 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

Stoc Urraithe 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad Infhuascailte (1947).

Forála maidir le Droichead Buaidhe i gCathair Bhaile Átha Cliath do chothabháil agus d'oibriú.

133. —(1) San alt so—

ciallaíonn an abairt “na comhlúchta iomchuibhe” an Chuideachta, Bárdas Bhaile Átha Cliath agus Cuideachta Chanáil Laighean;

ciallaíonn an abairt “an Droichead” Droichead Buaidhe ar Chanáil Laighean i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn an abairt “an comhaontú beartaithe” comhaontú atá le déanamh idir na comhluchta iomchuibhe maidir le cothabháil (lena n-áirítear athdéanamh) agus urláimh an Droichid;

ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse de bhliain ó dháta an Achta so do rith nó pé tréimhse bhreise cheadóidh an tAire.

(2) Féadfaidh na comhluchta iomchuibhe an comhaontú beartaithe do chomhlánú laistigh den tréimhse cheaptha, ach i gcás an comhaontú beartaithe do chomhlánú amhlaidh ní bheidh aon fheidhm aige mura ndaingní an tAire é, agus údaraítear dó leis seo san do dhéanamh más oiriúnach leis é.

(3) Má comhlánaítear an comhaontú beartaithe laistigh den tréimhse cheaptha agus go ndaingneoidh an tAire é, beidh éifeacht air sin ag na forála so leanas—

(a) beidh éifeacht reachtúil ag an gcomhaontú san;

(b) is tuigthe cumhacht chun an comhaontú san do dhéanamh do bheith ag gach comhlucht fá leith de na comhluchta iomchuibhe, d'ainneoin aon teora le cumhacht an chomhluchta san chun é dhéanamh;

(c) beidh de dhualgas ar gach comhlucht fá leith de na comhluchta iomchuibhe, agus cumhachtaítear leis seo do gach comhlucht fé leith acu, an comhaontú san do chomhlíonadh a mhéid a bheas forála an chéanna le comhlíonadh ag an gcomhlucht san.

(4) Mura gcomhlánaítear an comhaontú beartaithe fá cheann na tréimhse ceaptha nó, ar bheith comhlánaithe amhlaidh dó, má dhiúltaíonn an tAire d'é dhaingniú, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

(a) déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar iarratas ón Aire (arna dhéanamh taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí), eadránaí do cheapadh chun a chinneadh, taréis dó na comhluchta iomchuibhe d'éisteacht, cad iad na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir a mheasfaidh sé, ag féachaint do chúrsaí an cháis de thuras na huaire, ba cheart cothabháil (lena n-áirítear athdéanamh) agus urlámh do dhéanamh ar an droichead feasta,

(b) beidh éifeacht reachtúil ag cinneadh an eadránaí agus beidh de dhualgas ar gach comhlucht fá leith de na comhluchta iomchuibhe, agus cumhachtaítear leis seo do gach comhlucht fá leith acu, téarmaí an chinnte sin do chomhlíonadh a mhéid a bheas forála an chéanna le comhlíonadh ag an gcomhlucht san,

(c) ceapfaidh an Príomh-Bhreitheamh luach saothair an eadránaí agus íocfaidh na comhluchta iomchuibhe é ina chionúireachta cothroma,

(d) féadfaidh an t-eadránaí pé ordú is oiriúnach leis as a chomhairle féin do dhéanamh maidir le costais agus caiteachas na gcomhlucht iomchuibhe sna himeachta os a chomhair.

Comhaontú idir an Chuideachta, Bárdas Chorcaighe agus Coimisinéirí Chuan Chorcaighe maidir le droichid i gCathair Chorcaighe do chothabháil agus d'oibriú.

134. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, Árd-Mhéara agus Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe, agus Coimisinéirí Chuan Chorcaighe comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú san san alt so) do dhéanamh maidir leis an droichead thar Cainéal Thuaidh Abhann na Laoi agus an droichead thar Cainéal Theas Abhann na Laoi, agus iad araon i gContae-Bhuirg Chorcaighe, do chothabháil, d'oscailt agus do dhúnadh, ach ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag an gcomhaontú san mura ndaingní an tAire é, agus údaraítear dó leis seo san do dhéanamh más oiriúnach leis é.

(2) Má dhaingníonn an tAire an comhaontú san, beidh éifeacht air sin ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh éifeacht-reachtúil ag an gcomhaontú san,

(b) is tuigthe cumhacht chun an comhaontú san do dhéanamh do bheith ag gach páirtí fá leith de na páirtithe sa chéanna, d'ainneoin aon teora le cumhacht an pháirtí sin chun é dhéanamh,

(c) beidh de dhualgas ar gach páirtí fá leith sa chomhaontú san, agus cumhachtaítear leis seo do gach páirtí fá leith acu, an comhaontú san do chomhlíonadh a mhéid a bheas forála an chéanna le comhlíonadh ag an bpáirtí sin.

Comhaontuithe rialálfas coinníollacha seirbhíse fostaithe bóthar-iompair cuideachtana iarnróid do lóisteáil leis an Aire.

135. —Gach comhaontú déanfar taréis dáta an Achta so do rith do réir ailt 10 (a bhaineas le coinníollacha seirbhíse fostaithe bóthar-iompair cuideachtana iarnróid do rialáil) d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933) , ní foláir é féin nó a chontrapháirt, nó cóip di agus í deimhnithe i pé slí ordóidh an tAire do bheith ina cóip dhílis, do lóisteáil leis an Aire fá cheann mí taréis an comhaontú do dhéanamh.