An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHéAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear amhail ar Dháta an Bhunuithe agus dá éis.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Na Stoic de chuid na gCuideachtan Scurtha atá le Malairtiú ar Stoic de chuid na Cuideachtan.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

AN DARA SCEIDEAL.

Forála Díomuana maidir leis na Cuideachtana Scurtha agus leis an gCuideachtain.

Míniú.

1. Sa Sceideal so ciallaíonn an abairt “gnáth-chruinniú deiridh”, maidir le cuideachtain scurtha, an gnáth-chruinniú is gá don chuideachtain sin do réir míre 5 den Sceideal so do chomóradh.

Na cuideachtana scurtha do leanúin ar marthain chun críoch áirithe.

2. Chun críoch an Sceidil seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, is tuigthe gach cuideachta scurtha do leanúin ar marthain ar dháta an bhunuithe agus dá éis.

Stoic, scaireanna agus urrúis d'aistriú.

3. Ar an gCuideachtain dá iarraidh sin orthu comhlánfaidh cuideachta scurtha na hionstraimí sin uile agus déanfaidh na nithe sin uile is gá chun a chumasú don Chuideachtain aon stoic, scaireanna nó urrúis a bheas i seilbh na cuideachtan scurtha san díreach roimh dháta an bhunuithe do chur á n-aistriú chun ainme na Cuideachtan agus chuige seo is tuigthe na daoine bheas ina stiúrthóirí ar an gcuideachtain scurtha san díreach roimh dháta an bhunuithe do leanúin in oifig.

Stiúrthóirí, oifigigh agus iniúchóirí cuideachtana scurtha do leanúin in oifig.

4. Is tuigthe na daoine is stiúrthóirí, oifigigh agus iniúchóirí d'aon chuideachtain scurtha díreach roimh dháta an bhunuithe do leanúin in oifig chun na críche bhainfeas le cuntais agus fuíoll-chláir na cuideachtan san don bhliain 1944 d'ullmhú agus d'iniúchadh, lena dtabhairt ar áird do dhílseánaigh na cuideachtan san, le díbhinní don bhliain 1944 do dhearbhú agus le gnáthchruinniú deiridh na cuideachtan san do ghairm, do chomóradh agus do stiúradh.

Gnáth-chruinniú na gcuideachtan scurtha do chomóradh mí Feabhra nó mí Márta, 1945.

5. Comórfar gnáth-chruinniú de gach cuideachtain scurtha fá leith mí Feabhra nó mí Márta, 1945, chun coimrí cuntas na cuideachtan san don bhliain 1944 do ghlacadh agus chun díbhinní do dhearbhú, agus na daoine arb iad dílseánaigh na cuideachtan scurtha san iad díreach roimh dháta an bhunuithe is tuigthe gurb iad dílseánaigh na cuideachtan san iad chun na gcríoch réamhráite agus chun na gcríoch a bhainfeas leis an ngnáthchruinniú san do ghairm, do chomóradh agus do stiúradh.

Cuntais agus tuairisceáin na cuideachtan iarnróid scurtha do 1944.

6. (1) Déanfaidh an chuideachta iarnróid scurtha cuntais agus tuairisceáin don bhliain 1944 d'ullmhú do réir na foirme atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, agus cuirfid na cuntais fá bhráid a n-iniúchóirí sa bhfoirm sin.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach don chuideachtain scurtha bheas freagarthach sna cuntais nó sna tuairisceáin don bhliain 1944 nó in aon chuid díobh, agus cathaoirleach stiúrthóirí na cuideachtan san, na cuntais agus na tuairisceáin do shiniú.

(3) Déanfaidh an chuideachta iarnróid scurtha, tráth nach déanaí ná an 28ú lá d'Fheabhra, 1945, sé chóip de na cuntais agus na tuairisceáin don bhliain 1944 do chur chun an Aire, agus cuirfid cóip de na cuntais agus na tuairisceáin chun aon dílseánaigh den chuideachtain iarnróid scurtha a iarrfas cóip.

(4) I gcás aon chuntas nó tuairisceán a hullmhófar agus a cuirfear ar aghaidh fán mír seo do bheith bréagach in aon phone go bhfios d'éinne a shíneos an cuntas nó an tuairisceán nó aon chuid den chéanna, dlífear, ar an duine sin do chiontú ar a dhíotáil, príosúntacht i dteannta nó d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nach sia ná bliain nó fíneáil nach mó ná céad punt do chur air agus dlífear, ar é chiontú ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

Cuntais na cuideachtan iompair scurtha do 1944.

7. Cuirfidh an chuideachta iompair scurtha fá ndear cuntais do chur le chéile don bhliain 1944.

Forála maidir le cáin ioncaim is inmhuirir ar chuideachtana scurtha.

8. (1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, leanfaidh cuideachta scurtha de bheith fá dhliteanas, fá na hAchta Cánach Ioncaim, chun aon choimre nó tuairisceán nó sonnraí, is gá chun críoch na nAcht san, in aghaidh aon bhliana cáinmheasa dar críoch an 5ú lá d'Abrán, 1945, nó roimhe d'ullmhú agus do sheachadadh.

(2) Féadfar cáinmheasa chun cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana cáinmheasa dar críoch an 5ú lá d'Abrán, 1945, nó roimhe sin do dhéanamh ar chuideachtain scurtha ar dháta an bhunuithe nó dá éis, agus maidir le cáin ioncaim i leith aon cháinmheasa den tsórt san a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina cháinmheas deiridh gan dul thairis, is tuigthe, ar í theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an bhunuithe.

(3) Chun críoch fó-mhíreanna (1) agus (2) den mhír seo, is tuigthe rúnaí na Cuideachtan nó oifigeach eile bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí na Cuideachtan do bheith ina rúnaí do chuideachtain scurtha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan scurtha san.

(4) Beidh ag an gCuideachtain agus bheirtear dóibh leis seo cumhacht chun go mbainfidís as sochar oifige aon duine bheas i seilbh oifige nó fostaíochta sochair fán gCuideachtain aon cháin ioncaim do muirearaíodh ar an gcuideachtain iarnróid scurtha maidir le haon oifig nó fostaíocht sochair do shealbhaigh an duine sin fán gcuideachtain iarnróid scurtha.

Forála maidir le cáin bhrabúis chorparáide is inmhuirir ar an gcuideachtain iompair scurtha.

9. (1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, leanfaidh an chuideachta iompair scurtha de bheith fá dhliteanas, fá na hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabúis chorparáide, chun aon choimre nó tuairisceán nó sonnraí, is gá chun críoch na n-achtachán san, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1944, nó roimhe d'ullmhú agus do sheachadadh.

(2) Féadfar cáinmheasa chun cánach brabúis chorparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1944, nó roimhe do dhéanamh ar an gcuideachtain iompair scurtha ar dháta an bhunuithe nó dá éis, agus maidir le cáin bhrabúis chorparáide i leith aon cháinmheasa den tsórt san a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina cháinmheas deiridh gan dul thairis, is tuigthe, ar í theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an bhunuithe.

(3) Chun críoch fó-mhíreanna (1) agus (2) den mhír seo, is tuigthe rúnaí na Cuideachtan nó oifigeach eile bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí na Cuideachtan do bheith ina rúnaí don chuideachtain iompair scurtha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan iompair scurtha.

(4) Sa mhír seo léireofar tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide mar thagairtí fholaíos tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide bhreise.

An Chuideachta d'íoc costas cuideachtana scurtha agus díbhinní arna ndearbhú ag cuideachtana scurtha ag cruinnithe deiridh.

10. Íocfaidh an Chuideachta aon chostais fána raghaidh cuideachta scurtha fán Sceideal so agus aon díbhinn a dhearbhóidh aon chuideachta scurtha.

Ainmneacha cuideachtana scurtha d'úsáid.

11. Ar feadh na tréimhse de shé mhí dar tosach dáta an bhunuithe, beidh an Chuideachta i dteideal gnó do dhéanamh in ainm cuideachtan scurtha i dteannta nó in ionad ainme na Cuideachtan, agus na connartha agus na margaí uile dhéanfaidh an Chuideachta i rith na tréimhse sin fá aon ainm nó ainmneacha den tsórt san, beid sin ina gceangal ar an gCuideachtain agus infhoirfheidhmithe acu.