An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Córas Iompair Éireann.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Forála Airgeadais.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil II.

Córas Iompair Éireann do chorprú, Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta, do scur agus gnóthais na gcuideachtan scurtha d'aistriú chun na Cuideachtan.

An Chuideachta do chorprú.

9. —(1) Na daoine uile agus fá seach a thiocfas ar dháta an bhunuithe chun bheith, de bhuaidh na Coda so, ina sealbhóirí cláraithe ar ghnáth-stoc malairtithe maraon lena seiceadúirí agus a riarthóirí agus a sannaithe beid arna n-aonú agus déantar leis seo a n-aonú ina gcuideachtain agus beid arna gcorprú agus déantar leis seo a gcorprú fán ainm Córas Iompair Éireann agus beid, fán ainm sin, ina gcomhlucht corpraithe go síor-chomharbas agus comh-shéala acu maille le cumhacht chun tailte agus maoin eile do cheannach, do thógaint, do shealbhú agus do chur de láimh chun críoch na Cuideachtan.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh ar dháta an bhunuithe.

Críocha na Cuideachtan.

10. —(1) Is iad críocha na Cuideachtan ná—

(a) seirbhísí iompair d'oibriú,

(b) aon ghnó fó-ghabhálach nó foirlíontach do sheoladh lena n-áirítear feithiclí iompair (agus innill) maraon le páirteanna agus fearas dóibh do dhéanamh, do dheisiú agus do chothabháil dóibh féin nó d'éinne eile.

(2) Le ceadú an Aire féadfaidh an Chuideachta, trí chomhaontú, iomlán aon ghnóthais iompair nó cuid ar bith d'aon ghnóthas iompair a bheas á sheoladh ag aon duine eile, maraon leis an maoin agus na sócmhainní bheas á n-úsáid sa ghnóthas san nó maidir leis, do thógaint chucu trí cheannach nó trí stoc de chuid na Cuideachtan do mhalairtiú.

(3) D'ainneoin aon achtacháin, féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh gnóthas iompair á sheoladh iomlán an ghnóthais sin nó aon chuid de nó aon scair ann do dhíol, ach an tAire do thoiliú chuige, leis an gCuideachtain.

(4) Féadfaidh an Chuideachta—

(a) aon tigh ósta do sheoladh do bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, á sheoladh ag cuideachtain scurtha;

(b) tigh ósta do sheoladh i gcomhgar do chúrsa aon cheann dá seirbhísí iompair agus chuige sin aon leas d'fháil i dtalamh agus (más gá) foirgintí do thógáil air;

(c) gach ní do dhéanamh i dtaobh a dtithe ósta dob indéanta ag pearsain aonair;

(d) aon tigh ósta leo agus aon leas i dtalamh ar bith a bheas ar seilbh acu i ndáil lena dtithe ósta do chur de láimh.

(5) San alt so—

folaíonn an abairt “tigh ósta” tigh bídh, seomraí úrúcháin agus gnóthais dá samhail;

ciallaíonn an abairt “seirbhísí iompair” seirbhísí iompair d'iarnród, de thrambhealach, de loingseoireacht intíre, de mhuir, d'aer nó de bhóthar;

ciallaíonn an abairt “gnóthas iompair” aon ghnóthas a bhíos ag oibriú aon tseirbhíse iompair poiblí.

Cuideachtana scurtha do scur.

11. —(1) Fá réir na bhforál atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh an chuideachta iarnróid scurtha agus an chuideachta iompair scurtha fá seach arna scur, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an bhunuithe.

(2) Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so maidir leis na cuideachtana scurtha agus leis an gCuideachtain.

Gnóthais na gcuideachtan scurtha d'aistriú chun na Cuideachtan.

12. —Ar dháta an bhunuithe beidh gnóthais uile agus fá seach gach cuideachtan scurtha fá leith de bhuaidh an ailt seo arna n-aistriú chun na Cuideachtan agus arna ndílsiú ionta agus ina ngnóthais leo.