An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Córas Iompair Éireann do chorprú, Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta, do scur agus gnóthais na gcuideachtan scurtha d'aistriú chun na Cuideachtan.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Cruinnithe na Cuideachtan.)

21 1944

AN tACHT IOMPAIR, 1944

Caibidil III.

Forála Airgeadais.

Caipiteal na Cuideachtan.

13. —Ní raghaidh caipiteal na Cuideachtan, a bunófar agus a heiseofar do réir na Coda so, thar fiche milleon punt agus de sin—

(a) ní bheidh thar sé mhilleon déag punt ina stoc bintiúra, agus

(b) ní bheidh thar ceithre mhilleon punt ina ghnáth-stoc.

Stoc de chuid na Cuideachtan mar mhalairt ar stoc de chuid na gcuideachtan scurtha.

14. —(1) Ar dháta an bhunuithe, ach fá réir fó-ailt (2) den alt so,—

(a) gach duine bheas díreach roimh dháta an bhunuithe ina shealbhóir chláraithe ar aon stoc de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha tuairiscítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 2) tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé de bhuaidh an fhó-ailt seo, in aghaidh gach céad punt fá leith den stoc san a bheas ar seilbh aige, ina shealbhóir chláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san, de stoc na Cuideachtan a tuairiscítear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san agus do réir an chothroim sin in aghaidh méideanna de stoc san na cuideachtan iarnróid scurtha is mó nó is lú ná céad punt, in ionad an stoic sin is déanaí luaitear a bheas ar seilbh aige agus mar mhalairt air;

(b) gach duine bheas díreach roimh dháta an bhunuithe ina shealbhóir chláraithe ar aon stoc de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha tuairiscítear i gcolún (2) den Chuid sin I ag uimhir thagartha 2 tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé de bhuaidh an fhó-ailt seo, in aghaidh gach céad punt fá leith den stoc san a bheas ar seilbh aige, ina shealbhóir chláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san, de gach stoc de chuid na Cuideachtan a tuairiscítear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san agus do réir an chothroim sin in aghaidh méideanna de stoc san na cuideachtan iarnróid scurtha is mó nó is lú ná céad punt, in ionad an stoic sin is déanaí luaitear a bheas ar seilbh aige agus mar mhalairt air;

(c) gach duine bheas díreach roimh dháta an bhunuithe ina shealbhóir chláraithe ar aon stoc de chuid na cuideachtan iompair scurtha tuairiscítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so ag aon uimhir thagartha tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé de bhuaidh an fhó-ailt seo, in aghaidh gach céad punt fá leith den stoc san a bheas ar seilbh aige, ina shealbhóir chláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha san, de stoc na Cuideachtan a tuairiscítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha san agus do réir an chothroim sin in aghaidh méideanna de stoc san na cuideachtan iompair scurtha is mó nó is lú ná céad punt, in ionad an stoic sin is déanaí luaitear a bheas ar seilbh aige agus mar mhalairt air.

(2) Ní bheidh teideal ag duine ar bith, trí oibriú fó-ailt (1) den alt so, chun aon chodáin de phunt d'aon stoc malairtithe agus i gcás ina dtiocfadh duine, mura mbeadh an fó-alt so, chun bheith ina shealbhóir ar chodán de phunt d'aon stoc malairtithe, íocfaidh an Chuideachta leis an duine sin in airgead luach par an chodáin sin.

(3) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, gach duine thiocfas, de bhuaidh an ailt seo, chun bheith ina shealbhóir chláraithe ar stoc malairtithe glacfaidh (fá réir forál an Achta so) agus is tuigthe é do ghlacadh (fána réir sin) leis an stoc malairtithe dáileofar dó fán alt so mar mhalairt ar an stoc de chuid na gcuideachtan scurtha bheas ar seilbh aige agus mar ghlanadh ar gach éileamh fé.

(4) Is tuigthe, de bhuaidh an ailt seo, stoc malairtithe do bhunú agus d'eisiúin go cuibhe ar dháta an bhunuithe.

Forála foirlíontacha maidir le stoc malairtithe.

15. —(1) Aon tsealbhóir ar stoc de chuid cuideachtan scurtha a dhéanfas an deimhniú nó na deimhnithe ar an stoc san do sheachadadh do Rúnaí na Cuideachtan le cealú, beidh sé i dteideal, gan éinní d'íoc, go bhfuighidh ón gCuideachtain, mar mhalairt ar an deimhniú nó ar na deimhnithe seachadfar amhlaidh, deimhniú ar an stoc malairtithe dáilítear don tsealbhóir sin le halt 14 den Acht so mar mhalairt ar an stoc a ndéanfar an deimhniú nó na deimhnithe air do sheachadadh amhlaidh, ach, go dtí go ndéanfar an malairtiú san, is tuigthe, fá réir fó-ailt (2) den alt san 14, na deimhnithe ar stoc de chuid na gcuideachtan scurtha do bheith ina ndeimhnithe ar stoc de chuid na Cuideachtan a dáilítear leis an alt san 14 do shealbhóirí ar stoc de chuid na gcuideachtan scurtha.

(2) Má cailltear nó má díthítear aon deimhniú ar stoc de chuid aon chuideachtan scurtha a ndéantar aon stoc malairtithe do dháiliú le halt 14 den Acht so mar mhalairt air, ansan, ar an gcailliúin nó ar an díthiú san do chruthú agus ar shlánú, bheas réasúnach agus chun sástachta stiúrthóirí na Cuideachtan, do thabhairt i gcoinne aon éilimh i leith an deimhnithe sin, seachadfaidh an Chuideachta don duine bheas i dteideal an deimhnithe sin deimhniú ar an stoc malairtithe dáilítear dó leis an alt san 14.

(3) Stoc de chuid na Cuideachtan a malairteofar de bhuaidh ailt 14 den Acht so ar stoc de chuid aon chuideachtan scurtha is amhlaidh a sealbhófar é ar na hiontaobhais agus fá réir na n-iontaobhas, na lian, na muirear, na gcumhacht, agus fós na gceart, na bpríbhléidí agus na srianta eile dlí nó cothroim, do bhain leis an stoc a ndéanfar, de bhuaidh an ailt sin 14, stoc de chuid na Cuideachtan do mhalairtiú air, agus aon tagairt atá in aon reacht, dintiúir, uacht, coduisíl, leabhar, docaimint, ionstraim, nó scríbhinn do stoc na cuideachtan scurtha san, is tuigthe, amhail ar dháta an bhunuithe agus dá éis, gur tagairt í do stoc na Cuideachtan a malairteofar air de bhuaidh an ailt sin 14.

(4) Aon duine (is iontaobhaí nó seiceadúir nó bheas ag gníomhú in aon fheidhmeannas ionadaíochta nó iontaobhais) a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, ina shealbhóir ar aon stoc de chuid cuideachtan scurtha ar a ndéanfar aon stoc de chuid na Cuideachtan do mhalairtiú de bhuaidh ailt 14 den Acht so, féadfaidh sé an stoc malairtithe do shealbhú, do chur de láimh nó deighleáil leis ar shlí eile ar gach cuma ar a bhféadfadh sé an stoc ar a ndéanfar é mhalairtiú amhlaidh do shealbhú, do chur de láimh nó deighleáil leis ar shlí eile.

Stoc bintiúra nua do bhunú agus d'eisiúin.

16. —(1) Chun airgead do sholáthar nó chun aon stoc bintiúra d'íoc nó d'fhuascailt nó chun go dtógfaí, trí stoc bintiúra do mhalairtiú, aon ghnóthas iompair a húdaraítear don Chuideachtain a thógaint, féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan, le cead a bhéarfaidh an tAire roimhré taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, stoc bintiúra do bhunú agus d'eisiúin ó am go ham ach gan méid iomlán an stoic bhintiúra (agus stoc bintiúra malairtithe d'áireamh) a bheas bunaithe agus eisithe do dhul thar sé mhilleon déag punt.

(2) Nuair a bheas áireamh á dhéanamh, chun críoch fó-ailt (1) den alt so, ar mhéid iomlán an stoic bhintiúra (agus stoc bintiúra malairtithe d'áireamh) a bheas bunaithe agus eisithe, cuirfear sa chuntas aon stoc bintiúra bheas fuascailte.

Forála maidir le stoc bintiúra.

17. —(1) Beidh ús do réir 3 fán gcéad sa bhliain ar stoc bintiúra malairtithe agus beidh an t-ús san iníoctha go leath-bhliantúil an 15ú lá d'Iúl agus an 15ú lá d'Eanar gach bliain in aghaidh na leath-bhliana dar críoch an 30ú lá den Mheitheamh agus an 31ú lá den Nollaig dheiridh roimhe sin fá seach.

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le stoc bintiúra malairtithe d'fhuascailt, sé sin le rá:—

(a) féadfar é d'fhuascailt ar par in airgead an 30ú lá de Mheitheamh, 1955, nó aon 31ú lá de Nollaig nó 30ú lá de Mheitheamh ina dhiaidh sin,

(b) mura mbeidh sé fuascailte roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1960, fuasclófar é ar par in airgead ar an dáta san,

(c) ní fuasclófar é aon 30ú lá de Mheitheamh (seachas an 30ú lá de Mheitheamh, 1960) ná aon 31ú lá de Nollaig ach amháin taréis fógra sé mhí do thabhairt i dtaobh a bheith beartaithe é d'fhuascailt.

(3) Féadfar stoc bintiúra (seachas stoc bintiúra malairtithe) do bhunú agus d'eisiúin ó am go ham fá réir pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ráta agus íoc an úis air agus maidir lena fhuascailt, a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(4) Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a fuasclófar aon stoc bintiúra áirithe do luadh ar gach deimhniú ar an stoc bintiúra san.

An Stát d'urrú stoic bhintiúra.

18. —(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais, maidir le stoc bintiúra malairtithe nó maidir le haon stoc bintiúra eile bheas beartaithe do bhunú agus d'eisiúin, urraíocht do dhéanamh, sa tslí agus sa bhfoirm a mheasfaidh is ceart, ar íoc cuibhe do réir téarmaí an stoic bhintiúra san an bhun-airgid agus, fá réir fó-ailt (2) den alt so, an úis a bheas urraithe ag an stoc bintiúra san.

(2) I gcás stoc bintiúra ar a mbeidh ús do réir ráta is mó ná trí fán gcéad sa bhliain do bhunú agus d'eisiúin déanfaidh an tAire Airgeadais urraíocht ar íoc cuibhe an úis air suas go dtí trí fán gcéad sa bhliain amháin.

(3) An t-airgead uile bheas ag teastáil ón Aire Airgeadais ó am go ham chun íoctha suimeanna thiocfas chun bheith iníoctha fá aon urraíocht a bheárfaidh sé fán alt so, réamh-íocfar é amach as an bPrímh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(4) Chun airgead do sholáthar le haghaidh na suimeanna réamhíocfar as an bPrímh-Chiste fán alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus d'eisiúin ar pé ráta úis agus fá réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(5) Is ar an bPrímh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais fán alt so agus na gcostas fána raghfar i dtaobh na n-urrús san d'eisiúin.

(6) Aon tsuimeanna réamh-íocfar as an bPrímh-Chiste nó as a thoradh fáis chun na gcríoch a luaitear i bhfó-alt (3) den alt so, aisíocfaidh an Chuideachta leis an bPrímh-Chiste iad (maraon le hús orthu do réir pé rátaí cheapfaidh an tAire Airgeadais) fá cheann dhá mhí dhéag ó dháta an réamh-íoca.

(7) I gcás iomlán na suimeanna nó aon chuid de na suimeanna réamh-íocfar as an bPrímh-Chiste nó as a thoradh fáis chun na gcríoch a luaitear i bhfó-alt (3) den alt so do bheith gan aisíoc ag an gCuideachtain leis an bPrímh-Chiste do réir fó-ailt (6) den alt so, déanfar an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead fá fhó-alt (7) den alt so ní shaorfaidh san an Chuideachta óna bheith orthu méid iomlán aon réamh-íoca déanfar fá fhó-alt (3) den alt so, maraon le hús air do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais, d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste, ach déanfaidh an Chuideachta an t-aisíoc san pé tráthanna agus i pé tráthchoda cheapfaidh an tAire Airgeadais.

(9) Chomh luath agus is féidir é tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1945, leagfaidh an tAire Airgeadais fá bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas, i pé foirm a mheasfaidh is ceart, ina luafar, maidir le gach urraíocht fá leith do thug sé fán alt so i rith na tréimhse dar tosach dáta an bhunuithe agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945—

(a) sonnraí ar an stoc bintiúra d'urraigh sé amhlaidh,

(b) i gcás é d'íoc aon tsuime fán urraíocht san roimh an 1ú lá d'Abrán, 1945—

(i) méid na suime sin,

(ii) an méid (más ann) do haisíocadh fá fhó-alt (6) den alt so leis an bPrímh-Chiste alos na híocaíochta san,

(c) an méid a dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar bhun-airgead fán urraíocht san dá ndéantaí í d'fhoirfheidhmiú an 1ú lá d'Abrán, 1945.

(10) Chomh luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, nó dá éis, leagfaidh an tAire Airgeadais fá bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas, i pé foirm a mheasfaidh is ceart, ina luafar—

(a) maidir le gach urraíocht do thug sé fán alt so i rith na bliana airgeadais sin—

(i) sonnraí ar an stoc bintiúra d'urraigh sé amhlaidh,

(ii) i gcás é d'íoc aon tsuime fán urraíocht san roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

(I) méid na suime sin,

(II) an méid (más ann) do haisíocadh fá fhó-alt (6) den alt so leis an bPrímh-Chiste alos na híocaíochta san,

(iii) an méid do dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar bhunairgead fán urraíocht san dá ndéantaí í d'fhoirfheidhmiú láithreach ar an mbliain airgeadais sin do bheith caite,

(b) maidir le gach urraíocht do thug sé fán alt so roimh thosach na bliana airgeadais sin agus do bhí i bhfeidhm an tráth san—

(i) sonnraí ar an stoc bintiúra d'urraigh sá amhlaidh,

(ii) i gcás é d'íoc aon tsuime fán urraíocht san roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

(I) méid na suime sin,

(II) an méid (más ann) do haisíocadh fá fhó-alt (6) den alt so leis an bPrímh-Chiste alos na híocaíochta san,

(iii) an méid do dhlífeadh an tAire sin d'aisíoc mar bhun-airgead fán urraíocht san dá ndéantaí í d'fhoirfheidhmiú láithreach ar an mbliain airgeadais sin do bheith caite.

Gnáth-stoc nua do bhunú agus d'eisiúin.

19. —Féadfaidh an Chuideachta gnáth-stoc do bhunú agus d'eisiúin ó am go ham ach gan méid iomlán an ghnáth-stoic (agus gnáth-stoc malairtithe d'áireamh) a bheas bunaithe agus eisithe do dhul thar ceithre mhilleon punt.

Díbhinní ar an ngnáth-stoc.

20. —An díbhinn ar an ngnáth-stoc in aghaidh aon bhliana áirithe ní bheidh sí iníoctha ach amháin as an mbrabús de chuid na Cuideachtan is inúsáite chun díbhinní d'íoc sa bhliain sin, agus ní raghaidh sí thar sé fán gcéad.

Ús agus díbhinní neamh-éilithe.

21. —Aon ús ar stoc bintiúra nó aon díbhinn ar ghnáth-stoc a bheas gan éileamh ar feadh bliana taréis bheith dlite nó fógartha dhó, féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan é shuncáil nó é úsáid ar shlí eile chun tairbhe don Chuideachtain go dtí go n-éileofar é.

Ciste Fuascailte.

22. —(1) Taréis soláthar do dhéanamh chun ús d'íoc ar stoc bintiúra agus le haghaidh éilithe agus oblagáidí socair eile, cuirfidh an Chuideachta i leataoibh, ó am go ham, pé suimeanna mheasfaid is ceart chun ciste do bhunú chun aon chuid dá stoc bintiúra d'fhuascailt is infhuascailte i bpáirt nó go hiomlán in airgead fá choinníollacha na heisiúna.

(2) Féadfaidh an Chuideachta aon tsuim a cuirfear i leataoibh fá fhó-alt (1) den alt so agus an t-ioncam uaithi do shuncáil—

(a) i pé urrúis, a bheas údaraithe de thuras na huaire do réir dlí chun cistí iontaobhais do shuncáil iontu, a mheasfaidh an Chuideachta, taréis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, is ceart;

(b) i pé urrúis eile, a bheas údaraithe de thuras na huaire chuige sin ag an Aire Airgeadais, a mheasfaidh an Chuideachta is ceart.

(3) Déanfar na suimeanna uile cuirfear i leataoibh fá fhó-alt (1) den alt so maraon leis an ioncam uathu d'úsáid chun nó mar chabhair chun fuascailt do dhéanamh, ar aibiú dhó, ar aon stoc bintiúra ar chun a fhuascailte a cuireadh i leataoibh iad nó féadfar, más oiriúnach le stiúrthóirí na Cuideachtan é, iad d'úsáid chun aon stoc bintiúra den tsórt san do cheannach ar phraghas (gan ús fásta ann d'áireamh) ná raghaidh, ach amháin le ceadú an Aire Airgeadais, thar an bpraghas fuascailte, agus déanfar aon stoc bintiúra ceannófar amhlaidh do dhí-scríobhadh agus do chealú.

Cumhacht na Cuideachtan chun airgead d'fháil ar iasacht go sealadach.

23. —I dteannta a gcumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht go sealadach trí stoc bintiúra d'eisiúin, féadfaidh an Chuideachta, trí shocrú do dhéanamh le bancaerí, pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a bheas ag teastáil uathu chun a n-oblagáidí do ghlanadh agus a ndualgais do chomhlíonadh, ach ní raghaidh an méid iomlán do gheobhfar ar iasacht fán alt so thar cúig chéad míle punt aon tráth.

Deireadh le cumhachta caipitil neamhfheidhmithe na gcuideachtan scurtha.

24. —Na cumhachta neamh-fheidhmithe uile chun airgead do chruinniú do tugadh do na cuideachtana scurtha scuirfid, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, de bheith infheidhmithe.

Admháil i gcás duine nach sui juris.

25. —I gcás aon airgead do bheith iníoctha ag an gCuideachtain le sealbhóir, is mion-aoiseach nó duine nach slán meabhair, ar stoc de chuid na Cuideachtan, is leor-ghlanadh don Chuideachtain admháil ó chaomhnóir nó coiste a eastáit.

Cuntais, staithistic agus tuairisceáin.

26. —(1) Na cuntais i dtaobh a ngnóthais iarnróid a bheas le tabhairt ag an gCuideachtain fán Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, cuirfear le chéile iad sa tslí ordóidh an tAire taréis dó dul i gcomhairle leis an gCuideachtain.

(2) Beidh de dhualgas ar an gCuideachtain pé cuntais, staithistic agus tuairisceáin a éileoidh an tAire do chur le chéile agus do thabhairt dó sa tslí agus sa bhfoirm a ordóidh sé.

(3) Chun críche an Achta so beidh de chumhacht ag an Aire nó ag aon oifigeach go n-údarás cuibhe aige uaidh pé fiosruithe a mheasfaidh is gá do dhéanamh i dtaobh gnóthaí na Cuideachtan agus beidh teacht aige ar leabhair, cuntais agus tuairisceáin na Cuideachtan, agus bhéarfaidh oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachtan don Aire nó d'aon oifigeach cuibhe-údaraithe den tsórt san pé saoráidí éileoidh sé.

(4) Cumhachta an Aire fán alt so ní laghdú iad ach méadú ar aon chumhacht do bheirtear dó fán Acht so nó fá aon Acht eile chun fiosrúcháin do chur ar siúl.

(5) I gcás an Chuideachta d'fhágaint aon cheanglais áirithe den alt so gan comhlíonadh, beidh an ceanglas san infhoirfheidhmithe le hordú ón Ard-Chúirt ar iarratas an Aire.

(6) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní údaraíos aon teorannú nó cur isteach ar urlámhas na Cuideachtan maidir leis na críocha chun a n-úsáidfear a gcaiteachas.

(7) Rialacháin arna ndéanamh ag an Aire chun críoch ailt 69 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) , agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu fé is dá mba fán alt so déanfaí iad.

Cuntais iniúchta na Cuideachtan do leagadh fá bhráid Tithe an Oireachtais.

27. —Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóip de chuntais iniúchta na Cuideachtan in aghaidh gach bliana fá leith, maraon le cóip d'aon tuarascáil ó na hiniúchóirí ina dtaobh, do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Cuntais bhliantúla na Cuideachtan do thabhairt do shealbhóirí stoic.

28. —(1) Déanfaidh an Chuideachta, tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh ghnáth-chruinniú na Cuideachtan a bheas ann bliain ar bith (seachas an bhliain 1945), cóip de chuntais na Cuideachtan arna n-ullmhú i pé foirm ordóidh an tAire chun críoch an ailt seo in aghaidh na bliana deiridh roimhe sin do chur go dtí gach sealbhóir ar stoc de chuid na Cuideachtan.

(2) An méid d'fhó-alt (3) d'alt 1 den Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, a cheanglas ar chuideachtain iarnróid chorpraithe cóip de na cuntais agus de na tuairisceáin do chur go dtí aon scair-shealbhóir nó sealbhóir bintiúra de chuid na cuideachtan a iarrfas cóip, ní bhainfidh sé leis an gCuideachtain.

Iniúchóirí.

29. —(1) Is iad stiúrthóirí na Cuideachtan a ainmneos na hiniúchóirí don tréimhse dar tosach dáta an bhunuithe agus dar críoch dáta céad ghnáth-chruinnithe na Cuideachtan.

(2) Déanfaidh an Chuideachta, ag gach gnáth-chruinniú, an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí do cheapadh agus beidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí ceapfar amhlaidh ag aon ghnáthchruinniú i seilbh oifige go dtí an chéad ghnáth-chruinniú eile den Chuideachtain.

(3) Mura ndéantar aon iniúchóir nó iniúchóirí do cheapadh ag gnáth-chruinniú den Chuideachtain, féadfaidh an tAire, ar aon tsealbhóir gnáth-stoic dá iarraidh sin, iniúchóir do cheapadh chun bheith i seilbh oifige go dtí an chéad ghnáth-chruinniú eile den Chuideachtain agus an luach saothair do cheapadh a íocfaidh an Chuideachta leis.

(4) Ní bheidh stiúrthóir ná oifigeach don Chuideachtain intofa mar iniúchóir.

(5) Ní déanfar duine ar bith (seachas iniúchóir a bheas ag dul as oifig) do cheapadh ina iniúchóir ag gnáth-chruinniú den Chuideachtain mura mbeidh fógra tugtha ag sealbhóir gnáth-stoic tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an gcruinniú i dtaobh é bheith ar intinn an duine sin d'ainmniú agus cóip den fhógra tugtha ag an gCuideachtain do na hiniúchóirí bheas ag dul as oifig agus do shealbhóirí gnáth-stoic na Cuideachtan tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an gcruinniú.