An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1945) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

20 1945

AN tACHT AIRGEADAIS, 1945

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1945-46.

1. —(1) Eileofar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, do réir seacht scillinge agus sé pingne fán bpunt.

(2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1944, a héileofar amhlaidh í.

(3) I gcás ioncam iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaitear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, do réir seacht scillinge agus sé pingne fán bpunt alos an oiread den ioncam san agus is inchurtha fé de bhuaidh fo-ailt (1) den alt san 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forála ina dhiaidh seo den alt so.

(4) Na forála, reachtúla agus eile, do bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1945, i dtaobh cánach ioncaim agus forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise), beidh éifeacht acu uile agus fá seach, fá réir forál an Achta so, i dtaobh na cánach ioncaim agus na forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise) a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945.

(5) Nuair a bheas Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , á tonasc (de bhuaidh an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus fá réir na modhnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an abairt “an 6ú lá d'Aibreán, 1945,” in ionad na habairte “an 6ú lá d'Aibreán, 1941,” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1946,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1942,” agus cuirfear an focal “naoi” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1945,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1941,”.

Faoiseamh fá Chás VI de Sceideal D i leith caillteanas.

2. —(1) Más rud é, in aon bhliain mheisiúnachta, go mbainfidh caillteanas do dhuine in aon idirbheart dá ngeobhaidh sé, pé acu go haonaránach nó i bpáirtnéireacht é (is idirbheart de shaghas go ndlifí, dá bhfásadh aon bhrabús as, é do mheisiúnú ina leith fá Chás VI de Sceideal D), féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar, chomh fada agus is féidir, méid an chaillteanais sin do bhaint de mhéid, nó do chur i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóthachan ar a meisiúnófar é fán gCás san VI in aghaidh na bliana san agus go ndéanfar aon chuid den chaillteanas ná tabharfar faoiseamh ina leith amhlaidh do thabhairt ar aghaidh agus, chomh fada agus is féidir, do bhaint de mhéid, nó do chur i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóthachan ar a meisiúnófar é fán gCás san VI in aghaidh na sé bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin.

(2) Nuair a bheas an t-alt so á thonasc le caillteanas do bhain do pháirtnéir i bpáirtnéireacht, is tuigthe go gciallaíonn an abairt “méid na mbrabús nó na ngnóthachan ar a meisiúnófar é,” maidir le bliain ar bith, an chuid sin den mhéid ar a meisiúnófar an pháirtnéireacht fá Chás VI de Sceideal D a bheadh air fá na hAchta Cánach Ioncaim a chur i dtuairisceán ar a ioncam iomlán in aghaidh na bliana san.

(3) Aon fhaoiseamh fán alt so trí aon chuid de chaillteanas do thabhairt ar aghaidh is amhlaidh do bhéarfar é, chomh fada agus is féidir, ón gcéad mheisiúnacht ina dhiaidh sin in aghaidh aon bhliana de na sé bliana san ina dhiaidh sin, agus sa mhéid nach féidir é thabhairt amhlaidh ansan bhéarfar é ón gcéad mheisiúnacht eile den tsórt san agus mar sin de.

(4) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1944, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

Iocaíochta áirithe i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta do shaoradh ó cháin ioncaim agus ó fhorcháin.

3. —(1) Beidh páigh shiarainn agus aiscí lena mbaineann an t-alt so, agus is tuigthe go rabhdar riamh, saor ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), agus ní háireofar iad nuair a beifear ag áireamh ioncaim chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim.

(2) Baineann an t-alt so le páigh shiarainn, do réir bhrí aon rialachán fá na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945, a creidiúnaítear do chuntas páighe chomhalta de na Fórsaí Cosanta, agus baineann freisin le haiscí arna ndeonadh i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta.