Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Ratai Comhroghan Pinsean Posta d'Oifigigh agus do Shaighdiuiri.)

3 1946


Uimhir 3 de 1946.


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1943. [27ú Feabhra, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, léireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1927, agus le Cuid III d'Acht 1932, agus le Cuid III d'Acht 1937;

Acht 1927.

ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, léireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le Cuid III d'Acht 1932,, agus le Cuid III d'Acht 1937, agus le hAcht 1941, agus le hAcht 1943;

Acht 1932.

ciallaíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, léireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le Cuid IV d'Acht 1937, agus le hAcht 1941, agus le hAcht 1943;

Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” an t Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, léireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1941 agus le hAcht 1943;

Acht 1941.

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941) , agus, nuair a cheadaíos an comhthéacs é, léireofar í mar abairt a chiallaíos an tAcht sin arna leasú le hAcht 1943;

Acht 1943.

ciallaíonn an abairt “Acht 1943” an t Acht Arm-Phinsean, 1943 (Uimh. 14 de 1943) ;

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1943;

an ráta láithreach iomchuibhe (pinsean pósta).

ciallaíonn an abairt “an ráta láithreach iomchuibhe (pinsean pósta)”—

(a) maidir le pinsean pósta is iníoctha le duine a bhí, díreach roimh é a urscaoileadh, ina oifigeach, ráta tríocha punt sa bhliain,

(b) maidir le pinsean pósta is iníoctha le duine a bhí, díreach roimh é a urscaoileadh, ina shaighdiúir, an ráta a bhaineas lena ghrád éagumais agus atá leagtha amach sa tríú colún den Chuid atá, trí fho-alt (6) d'alt 3 d'Acht 1943, curtha in ionad Coda II den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927;

an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta).

ciallaíonn an abairt “an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta),” maidir le pinsean pósta is iníoctha le duine ar bith, an ráta a bhaineas lena ghrád éagumais agus atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

pinsean pósta.

ciallaíonn an abairt “pinsean pósta” pinsean fir phósta faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1927 nó faoi fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1927;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith.

(2) Léireofar tagairtí san Acht seo d'urscaoileadh dhuine mar thagairtí dá urscaoileadh as na fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis.

(3) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus na hAchta agus, dá réir sin, gach focal agus abairt a húsáitear san Acht seo agus dá gceaptar brí áirithe sna hAchta chun críocha na nAcht tá leis san Acht seo an bhrí a ceaptar dó amhlaidh.

Liúntais agus aiscí a dheonadh do bhaintreach agus do chlann duine mhairbh a bhí i dteideal pinsin chréachta agus pinsin bhreise faoi Acht 1923.

2. —(1) Féadfar na liúntais agus na haiscí a sonnraítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 a dheonadh do bhaintreach agus do chlann duine mhairbh—

(a) a bhí díreach roimh a bhás ag fáil pinsin chréachta faoi Acht 1923 agus pinsin bhreise faoi alt 2 d'Acht 1923, agus

(b) arbh í an chréacht ar ina leith a tugadh an pinsean créachta dob aon-trúig bháis dó.

(2) Tosnóidh gach liúntas a deonfar faoin alt seo an lá díreach i ndiaidh an lae a d'éag an duine a ndeonfar an liúntas ina leith.

Léasú ar alt 13 d'Acht 1923 agus leasaithe iarmartacha.

3. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1923 trí na focail seo leanas a chur ina dheireadh:—

“agus, más tar éis aon phinsean nó liúntas den tsórt sin a dhámhachtain a gheobhfar an cúiteamh sin, féadfaidh an tAire an dámhachtain a athbhreithniú agus féadfaidh, ag féachaint do mhéid an chúitimh sin, an pinsean nó an liúntas a fhoirceannadh nó a mhéid a laghdú.”

(2) Léireofar tagairtí atá in aon cheann de na hAchta d'alt 13 d'Acht 1923 mar thagairtí don alt sin 13 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Pinsin phósta daoine a bheas i dteideal pinsean faoi alt 10 nó alt 12 d'Acht 1927 i leith éagumais de dheascaibh galair nó créachta is inchurtha i leith seirbhíse i rith tréimhse na héigeandála.

4. —(1) I gcás—

(a) pinsean éigeandála a dheonadh, roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis, do dhuine (is duine a bhí, díreach roimh é a urscaoileadh, ina oifigeach agus a coimisiúnadh roimh an dáta feidhme nó is duine a bhí, díreach roimh é a urscaoileadh, ina shaighdiúir agus a liostáladh roimh an dáta feidhme), agus

(b) an duine sin a bheith i dteideal pinsin phósta,

beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

(i) bhéarfaidh an tAire go ndéanfar, i gcás an pinsean éigeandála a dheonadh roimh an dáta feidhme, a luaithe is féidir tar éis an dáta feidhme nó, i gcás an pinsean éigeandála a dheonadh ar an dáta feidhme nó dá éis, a luaithe is féidir tar éis an pinsean éigeandála a dheonadh, fógra a sheirbheáil leis an bpost ar an duine sin á cheangal air ráiteas i scríbhinn a chur chun an Aire, laistigh d'aimsir shonnraithe (nach luaithe ná ocht lá fichead tar éis an dáta a cuirfear an fógra sa phost), ina ndéarfaidh cé acu is rogha leis an pinsean pósta a íoc leis do réir an ráta láithrigh iomchuibhe (pinsean pósta) nó do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta),

(ii) má dhéanann an duine sin do réir an fhógra, beidh an pinsean pósta iníoctha, i gcás an pinsean éigeandála a dheonadh roimh an dáta feidhme, amhail ar an dáta feidhme agus ón dáta sin amach nó, i gcás an pinsean éigeandála a dheonadh ar an dáta feidhme nó dá éis, amhail ar dháta tosnaithe an phinsin éigeandála agus ón dáta sin amach, do réir pé ráta acu sin a nglacfaidh an duine sin de roghain amhlaidh é a íoc leis dá réir.

(iii) mura ndéana an duine sin do réir an fhógra, beidh an pinsean pósta iníoctha, i gcás an pinsean éigeandála a dheonadh roimh an dáta feidhme, amhail ar an dáta feidhme agus ón dáta sin amach nó, i gcás an pinsean éigeandála a dheonadh ar an dáta feidhme nó dá éis, amhail ar dháta tosnaithe an phinsin éigeandála agus ón dáta sin amach, do réir pé ráta acu sin a ordós an tAire.

(2) I gcás—

(a) pinsean éigeandála a dheonadh do dhuine (is duine a bhí, díreach roimh é a urscaoileadh, ina oifigeach agus a coimisiúnadh ar an dáta feidhme nó dá éis nó is duine a bhí, díreach roimh é a urscaoileadh, ina shaighdiúir agus a liostáladh ar an dáta feidhme nó dá éis), agus

(b) an duine sin a bheith i dteideal pinsin phósta,

beidh an pinsean pósta sin iníoctha do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta).

(3) San alt seo, ciallaíonn an abairt “pinsean éigeandála” pinsean is—

(a) pinsean faoi alt 10 d'Acht 1927 i leith éagumais de dheascaibh galair is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, nó

(b) pinsean faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith éagumais de dheascaibh créachta is inchurtha i leith seirbhíse den tsórt sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir le duine dá ndeonfar, de bhuaidh ailt 5 den Acht seo, pinsean faoi alt 12 d'Acht 1927.

Pinsean faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith éagumais de dheascaibh galair nó créachta is inchurtha i leith seirbhíse i rith tréimhse na héigeandála i gcás an pinsinéir a bheith ag fáil pinsin chréachta faoi na hAchta.

5. —(1) I gcás—

(a) duine a urscaoileadh as na fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an tAcht seo a rith nó dá éis é), agus

(b) an duine sin a bheith ar dháta a urscaoilte ag fáil pinsin (dá ngairmtear an pinsean láithreach san alt seo) faoi na hAchta i leith éagumais (dá ngairmtear an t-éagumas réamh-éigeandála san alt seo) de dheascaibh créachta is inchurtha i leith seirbhíse a tugadh roimh thosach thréimhse na héigeandála, agus

(c) an duine sin a bheith ar dháta a urscaoilte faoi éagumas (dá ngairmtear an t-éagumas éigeandála san alt seo) de dheascaibh galair nó créachta is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, agus

(d) an duine sin d'iarraidh pinsin i leith an éagumais éigeandála, agus

(e) an duine sin a bheith, ar dháta a scrúdaithe ag Board na nArm-Phinsean, faoin éagumas éigeandála,

beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

(i) d'ainneoin ailt 20 d'Acht 1927, féadfar pinsean (dá ngairmtear pinsean éigeandála san alt seo) a dheonadh don duine sin faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith an éagumais éigeandála, agus chun na críche sin—

(I) is tuigthe an t-éagumas réamh-éigeandála a theacht de dheascaibh créachta is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, agus

(II) is tuigthe an t-éagumas éigeandála, más galar faoi ndear é, a theacht de dheascaibh créachta is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála,

(III) más mó ná céad faoin gcéad comhshuim an éagumais réamh-éigeandála agus an éagumais éigeandála, áireofar mar chéad faoin gcéad an chomhshuim sin;

(ii) má deontar pinsean éigeandála don duine sin, ansin, an pinsean láithreach agus an pinsean pósta (más ann) dob iníoctha leis an duine sin díreach roimh dháta tosnaithe an phinsin éigeandála, beidh deireadh leo ar an dáta tosnaithe sin.

(2) I gcás—

(a) pinsean éigeandála a dheonadh do dhuine ar bith, agus

(b) an duine sin a bheith ag fáil pinsin phósta díreach roimh dháta tosnaithe an phinsin éigeandála.

beidh éifeacht ag na forála seo leanas—

(i) beidh an duine sin, fad a leanfaidh sé tar éis an dáta tosnaithe sin de bheith ina fhear pósta chun críocha Achta 1927, i dteideal pinsean pósta a íoc leis agus a fháil,

(ii) chun ráta an phinsin phósta sin a chinneadh—

(I) má bhí an duine sin ina oifigeach díreach roimh é a urscaoileadh nó má bhí sé ina shaighdiúir díreach roimh é a urscaoileadh agus gur liostáladh é roimh an dáta feidhme—

(A) bhéarfaidh an tAire go ndéanfar, a luaithe is féidir tar éis an pinsean éigeandála a dheonadh, fógra a sheirbheail leis an bpost ar an duine sin á cheangal air ráiteas i scríbhinn a chur chun an Aire, laistigh d'aimsir shonnraithe (nach luaithe ná ocht lá fichead tar éis an dáta a cuirfear an fógra sa phost), ina ndéarfaidh cé acu is rogha leis an pinsean pósta a íoc leis, i gcás é bheith ina oifigeach díreach roimh é a urscaoileadh, do réir an ráta láithrigh iomchuibhe (pinsean pósta) nó do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta) nó, i gcás é bheith ina shaighdiúir díreach roimh é a urscaoileadh agus é a liostáil roimh an dáta feidhme, do réir ráta chúig scillinge sa tseachtain nó do réir an ráta láithrigh iomchuibhe (pinsean pósta) nó do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta),

(B) má dhéanann an duine sin do réir an fhógra, beidh an pinsean pósta iníoctha leis do réir pé ráta acu sin, a bheas sonnraithe sa bhfógra, a nglacfaidh an duine sin de roghain amhlaidh é a íoc leis dá réir,

(C) mura ndéana an duine sin do réir an fhógra, beidh an pinsean pósta iníoctha do réir pé ráta acu sin, a bheas sonnraithe sa bhfógra, a ordós an tAire;

(II) má bhí an duine sin ina shaighdiúir díreach roimh é a urscaoileadh agus gur liostáladh é ar an dáta feidhme nó dá éis, beidh an pinsean pósta iníoctha do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta).

(3) I gcás—

(a) pinsean éigeandála a dheonadh do dhuine ar bith, agus

(b) gan an duine sin a bheith ag fáil pinsin phósta díreach roimh dháta tosnaithe an phinsin éigeandála, agus

(c) an t-éagumas éigeandála a theacht de dheascaibh galair agus an duine sin a bheith ar dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta nó ag fáil liúntais lóistín, tin-abhair agus solais mar oifigeach pósta nó, má ba shaighdiúir é, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, nó

an t-éagumas éigeandála a theacht de dheascaibh créachta agus an duine sin a bheith ar an dáta a créachtnaíodh é, má ba oifigeach é, ina fhear pósta chun críocha Achta 1927 nó, má ba shaighdiúir é, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, agus

(d) an duine sin a bheith ar dháta tosnaithe an phinsin éigeandála ina fhear pósta chun críocha Achta 1927,

beidh éifeacht ag na forála seo leanas—

(i) beidh an duine sin, fad a leanfaidh sé tar éis an dáta tosnaithe sin de bheith ina fhear pósta chun críocha Achta 1927, i dteideal pinsean pósta a íoc leis agus a fháil,

(ii) chun ráta an phinsin phósta sin a chinneadh—

(I) má bhí an duine sin ina oifigeach díreach roimh é a urscaoileadh agus gur coimisiúnadh é roimh an dáta feidhme nó má bhí sé ina shaighdiúir díreach roimh é a urscaoileadh agus gur liostáladh é roimh an dáta feidhme—

(A) bhéarfaidh an tAire go ndéanfar, a luaithe is féidir tar éis an pinsean éigeandála a dheonadh, fógra a sheirbheáil leis an bpost ar an duine sin á cheangal air ráiteas i scríbhinn a chur chun an Aire, laistigh d'aimsir shonnraithe (nach luaithe ná ocht lá fichead tar éis an dáta a cuirfear an fógra sa phost), ina ndéarfaidh cé acu is rogha leis an pinsean pósta a íoc leis do réir an ráta láithrigh iomchuibhe (pinsean pósta) nó do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta),

(B) má dhéanann an duine sin do réir an fhógra, beidh an pinsean pósta iníoctha do réir pé ráta acu sin a nglacfaidh an duine sin de roghain amhlaidh é a íoc leis dá réir,

(C) mura ndéana an duine sin do réir an fhógra, beidh an pinsean pósta iníoctha do réir pé ráta acu sin a ordós an tAire;

(II) má bhí an duine sin ina oifigeach díreach roimh é a urscaoileadh agus gur coimisiúnadh é ar an dáta feidhme nó dá éis nó má bhí sé ina shaighdiúir díreach roimh é a urscaoileadh agus gur liostáladh é ar an dáta feidhme nó dá éis, beidh an pinsean pósta iníoctha do réir an ráta nua iomchuibhe (pinsean pósta).

Léiriú ailt 10 d'Acht 1927 agus ailt 5 den Acht seo maidir le hoifigigh a bheith ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta, etc.

6. —Chun críocha ailt 10 d'Acht 1927 agus ailt 5 den Acht seo, is tuigthe oifigeach a bheith ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta, nó ag fáil liúntais lóistín, tin-abhair agus solais do réir an ráta phósta, ar feadh aon tréimhse a bhí sé as láthair ó dhiúité ar saoire bhreoiteachta cuibhe-údaraithe, nó a bhí sé faoi chóireáil, mar a húdaraítear le Rialacháin Fórsaí Cosanta, in óspidéal míleata nó síbhialta, i sanatorium, i gceathrúna nó eile, d'ainneoin nár tugadh an liúntas sin dó nó ná raibh sé ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta ar feadh na tréimhse sin, más rud é go raibh an liúntas sin á fháil aige nó go raibh sé ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta roimh an tréimhse sin.

Pinsean faoi alt 10 d'Acht 1927 i leith éagumais de dheascaibh galair is in churtha i leith seirbhíse rith tréimhse na héigeandála nó pinsean nó aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith éagumais de dheascɐibh créachta is inchurtha i leith seirbhíse den tsórt sin i gcás inar deonadh aisce chréachta faoi na hAchta do phinsinéir.

7. —I gcás—

(a) duine a urscaoileadh as na fórsaí an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis (pé acu roimh an tAcht seo a rith nó dá éis é), agus

(b) aisce faoi na hAchta a bheith tugtha don duine sin i leith éagumais de dheascaibh créachta is inchurtha i leith seirbhíse a tugadh roimh thosach thréimhse na héigeandála, agus

(c) an duine sin a bheith, ar dháta a urscaoilte, faoi éagumas (dá ngairmtear an t-éagumas éigeandála sa bhfo-alt seo), de dheascaibh galair nó créachta is inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, agus

(d) an duine sin d'iarraidh pinsin i leith an éagumais éigeandála, agus

(e) an duine sin a bheith, ar dháta a scrúdaithe ag Bord na nArm-Phinsean, faoin éagumas éigeandála,

beidh feidhm, d'ainneoin éinní dá bhfuil in alt 20 d'Acht 1927, ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás an t-éagumas éigeandála a theacht de dheascaibh galair, féadfar, mura lú ná ochtó faoin gcéad grád an éagumais éigeandála, pinsean faoi alt 10 d'Acht 1927 a dheonadh don duine sin i leith an éagumais éigeandála,

(ii) i gcás an t-éagumas éigeandála a theacht de dheascaibh créachta, féadfar pinsean nó aisce (pé acu is iomchuibhe ag féachaint do ghrád an éagumais éigeandála) faoi alt 12 d'Acht 1927 a dheonadh don duine sin i leith an éagumais éigeandála.

Alt 18 d'Acht 1927 a leasú.

8. —Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 18 d'acht 1927 trí na focail agus na figiúirí seo leanas a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an duine sin”:

“nó roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, pé acu san is déanaí,’.

Leasú ar alt 21 d'Acht 1927 agus leasaithe iarmartacha.

9. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 21 d'Acht 1927 trí na focail “i gcathair nó i gcontae Bhaile Atha Cliath” a scrios gach áit a bhfuilid sa bhfo-alt sin.

(2) Léireofar tagairtí sna hAchta d'alt 21 d'Acht 1927 mar thagairtí don alt sin 21 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1932 trí na focail “i gcathair nó i gcontae Bhaile Atha Cliath” a scrios gach áit a bhfuilid sa bhfo-alt sin.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 33 d'Acht 1937 trí na focail “i gcathair nó i gcontae Bhaile Atha Cliath” a scrios gach áit a bhfuilid sa bhfo-alt sin.

Alt 5 d'Acht 1943 a leasú.

10. —(1) Cuirfear an fo-alt seo leanas in ionad fo-ailt (5) (a leasaíos ailt 14 agus 15 d'Acht 1927) d'alt 5 d'Acht 1943, sé sin le rá:—

“(5) Léireofar ailt 14 agus 15 d'Acht 1927 fé is dá mbeadh an dá Chuid nua seo leanas curtha leis an Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927:—

CUID III.

Oifigigh.

1. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo is tuigthe gach duine acu seo leanas, agus ní tuigthe duine ar bith eile, a bheith ina chleithiúnaí ar shaighdiúir marbh—

(a) a mháthair,

(b) a athair, má bhíonn os cionn seasca bliain d'aois nó éagumasach de dheascaibh easláinte,

(c) a dheartháir buan-easlán,

(d) a dheirfiúr bhuan-easlán neamhphósta,

(e) a shean-athair,

(f) a shean-mháthair.

2.—(1) Más dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus ná fuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i lánchleithiúnas ar oifigeach marbh, beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin.

(2) Más dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaí nó níos mó ann a bhí i lán-chleithiúnas ar oifigeach marbh, beidh liúntas iníoctha le gach duine de na cleithiúnaithe sin.

3.—(1) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas iníoctha faoi mhír 2 den Chuid seo, agus

(b) inar dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus ná fuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i gcleithiúnas go formhór ar oifigeach marbh,

beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin.

(2) Igcás—

(a) ná beidh aon liúntas iníoctha faoi mhír 2 den Chuid seo, agus

(b) inar dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaí nó níos mó ann a bhí i gcleithiúnas go formhór ar oifigeach marbh,

beidh liúntas amháin, agus ní bheidh ach an liúntas amháin, iníoctha i leith an oifigigh mhairbh agus beidh an liúntas sin iníoctha le pé duine de na cleithiúnaithe sin a measfaidh an tAire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, gurb é an duine é ar ceart é a íoc leis.

4.—(1) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas i leith oifigigh mhairbh iníoctha faoi mhír 2 ná mír 3 den Chuid seo, agus

(b) ina mbeidh cleithiúnaí amháin, agus ná beidh ach an cleithiúnaí amháin, ar an oifigeach marbh sin,

féadfar aisce a dheonadh don chleithiúnaí sin.

(2) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas i leith oifigigh mhairbh iníoctha faoi mhír 2 ná mír 3 den Chuid seo, agus

(b) ina mbeidh beirt chleithiúnaí nó níos mó ar an oifigeach marbh sin,

féadfar aisce a íoc i leith an oifigigh mhairbh sin agus beidh an aisce sin iníoctha le pé duine nó daoine de na cleithiúnaithe sin, gan na daoine nó an duine eile a chur san áireamh, a cheapfas an tAire agus, má feidhmítear an chumhacht sin i bhfábhar níos mó ná duine amháin acu, beidh sí iníoctha i pé cionúireachta a cheapfas an tAire.

5.—(1) I gcás aon chleithiúnaí a bheith i geleithiúnas ar fad nó go formhór ar níos mó ná aon duine marbh amháin, ní bhfaghaidh an cleithiúnaí sin, i leith na ndaoine marbh sin, liúntais is mó san iomlán ná an liúntas uasta d'fhéadfaí a dheonadh don chleithiúnaí sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin.

(2) Aon uair a bheas duine ina chleithiúnaí ar níos mó ná aon duine marbh amháin, ní bhfaghaidh an duine sin, i leith na ndaoine marbh sin, aiscí is mó san iomlán ná an aisce uasta d'fhéadfaí a dheonadh don duine sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin.

(3) Sa mhír seo folaíonn an abairt “duine marbh” oifigeach marbh chomh maith le saighdiúir marbh,

6. Is é bheas i liúntas faoin gCuid seo den Sceideal seo ná suim bhliantúil de £52, agus is é a bheas in aisce faoin gCuid seo den Sceideal seo ná pé cnapshuim (nach mó ná £112 10s. 0d.) a chinnfeas an tAire.

CUID IV.

Saighdiuiri.

1. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo is tuigthe gach duine acu seo leanas, agus ní tuigthe duine ar bith eile, a bheith ina chleithiúnaí ar shaighdiúir marbh—

(a) a mháthair,

(b) a athair, má bhíonn os cionn seasca bliain d'aois nó éagumasach de dheascaibh easláinte,

(c) a dheartháir buan-easlán,

(d) a dheirfiúr bhuan-easlán neamhphósta,

(e) a shean-athair,

(f) a shean-mháthair.

2.—(1) Más dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus ná fuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i lánchleithiúnas ar shaighdiúir marbh, beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin.

(2) Más dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaí nó níos mó ann a bhí i lán-chleithiúnas ar shaighdiúir marbh, beidh liúntas iníoctha le gach duine de na cleithiúnaithe sin.

3.—(1) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas iníoctha faoi mhír 2 den Chuid seo, agus

(b) inar dóigh leis an Aire go bhfuil cleithiúnaí amháin ann, agus ná fuil ann ach an cleithiúnaí amháin, a bhí i gcleithiúnas go formhór ar shaighdiúir marbh,

beidh liúntas iníoctha leis an gcleithiúnaí sin.

(2) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas iníoctha faoi mhír 2 den Chuid seo, agus

(b) inar dóigh leis an Aire go bhfuil beirt chleithiúnaí nó níos mó ann a bhí i gcleithiúnas go formhór ar shaighdiúir marbh,

beidh liúntas amháin, agus ní bheidh ach an liúntas amháin, iníoctha i leith an tsaighdiúra mhairbh agus beidh an liúntas sin iníoctha le pé duine de na cleithiúnaithe sin a measfaidh an tAire, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, gurb é an duine é ar ceart é a íoc leis.

4.—(1) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas i leith saighdiúra mhairbh iníoctha faoi mhír 2 ná mír 3 den Chuid seo, agus

(b) ina mbeidh cleithiúnaí amháin, agus ná beidh ach an cleithiúnaí amháin, ar an saighdiúir marbh sin,

féadfar aisce a dheonadh don chleithiúnaí sin.

(2) I gcás—

(a) ná beidh aon liúntas i leith saighdiúra mhairbh iníoctha faoi mhír 2 ná mír 3 den Chuid seo, agus

(b) ina mbeidh beirt chleithiúnaí nó níos mó ar an saighdiúir marbh sin,

féadfar aisce a íoc i leith an tsaighdiúra mhairbh sin agus beidh an aisce sin iníoctha le pé duine nó daoine de na cleithiúnaithe sin, gan na daoine nó an duine eile a chur san áireamh, a ceapfas an tAire agus, má feidhmítear an chumhacht sin i bhfábhar níos mó ná duine amháin acu, beidh sí iníoctha i pé cionúireachta a cheapfas an tAire.

5.—(1) I gcás aon chleithiúnaí a bheith i gcleithiúnas ar fad nó go formhór ar níos mó ná aon duine marbh amháin, ní bhfaghaidh an cleithiúnaí sin, i leith na ndaoine marbh sin, liúntais is mó san iomlán ná an liúntas uasta d'fhéadfaí a dheonadh don chleithiúnaí sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin.

(2) Aon uair a bheas duine ina chleithiúnaí ar níos mó ná aon duine marbh amháin, ní bhfaghaidh an duine sin, i leith na ndaoine marbh sin, aiscí is mó san iomlán ná an aisce uasta d'fhéadfaí a dheonadh don duine sin faoin Sceideal seo i leith aon duine áirithe de na daoine marbha sin.

(3) Sa mhír seo folaíonn an abairt “duine marbh” oifigeach marbh chomh maith le saighdiúir marbh.

6. Is é a bheas i liúntas faoin gCuid seo den Sceideal seo ná suim bhliantúil de £26, agus is é a bheas in aisce faoin gCuid seo den Sceideal seo ná pé cnapshuim (nach mó ná £112 10s. 0d.) a chinnfeas an tAire.”

(2) Gach iarratas ar aisce faoi fho-alt (2) d'alt 14 nó fo-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927, arna leasú leis an alt seo, déanfar é—

(a) más roimh an dáta feidhme a d'éag an duine ar ina leith a bheas an aisce á héileamh, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta feidhme;

(b) más ar an dáta feidhme nó dá éis a d'éag an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta a bháis.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 5 d'Acht 1943 trí na focail “ná aisce” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “liúntas”.

Alt 11 d'Acht 1937 a leasú.

11. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1937 trí na focail agus na figiúirí “roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947” a chur in ionad na bhfocal “laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith”.

Pinsin do chomhaltaí de na Fórsaí i leith eitinne a forthromaíodh, etc., trí sheirbhís i rith tréimhse na héigeandála.

12. —(1) I gcás—

(a) duine a urscaoileadh as na Fórsaí tar éis an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (pé acu roimh an tAcht seo a rith nó dá éis é), agus

(b) gan an duine sin a bheith i dteideal pinsin faoi na hAchta na faoin Acht seo, agus

(c) an duine sin a bheith, ar dháta a scrúdaithe ag Bord na nArm-Phinsean, faoi éagumas (nach lú ná ochtó faoin gcéad a ghrád) de dheascaibh eitinne a forthromaíodh, a brostaíodh nó a gríosadh—

(i) trí chréacht is inchurtha i leith seirbhíse sna Fórsaí agus a fuarthas i rith tréimhse na héigeandála, nó

(ii) trí ghalar is inchurtha i leith seirbhíse sna Fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, nó

(iii) trí sheirbhís sna Fórsaí i rith tréimhse na héigeandála,

féadfar pinsean a dheonadh don duine sin do réir an ráta a luaitear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo os coinne an ghráid éagumais iomchuibhe sa chéad cholún den Sceideal sin.

(2) Déanfaidh an tAire gach iarratas ar phinsean faoin alt seo a chur faoi bhráid Bhord na nArm-Phinsean.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir le hiarratais ar phinsin faoin alt seo, sé sin le rá:—

(a) cuirfear gach iarratas chun an Aire laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta feidhme, nó laistigh de cheithre bliana ón dáta urscaoilte, pé acu sin is déanaí;

(b) ní foláir gach iarratas a bheith i pé foirm, agus pé sonnraí a bheith ann, a ordós an tAire.

(4) Pinsean a deonfar do dhuine faoin alt seo tosnóidh sé pé lá (nach luaithe ná dáta a urscaoilte nó an dáta feidhme, pé acu sin is déanaí) a chinnfeas an tAire.

(5) Beidh feidhm ag alt 6 agus ag ailt 9 go dtí 14 d'Acht 1923, arna leasú leis an Acht seo, ag ailt 21 agus 23 d'Acht 1927, arna leasú leis an Acht seo, agus ag fo-alt (2) d'alt 27 agus ag alt 31 d'Acht 1937 maidir le pinsin faoin alt seo, le daoine a bheas nó a shuífeas a bheith i dteideal pinsean den tsórt sin, le daoine dá ndeonfar pinsin den tsórt sin, agus le daoine a iarrfas pinsin den tsórt sin, fé is dá mba iad na pinsin sin na pinsin a luaitear sna hailt sin faoi seach.

Alt 3 d'Acht 1943 a leasú.

13. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 d'Acht 1943 trí na focail agus na figiúirí “roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947” a chur in ionad na bhfocal “laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an Achta so do rith”.

Alt 7 d'Acht 1943 a leasú.

14. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (9) d'alt 7 d'Acht 1943 mar leanas:—

(a) tríd an mír seo leanas a chur isteach, i ndiaidh míre (a), sa mhíniú ar an abairt “duine cáilithe”:

“(aa) bonn i leith comhaltais leanúnaigh ar feadh na tréimhse de thrí mhí dar chríoch an 11ú lá d'Iúl, 1921, más deimhin leis an Aire gur dámhadh go cuibhe é de dhruim iarratais arna dhéanamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, nó”,

(b) trí na focail “i rith na tréimhse dar thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, agus dar chríoch an 11ú lá d'Iúl, 1921” a chur in ionad na bhfocal “i rith na seachtaine sin” i mír (b).

(2) Gach liúntas speisialta a bhéarfar de dhruim an leasaithe ar alt 7 d'Acht 1943 a déantar le fo-alt (1) den alt seo tosnóidh sé pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire.

Alt 10 d'Acht 1943 a leasú.

15. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1943 trí na focail “ar phinsean nó” a chur isteach i bhfo-ailt (1) agus (2) roimh na focail “ar liúntas”.

Gearr-theideal agus comhluadh.

16. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1946, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.