Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Leasaithe ar Acht 1944.)

8 1946


Uimhir 8 de 1946.


AN tACHT LIÚNTAS LEANBHAÍ (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA LIÚNTAS LEANBHAÍ, 1944. [2ú Aibreán, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

Acht 1944.

liúntas leanbhaí.

tréimhse íoca.

leanbh cáilithe.

duine cáilithe.

dáta cáilitheach.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “ Acht 1944 ” an t Acht Liúntas Leanbhaí, 1944 (Uimh. 2 de 1944) ;

ciallaíonn an abairt “ liúntas leanbhaí ” liúntas faoi alt 6 den Acht seo;

ciallaíonn an abairt “ tréimhse íoca ” tréimhse a ceapfar faoi alt 7 den Acht seo ina tréimhse íoca;

ciallaíonn an abairt “ leanbh cáilithe ” leanbh a dearbhaítear le halt 4 den Acht seo a bheith ina leanbh cáilithe;

ciallaíonn an abairt “ duine cáilithe ” duine a dearbhaítear le halt 5 den Acht seo a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanbhaí;

ciallaíonn an abairt “ dáta cáilitheach ” lá a ceapfar faoi alt 3 den Acht seo ina dháta cáilitheach.

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus Acht 1944.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá nó na laetha a ceapfar chuige sin le hordú nó ordaithe ón Aire go generálta nó maidir le haon chrích nó foráil áirithe agus féadfar laetha difriúla a cheapadh amhlaidh do chríocha difriúla agus d'fhorála difriúla den Acht seo.

Dátaí cáilitheacha.

3. —Déanfaidh an tAire ó am go ham pé dátaí agus pé méid dátaí is oiriúnach leis a cheapadh ina ndátaí cáilitheacha chun críocha an Achta seo agus féadfaidh dátaí cáilitheacha difriúla a cheapadh d'aicmí difriúla daoine.

Leanbh cáilithe.

4. —Beidh leanbh ina leanbh cáilithe ar dháta cáilitheach má bhíonn sé, ar an dáta cáilitheach sin—

(a) ina bheathaidh agus faoi bhun sé bliana déag d'aois, agus

(b) ina ghnáth-chomhnaí sa Stát, agus

(c) gan bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair.

Duine cáilithe.

5. —(1) Duine a mbeidh, ar dháta is dáta cáilitheach dó, triúr leanbhaí nó níos mó is leanbhaí cáilithe ar an dáta sin ina gcomhnaí go rialta leis, beidh sé cáilithe le haghaidh liúntais leanbhaí i leith na leanbhaí sin.

(2) Chun críche fo-ailt (1) den Alt seo—

(a) féadfaidh an tAire rialacha a ordú chun a chinneadh cé hé an duine ar leis is tuigthe leanbh cáilithe a bheith ina chomhnaí go rialta,

(b) ní tuigthe leanbh cáilithe a bheith ina chomhnaí go rialta le níos mó ná aon duine amháin, agus

(c) má bhíonn leanbh cáilithe ina chomhnaí i bhforas, is tuigthe é a bheith ina chomhnaí go rialta leis an duine sin amháin (más ann) a dhéanas ranníoc i leith costais a chothabhála sa bhforas agus a dtuigfí, faoin alt seo, é a bheith ina chomhnaí go rialta leis dá mba ná raibh sé ina chomhnaí sa bhforas.

(3) Déanfar rialacha a hordófar faoi fho-alt (2) den alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a n-ordaithe, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacha a leagadh faoi n-a bhráid rún a rith ag cur na rialacha ar neamhbhrí, beidh na rialacha arna gcur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacha.

Liúntais leanbhaí.

6. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a bheas, ar dháta cáilitheach, cáilithe le haghaidh liúntais leanbhaí i leith leanbhaí cáilithe, san a iarraidh laistigh den am ordaithe agus sa tslí ordaithe agus ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha ordaithe maidir le céannacht, beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

(a) íocfar leis an duine sin, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, liúntas seachtainiúil in aghaidh na tréimhse íoca a bheas ceaptha dhó faoi alt 7 den Acht seo do réir dhá scilling agus sé pingne i leith gach linbh cháilithe den tsórt sin de bhreis ar bheirt ;

(b) más rud é go ndéanfaí, mura mbeadh an mhír seo, leanbh áirithe a áireamh le linn an liúntas a ríomh a bheadh le híoc le beirt nó níos mó i leith na seachtaine céanna, áireofar an leanbh sin le linn pé liúntas amháin acu sin a ríomh is oiriúnach leis an Aire agus, chun éifeacht a thabhairt don mhír seo, déanfar aon liúntas eile dob iníoctha, mura mbeadh san, a laghdú nó a fhoirceannadh dá réir sin ;

(c) ní dhéanfaidh sé difir do cheart an duine sin chun an liúntais leanbhaí sin aon leanbh cáilithe den tsórt sin d'fháil bháis ná, faoi réir míre (d) den fho-alt seo, aon leanbh cáilithe den tsórt sin a scor, ar shlí eile, de bheith do réir na gcoinníoll a luaitear in alt 4 den Acht seo ;

(d) má scoireann aon leanbh cáilithe den tsórt sin de bheith do réir na gcoinníoll a luaitear i mír (c) d'alt 4 den Acht seo, ansin, do réir mar is rogha leis an Aire, féadfar, maidir leis an tréimhse íoca sin nó leis an gcuid neamhchaite dhi (pé acu é), scor den leanbh sin a áireamh mar leanbh cáilithe agus beidh deireadh leis an iarratas d'iarraidh an liúntais sin, nó, má bhíonn an liúntas arna dhámhachtain roimhe sin, athscrúdófar an dámhachtain, dá réir sin.

(2) I gcás duine cáilithe d'fháil bháis gan liúntas leanbhaí a bheith iarrtha aige féadfar an t-iarratas a ghlacadh ó pé duine ina ionad is oiriúnach leis an Aire.

(3) I gcás duine cáilithe, a mbeidh liúntas leanbhaí iarrtha aige, d'fháil bháis sar a mbeidh breith tugtha ar a éileamh, féadfar an liúntas leanbhaí a dhámhachtain do pé duine ina ionad is oiriúnach leis an Aire.

(4) I gcás duine dar dámhadh liúntas leanbhaí d'fháil bháis, féadfar an liúntas leanbhaí a íoc le pé duine, nó idir pé daoine agus i pé cionúireachta, agus, in aon chás, faoi réir pé coinníoll, is oiriúnach leis an Aire.

(5) I gcás duine dar dámhadh liúntas leanbhaí a bheith i bpríosún nó á choinneáil i dteaghlach meabhair-ghalar nó inar deimhin leis an Aire faillí a bheith tugtha aige in aon duine de na leanbhaí ar ina leith a dámhadh an liúntas leanbhaí, ansin, do réir mar is rogha leis an Aire, féadfar scor den liúntas leanbhaí a íoc nó féadfar é a íoc le pé duine, nó idir pé daoine agus i pé cionúireachta, agus, in aon chás, faoi réir pé coinníoll, is oiriúnach leis an Aire.

(6) I gcás duine cáilithe a bheith de thuras na huaire as an Stát, féadfar iarratas thar a cheann i leith liúntais leanbhaí a ghlacadh ó pé duine is oiriúnach leis an Aire.

(7) Ní híocfar liúntas leanbhaí ach amháin sa Stát.

(8) Ciallóidh an abairt “ liúntas leanbhaí ” in Acht 1944 liúntas faoin alt seo.

Tréimhse íoca.

7. —(1) Má fionntar duine a bheith ina dhuine cáilithe ar dháta cáilitheach beidh éifeacht ag na forála seo leanas :—

(a) ceapfar dó tréimhse íoca—

(i) a thosnós, má bhí sé ar an dáta cáilitheach i dteideal liúntais cheana féin (pé acu faoin Acht seo é nó faoi Acht 1944), ar bheith caite don tréimhse a raibh sé ar an dáta sin i dteideal amhlaidh ina leith,

(ii) a thosnós, mura raibh sé i dteideal amhlaidh, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta cháilithigh,

(iii) a mbeidh, mura gcinntear a mhalairt, sé seachtaine fichead d'fhaid inti, ach ná beidh in aon chás níos lú ná cúig seachtaine déag ná níos mó ná trí seachtaine ceathrachad d'fhaid inti ;

(b) tráth ar bith roimh thosach tréimhse íoca a ceapfar amhlaidh do dhuine ar bith féadfar, faoi réir míre (a) den fho-alt seo, tréimhse íoca nach ionann fad di a cheapadh dhó in ionad na tréimhse íoca sin.

(2) Is ar oifigigh bhreithiúnachta a bheas de dhualgas tréimhsí íoca a cheapadh.

Fianaise in imeachta faoi alt 11 nó alt 12 d'Acht 1944.

8. —In aon imeachta faoi alt 11 nó alt 12 (arna leasú leis an Acht seo) d'Acht 1944, beidh deimhniú, a airbheartós bheith sínithe ag oifigeach breithiúnachta, ar dhámhachtain nó ar bhreith ag an oifigeach breithiúnachta sin, ina fhianaise prima facie go ndearnadh an dámhachtain sin nó gur tugadh an bhreith sin, agus i dtaobh téarmaí an chéanna, gan cruthú ar shíniú an oifigigh bhreithiúnachta ná ar a fheadhmannas oifigiúil.

Teora ama do chúisimh faoi alt 12 d'Acht 1944.

9. —Féadfar cúiseamh i gcion faoi alt 12 d'Acht 1944, arna leasú leis an Acht seo, a bhunú tráth ar bith laistigh de pé tréimhse acu seo a leanas is déanaí a chríochnós, sé sin le rá :—

(a) trí mhí ón dáta a gheobhaidh an tAire fíos ar fhianaise is dóigh leis is leor chun cúiseamh a shuíomh, nó

(b) dhá mhí dhéag tar éis an cion a dhéanamh,

agus beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire i dtaobh an dáta a fuair sé fios ar an bhfianaise sin ina fhianaise dho-chlaoite air sin.

An tAire do chur liúntais leanbhaí i dtaisce i mBanc Taisce Oifige an Phoist.

10. —Faoi réir na n-achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le Banc Taisce Oifige an Phoist, féadfaidh an tAire, le húdarás ó dhuine a bheas i dteideal liúntais leanbhaí, an liúntas sin a chur i dtaisce (agus féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa é a ghlacadh) chun cuntais an duine sin sa Bhanc sin, agus ní bhainfidh alt 2 den Post Office Savings Bank Act, 1861, le hairgead a cuirfear i dtaisce amhlaidh.

Saoirse ó dhiúité stampa.

11. —D'ainneoin éinní dá bhfuil in alt 1 den Stamp Act, 1891, nó sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon admháil a bhéarfar gur híocadh liúntas leanbhaí.

Leasaithe ar Acht 1944.

12. —Déantar leis seo gach alt agus fo-alt d'Acht 1944 a luaitear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú sa tslí atá leagtha amach, os coinne luadh an ailt agus an fho-ailt sin, sa dara colún den Sceideal sin.

Ailt 2 agus 3 d'Acht 1944 a athghairm.

13. —Athghairmtear leis seo alt 2 agus alt 3 d'Acht 1944.

Gearr-theideal agus comhluadh.

14. —(1) Féadfar an tAcht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Liúntas Leanbhaí, 1944 agus 1946, a ghairm d'Acht 1944 agus den Acht seo le chéile.