|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Orduithe Cuan-Oibreacha.) | Ar Aghaidh (CUID X. Ilghneitheach.) |
AN tACHT CUANTA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX. Conartha agus Tairiscinti. | |
[EN] |
Conartha. |
142. —(1) Féadfaidh údarás cuain aon chonradh is cuí leo a dhéanamh maidir le haon ní acu seo a leanas: |
[EN] | (a) riaradh a gcuain, | |
[EN] | (b) comhlíonadh aon orduithe chuan-oibreacha, | |
[EN] | (c) dreidireacht aon chuain agus na mbealach chuige, | |
[EN] | (d) comhlíonadh aon fheidhme dá dtugtar don údarás cuain leis an Acht seo nó faoi. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le conradh arna dhéanamh ag údarás cuain maidir le déanamh aon oibre foirgníochta nó tógála, pé acu de bhun orduithe chuan-oibreacha nó eile é, nó i leith dreidireachta: | |
[EN] | (a) más mó ná caoga punt comaoin an chonartha, beidh an conradh i scríbhinn agus séalófar é le comhshéala an údaráis chuain; | |
[EN] | (b) sonróidh an conradh— | |
[EN] | (i) comaoin an chonartha, | |
[EN] | (ii) an tráth nó na trátha ina mbeidh an conradh le comhlíonadh, agus | |
[EN] | (iii) pionós airgid a bheas le n-íoc i gcás téarmaí an chonartha a bheith gan comhlíonadh go cuí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh údarás cuain comhréiteach d'aon tsuim is cuí leo, le haon duine is páirtí i gconradh arna dhéanamh acu, maidir le haon phionós a dlífear den údarás cuain sin nó den duine sin mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chonartha nó aon téarma den chonradh, pé acu faoin gconradh nó faoi aon bhanna nó urrús eile a bheas an pionós dlite. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le tairiscintí. |
143. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le húdarás cuain i leith tairiscintí. |
[EN] | (2) Féadfaidh, go sonrach, gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:— | |
[EN] | (a) forála a shonrós na haicmí conartha a ndéanfar tairiscintí a fháil ina leith, | |
[EN] | (b) forála a shonrós an tslí ina ndéanfar tairiscintí a lorg, | |
[EN] | (c) forála a shonrós na coinníollacha ar faoina réir a féadfar glacadh le tairiscintí, | |
[EN] | (d) forála a shonrós nach gá, maidir le conartha nach mó ná méid shonraithe a gcomaoin, tairiscintí a lorg, | |
[EN] | (e) forála a cheanglós meastacháin a fháil ar chostas déanta aon oibreacha. |