An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Comhaltai agus Nos Imeachta Udarais Chuain.) Ar Aghaidh (CUID IV. Oifigigh agus Seirbhisigh Udarais Chuain.)

9 1946

AN tACHT CUANTA, 1946

CUID III.

Comhaltai Udarais Chuain a Chur as Oifig.

Tosach feidhme Coda III.

29. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás cuain an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar maidir leo faoi alt 6 den Acht seo.

Comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig.

30. —(1) Má tharlann agus aon uair a tharlós—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán áitiúil a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a ndualgas ag údarás cuain, ná fuil na dualgais sin á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtúil, nó

(b) go ndiúltóidh nó go mainneoidh údarás cuain déanamh do réir breithiúnais, orduithe nó aithne aon chúirte, nó

(c) go ndiúltóidh údarás cuain, tar éis fógra cuí, cead a thabhairt a gcuntais a iniúchadh ag an iniúchóir a bheas ceaptha ag an Aire, nó

(d) gur lú an líon de chomhaltaí údaráis chuain a bheas inniúil ar ghníomhú ná an córam do chruinnithe an údaráis chuain sin, nó

(e) go ndiúltóidh údarás cuain nó go mainneoid go toiliúil déanamh do réir ceanglais sainráite arna chur orthu le haon achtachán, reachtúil nó eile, nó faoi,

féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an údaráis chuain sin a chur as oifig.

(2) Ar chomhaltaí údaráis chuain a chur as oifig—

(a) beidh deireadh le comhaltas comhaltaí uile coiste ar bith is coiste arna cheapadh ag an údarás cuain faoi alt 23 den Acht seo, agus

(b) beidh deireadh le comhaltas comhaltaí uile coiste ar bith, is coiste arna cheapadh ag an údarás cuain ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta.

(3) Sa Chuid seo den Acht seo, léireofar gach tagairt do chomhaltaí a chur as oifig mar thagairt do chomhaltaí a chur as oifig faoin Acht seo.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaltas údaráis chuain a athchóiriú tar éis na comhaltaí a chur as oifig.

31. —(1) Ceapfaidh an tAire bliain (dá ngairmtear bliain an athchóirithe sa Chuid seo den Acht seo) chun an comhaltas d'údarás cuain ar cuireadh a gcomhaltaí as oifig a athchóiriú agus, mura bliain toghcháin an bhliain sin, is tuigthe, chun críocha an athchóirithe sin, gur bliain toghcháin í.

(2) Is í bliain an athchóirithe—

(a) i gcás comhaltaí an údaráis chuain iomchuí a chur as oifig i mbliain díreach roimh bhliain toghcháin—an bhliain toghcháin sin nó aon bhliain de na trí bliana díreach ina dhiaidh sin, agus

(b) in aon chás eile—aon bhliain de na trí bliana díreach i ndiaidh na bliana a rinneadh comhaltaí an údaráis chuain iomchuí a chur as oifig.

(3) Ar feadh na tréimhse idir comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig agus an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, ní déanfar aon cheapadh, toghadh ná ainmniú ar chomhaltaí an údaráis chuain ach amháin ceapadh, toghadh agus ainmniú na gcomhaltaí sin i mbliain an athchóirithe.

(4) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, má cuirtear comhaltaí údaráis chuain as oifig ní athróidh sin na blianta toghcháin maidir leis an údarás cuain.

Coimisinéirí a cheapadh.

32. —(1) Chun a chumasú d'údarás cuain a mbeidh a gcomhaltaí curtha as oifig feidhmiú ar feadh na tréimhse idir am an churtha as oifig agus an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, déanfaidh an tAire, ó am go ham, duine nó daoine a cheapadh ina choimisinéir nó ina gcoimisinéirí don údarás cuain.

(2) Féadfaidh an tAire—

(a) aon choimisinéir d'údarás cuain a bheas ceaptha faoin alt seo a chur as oifig agus duine eile a cheapadh ina choimisinéir don údarás cuain ina ionad,

(b) má bhíonn coimisinéir nó coimisinéirí ceaptha faoin alt seo d'údarás cuain, duine nó daoine a cheapadh ina choimisinéir breise nó ina gcoimisinéirí breise don údarás cuain,

(c) má bhíonn dhá choimisinéir nó níos mó ceaptha faoin alt seo d'údarás cuain, líon na gcoimisinéirí a laghdú agus, chuige sin, duine nó níos mó de na coimisinéirí a chur as oifig.

(3) Sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn an focal “coimisinéir” coimisinéir arna cheapadh faoin alt seo.

Coimisinéirí d'fheidhmiú cumhacht, etc.

33. —(1) Ar feadh na tréimhse idir comhaltaí údaráis chuain a chur as oifig agus an Dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair i mbliain an athchóirithe, feidhmeoidh nó comhlíonfaidh an coimisinéir nó na coimisinéirí don údarás cuain gach cumhacht, feidhm nó dualgas (lena n-áirítear gach cumhacht, feidhm nó dualgas de chuid an údaráis chuain ag gníomhú dhóibh mar údarás píolóiteachta) is infheidhmithe nó a bheas le comhlíonadh ag comhaltaí an údaráis chuain ag gníomhú dhóibh le chéile i gcruinniú den údarás cuain.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, folaíonn an focal “cumhacht” an chumhacht chun coiste a cheapadh faoi alt 23 den Acht seo.

(3) Faid a bheas cumhacht údaráis chuain chun coiste a cheapadh infheidhmithe faoin alt seo ag coimisinéir nó coimisinéirí, ní bheidh sé riachtanach gur comhaltaí den údarás cuain agus iad sin amháin a ceapfaí ina gcomhaltaí den choiste.

Sealbhaíocht oifige agus luach saothair coimisinéara.

34. —(1) Féadfaidh an tAire sealbhaíocht oifige aon choimisinéara a chinneadh.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú luach saothair a íoc le haon choimisinéir agus féadfaidh méid an luach saothair sin a chinneadh, agus déanfar an luach saothair sin arna chinneadh amhlaidh a íoc as ioncam an údaráis chuain iomchuí mar chuid dá gcostas oibre agus bunaíochta.

Orduithe á chumasú lánfheidhm agus lánéifeacht a bheith ag an gCuid seo den Acht seo.

35. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní a dhéanamh agus gach rialachán a cheapadh is dóigh leis is gá nó is fóirstineach chun a chumasú d'údarás cuain a mbeidh a gcomhaltaí curtha as oifig feidhmiú go cuí agus go héifeachtúil agus, go ginearálta, chun a thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gCuid seo den Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo ach gan dochar dá nginearáltacht—

(a) socrú a dhéanamh chun ionadaí d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh cumhacht agus dualgas coimisinéara a bheas breoite nó as láthair ar saoire, agus

(b) má bhíonn dhá choimisinéir nó níos mó ann d'údarás cuain, socrú a dhéanamh go ginearálta nó maidir le cúrsaí áirithe chun na coimisinéirí sin do ghníomhú ar leithligh nó le chéile nó trí thromlach.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo (lena n-áirítear aon ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Achtacháin a oiriúnú.

36. —Féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe a dhéanamh ar aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo ach amháin an Chuid seo den Acht seo) a chífear dó is gá nó is fóirstineach chun a thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gCuid seo den Acht seo nó chun a thabhairt go mbeidh éifeacht ag an achtachán sin i gcomhréir leis an gCuid seo den Acht seo.

Marthanacht údaráis chuain.

37. —Ní dhéanfaidh sé difir do mharthanacht údaráis chuain, faoina dteideal dílis do réir dlí, mar chomhlucht corpraithe comhaltaí an údaráis chuain sin a chur as oifig nó oifig an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh a bheith folamh mar gheall ar an gcur as oifig sin.