An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. An Turf Development Board, Limited, a Scor.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Forala Diomuana maidir leis an gCuideachtain Scortha.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

CUID VI.

Forala Ilghneitheacha.

Srian le talamh i seilbh an Bhuird a thógaint go héigeanta.

69. —D'ainneoin éinní dá bhfuil in aon achtachán, ní dhéanfaidh duine ar bith, gan an tAire a thoiliú roimh ré chuige, aon talamh ná áitreabh i seilbh an Bhuird a thógaint go héigeanta ná aon éasúint, cead slí ná ceart eile ar bith ar aon talamh den tsórt sin nó maidir leis a thógaint, a fhorceannadh, a shrianadh ná cur isteach air ar shlí eile go héigeanta.

Tagairtí don chuideachtain scortha san Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936 , a oiriúnú.

70. —Gach tagairt atá san Acht Móna (Úsáid agus Forbairt), 1936 (Uimh. 23 de 1936) , don chuideachtain scortha, déanfar, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, í a léiriú mar thagairt don Bhord.

Oibriú fo-ailt (1) d'alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , a fhionraí maidir le móin a iompar ar bhóithre.

71. —(1) Tráth ar bith le linn na forála infhionraí a bheith, de bhuaidh orduithe arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo nó ar shlí eile, i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fionraí san alt seo), a dhearbhú go scoirfidh na forála infhionraí de bheith i bhfeidhm, maidir le móin a iompar ar bhóithre, amhail ar pé dáta agus ó pé dáta is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

(2) Tráth ar bith le linn na forála infhionraí a bheith, de bhuaidh orduithe fhionraí, gan feidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú athbheochana san alt seo), a dhearbhú go dtiocfaidh na forála infhionraí i bhfeidhm arís, maidir le móin a iompar ar bhóithre, amhail ar pé dáta agus ó pé dáta (nach luaithe ná mí tar éis an dáta ar a ndéanfar an t-ordú athbheochana) is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

(3) Aon uair agus a mhinice a dhéanfas an tAire ordú fionraí, beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

(a) faoi réir oibriú orduithe athbheochana, scoirfidh na forála infhionraí de bheith i bhfeidhm, maidir le móin a iompar ar bhóithre, amhail ar an dáta agus ón dáta a sonrófar chuige sin san ordú fionraí;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), maidir leis an scor sin amhail is dá mba é a bhí sa scor sin athghairm le hAcht ón Oireachtas arna rith lá an scortha sin a theacht in éifeacht agus go mbeadh na forála infhionraí arna n-athghairm leis an Acht sin ón Oireachtas amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

(4) Aon uair agus a mhinice a dhéanfas an tAire ordú athbheochana tiocfaidh na forála infhionraí, amhail ar an dáta agus ón dáta a sonrófar chuige sin san ordú athbheochana sin, i bhfeidhm arís maidir le móin a iompar ar bhóithre, agus, faoi réir oibriú orduithe fhionraí iardain, leanfaid i bhfeidhm.

(5) San alt seo ciallaíonn an abairt “na forála infhionraí” fo-alt (1) d'alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ).