An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946) Ar Aghaidh (CUID II. Bord na Móna.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1946 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord na Móna a bunaítear leis an Acht seo;

an chuideachta scortha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta scortha” an chuideachta, dá ngairmtear an Turf Development Board, Limited, a scoirtear leis an Acht seo;

dáta an bhunuithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an bhunuithe” an dáta a ceapfar ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo;

feadhma an bhuird.

ciallaíonn an focal “feadhma”, maidir leis an mBord, na dualgais agus na cumhachta a cuirtear nó a bronntar ar an mBord leis an Acht seo;

údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon údarás—

(a) is comhairle chontae, nó

(b) is bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) is comhairle bhailecheantair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

táirgthe móna.

folaíonn an abairt “táirgthe móna” seach-tháirgthe móna agus táirgthe agus seach-tháirgthe portach.

Dáta an bhunuithe.

3. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe.

Ailt 21 agus 22 den Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936 , a athghairm.

5. —Athghairmtear leis seo ailt 21 agus 22 den Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936 (Uimh. 23 de 1936) , amhail ar dháta an bhunuithe agus uaidh sin amach.

Costais an Aire.

6. —Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.