An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Dualgais agus Cumhachta an Bhuird.)

10 1946

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946

CUID II.

Bord na Móna.

An Bord a bhunú.

7. —(1) Déanfar, de bhuaidh an ailt seo, bord a bhunú ar dháta an bhunuithe ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord na Móna.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corprach agus síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus beidh an dlí intsaothruithe aige agus air faoina ainm chorprach agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú.

Comhdhéanamh an Bhuird.

8. —(1) Beidh an Bord comhdhéanta de chathaoirleach agus stiúrthóir bainisteoireachta agus pé uimhir (nach mó ná cúigear) de chomhaltaí eile a chinnfeas an Rialtas ó am go ham.

(2) Is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord an comhalta sin den Bhord a ndéanfaidh an Rialtas, tráth a cheaptha ina chomhalta den Bhord nó dá éis sin, é a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord.

(3) Is é bheas ina stiúrthóir bainisteoireachta don Bhord an comhalta sin den Bhord a ndéanfaidh an Rialtas, tráth a cheaptha ina chomhalta den Bhord nó dá éis sin, é a cheapadh ina stiúrthóir bainisteoireachta don Bhord.

Forála maidir le ceapadh, téarmaí oifige, seirbhís agus luach saothair comhaltaí an Bhuird.

9. —(1) Ceapfaidh an Rialtas comhaltaí an Bhuird ó am go ham do réir mar is gá.

(2) (a) Gach duine a ceapfar ina chomhalta den Bhord beidh sé, mura dtárlaí roimhe sin é a éag, é a chur as oifig, é a éirí as oifig nó é a theacht chun bheith dícháilithe, i seilbh oifige go ceann pé tréimhse (nach sia ná cúig bliana) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha,

(b) Comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige trí imeacht aimsire, beidh sé inathcheaptha.

(3) Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar pé téarmaí (ach amháin maidir le híoc luach saothair agus liúntas in aghaidh costas) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha.

(4) Íocfar le gach comhalta den Bhord, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus pé liúntais in aghaidh costas a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Comhaltaí den Bhord a chur as oifig.

10. —(1) Má chítear don Rialtas tráth ar bith gur gá gach duine nó aon duine de chomhaltaí an Bhuird a chur as oifig d'fhonn go gcomhlíonfaí feadhma an Bhuird go héifeachtach agus go tíobhasach, féadfaidh an Rialtas gach duine de chomhaltaí an Bhuird, nó pé méid díobh a mheasfas an Rialtas is gá, a chur as oifig chun na gcríoch sin.

(2) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith aon chomhalta den Bhord a chur as oifig a éireos éagumasach de dheascaibh easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil nó a bheas (ar chúis seachas cúis a mheasfas an Rialtas is leor) as láthair ó gach cruinniú den Bhord i gcaitheamh tréimhse de shé mhí as a chéile.

(3) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfas an Rialtas comhalta ar bith den Bhord a chur as oifig faoin alt seo, leagfaidh an Rialtas faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á rá gur cuireadh an comhalta sin as oifig agus ag luadh na gcúis a bhí lena chur as oifig.

Comhaltaí den Bord a éirí as oifig agus a dhícháiliú.

11. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord tráth ar bith éirí as a oifig mar chomhalta den tsórt sin trí litir arna díriú agus arna cur chun an Rialtais.

(2) Má thárlann agus aon uair a thárlós go mbreithiúnófar comhalta den Bhord ina fhéimhí, nó go ndéanfaidh sé comhréiteach nó socrú lena chreidiúnaithe, nó go ndaorfaidh cúirt dlínse inniúla é chun príosúntachta nó pian-tseirbhíse, nó go scoirfidh sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí sna críocha náisiúnta, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige mar chomhalta den Bhord.

Comhaltaí den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a beartófar a dhéanamh.

12. —Aon chomhalta den Bhord ag a mbeidh—

(a) leas ar bith in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó

(b) leas ar bith in aon chonradh a bheartós an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh don Bhord an leas sin a bheith aige agus nochtfaidh cineál an leasa, agus ní ghlacfaidh aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh a bheas á dhéanamh ag an mBord maidir leis an gconradh sin, agus cuirfear ar breacadh i miontuairiscí an Bhuird go ndearnadh an nochtadh sin.

Séala an Bhuird.

13. —(1) Soláthróidh agus sealbhóidh an Bord comhshéala agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimhniú le síniú Chathaoirleach an Bhuird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a mbeidh údarás cuibhe aige ón mBord gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala an Bhuird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméid a airbheartós bheith ina hordú nó ina hionstraim eile arna déanamh ag an mBord agus bheith séalaithe le séala an Bhuird arna dhílsedheimhniú do réir an ailt seo agus is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, gur ordú nó ionstraim den tsórt sin í.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhuird.

14. —(1) Beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a fheadhma a chomhlíonadh go cuibhe.

(2) Déanfar nós imeachta an Bhuird ag a chruinnithe agus ar shlite eile a sheoladh do réir forál rialacha a dhéanfas an Bord chuige sin faoin Acht seo.

(3) Is é is córam do chruinniú den Bhord ná pé uimhir (nach lú ná triúr) a chinnfeas an Bórd ó am go ham.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas a bheith ina chomhaltas.

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord.

15. —(1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh is cuibhe leis an mBord ó am go ham.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den tsórt sin.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus a sheirbhísigh, as cistí a bheas faoina réir, pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

(4) Más oiriúnach leis an mBord é, féadfaidh an Bord, chun críocha ceapacháin faoi fho-alt (1) den alt seo, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh dhó i gcóir an cheapacháin sin, agus déanfaidh na Coimisinéirí sin, ar an iarratas sin a fháil, duine amháin a roghnú agus a mholadh don Bhord i gcóir an cheapacháin sin, agus déanfaidh an Bord ar an moladh sin a fháil ó na Coimisinéirí sin an duine a bheas molta amhlaidh a cheapadh don phost sin.

(5) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as cistí a beas faoina réir, pé costais, i leith roghnú agus moladh daoine ag na Coimisinéirí sin faoi fho-alt (4) den alt seo, a cinnfear trí chomhaontú idir an Bord agus na Coimisinéirí sin le toiliú an Aire Airgeadais nó, cheal comhaontuithe, a chinnfeas an tAire sin.

Feadhma an Bhuird a fheidhmiú tríd an stiúrthóir bainisteoircachta nó trí oifigigh nó seirbhísigh an Bhuird.

16. —Féadfaidh an Bord aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú agus a chomhlíonadh tríd an stiúrthóir bainisteoireachta nó trí aon oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.