|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Forála Airgeadais.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Forala Ilghneitheacha.) |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. An Turf Development Board, Limited, a Scor. | |
[EN] |
An chuideachta scortha a scor. |
60. —(1) Beidh an Chuideachta scortha arna scor, de bhuaidh an ailt seo agus faoi réir na bhforál atá sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ar dháta an bhunuithe. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forála atá sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis an gCuideachtain scortha. | |
[EN] |
Iocaíochta le sealbhóirí scaireanna sa chuideachtain scortha. |
61. —Ar dháta an bhunuithe nó a luaithe is féidir dá éis, íocfaidh an Bord le gach duine a bhí, an lá díreach roimh dháta an bhunuithe, ina shealbhóir cláraithe ar aon scair nó scaireanna sa chuideachtain scortha, suim puint in aghaidh gach scaire a bhí aige sa chuideachtain scortha, agus glacfaidh an duine sin leis an íocaíocht sin mar mhalairt agus mar shásamh ar gach ceart agus éileamh i leith gach scaire den tsórt sin a ndéanfar an íocaíocht sin ina leith. |
[EN] |
Maoin na cuideachtan scortha a aistriú chun an Bhuird. |
62. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (agus rudaí-ar-fionraí a áireamh), a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di agus gach ceart, cumhacht agus príbhléid a bhain nó a ghabh le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an bhunuithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó i seilbh ar iontaoibh dó (do réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, na hiontaoibhe nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an bhunuithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di. |
[EN] | (2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachtan, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an mBord dá iarraidh sin ar dháta an bhunuithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhuird. | |
[EN] | (3) Gach rud-ar-fionraí a haistrítear leis an alt seo chun an Bhuird, féadfaidh an Bord, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, an dlí a shaothrú mar gheall air nó é a aisghabháil nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo a thabhairt don té ar a mbeidh an rud-arfionraí sin ina cheangal. | |
[EN] |
Dliteanais na cuideachtan scortha a aistriú |
63. —Na fiacha agus na dliteanais eile go léir (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhruim torta nó sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, amuigh ar an gcuideachtain scortha agus gan íoc aici nó dlite uirthi agus gan comhlíonadh aici, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an bhunuithe, ina bhfiacha nó ina ndliteanais ar an mBord, agus dá réir sin íocfaidh nó comhlíonfaidh an Bord iad agus féadfar iad a aisghabháil uaidh nó a fhorfheidhmiú ina choinne. |
[EN] |
An Bord a fhuascailt ó fhiacha áirithe Stáit. |
64. —(1) Más léir ó fhuíoll-chlár na cuideachtan scortha, amhail mar bheas sé teastasaithe ag iniúchóirí na cuideachtan scortha, breis a bheith, díreach roimh dháta an bhunuithe, ag féichiúnais (agus an fiach Stáit a áireamh) na cuideachtan scortha ar a sócmhainní (breis a ngairmtear an t-easnamh dá méid sa bhfo-alt seo), ansin, déanfaidh an tAire Airgeadais an Bord a fhuascailt, le héifeacht amhail ar dháta an bhunuithe agus ón dáta sin amach, ón méid sin den fhiach Stáit is comhionann leis an easnamh nó le caoga míle punt, pé acu sin is lú. |
[EN] | (2) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an fiach Stáit” an tsuim a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, dlite den chuideachtain scortha ag an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Conartha leanúnacha de chuid na cuideachtan scortha a bhuan-choimeád. |
65. —Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a thug an chuideachta scortha do dhuine ar bith, nó a thug duine ar bith don chuideachtain scortha sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an chuideachta scortha agus duine eile agus ná raibh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán roimh dháta an bhunuithe leanfaid d'ainneoin an chuideachta scortha a bheith scortha, de bheith i bhfeidhm ar dháta an bhunuithe agus dá éis, ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu amhail is dá gcuirtí ainm an Bhuird iontu in ionad ainme na cuideachtan scortha, agus beidh an t-urrús, an conradh, nó an comhaontú sin infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin. |
[EN] |
Leanúint d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh. |
66. —Gach aicsean, agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an bhunuithe in aon chúirt nó bínse agus a mbeidh an chuideachta scortha ina páirtí ann, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh, ar dháta an bhunuithe ina pháirtí ann in ionad na cuideachtan scortha agus leanfar den imeacht sin idir an Bord agus na páirtithe eile ann dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhruim an chuideachta scortha a scor. |
[EN] |
Conartha seirbhíse a bhuan-choimeád. |
67. —Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a rinneadh agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe idir an chuideachta scortha agus duine ar bith is oifigeach tuarastail nó fostaí don chuideachtain scortha, leanfaidh sé i bhfeidhm ar dháta an bhunuithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí an Bord ann in ionad na cuideachtan scortha, agus beidh gach conradh den tsórt sin infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin. |
[EN] |
Saoirse ó dhiúitéthe stampa. |
68. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúite stampa a íoc faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo. |
[EN] | (2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon aistriú, leithliú, ná ionstraim eile a comhlánófar chun dílsiú sócmhainní na cuideachtan scortha sa Bhord a fhorlíonadh nó chun éifeacht a thabhairt don dílsiú sin. |