An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Easuinti a Mhuchadh agus Cearta Sli a Bhunu.) Ar Aghaidh (CUID IV. Srianta le Crainn a Ghearradh Anuas agus a Dhiobhaladh.)

13 1946

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946

Caibidil III.

Talamh a Thogaint go hEigeanta.

Sonraí i dtaobh leasanna i dtalamh.

22. —(1) Más dóigh leis an Aire é a bheith inmhianuithe aon talamh a thógaint chun críoch an Achta seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar dhuine ar bith, a bhfeicfear dó aon leas a bheith aige sa talamh sin, á cheangal ar an duine sin na nithe seo a leanas a chur chun an Aire laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná fiche lá ó dháta na seirbheála sin):—

(a) tuairisceán i scríbhinn á rá cé acu atá aon leas aige sa talamh sin nó ná fuil, agus

(b) má tá aon leas den tsórt sin aige, achomaireacht (maraon le cóipeanna de gach scríbhinn athchoimrithe) ar a theideal chun an leasa sin.

(2) Má dhéanann duine, ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo, an fógra a chomhlíonadh, íocfaidh an tAire leis na costais uile faoina ndeachaigh sé go cuibhe agus de riachtanas maidir leis an gcomhlíonadh sin.

(3) Má fhaillíonn nó má mhainníonn duine ar bith, ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo, an fógra sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(4) I gcás—

(a) ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (3) den alt seo toisc é dá fhaillí nó dá mhainniú na nithe a bheas sonraithe i bhfógra a seirbheálfar air faoin alt seo a dhéanamh laistigh den tréimhse a bheas sonraithe sa bhfógra, agus

(b) ina mbeidh na nithe sin, tar éis dáta an chiontuithe sin, fágtha gan déanamh aige,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe chéadluaite sin, a fhágfas sé na nithe sin gan déanamh agus beidh an cion sin ina chion leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua a bhunú ina leith ó am go ham.

Údarás don Aire chun talamh a thógaint go héigeanta.

23. —(1) (a) Más mian leis an Aire aon talamh a thógaint chun críocha an Achta seo ach nach féidir leis an talamh a thógaint go dea-thapaidh trí chomhaontú, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuaithe á údarú dhó an talamh a thógaint go héigeanta do réir na Caibidle seo.

(b) Beidh teastas faoi shéala oifigiúil an Aire á theastasú nárbh fhéidir leis aon talamh shonraithe a thógaint go dea-thapaidh trí chomhaontú ina fhianaise dhochlaoite, chun críocha an fho-ailt seo, ar an ní a teastasófar amhlaidh.

(2) Déanfaidh an tAire, díreach tar éis ordú tógainte a iarraidh maidir le haon talamh, na nithe seo a leanas:—

(a) an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh, agus

(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún agus ar an duine a bhfeicfear don Aire gurb é únaer na talún é, más féidir go réasúnach an duine sin a fhionnadh.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis ordú tógainte a iarraidh maidir le haon talamh, éisteoidh na Coimisinéirí Tuaithe an t-iarratas, tar éis dóibh an fógra ordaithe i dtaobh na héisteachta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh, agus féadfaid, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo,—

(a) an t-ordú a dhéanamh, nó

(b) an t-ordú a dhéanamh agus aon chuid shonraithe den talamh sin a eisiadh uaidh, nó

(c) diúltú don iarratas.

(4) Ní déanfar aon ordú tógainte maidir le haon talamh—

(a) is dóigh leis na Coimisinéirí Tuaithe a bheith ag teastáil chun taithneamhachta nó caothúlachta tí chónaithe, nó

(b) is le húdarás áitiúil, nó

(c) a bheas tógtha ag aon chorpráid nó cuideachta chun críocha gnóthais iarnróid, duga, canála nó uisce nó gnóthais phoiblí eile, nó

(d) is láithreán ar a bhfuil aon tséadchomhartha náisiúnta, do réir bhrí Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ( Uimh. 2 de 1930 ), agus is leis na Coimisinéirí.

(5) Féadfaidh ordú tógainte maidir le haon talamh a fhoráil go mairfidh éasúint láithreach sa talamh nó ar an talamh nó go mbunófar, in ionad éasúna láithrí, aon éasúint nua sa talamh nó ar an talamh.

(6) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh, féadfaidh áititheoir nó únaer na talún, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—

(a) an t-ordú a chúlghairm, nó

(b) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta amhlaidh, nó

(c) an t-ordú a athrú trí chuid den talamh a eisiadh.

(7) I gcás—

(a) ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh faoi éasúint, agus

(b) ná forálann an t-ordú go mairfidh an éasúint sin nó go mbunófar, ina hionad, éasúint nua,

féadfaidh an duine a bheas i dteideal na héasúna sin, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe sa mhéid ná fuil an fhoráil sin ann, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—

(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta amhlaidh, nó

(ii) an t-ordú a athrú tríd an bhforáil sin a chur ann.

(8) I gcás ina ndiúltófar d'iarratas ar ordú tógainte maidir le haon talamh, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—

(a) an diúltú a dhaingniú, nó

(b) an t-ordú a dhéanamh, maidir leis an talamh ar fad nó le haon chuid shonraithe dhe agus, i gcás an talamh sin a bheith faoi éasúint, a fhoráil, más oiriúnach leo, go mairfidh an éasúint sin nó go mbunófar, ina hionad, éasúint nua.

(9) I gcás—

(a) ina mbeifear tar éis ordú tógainte a iarraidh maidir le haon talamh (dá ngairmtear an talamh riachtanach sa bhfo-alt seo), agus

(b) ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis an t-ordú a dhéanamh agus aon chuid áirithe den talamh riachtanach a eisiadh uaidh,

féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an eisiata sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—

(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta amhlaidh, nó

(ii) an t-ordú a dhaingniú agus an t-eisiadh sin a scrios as agus, más oiriúnach leo, a fhoráil ina ionad sin go n-eisiafar uaidh aon chuid áirithe den talamh riachtanach.

(10) I gcás—

(a) ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh, agus

(b) ina bhforálfaidh an t-ordú go mairfidh éasúint láithreach sa talamh nó ar an talamh nó go mbunófar, in ionad éasúna láithrí, éasúint nua sa talamh nó ar an talamh,

féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú tógainte a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne na forála sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—

(i) an t-ordú a dhaingniú, nó

(ii) an t-ordú a athrú tríd an bhforáil sin a scríos as.

(11) Beidh teideal ag an Aire agus ag aon duine ag a mbeidh leas (mar áititheoir nó mar únaer nó mar dhuine atá i dteideal éasúna) in aon talamh is abhar d'iarratas nó d'achomharc faoin alt seo chun éisteacht a fháil ar an iarratas nó an achomharc a éisteacht.

(12) Más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc (pé acu é) nach féidir, tar éis fiosrú dícheallach a dhéanamh, únaer na talún, lena mbaineann iarratas nó achomharc faoin alt seo, a fháil ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin gan an t-únaer sin a bheith arna fháil ná arna fhionnadh.

(13)  (a) Ní thiocfaidh ordú tógainte a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo.

(b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú tógainte agus ná déanfar aon achomharc ina leith faoi fho-ailt (6), (7), (9) nó (10) den alt seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis a dhéanta.

(c) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú tógainte a bheas déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe a dhaingniú nó a athrú faoi fho-ailt (6), (7), (9) nó (10) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh.

(d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú tógainte faoi fho-alt (8) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta.

(14) Fanfaidh gach ordú tógainte i bhfeidhm go ceann na tréimhse de dhá bhliain a thosnós ar dháta a theachta i bhfeidhm agus ní fhanfaidh níos sia ná sin.

(15) Beidh ag gabháil le gach ordú tógainte léarscáil nó plean a thaispeánfas an talamh ar maidir leis a rinneadh an t-ordú tógainte.

(16) I gcás ordú tógainte maidir le haon talamh a theacht i bhfeidhm, déanfaidh Coimisiún na Talún, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin,—

(a) fógra (ina sonrófar an áit inar féidir an t-ordú tógainte a iniúchadh agus na trátha chun a iniúchta) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh á rá go ndearnadh an t-ordú, agus

(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar gach duine a bhfeicfear do Choimisiún na Talún aon leas a bheith aige sa talamh.

Luach leasanna i dtalamh is abhar d'ordú tógainte a mheisiúnú.

24. —(1) I gcás ordú tógainte maidir le haon talamh a bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuaithe luach aon leasa áirithe sa talamh a mheisiúnú.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis a iarraidh go cuibhe faoin alt seo ar na Coimisinéirí Tuaithe luach aon leasa áirithe in aon talamh a mheisiúnú, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, tar éis dóibh caoi a éisteachta a thabhairt d'aon duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an leasa sin, luach an leasa sin a mheisiúnú, le hordú.

(3) Féadfaidh an tAire, nó aon duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun leasa i dtalamh is abhar d'ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, achomharc a dhéanamh, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an orduithe, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe.

Suimeanna bliantúla áirithe a chionroinnt go sealadach agus luach coda dhíobh a mheisiúnú.

25. —(1) I gcás aon talamh (dá ngairmtear an talamh intógtha sa bhfo-alt seo), a mbeidh ordú tógainte i bhfeidhm ina leith, a bheith, i dteannta talún eile, faoi shuim bhliantúil, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, ar an Aire dá iarraidh sin agus tar éis dóibh caoi a n-éisteachta a thabhairt do na daoine ag a mbeidh agus lena mbeidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha, le hordú—

(a) an tsuim bhliantúil sin a chionroinnt i pé slí is cuibhe leo idir an talamh intógtha agus an talamh eile sin, agus

(b) meisiúnú a thabhairt ar luach an mhéid den tsuim bhliantúil sin a cionroinnfear ar an talamh intógtha.

(2) Féadfaidh an tAire, nó an duine ag a mbeidh nó lena mbeidh suim bhliantúil iníoctha is abhar d'ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, achomharc a dhéanamh, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an orduithe, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—

(a) an t-ordú a dhaingniú, nó

(b) an t-ordú a athrú i pé slí is oiriúnach leis an mBínse Achomhairc.

(3) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo ag cionroinnt coda de shuim bhliantúil ar thalamh is abhar d'ordú tógainte, tiocfaidh sé i bhfeidhm más rud é, agus amháin más rud é, go ndéanfar ordú dílsithe maidir leis an talamh sin, ach má déantar an t-ordú dílsithe sin tiocfaidh an t-ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm an lá díreach roimh an dáta dílsithe.

(4) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le suim bhliantúil is iníoctha as talamh (dá ngairmtear an talamh intógtha sa bhfo-alt seo) a ndearnadh ordú tógainte ina leith, agus as talamh eile (dá ngairmtear an talamh neamh-intógtha sa bhfo-alt seo), tar éis teacht i bhfeidhm, ansin, amhail ar dháta agus ó dháta an orduithe a theacht i bhfeidhm,—

(a) beidh an talamh neamh-intógtha, de bhuaidh an fho-ailt seo, saortha ón méid den tsuim bhliantúil sin a bheas cionroinnte ar an talamh intógtha,

(b) beidh ag an duine a bhí i dteideal na suime bliantúla sin díreach roimh an dáta dílsithe agus ag a chomharbaí-i-dteideal, maidir leis an talamh neamh-intógtha, na cearta agus na córacha céanna, chun an chuid den tsuim bhliantúil sin a aisghabháil a bheas cionroinnte ar an talamh neamh-intógtha, a bhí aige roimh an dáta dílsithe chun iomlán na suime bliantúla sin a aisghabháil,

(c) más cíos, dob iníoctha faoi léas, an tsuim bhliantúil sin,—

(i) ní dlífear den léasaí, maidir leis an gcíos go léir a fhaibhreos faoin léas, in aghaidh aon tréimhse a thosnós ar an dáta dílsithe nó dá éis, ach an chuid de a bheas cionroinnte ar an talamh neamhintógtha,

(ii) leanfaidh cumhnanta, coinníollacha agus comhaontuithe uile an léasa, ach amháin maidir le méid an chíosa a bheas le n-íoc, de bheith i bhfeidhm maidir leis an talamh neamh-intógtha amhail is ná beadh áirithe sa léas ach an talamh neamh-intógtha.

Orduithe dílsithe.

26. —(1) I gcás ordú dílsithe i leith aon tailimh a bheith i bhfeidhm, ansin más oiriúnach leis é as a chomhairle féin, féadfaidh an tAire, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ordú a dhéanamh faoin alt seo ag dílsiú na talún ann ar dháta sonraithe nach luaithe ná mí tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú dílsithe i leith aon tailimh a bheas, i dteannta aon talún eile, faoi aon tsuim bhliantúil, mura mbeidh ordú déanta faoi alt 25 den Acht seo maidir leis na tailte sin.

(3) Maidir le hordú dílsithe—

(a) beidh ag gabháil leis léarscáil nó plean a thaispeánfas an talamh lena mbaineann an t-ordú;

(b) má fhorálann an t-ordú tógainte iomchuibhe go mairfidh éasúint láithreach nó go mbunófar éasúint nua in ionad éasúna láithrí, beidh ann foráil dá shamhail sin.

(4) I gcás ordú dílsithe a dhéanamh i leith tailimh ar bith, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) oibreoidh an t-ordú dílsithe chun an talamh sin a dhílsiú san Aire, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun eastáit i bhfeo simplí ar seilbh—

(i) má bhíonn an talamh sin faoi bhlianacht Stáit, faoin mblianacht Stáit sin,

(ii) faoi aon éasúint, a mbeidh san ordú dílsithe de bhun fo-ailt (3) den alt seo, foráil á coimeád ar marthain nó á bunú,

ach, lasmuigh den méid adúradh, saor ó gach ceart poiblí (más ann) agus ó éilimh gach duine ag a mbeidh leas sa talamh sin, pé acu i leith eirí nó leasa ann nó eile é;

(b) maidir le gach leas a bheas ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe—

(i) oibreoidh an t-ordú, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bheas ar marthain maidir leis an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, a aistriú chun an chúitimh is iníoctha i leith an leasa sin agus a chur ag gabháil leis an gcúiteamh sin,

(ii) déanfaidh an cúiteamh sin, maidir le haon chearta nó éilimh, a bheas ar marthain díreach roimh an dáta dílsithe, chun nó in aghaidh an leasa sin, an leas sin a ionadú chun gach críche,

(iii) má ba thalamh socraithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, beidh an cúiteamh sin ina airgead caipitiúil chun críocha na nAcht sin.

(5) Má dhéanann an tAire ordú dílsithe i leith aon tailimh, déanfaidh sé, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(a) fógra (ina sonrófar an áit inar féidir an t-ordú dílsithe a iniúchadh agus na trátha chun a iniúchta) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh á rá go ndearnadh an t-ordú,

(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar gach duine a bhfeicfear dó aon leas a bheith aige, díreach roimh an dáta dílsithe, sa talamh.

(6) I gcás aon cheart poiblí a fhorceannadh le hordú dílsithe, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur gá sin, socrú a dhéanamh chun ceart a bheith infheidhmithe ag an bpobal in ionad an chirt phoiblí a forceannadh.

(7) I gcás aon talamh a dhílsiú san Aire le hordú dílsithe, cuirfidh an tAire an t-ordú dílsithe go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891 agus, ar an ordú sin a fháil, bhéarfaidh an t-údarás clárúcháin sin go gclárófar an tAire faoi Acht 1891 mar únaer i bhfeo simplí ar an talamh do réir téarmaí an orduithe dhílsithe.

(8) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú dílsithe ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (7) den alt seo.

Blianachta Stáit a chionroinnt go cúlghabhálach i gcásanna áirithe.

27. —I gcás ordú dílsithe a dhéanamh i leith aon tailimh (dá ngairmtear an talamh tógtha san alt seo) a bhí, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht Stáit díreach roimh an dáta dílsithe,—

(a) bhéarfaidh an tAire fógra i dtaobh an orduithe dhílsithe don údarás lena raibh an bhlianacht Stáit iníoctha,

(b) déanfaidh an t-údarás sin, a luaithe is féidir tar éis an fógra a fháil, ní amháin de na nithe seo a leanas:—

(i) an bhlianacht Stáit a chionroinnt. le héifeacht amhail ar an lá agus ón lá díreach roimh an dáta dílsithe, i pé slí a mheasfas an t-údarás sin is ceart, idir an talamh tógtha agus an talamh eile sin,

(ii) a dhearbhú go mbeidh iomlán na blianachta Stáit ina mhuirear, le héifeacht amhail ar an lá agus ón lá díreach roimh an dáta dílsithe, go haonta ar an talamh tógtha nó go haonta ar an talamh eile sin.

Seilbh a ghlacadh ar thalamh a bheas tógtha ag an Aire.

28. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú dílsithe i leith aon tailimh, féadfaidh an tAire dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh ar an dáta dílsithe nó tráth ar bith dá éis sin.

(2) Má dhéanann duine ar bith an tAire a bhac nó a chose ar dhul isteach nó seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Ordú chun seilbh a thabhairt ar thalamh a bheas dílsithe san Aire.

29. —(1) Má bhíonn an tAire i dteideal, faoi alt 28 den Acht seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh agus má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine ar bith seilbh na talún sin a thabhairt suas nó má choisceann nó má bhacann an tAire ar dhul isteach agus seilbh a ghlacadh amhlaidh ar an talamh, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar an Aire dá iarraidh sin, ordú a eisiúint chun an chláraitheora chontae, ar laistigh dá chontae nó dá chontae-bhuirg a bheas an talamh, á ordú dhó seilbh na talún a thabhairt d'aon duine a bheas ainmnithe san ordú, agus ar an ordú a fháil dó bhéarfaidh an cláraitheoir contae seilbh na talún dá réir sin agus beidh an tAire i dteideal gach costas agus caiteachas faoina ndeachaigh sé, maidir le heisiúint agus forghníomhú an orduithe, a aisghabháil ón duine loiceach.

(2) Is tuigthe ordú a heiseofar faoin alt seo a bheith ina ordú forghníomhuithe do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ).

(3) Nuair a bheas seilbh aon talún tugtha ag cláraitheoir contae faoin alt seo, beidh duine ar bith a rachas isteach agus a ghlacfas seilbh ar an talamh nó ar aon chuid de, gan toiliú an Aire, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a fhanfas sé i seilbh.

(4) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-ailt (1) agus (3) den alt seo maidir le contae nó contae-bhuirg a mbeidh fo-shirriam ann di de thuras na huaire, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail is dá gcuirtí an focal “fo-shirriam” in ionad na habairte “cláraitheoir contae” i gach áit a bhfuil an abairt dheiridh sin sna fo-ailt sin.

(5) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-ailt (1) agus (3) den alt seo maidir le contae nó contae-bhuirg ina mbeidh de thuras na huaire sirriam, arna cheapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), a mbeidh dílsithe ann de thuras na huaire feadhma cláraitheora chontae na contae nó na contae-bhuirge sin maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail is dá gcuirtí an focal “sirriam” in ionad na habairte “cláraitheoir contae” i ngach áit a bhfuil an abairt dheiridh sin sna fo-ailt sin.

Cúiteamh.

30. —(1) I gcás ordú dílsithe a dhéanamh i leith aon tailimh, dlífidh an tAire cúiteamh a íoc, i leith gach leasa (seachas éasúint a buanaítear leis an Ordú dílsithe, nó easúint a mbunaítear leis an ordú dílsithe, éasúint nua ina hionad) a bhí ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe.

(2) Sna hailt atá ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo, ciallaíonn an focal “cúiteamh” cúiteamh faoin alt seo i leith leasa i dtalamh.

Cúiteamh i leith leasanna a mheisiúnú.

31. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, is amhlaidh a cinnfear méid an chúitimh is iníoctha i leith aon leasa i dtalamh dílsithe,—

(a) i gcás an leas sin a bheith, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhorgáiste nó morgáistí, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, cheal comhaontuithe idir an tAire, an morgáisteoir agus na morgáistithe uile, é a chinneadh ar an Aire, an morgáisteoir nó aon mhorgáistí dá iarraidh sin, nó

(b) in aon chás eile, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, cheal comhaontuithe, é a chinneadh ar an Aire nó an duine a bheas ag éileamh an chúitimh dá iarraidh sin.

(2) I gcás cúiteamh a bheith arna chinneadh ag na Coimisinéirí Tuaithe, féadfaidh an tAire nó duine ar bith (lena n-áirítear morgáistí) ag a mbeidh leas ann achomharc a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an cúiteamh a chinneadh amhlaidh, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne dámhachtana na gCoimisinéirí Tuaithe.

(3) I gcás—

(a) luach aon leasa i dtalamh dílsithe a mheisiúnú le hordú meisiúnuithe, agus

(b) an leas sin a bheith ar marthain díreach roimh an dáta dílsithe,

ansin, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, is é a bheas sa chúteamh is iníoctha i leith an leasa ná méid is comhionann leis an suim a meisiúnaíodh leis an ordú meisiúnuithe.

(4) I gcás—

(a) luach aon leasa (dá ngairmtear an leas bunaidh sa bhfo-alt seo) i dtalamh dílsithe a mheisiúnú le hordú meisiúnuithe, agus

(b) an leas bunaidh a bheith ar marthain díreach roimh an dáta dílsithe, agus

(c) aon leas (dá ngairmtear an leas nua sa bhfo-alt seo) a bheith arna bhunú ón dáta dílsithe as an leas bunaidh,

ní raghaidh an cúiteamh is iníoctha i leith an leasa bhunaidh agus an leasa nua i dteannta a chéile thar an méid a meisiúnaíodh leis an ordú meisiúnuithe.

(5) Déanfar cúiteamh a mheisiúnú ar leithligh i leith gach leasa i dtalamh dílsithe.

(6) I gcás—

(a) (i) inar thalamh socraithe do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, aon leas i dtalamh dílsithe, agus

(ii) ina raibh an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhuirir is muirir a bheas ar marthain faoi shocrú, nó

(b) ina raibh aon leas i dtalamh dílsithe faoi aon mhorgáiste nó morgáistí díreach roimh an dáta dílsithe,

déanfar an cúiteamh i leith an leasa sin a chinneadh ar an mbun tuisceana ná raibh an leas sin fúthu sin.

Cúiteamh i leith leasanna morgáistithe a dháiliú.

32. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an fiach morgáiste”, maidir le morgáiste ar thalamh dílsithe, iomlán na suimeanna a bhí dlite díreach roimh an dáta dílsithe ar scór an mhorgáiste i leith bunairgid agus úis.

(2) I gcás leas i dtalamh dílsithe a bheith, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhorgáiste amháin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh as an leas sin:—

(a) más leor an cúiteamh chun an fiach morgáiste a fhuascailt go hiomlán, déanfaidh an tAire, le hordú, an méid den chúiteamh is leor chun an fiach morgáiste a fhuascailt a dháiliú don mhorgáistí agus an barrachas (más ann) a dháiliú don mhorgáisteoir;

(b) mura leor an cúiteamh chun an fiach morgáiste a fhuascailt go hiomlán, déanfaidh an tAire, le hordú, an cúiteamh a dháiliú don mhorgáistí.

(3) I gcás leas i dtalamh dílsithe a bheith, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi dhá mhorgáiste nó níos mó, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh as an leas sin:—

(a) más leor an cúiteamh chun na fiacha morgáiste uile a fhuascailt go hiomlán, déanfaidh an tAire, le hordú, an méid den chúiteamh is leor chun a fhiach morgáiste a fhuascailt go hiomlán a dháiliú do gach morgáistí faoi leith agus an barrachas (más ann) a dháiliú don mhorgáisteoir;

(b) mura leor an cúiteamh chun na fiacha morgáiste uile a fhuascailt go hiomlán,—

(i) má chomhaontaíonn na morgáistithe uile ar an gcuma ina mbeidh an cúiteamh le dáiliú, déanfaidh an tAire, le hordú, é a dháiliú do réir an chomhaontuithe sin,

(ii) mura gcomhaontaí na morgáistithe uile ar an gcuma ina mbeidh an cúiteamh le dáiliú—

(I) féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh, ar shlí achomair, chun na Cúirte Cuarda, i gcás nach mó ná míle punt an cúiteamh, nó chun na hArd-Chúirte, i gcás inar mó ná míle punt an cúiteamh, á iarraidh an cúiteamh a dháiliú,

(II) má dhéanann an tAire iarratas amhlaidh, déanfaidh an Chúirt, tar éis caoi a n-éisteachta a thabhairt do gach páirtí leasmhar, an cúiteamh a dháiliú do réir tosaíochta faoi seach na morgáistí, agus beidh na costais a bhainfeas agus a ghabhfas leis an iarratas faoi dhiscréid na cúirte.

(4) I gcás aon tsuim (is ionann agus cúiteamh nó cuid de chúiteamh i leith leasa i dtalamh dílsithe a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhorgáiste) a dháiliú do mhorgáistí faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) maidir leis an morgáisteoir agus an morgáistí dhe, is tuigthe an tsuim sin a bheith le húsáid—

(i) so chéad áit, chun an méid den fhiach morgáiste is ionann agus ús a ghlanadh nó a laghdú, agus

(ii) sa dara háit, chun an méid den fhiach morgáiste is ionann agus bunairgead a ghlanadh nó a laghdú,

(b) maidir leis an morgáisteoir agus an morgáistí dhe—

(i) is tuigthe an tsuim sin a bheith arna híoc ar an dáta dílsithe ag an morgáisteoir leis an morgáistí,

(ii) an chuid den tsuim sin is tuigthe amhlaidh a bheith le húsáid i leith an úis sin, is tuigthe í a bheith arna fáil ag an morgáistí ar an dáta dílsithe ar scór an úis sin,

(iii) an chuid (más ann) den tsuim sin is tuigthe amhlaidh a bheith le húsáid i leith bunairgid, is tuigthe, d'ainneoin aon ní dá mbeidh san ionstraim trínar cruthnaíodh an morgáiste, í a bheith arna fáil ag an morgáistí ar an dáta dílsithe ar scór an bhunairgid sin,

(c) gach ceart agus cóir a bheas ag an morgáistí chun íoc an fhéich mhorgáiste a áirithiú, ach amháin an ceart in aghaidh na talún dílsithe, leanfaid i bhfeidhm maidir leis an méid (más ann) den fhiach morgáiste a fágfaí gan íoc dá mbeadh na híocaíochta is tuigthe, de bhuaidh míre (b) den fho-alt seo, a bheith arna ndéanamh leis an morgáistí ar an dáta dílsithe, arna ndéanamh amhlaidh iarbhír.

Cúiteamh a chinneadh agus a íoc i mionchásanna.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “mír bheag thalún” talamh—

(a) nach mó ná dhá acra a hachar, agus

(b) nach mó ná cúig puint a luacháil inrátuithe;

ní fholaíonn an focal “muirear” blianacht Stáit.

(2) I gcás an talamh a ndéanfar ordú dílsithe ina leith—

(a) a bheith ina mír bheag thalún, agus

(b) a bheith dílsithe faoi ná hAchta Talamh-Cheannaigh i ndílseánach na talún sin, agus

(c) a bheith cláraithe faoi Acht 1891,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh is iníoctha i leith gach leasa a bhí ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe, is é sin le rá:—

(i) féadfar, chun an cúiteamh sin a chinneadh (lena n-áirítear cinneadh trí chomhaontú) agus a íoc, an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, cláraithe mar lán-únaer ar an talamh sin nó, má bhíonn an duine sin tar éis bháis, a ionadaí pearsanta, nó an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina únaer ar an gcéad nó ar an aon mhuirear (más ann) ar an talamh sin nó, má bhíonn an duine sin tar éis bháis, a ionadaí pearsanta, a áireamh mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chun an chúitimh sin,

(ii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, cláraithe mar lánúnaer ar an talamh sin nó lena ionadaí pearsanta, déanfaidh an duine lena n-íocfar amhlaidh é é a shealbhú mar iontaobhaí do na daoine (lena n-áirítear é féin) ag a raibh, díreach roimh an dáta dílsithe, aon leasa sa talamh sin, a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith, nó a bhí ina morgáistithe amhlaidh ar aon leasa den tsórt sin,

(iii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina únaer ar an gcéad nó ar an aon mhuirear (más ann) ar an talamh sin nó lena ionadaí pearsanta, déanfaidh an duine lena n-íocfar amhlaidh é é a shealbhú nó a dhiúscairt amhail is dá ndéanadh sé, ar an dáta dílsithe, an talamh sin a dhíol i bhfeidhmiú na gcumhacht díola a bheirtear le dlí do mhorgáistithe talún.

(3) I gcás an talamh a ndéanfar ordú dílsithe ina leith—

(a) a bheith ina mír bheag thalún, agus

(b) a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i ndílseánach na talún sin, agus

(c) a bheith gan clárú faoi Acht 1891,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh is iníoctha i leith gach leasa a bhí ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe, is é sin le rá:—

(i) féadfar, chun an cúiteamh sin a chinneadh (lena n-áirítear cinneadh trí chomhaontú) agus a íoc, an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina áititheoir ar an talamh sin, a áireamh mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chun an chúitimh sin,

(ii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine sin, sealbhóidh sé é mar iontaobhaí do na daoine (lena n-áirítear é féin) ag a raibh, díreach roimh an dáta dílsithe, aon leasa sa talamh sin, a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith, nó a bhí ina morgáistithe amhlaidh ar aon leasa den tsórt sin.

(4) I gcás an talamh a ndéanfar ordú dílsithe ina leith,

(a) a bheith ina mír bheag thalún, agus

(b) a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gCoimisiún na Talún, ach gan a bheith dílsithe i dtionónta-cheannaitheoir nó ceannaitheoir na talún sin, agus

(c) a bheith faoi bhlianacht Stáit (seachas muirear deachúchíosa),

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh is iníoctha i leith gach leasa (seachas leasa Choimisiúin na Talún) sa talamh sin, is é sin le rá:—

(i) féadfar, chun an cúiteamh sin a chinneadh (lena n-áirítear cinneadh trí chomhaontú) agus a íoc, an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina áititheoir ar an talamh sin, a áireamh mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chun an chúitimh sin,

(ii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine sin, sealbhóidh sé é mar iontaobhaí do na daoine (agus é féin a áireamh ach gan Coimisiún na Talún a áireamh) ag a raibh, díreach roimh an dáta dílsithe, aon leasa sa talamh sin, a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith, nó a bhí ina morgáistithe amhlaidh ar aon leasa den tsórt sin.

(5) I gcás ordú dílsithe a dhéanamh maidir le cuid (dá ngairmtear an talamh tógtha sa bho-alt seo) d'oidhreachtán inrátuithe, féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, ar an Aire dá iarraidh sin, pé cuid is cuibhe leis de luacháil inrátuithe an oidhreachtain inrátuithe sin a chionroinnt ar an talamh tógtha, agus is tuigthe, chun críocha an ailt seo ach ní chun aon chríche eile ná in aon tslí eile, gurb é an chuid den luacháil inrátuithe sin a cionroinnfear amhlaidh ar an talamh tógtha is luacháil inrátuithe ar an talamh tógtha.

Feidhm theoranta Acht na gClásal Talún.

34. —Ní bhainfidh Achta na gClásal Talún, ach amháin mar a foráltar go folas leis an gCuid seo, le talamh a thógaint faoin gCaibidil seo.